Méid an Téacs

Tuar dóchais dúinn

Bealtaine 8, 2017

Bhí Iorras, taobh amuigh de Chluain Maine, ar cheann de na Gaeltachtaí ba láidre in Éirinn sa 19ú haois. Creidtear nár thosaigh tuismitheoirí ansin ag tógáil a bpáistí le Béarla go dtí na 1870í. Bhí meath ag teacht ar an Ghaeilge faoin am sin cheana féin de thoisc eisimirce agus cúiseanna eacnamaíochta eile. Agus bhí cosc ar an Ghaeilge sna scoileanna náisiúnta.

Ar an 22 Iúil 1888 osclaíodh teach pobail nua in Iorras. Bhí an deasghnáth ar fad i mBéarla agus chuaigh seanmóir an easpaig i bhfeidhm go mór ar an phobal. Maítear gur chuir seo le himeacht na Gaeilge sa cheantar.

Ach is mór idir inné agus inniu. Cáintear an Eaglais Chaitliceach sna meáin beagnach gach lá agus tá freastal ar an Aifreann i bhfad níos lú. Tá an Ghaeilge ag dul i léig ina lán áiteanna: de réir an daonáirimh is déanaí tá titim shuntasach ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht a labhraíonn an teanga go laethúil. Mar sin de, cuirfear iontas ar dhaoine go raibh teach pobail mór in Inis Eoghain (Aireagal Naomh Muire, Bun Cranncha) lán go doras an tseachtain seo caite fá choinne Aifreann Gaeilge. Chuaigh 59 páiste as Gaelscoil Bhun Chranncha agus as na trí bhunscoil i nDoire faoi lámh an easpaig. Bhí caidreamh an-mhaith ag an Easpag Mac Eoin leis na páistí. Bhí sé in ann labhairt leo ar a leibhéal féin. Labhair sé Gaeilge ‘bhlasta bhinn’ bunús an ama, ag aistriú go Béarla ó am go ham ar mhaitheas na ndaoine nach raibh Gaeilge acu. Táimid an-bhuíoch den Easpag agus de na sagairt a chuidigh leis, an tAthair Ó Brolcháin agus an tAthair Mac Cannaí.

Tá ardmholadh tuillte ag na múinteoirí a d’ullmhaigh na páistí fá choinne na sacraiminte. Ócáid reiligiúnda a bhí ann go bunúsach. Ach chomh maith leis sin ba iontach an t-ardán don Ghaeilge í. Léiríodh luach an Ghaeloideachais: tá caighdeán oideachasúil na bpáistí an-ard. Bhí an amhránaíocht, an ceol uirlise agus an léitheoireacht ar fheabhas. Comhghairdeas arís le gach duine a bhí páirteach!

Giving us hope

Urris, outside of Clonmany, was one of the strongest Irish speaking areas in the country during the 19th century. It is believed that parents there only started bringing up their children speaking English in the 1870’s. Irish was already declining at that time because of emigration and for other economic reasons. And Irish was banned in the national schools.

On the 22nd of July 1888 a new church was opened in Urris. The whole service was in English and the bishop’s sermon made a great impression on the people. It is claimed that this contributed to the demise of Irish in the area.

But times have changed. The Catholic Church comes in for criticism in the media on a daily basis almost and attendance at Mass has fallen away greatly. The Irish language has declined in many places: according to the latest census, there has been a noticeable decline in the number of people in the Gaeltacht who speak Irish on a daily basis. So people will be surprised that a large church in Inishowen (St. Mary’s Oratory, Buncrana) was packed out last week for an Irish Mass. 59 children from Gaelscoil Bhun Cranncha and the three bunscoileanna in Derry were getting confirmed. Bishop McKeown was very much in tune with the children. He was able to speak to them at their own level. He spoke mostly in Irish– his Irish is superb- and he translated from time to time for the benefit of the people who didn’t speak Irish. We are very grateful to the bishop and the priests who assisted him, Father Bradley and Father Mc Canny.

The teachers who prepared the children for the sacrament deserve high praise indeed. It was primarily a religious event. But it also provided a window for Irish. It demonstrated the value of Irish medium education: the children’s standard of education is extremely high. The singing, the instrumental music and the reading were all first rate. Congratulations again to all those involved.

Liam Mac Lochlainn,
Colúnaí Gaeilge The Derry Journal

Gaelscoil nua do Bhaile an Chollaigh i Meán Fómhair 2017, ach briseadh croí do thuismitheoirí níos mó ná 500 páiste le diúltú trí iarratas eile ar scoileanna nua

Bealtaine 4, 2017

Bunscoil ilchreidmheach lán-Ghaeilge nua do Bhaile an Chollaigh

Ba mhaith le Gaeloideachas comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le tuismitheoirí Bhaile an Chollaigh, nár staon dá gcuid feachtasaíochta chun bunscoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach a bhunú ina gceantar. Aithníodh a gcuid iarrachtaí móra inniu i bhfógra an Aire Oideachais & Scileanna, Richard Bruton. Osclóidh an scoil i mí Mheán Fómhair na bliana seo do naíonáin sóisir, faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta.

