Sárscoil Fibín
Aibreán 3, 2017
Sárscoil Fíbín 2017 (3 -14 Iúil )
Beidh Sárscoil Drámaíochta Fíbín ar ais arís sa samhradh don séú bliain as a chéile agus tá muid ar thóir daoine óga idir 15-17 bliain d’aois chun tabhairt faoin gcúrsa.
Ar mhaith leat an deis chun teacht ar cuairt go Conamara chun cónaí le teaghlach áitiúil ar feadh coicíse? Beidh deis agat do chuid Gaeilge a chleachtadh gach lá agus tú ag cur barr feabhais ar do scileanna drámaíochta/aisteoireachta ag an am céanna.
Riachtanais don chúrsa:
– Leibhéal réasúnta Gaeilge labhartha
– Beidh ar gach scoláire éisteacht a dhéanamh chun áit a bhaint amach ar an gcúrsa trí físeán gearr trí nóiméad a chur isteach dóibh féin ag labhairt agus ag aisteoireacht as Gaeilge nó trí éisteacht a dhéanamh ag do scoil
– Is buntáiste suim a bheith agat i gcúrsaí aisteoireachta/drámaíochta agus taithí sna cúrsaí seo
Táille an chúrsa:
€650, a chlúdaíonn lóistín, bia, meantóirí, riarachán, aíonna speisialta srl.
Mura bhfuil lóistín ag teastáil, is féidir an cúrsa a dhéanamh ar €325
Moltaí ó Iar-scoláirí:
Bhí am an-mhaith agam ag Sárscoil Fíbín. Tá dlúthchairde déanta agam agus sí an choicís is fearr de mo shaol a bhí inti. Tugadh deis dom foghlaim mar gheall ar scannáin a dhéanamh agus breis taithí aisteoireachta a fháil. Bhí an-chraic agam agus dá gcuirfí ceist orm imeacht ann arís, ní chaithfinn fiú cuimhneamh air! Sárscoil Fíbín go deo”
Róisín Ní Chéileachair, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Sárscoil Fíbín 2011
(Aisteoir sa tsraith EIPIC ar TG4)
“Bhain mise an-sult as an gcúrsa agus d’fhoghlaim mé cuid mhór taithí ar chúrsaí aisteoireachta i ndóigh spórtúil agus spraíúil. Níor mhothaigh sé go raibh muid ag déanamh obair chrua ag am ar bith. Bhí na ceannairí iontach cuidiúil agus lán le fuinneamh agus sílim gur chuidigh seo go mór. Tar éis an chúrsa tá níos mó suime agam i gcúrsaí aisteoireachta agus tá eolas agus taithí den scoth agam mar gheall ar an gcúrsa. Rinne mé cairde ar fheabhas tríd an gcúrsa agus táim ag comhrá leo go fóill!! Cúrsa ar fheabhas nach ndéanfaidh mé dearmad air go deo! Guím ádh mór oraibh don chúrsa an samhradh seo”
Darren O’Dubhgáin, Pobalscoil Chloch Ceann Fhaola, Sárscoil Fíbín 2014
“Bhí an cúrsa an-suimiúil agus taitneamhach. Ní raibh mórán muinín agam ag tús an chúrsa, ach fiú tar éis an chéad seachtain ann, níor stop mé ag canadh ná ag caint! Bhí na gníomhaíochtaí i rith an lae tairbheach agus chuir siad le mo chuid scileanna aisteoireachta cinnte. Bím ag obair le Telegael go rialta ag déanamh aisteoireacht guth do chartún srl. Gan mo chuid taithí ag an Sárscoil, ní dóigh liom go mbeadh na scileanna cearta agam chun rudaí iontach mar seo a dhéanamh. Freisin, bhí timpeallacht chompordach ann i gcónaí agus mé ag fanacht leis an Sárscoil. Inniu, táim fós i dteagmháil leis na daoine éagsúla ar chas mé orthu ann. Más duine ciúin, fiáin nó muiníneach thú, molaim an cúrsa seo duit. Tá áit ann do gach duine agus am acu le forbairt”
Laoise Ní Nualláin, Coláiste na Coiribe, Sárscoil Fíbín 2013
(Amhránaí is scríbhneoir sa British & Irish Modern Music Institute)
Polasaí don Oideachas Gaeltachta: polasaí lochtach lagbhríoch
Aibreán 3, 2017
Tá an Ghaeltacht faoi bhrú mór.
