Riarthóir Oifige lán-aimseartha á lorg ag Gaelscoileanna Teo.
Meán Fómhair 24, 2014
Conradh 3 Bliana
Duine fuinniúil, le sár scileanna eagrúcháin, riaracháin oifige agus cumarsáide, mar aon le hardchaighdeán Gaeilge atá de dhíth. Duine a bhfuil spéis, taithí agus saineolas i réimse an ghaeloideachais, mar aon le taithí agus tuiscint ar an gcóras oideachais agus ar obair phobail.
Scála Tuarastail: Oifigeach Cléireachais: €20,859 – €33,607
Tuilleadh eolais, sainchuntas poist móide foirm iarratais le fáil ar iarratas trí ghlaoch a chur ar 01-8535195 nó trí ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie
Eolas faoi obair na heagraíochta ar fáil ag www.gaelscoileanna.ie
Spriocdháta le haghaidh iarratas comhlánaithe:
5.00i.n. Déardaoin, 9 Deireadh Fómhair 2014.
Reáchtáilfear na hagallaimh Déardaoin, 16 Deireadh Fómhair 2014.
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
Gaelscoil Éadan Doire ar Nuacht TG4
Meán Fómhair 22, 2014
Folúntas: Rúnaí Scoile i gColáiste Mhuire
Meán Fómhair 18, 2014
Fáiltíonn Bord Bainistíochta Choláiste Mhuire, meánscoil lán-ghaelach i mBaile Átha Cliath 7, roimh iarratais ó iarrthóirí oiriúnacha don phost seo a leanas:
Rúnaí Scoile
Is den riachtanas Gaeilge chomhráiteach a bheith ag iarraitheoirí.
Ní mór don CV agus litir chlúdaigh a sheoladh ar ríomhphost chuig po@colaistemhuire.ie nó chuig an seoladh thíos roimh 12 meán lae ar an Aoine, 3/10/2014:
Rúnaí an Bhoird Bainistíochta,
Coláiste Mhuire,
Br. Ráth Tó,
BÁC 7
D’fhéadfadh gearrliostú a bheith i gceist.
Is fostóir comhionannais deiseanna é Bord Bainistíochta Choláiste Mhuire.
Lá Oiliúna d’Áis Mheasúnaithe san Luathlitearthacht
Meán Fómhair 12, 2014
Dáta: 19 Meán Fómhair 2014
Ionad: Kilashee House Hotel, Nás na Ríogh, Co.Chill Dara
Am: 9:30r.n. – 4i.n.
Beidh an Dochtúir Gabrielle Nig Uidhir ó, Príomh-Léachtóir i gColáiste Ollscoile Naomh Mhuire, Béal Feirste, i mbun lá oiliúna
Treoir do mhúinteoirí a bheidh ann in úsáid na hÁise Mheasúnaithe sa Luathlitearthacht le Marie Clay a rinne Gabrielle a chaighdeánú do scoileanna lán-Ghaeilge.
Dírithe ar mhúinteoirí bunranganna agus múinteoirí tacaíocht foghlama a bheidh an oiliúint.
Cuirfear cóip den áis ar fáil dóibh siúd a ghlacann páirt sa Lá Oiliúna, chomh maith le lón, tae/caife agus sóláistí eile.
Seol scéal láithreach chuig riarachan@cogg.ie
Scléip 2015 faoi chúram Ghael Linn
Meán Fómhair 10, 2014
Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne náisiúnta atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Bíonn sé spreagúil, spraíúil agus sultmhar do na daltaí agus dá gcuid múinteoirí.
Ón mbliain seo ar aghaidh is iad Gael Linn a bheidh i mbun Scléip. Gabhaimid buíochas leis na scoileanna ar fad a thacaigh le Scléip ónar chuir Gaelscoileanna Teo tús leis i 2005 agus tá súil againn go leanfaidh sibh leis an seó agus go rachaidh sé ó neart go neart faoi stiúir Ghael Linn.
Beidh Gael Linn ag leagan an-chuid béime ar na healaíona comhaimseartha i mbliana agus tabharfaidh múinteoirí a bhí páirteach i Scléip cheana faoi deara go bhfuil athruithe beaga ar cheann nó dhó de na comórtais. Tá bróisiúr Scléip, an fhoirm iontrála agus na rialacha le fáil ar shuíomh Gael Linn ag www.gael-linn.ie. Is féidir aon fhiosrúchán maidir le Scléip a sheoladh ar ríomhphost chuig seanc@gael-linn.ie.