“As na trí bhunscoil atá le hoscailt i mí Mheán Fómhair 2017, cuireann muid fáilte faoi leith roimh fhógra an Aire Bruton gur scoil lán-Ghaeilge a osclófar i gceantar Bhaile an Chollaigh” a dúirt Clare Spáinneach, Leas-Ardfheidhmeannach Gníomhach Gaeloideachas. “Ciallaíonn fógra an lae inniu go mbeidh rochtain ag glúin iomlán úr ar an tumoideachas, a bhuí leis an obair ollmhór a rinne tuismitheoirí áitiúla chun a scoil nua a bhunú. Tá buntáistí ollmhóra ag baint leis an oideachas lán-Ghaeilge do pháistí – beidh siad líofa in dhá theanga ar a laghad, agus cabhraíonn múnla an tumoideachais lena bhforbairt shóisialta, chumarsáide agus chognaíoch. Freastalóidh an scoil ilchreidmheach seo ar pháistí ó chúlraí éagsúla teanga, cultúir agus creidimh agus gheobhaidh siad oideachas tairbheach agus cuimsitheach”.

Socrófar cóiríocht chuí don scoil le tacaíocht na Roinne Oideachais & Scileanna sna seachtainí amach romhainn, agus ceapfaidh An Foras Pátrúnachta príomhoide. Ní mór do thuismitheoirí ar suim leo a gcuid páistí a chlárú don scoil teagmháil a dhéanamh leis An Foras Pátrúnachta: cormac@foras.ie nó 01 6294110.

Díomá ar thuismitheoirí os cionn 500 páiste i nDún Laoghaire, Baile Pheiléid agus Deisceart Chathair Bhaile Átha Cliath agus iad fágtha gan rogha dá gcuid páistí

Is ábhar mór díomá é, áfach, do phobail Dhún Laoghaire, Bhaile Pheiléid agus Deisceart Chathair Bhaile Átha Cliath nár aithníodh an t-éileamh ollmhór ar an oideachas lán-Ghaeilge ina gcuid ceantar. “Tá obair iontach déanta ag na grúpaí áitiúla sna ceantair éagsúla seo ar fad ón uair a fógraíodh go raibh scoileanna nua le bunú, agus fuair muid breis agus 517 bhfoirm léirithe spéise ó thuismitheoirí áitiúla a bhí ag iarraidh gur scoileanna lán-Ghaeilge ilchreidmheacha a n-osclófar dá gcuid páistí” a dúirt Ciara Ní Bhroin, Oifigeach Sinsearach Polasaí agus Forbartha le Gaeloideachas.

“Is tuismitheoirí iad seo nach féidir leo áit ar bith a fháil i scoileanna lán-Ghaeilge reatha na gceantar, agus níl aon scoileanna lán-Ghaeilge ilchreidmheacha ar fáil dóibh sna trí cheantair scoile seo. Beidh na scoileanna nua eile ar fad ag teagasc trí mheán an Bhéarla, agus ní fhreastalóidh sé sin ar mhianta oideachais na dtuismitheoirí seo dá gcuid páistí. Níl aon áit acu anois le dul.”

Aitheantas ar bith do Thuaisceart Chathair Bhaile Átha Cliath tar éis achainí ó thuismitheoirí bhreis agus 700 páistí

Bhí breis míshásamh i bhfógra an Aire Oideachais & Scileanna inniu maidir le scoileanna nua do 2017 agus 2018 de dheasca nach raibh tagairt ar bith déanta don fheachtas bunscoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach a bhunú i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Bailíodh 733 fhoirm léirithe spéise mar chuid den phróiseas pátrúnachta scoile in 2016, ach níor éirigh leis an iarratas. Cuireadh in iúl sa tuairisc ón nGrúpa Comhairleach um Bunú Scoileanna Nua chuig an Aire in Aibreán 2016 go raibh éileamh suntasach ar oideachas lán-Ghaeilge sa cheantar, agus gur chóir athbhreithniú a dhéanamh air seo. Bhí dóchas áirithe ann go mbeadh scéal dearfach i bhfógra an lae inniu agus go n-aithneofaí mianta na dtuismitheoirí sin i dtuaisceart na cathrach. Níor tháinig aon aitheantas ar an éileamh seo ón Roinn Oideachas ná ón Aire Bruton, áfach. “Leanfaidh Gaeloideachas ag troid ar son chearta oideachais na bpáistí seo agus páistí eile cosúil leo” a dúirt Clare Spáinneach, “agus leanfaidh muid orainn ag stocaireacht go ndéanfar an próiseas reatha chun pátrúnacht scoile a bhaint amach a leasú agus dífheistiú a éascú, toisc nach n-éascaíonn na cúinsí reatha le bunú scoileanna mionteanga. Tá moltaí déanta againn leis an Roinn maidir le leasú an phróisis seo, mar atá déanta ag Páirtithe eile Oideachais, agus feicfimid má ghlacann lucht déanta na bpolasaithe le cúiseanna imní tuismitheoirí”.