Gach seans go bhfuil an Ghaeilge chun bás a fháil mar theanga phobail sa Ghaeltacht mura nglactar gníomhartha radacacha.
Tháinig Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 amach ó dheas roinnt míonna ó shin.
Bhí daoine á mholadh go hard na spéire.
Caithfidh go raibh sé an-radacach go deo mar sin, a deir tú.
Bhuel ní hea in aon chor.
Córas lochtach lagbhríoch atá ann.
Ar an gcéad dul síos córas roghnach atá ann.
Opt in agus an Ghaeltacht ag titim as a céile?
Cén fáth gur cuireadh fáilte roimh chóras seo an roghnachais?
Grúpaí a bhíonn síoraí ag gearán faoi easpa seirbhísí agus míle rud eile, d’fháiltigh siad go croíúil roimhe.
Dúirt Conradh na Gaeilge, mar shampla, “Molann muid Polasaí Oideachas Gaeltachta an Rialtais go mór. Tá an polasaí cuimsitheach agus uaillmhianach”.
Anois, seans go bhfuil an córas níos fearr ná an seanchóras.
Ach ní bheadh sé sin ródheacair, córas inar thiontaigh an t-uafás scoileanna ar an mBéarla scun scan gan gíog ná miog as an stát atá in ainm a bheith ag cur an Ghaeilge chun cinn.
Ligeann an polasaí nua do scoileanna stádas scoileanna Gaeltachta a bhaint amach.
Tá go maith.
Ach ligeann sé dóibh gan a leithéid a dhéanamh chomh maith céanna.
Ná habradh éinne go bhfuil sé uaillmhianach!
Seo córas an náisiúin atá briste ag an iarchóilíneachas.
Córas a ligeann do scoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht oifigiúil roghnú a bheith ina scoileanna a fheidhmíonn go hiomlán trí Bhéarla!
Samhlaigh an tionchar a bhíonn ag scoil mhaith ar cheantar ó thaobh iompar teanga de.
Nárbh fhearr i bhfad go gcuirfeadh an stát roimhe na scoileanna ar fad sa Ghaeltacht a athrú ina nGaelscoileanna?
Seans go mbeadh ort scata príomhoidí spreagúla a oiliúint, daoine as an áit nó daoine a mbeadh Gaeilge den scoth acu.
Dá ndéarfadh an stát amach os ard é táim cinnte go spreagfadh sé dream uaillmhianach le hé a dhéanamh.
Mura mbeadh mórán spéise ann d’fhéadfaí breis airgid a thabhairt.
Mheallfadh €10,000 breise an duine dream cumasach, dá mba ghá.
Seans go mbeadh roinnt ina choinne seo ach d’fhéadfaí an móramh mór a shásamh le tuilleadh acmhainní do na scoileanna Gaeilge, amhail cóiríocht nua nó eile.
Rachainn féin níos faide ná an méid seo agus d’athróinn gach scoil timpeall ar na Gaeltachtaí ina nGaelscoileanna chomh maith, mar a bheadh crios maolánach nó buffer zone ann.
Le lucht na ngearán a shásamh d’fhéadfaí rochtain ar Ghalloideachas a sholáthar sna háiteanna seo taobh amuigh den Ghaeltacht.
Níl ach isteach nó amach le 120 bunscoil agus 30 meánscoil sa Ghaeltacht.
Ní mór an méid é.
Mar sin ní deacair an fhadhb a leigheas.
Ghlacfadh sé airgead (atá an-bheag i gcomhthéacs an stáit agus pholasaithe Gaeilge) chomh maith le toilteanas áirithe ach b’fhusa é go mór ná go leor eile den mhéid atá pleanáilte ó thaobh na Gaeilge.
Ar chóir don stát a bheith ag tacú le hoideachas lán-Bhéarla sa Ghaeltacht in aon chor?
Ní shílim é, agus ní shílim go bhfuil aon rud radacach sa mhéid sin.
Cén fáth gur chuir gach éinne fáilte mhór roimh chóras uisciúil nuair is gníomhartha radacacha a theastaíonn?
An pobal a bheith briste ar fad ar fad?
Murab ionann agus roinnt aithním go bhfuil ról teoranta go leor ag an stát.
Tá an-chuid gnéithe den saol nach féidir leis an stát tionchar a imirt orthu.
Ainneoin sin, ceann de na réimsí teanga ar féidir leis an stát an-tionchar a bheith aige ná an t-oideachas.
Cé go lochtaítear an Gaeloideachas go minic éiríonn leis líofacht a thabhairt do gach duine a théann tríd nach mór.
Agus tú ag caint ar phobail Ghaeltachta agus ar mhúinteoirí le Gaeilge mhaith bheifeá ag súil leis go n-éireodh i bhfad níos fearr leis.
Dá gcinnteofaí go raibh gach scoil sa Ghaeltacht ina scoil lán-Ghaeilge bhríomhar spreagúil (rud is indéanta go mór ná fadhbanna polaitiúla iomadúla is eile atá romhainn) bheadh tuar dóchais ann do Ghaeil cheana.
Má shíleann daoine go bhfuil an córas reatha ‘uaillmhianach’, cá hionadh go bhfuil an Ghaeilge ag imeacht as go tréan?
Polasaí don Oideachas Gaeltachta: polasaí lochtach lagbhríoch
Múinteoir Naíonra ag teastáil i nDún Búinne
Aibreán 3, 2017
Tá múinteoir ag teastáil uaidh Naíonra Thír na nÓg, lonnaithe i nDún Búinne, Co. na Mí. Tá sé rialta go bhfuil sé de chumas ag iarrthóirí Gaeilge a labhairt agus is gá go bhfuil cáillaíocht leibhéal a 5,6 nó 7 bainte amach acu. Má tá suim agat cur isteach ar an bpost, is féidir glaoch a chur ar Mháire ar 0879928812.
‘Factchecker’ forced to change verdict on Catholic schools
Márta 31, 2017
TheJournal.ie has been forced to change the verdict of its FactCheck on the enrolment policies of Catholic schools following a challenge from the Iona Institute.
Iona’s Maria Steen appeared on RTÉ’s Claire Byrne Live a few weeks ago to debate the admissions policy of denominational schools. Ms Steen said that with regard to certain measures, Catholic schools were more diverse than multi-denominational schools, citing ESRI research about the proportion of pupils from lone-parent families, less affluent households and from the Traveller community.
This was challenged on the programme by Paul Rowe of Educate Together as “palpably not true” and “absurd”.
Initial verdict
The Journal’s ‘FactCheck’ then investigated Ms Steen’s claim and its initial verdict was that what she said was ‘mostly false’. This was strongly challenged by the Iona Institute which presented The Journal with the research to back up her claim and FactCheck has now changed its verdict to ‘mostly true’.
The report ‘School Sector Variation Among Primary Schools in Ireland’ was published in 2012, based on data gathered in 2007 and 2008, it was written by the ESRI and funded by Educate Together.
The research compared the religious, socioeconomic, Travelling community, and other backgrounds of pupils at three primary school types: Catholic; multi-denominational (mostly Educate Together); and minority faith schools (Church of Ireland, Jewish and Muslim).
It showed that Catholic school pupils had a greater tendency to be from less affluent and lower socio-economic backgrounds, and there was greater socio-economic diversity among pupils at Catholic primary schools.