Is próiseas dian fada ar thuismitheoirí é an próiseas seo a úsáideann an Roinn le pátrúnacht na scoileanna nua a aithint. Tá na tuismitheoirí seo i mbun feachtas ina gcuid ceantar féin le breis agus bliana anois agus fágadh iad ag fanacht trí mhí ar chinneadh ón Aire. Beidh dúshlán mór ag na pátrúin rathúla anois gach rud a bheith réidh acu don scoilbhliain atá le teacht, agus beidh sé an-dúshlánach do na tuismitheoirí nár éirigh lena gcuid feachtas áit scoile a shocrú dá gcuid páistí i scoileanna eile. Ba mhaith le Gaeloideachas an obair chrua a chuir na tuismitheoirí seo ar fad isteach a aithint agus buíochas a ghabháil leis na tuismitheoirí, na pátrúin agus na heagraíochtaí a thacaigh leo, go háirithe Conradh na Gaeilge, as na feachtais dearfacha a bhí ar bun sna ceithre cheantair éagsúla agus as feasacht a ardú i measc an phobail ar na buntáistí a bhaineann leis an oideachas lán-Ghaeilge do chách.

Rang Damhsa Saor in Aisce!

Bealtaine 3, 2017

Rang Damhsa

An bhfuil tú os cionn 50 bliain d’aois? Ar mhaith leat triail a bhaint as rud nua?  Tar chuig ceardlann damhsa agus cóiréagrafaíochta ó 13:30-15:30 amárach, Déardaoin 4 Bealtaine sa DanceHouse, Sr. Uí Fhoghlú, Baile Átha Cliath 1! Tá an ceardlann seo, a bheidh faoi stiúir ag an gcóiréagrafaí cáiliúil Ríonach Ní Néill, saor in aisce.   Ní gá duit ach éadaigh compordach a chaitheamh agus grianghraf díot féin, ag pé aois agus pé am i do shaol  a shocraíonn tú féin,  a thabhairt leat ann!

Agus tugtar cuireadh duit freisin teacht chug seoladh an ghearrscannáin le Ríonach  ‘I Modh Rúin’, faoi mhná  a thóg a gcuid gasúir le Gaeilge sna 60aidí, 70aidí agus 80aidí,  san áit ceanna ag 6:30pm!

Suíomh Nua Gaelscoil an Fuinnseoige

Bealtaine 3, 2017

ND1

Tá áthas ar Ghaelscoil na Fuinnseoige a chur in iúil daoibh gur thug an Roinn dea-scéal dúinn go bhfuilimid ag bogadh go dtí ár suíomh buan i Notre Dame Meán Fómhair 2017, níos luaithe ná mar a bhí ráite linn cheana. Is scéal íontach é seo dúinn mar béimid inár scoil buan chomh luath sin agus áiseanna den scoth againn. Beidh Samhradh gnóthach ann ag bogadh ach táimid an-sásta faoi. De dheasca an dea-scéil seo is féidir linn an dara sruth de naíonáin a thabhairt isteach agus tá roinnt áiteanna fós ar fáil do Mheán Fómhair 2017. Tá spás again freisin do phaistí I naíonain Shinsireacha. Ní gá ach ríomhphost a sheoladh go oifig@gsnafuinseoige.ie má tá spéis agat do pháiste a chárú linn.

We are delighted to announce that the Department of Education have informed us that we are moving to our permanent premises in Notre Dame Junior School this coming September, earlier than originally anticipated. We are thrilled with this news. We will be in our permanent home and the children will benefit from the excellent facilities there. A busy, exciting Summer lies ahead for us here in Gaelscoil na Fuinseoige. As a result of this great news we can now accept a second stream of Junior Infants for this coming September. There are still some places available in both Junior and Senior Infants for September and if you are interested in securing a place for your child with us please email the school secretary, Clodagh at oifig@gsnafuinseoige.ie or phone us on 01-2096967.