It also showed that a higher percentage of Catholic school students came from a lone-parent family than students from other types of schools (18% as opposed to 15% and 9%).
http://irishcatholic.ie/article/%E2%80%98factchecker%E2%80%99-forced-change-verdict-catholic-schools
Ag Treorú na Foghlama sa Ghaeloideachas
Márta 31, 2017
Tá comhdháil ar chúrsaí gaeloideachais á reáchtáil ag an Ionad taighde ar an Oideachas Lán-Ghaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste ar an Chéadaoin 3 Bealtaine 2017. Is é treorú na foghlama sa Ghaeloideachas téama na comhdhála. Is tríd an taighde reatha agus an taithí ghairmiúil a léirítear seo. Tá sé mar aidhm againn eiseamláirí de thaighde reatha agus den dea-chleachtas ranga a scaipeadh go forleathan agus le suíomh a chur ar fáil do thaighdeoirí, do chleachtóirí agus do pháirtithe leasmhara mar phobal foghlama. Déanfar rogha páipéar ón Chomhdháil a fhoilsiú i Taighde agus Teagasc 7. Meastar go mbeidh suim ag cleachtóirí, ceannairí, taighdeoirí agus lucht pleanála sa chomhdháil. Deis a bheas ann ag múinteoirí agus ag ceannairí foghlama gréasúnú agus eolas a chur ar chleachtas a chéile fríd Oid-ócáid (TeachMeet) agus ag daoine a bhfuil taighde déanta acu ar cheisteanna a bhaineas le teagasc agus foghlaim san earnáil a bhfionnachtana a chur i láthair. Níl aon chostas ar chor ar bith i gceist ach caithfidh gach toscaire clárú don chomhdháil trí Eventbrite . Tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín an choláiste www.smucb.ac.uk
Coláiste Pádraig Leamhchán curadh na hÉireann i gComórtas Tráth na gCeist Feachtas
Márta 30, 2017
Dianchomórtas don dara háit ach í buaite ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne sa deireadh
Is iad scoláirí Choláiste Pádraig Leamhcháin as Baile Átha Cliath buaiteoirí náisiúnta ar Chraobh Comórtas Náisiúnta Tráth na gCeist Feachtas. Thug na scoláirí an svae leo ag ócáid mhór spórtúil in Óstán an Ashling, BÁC Dé Máirt an 28 Márta. Ach is don dara háit a bhí an dianchomórtas le trí choláiste, Meánscoil Gharman, Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Meánscoil Loch Garmán i ngleic lena chéile. D’éirigh le Pobalscoil Chorca Dhuibhne an dara áit a bhaint dóibh féin.
Le sé mhí anuas, ghlac 1,000 dalta ó 250 meánscoil agus gaelcholáistí ar fud na tíre páirt i gcraobhacha réigiúnacha an chomórtais. Bhí 25 scoil san iomaíocht sa bhabhta craoibhe in Óstán Ashling i mBaile Átha Cliath. Bronnadh duaischiste €1,000 inniu. Bronnadh €600 ar an fhoireann, Alex Mac Piarais, Ashmed Kalee, Mark Ó Dálaigh agus Mícheál Ó Conghail ó Choláiste Pádraig Leamhchán agus €400 ar an fhoireann Mollie Ní Loibhéad, Eoghan Ó Muircheartaigh, Oisín Ó Dubhagáin augs Luke Mac Diarmad a tháinig sa dara háit
Ag caint dí, tar éis an Tráth na gCeist, dúirt Bainisteoir Feachtas, Loretta Ní Churraighín:
“Tá muid iontach sásta leis an rath a bhí ar an chomórtas i mbliana. Is léiriú é ar an éileamh atá ann dá leithéid i measc déagóirí óga ar spéis leo an Ghaeilge. Tá muid buíoch as an tacaíocht a fuair muid ó scoileanna i mbliana. Thaisteal scoileanna ó Phórt Láirge, Chiarraí, Cill Dara, Baile Átha Cliath Cill Chainnigh agus Dún nan Gall don chraobhchomórtas inniu. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna a rinne urraíocht ar an chomórtas.”
Dúirt Pádraigín Nic Ghearailt, Cathaoirleach Feachtas:An
“Tá comórtas Tráth na gCeist Feachtas mar chuid lárnach d’obair na heagraíochta ó bunaíodh muid in 1980. Is í aidhm Feachtas deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, ag ócáidí thaitneamacha, spraoiúla. Déanaim comhghairdeas leis na buaiteoirí inniu agus leis na foirne uilig a bhí linn i mbliana.”
SEAIMPÍNÍ Fhoireann Choláiste Phádraig, Leamhchán

Sa phictiúr tá: Dáire Ó Broin agus Gordon Duffy, Loretta Ní Churraighín , Bainisteoir Feachtas , Calvin Davis agus Abhiram Ajith

Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Co Chiarraí, a bhain an dára háit sa chomórtas. Ó chlé: Luke Mac Diarmada, Oisín Ó Dubhagáin, Mollie Ní Loibhéad agus Eoghan Ó Muircheartaigh
Teanga Tí – Gaeilge sa mBaile
Márta 29, 2017
De réir rialacha an scéim, is gá go gcuirfidh scoil ar mhian leo páirt a ghlacadh ann €300 ar fáil, le go mbeidh €900 sa chíste ar mhaithe le himeachtaí Gaeilge a chur ar bhun dóibh siúd a bheidh páirteach sa scéim.
Primary school shake-up to focus on ‘play-led’ learning
Márta 29, 2017
Children would not study traditional subjects until aged 10, under new proposals
Children at primary schools would not study traditional subjects until as late as 10 years of age, under proposals being considered by policymakers.
Instead, there would be a much greater emphasis on creative play during the early years of primary school, and broader areas of learning in later years.
The reforms are based loosely on some of the features of top-performing education systems in countries such as Finland, as well as new research on how children learn.
The proposals, drafted by the National Council for Curriculum and Assessment (NCCA), represent some of the biggest proposed changes to teaching and learning at primary level in more than two decades.
They also seek to give teachers more flexibility and autonomy over the amount of time dedicated to key areas of learning.
Educators, policymakers and parents discussed the proposals at a conference in Dublin Castle on Tuesday as part of a consultation phase which continues until the end of April.
The existing curriculum was drawn up almost 20 years ago when fewer junior infants came from a preschool background. Today, 95 per cent of children starting school have come from a preschool.
A key proposal involves extending the preschool curriculum – Aistear – into the early years of the primary school curriculum. This could ease the transition for children entering primary school and form the basis for a child-led play approach to learning.
Proposed changes over the structure of the school day could see a minimum of 60 per cent of the school day set aside for teaching the core curriculum, such as English, Irish and maths.
The remainder of the school day would be designated as “flexible time” for roll call, assembly, breaks, discretionary curriculum time and the patron’s programme.
This would allow schools to spend additional time on the part of the curriculum which they feel best meets the needs of students. Controversially, it would result in religion being dropped from the core curriculum.
Another potential change involves a move away from traditional subjects in the early and middle phase of primary school, with a greater focus on themes or “curriculum areas”.
This is influenced by the fact that children are faced with studying 11 subjects when they enter primary schools, which some experts feel is too structured and may impede learning.
Exciting opportunity
In a keynote address to the conference, Fergus Finlay, head of the children’s charity Barnardos, said the new proposals represented an exciting opportunity to meet the full range of children’s needs at a younger age.
But he warned that its successful implementation will depend on ensuring it is backed up by resources and reform.
“Will every setting operate to the standard implied in the new curriculum? We know they won’t without resources. We know they won’t without some degree of standardisation. We know they won’t without structural change,” he said.
Concluding the conference, Minister for Education Richard Bruton said the proposals came at a crucial time for the education sector given rapid changes in society and the workplace.
He said the focus on improving the transition between preschool and primary schools was particularly important.
“The primary curriculum has been a real strength of our system over many years,” he said.
“We are now, hopefully, building on that strength, giving people more of the flexibility and capacity to be innovative with their use of that curriculum in their own setting.”
The NCCA is keen to emphasise that the proposals are intended to begin a discussion about the redevelopment of the primary curriculum.