Lus na Chromchinn agus Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin

Bealtaine 3, 2017

GS Daffodil Day

Mar chuid den ócáid Lus na Chromchinn i gCloich na Coillte, gléas daltaí de chuid Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin i mbuí agus glas – dathanna lus an chromchinn. Thug siad deontais don charthanacht agus d’éirigh leo €225 a bhailiú san iomlán. Bronnadh an seic ar Theresa Hayes den Chomhairle Lus na Chromchinn Cloich na Coillte fad is a bhí ionadaithe uaidh ranganna éagsúla, mar aon leis an bPríomhoide Carmel Nic Airt i láthair.

Folúntas le Naíonra i Leamhcán

Bealtaine 3, 2017

CV

 

Naíonra i Leamhcán ag lorg duine éigin le cáilíocht leibhéal 6 nó ós cionn le tosnú i Mí Méan Fómhair. Post buan, tuilleadh eolas le fáil ach r-phoist a chuir agam agus cv a sheoladh ag Naionra.Lucan@gmail.com.

Seo Linn ag tacú leis an nGaeilge!

Bealtaine 2, 2017

Seo Linn Solas

Is banna de cheathrar Seo Linn (www.seolinn.com) atá ag pléascadh isteach ar saol ceoil na hÉireann le fuaim chumhachtach a mheascann an sean leis an nua le paisean ar leith don Ghaeilge. Tá an chéad albam amuigh acu faoi láthair a shroich #3 sna cairt iTunes, díreach taobh thiar de dhá albam le Ed Sheeran!

Is é ‘Solas’ ainm an tionscadail úir atá ag Seo Linn freisin. Tá leabhar cuimsitheach neamhfhoirmiúil amuigh acu a théann i gcomhar lena n-albam den teideal céanna. Is d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge an tionscadal seo.

Glacann an leabhar seilbh ar eilimintí den saol comhaimseartha ar nós ceol, cluichí, ceisteanna, spórt, damhsaí agus cócaireacht. Tagann an réimse leathan seo le chéile agus é fite fuaite leis an albam le comrádaí foghlama a chruthú d’éinne a bhfuil spéis acu ann.

Tá Solas tar éis go leor airde a tharraingt air féin in Éirinn go fóill. Bhí sé le feiceáil ar an Seven O’Clock Show ar TV3, RTÉ Today le Dáithí agus Maura, The Seán O’Rourke show ar RTÉ Raidió 1, Nicky Byrne Show with Jenny Greene ar 2FM agus Ruaille Buaille ar Highland Radio. Bhí ‘Rise’ ar sheinnliosta 2FM le mí iomlán agus rith siad go leor comórtas faoi freisin. Bhí ‘Solas’, teidealtraic an albaim, ina amhrán oifigiúil ar Sheachtain na Gaeilge 2017.

Cuireadh tús le haistear Seo Linn leis na físeáin cheoil chlúiteacha a chruthaíonn siad i gColáiste Lurgan atá, ag ann bpointe seo, tar éis ós cionn 20 milliún amas a bhailiú. Tá siad tar éis a gcuidse ceoil a thabhairt chomh fada le Melbourne, Bostún, Nua Eabhrac, Dún Éideann, Glaschú, Londain agus Uganda fiú amháin le Gorta Self-Help Africa! Chas siad ar an Late Late Show faoi dhó agus ar an Ray D’Arcy Show lena n-amhrán, The Irish Roar, a bhí mar amhrán oifigiúil don FAI do Euro 2016.
Ba iad ambasadóirí oifigiúla Sheachtain na Gaeilge 2016 agus d’aistrigh siad an t-amhrán mór millteach ‘Thinking Out Loud’ d’Ed Sheeran é féin nuair a chan Ed as Gaeilge ar Ceol ’16. Chríochnaigh Seo Linn RTÉ Centenary lena n-amhrán féin, Music Makers a chuaigh go #1 sna cairt iTunes. Tá sraith teilifíse acu faoi láthair dárbh ainm Cleas Act ar TG4 gach Domhnach lena bhfeictear na buachaillí ag camchuairt timpeall na tíre ag casadh ceoil as Gaeilge i scoileanna.

Tá taithí maith faighte ag Seo Linn i scoileanna agus tá tóir ollmhór ar na gigeanna a dhéanann siad i mbunscoileanna, meánscoileanna agus coláistí na tíre freisin.
Tá Seo Linn ar bís a fhógairt go mbeidh siad ag bualadh na stáitse i Vicar Street ar an 23ú de mhí an Mheithimh. Is é seo an ghig phríomha is mó dá gcuid féin ariamh agus seó speisialta geallta acu.

Tá seitliosta leathan acu idir amhráin dá gcuid féin ón albam Solas, clúdaithe Gaeilge ar amhráin choitianta a chlúdaigh siad agus corramhrán traidisiúnta freisin. Ní fhágann siad puth fuinnimh taobh thiar dóibh agus is deacair a chreidiúint an oiread fuinnimh atá acu go dtí go bhfeictear beo iad!

« Previous Page