A report on the outcome of consultations and a more detailed overview of a redeveloped primary curriculum is likely later this year, which will be the focus of further consultation in late 2017 and into 2018.
Grúpa fócais do naíonraí
Márta 28, 2017
An bhfuil tacaíocht uait le feabhas a chur ar do chuid Gaeilge? Nach mbeadh sé go hiontach dá mbeadh rud cosúil le www.irishforparents.ie ar fáil do dhaoine ag obair sa naíonra?
Tá acmhainn nua á fhorbairt ag Gaeloideachas do naíonraí, agus tá grúpa fócais á eagrú againn le treoir a thabhairt dúinn maidir leis. Ba mhaith linn eolas a fháil maidir leis na riachtanais teanga atá ag foireann an naíonra, agus moltaí maidir leis na hacmhainní gur féidir a fhorbairt le tacú leo. Ní rang Gaeilge a bheidh i gceist leis an seisiún seo, ach plé maidir le hacmhainní.
Beidh an seisiún i mBéarla agus Gaeilge, agus ba mhór linn plé ach go háirithe le daoine nach bhfuil muiníneach as a gcuid Gaeilge.
Beidh an seisiún ar siúl ar an 10.05.17 ó 16.00-17.00 in oifigí Gaeloideachas i Marino, BÁC. Cuirfear tae, caife agus scónaí ar fáil, agus le clárú ní gá ach teagmháil a dhéanamh le Clare ar 01 8535193 nó clare@gaelscoileanna.ie roimh an 5 Bealtaine. Le do thoil, scaip an eolas i measc foireann an naíonra agus cabhraigh linn áis den scoth a fhorbairt.
#TrasnaNadTonnta
Márta 28, 2017
Tá an ICUF ag obair go dian ar fheachtas domhanda Twitter, darb ainm ‘Trasna na dTonnta’, a chur chun cinn an tseachtain seo!
Is ócáid í #TrasnaNadTonnta a chruthaíonn cibear-Ghaeltacht ar líne ón lá inniu, Dé Luain, an 27 Márta, go dtí Dé hAoine, an 31 Márta 2017.
Le linn na seachtaine seo tá muid ag iarraidh go mbeadh an oiread sin daoine agus is féidir (glantosaitheoirí san áireamh), ar fud an domhain, ag tvuíteáil as Gaeilge is ag úsáid an haischlib #TrasnaNadTonnta chomh minic agus is féidir.
Tá muid dóchasach go bhfeicfidh muid borradh de dhaoine thar farraige ag tvuíteáil as Gaeilge lenár haischlib le linn na seachtaine seo chun teanga na Gaeilge a cheiliúradh.
Is deis í seo do chách thar sáile bheith mar chuid den chomhrá!
Chun cabhrú linn is féidir:
• Trasna na dTonnta a leanúint is a chur chun cinn ar Twitter
• Tvuíteáil faoi do thaithí phearsanta féin leis an nGaeilge agus tú thar sáile, leis an haischlib #TrasnaNadTonnta.
• Ríomhphost a chur ar aghaidh chuig na cairde atá agat a mbeadh suim acu tacú leis an togra.
• Stádas a chur suas ar Facebook ag míniú go mbeidh Trasna na dTonnta ar siúl an tseachtain seo leis an nasc seo ann www.trasnanadtonnta.ie
• Do chairde a chur ar an eolas go mbeidh comórtas grianghraif ar Twitter don tseachtain – agus gheobhaidh an té leis an bpictiúr is fearr (a chuireann clib ar @Trasna17 agus an haischlib #TrasnaNadTonnta leis an tvuít) dearbhán €75 ó Ghlór na nGael!
• An fhoirm seo a chur chuig Gaeilgeoirí a bhfuil aithne agat orthu thar farraige ag iarr orthu síniú suas mar Ambasadóir Feachtais.
Mar chabhair tá cúpla tvuít samplach againn ar ár suíomh!
Gabhann muid buíochas ó chroí leat roimh ré as do chuid tacaíochta.