Beidh deis ag iomaitheoirí ó gach scoil páirt a ghlacadh sna réamhbhabhtaí agus gheobhaidh buaiteoirí na mbabhtaí sin cuireadh chuig Craobh Scléip. Níl dátaí na réamhbhabhtaí socraithe go fóill, ach tabhair faoi deara go mbeidh siad ar siúl le linn an chéad téarma scoile i mbliana, ar laethanta scoile ag deireadh mhí na Samhna nó ag tús mhí na Nollag 2014. Tá Gael Linn ag súil le réamhbhabhta a bheith acu i ngach cúige ionas nach mbeidh an iomarca taistil ag aon scoil. Chomh luath is atá na hiontrálacha uilig istigh, socrófar na hionaid agus dátaí. Beidh an Chraobh ar siúl ar an Satharn, 24 Eanáir, 2015 i mBaile Átha Cliath.
Tá na táillí iontrála laghdaithe i mbliana agus ní bheidh ar aon scoil níos mó na €50 i dtáillí a íoc.
Tá súil ag Gael Linn go mbeidh fonn ar bhur gcuid popamhránaithe, rinceoirí, aisteoirí, srl. a bheith páirteach i mbliana agus go dtabharfaidh an comórtas spreagadh agus dúshlán do na daltaí agus dá gcuid múinteoirí leis! An spriocdháta d’iontrálacha ná 24 Deireadh Fómhair, 2014.
Tá an fhoirm iontrála le híoslódáil anseo: Scléip Gael Linn 2015
Osclaíonn Gaelcholáiste nua i mBaile Brigín!
Meán Fómhair 5, 2014
Ghlac an Gaelcholáiste nua i mBaile Brigín lena chéad daltaí ar an Luan, 1 Meán Fómhair.
Is é Coláiste Ghlór na Mara an chéad Ghaelcholáiste sa cheantar seo. Tá 26 dalta sa chéad bhliain anois agus freastalóidh an scoil ar idir 700 agus 1,000 dalta amach anseo.
Tá an scoil lonnaithe i ranganna sealadacha faoi láthair. Bogfaidh sé go scoil sealadach go luath agus fanfaidh sé ann go dtí go bhfuil obair thógála ar an bhfoirgneamh buan curtha i gcrích.
“Ba chúis áthais dom í oscailt na scoile ar maidin,” arsa Aoife Elster, príomhoide na scoile (thuas, dara duine ar chlé).
“Tá sé go hiontach toradh dearfach a fheiceáil ar an obair thréan atá déanta ag muintir na háite chun Gaelcholáiste a bhunú don cheantar.
“Táimid fíor bhuíoch do Bhord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus don tUasal Ó Laoire ach go háirithe toisc seomraí sealadacha a thabhairt dúinn fad is atá muid ag fanacht ar ár bhfoirgneamh féin.
“Táim fíor bhuíoch freisin don tacaíocht atá faighte againn ó Chlodagh agus ó Shiobhán, príomhoidí sna Gaelscoileanna áitiúla.”
Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta: “Tá an áthas ar an bhForas Pátrúnachta go bhfuil Coláiste Ghlór na Mara ar oscailt agus ag soláthar oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal do cheantar Bhaile Brigín agus mór thimpeall.
“Tá an bhuíochas ag dul don choiste bunaithe, do na tuismitheoirí agus gach a chabhraigh leis an bpróiseas ar fad. Tá mé cinnte go mbeidh éifeacht ollmhór ag an scoil sa cheantar ní amháin ag soláthar oideachas den scoth ach ag tacú agus ag cothú an cultúr Gaelach sa phobal i gcoitinne.”
Obair ar siúl ar fhoirgneamh nua Ghaelscoil Shliabh Rua
Meán Fómhair 1, 2014
Tá sceitimíní ar Ghaelscoil Shliabh Rua leis an obair mhór atá ar siúl le scoil nua a thógáil dóibh – féach na grianghraif atá acu ar Facebook. Is féidir clárú go fóill do 2014 agus 2015, féach www.gaelscoilshliabhrua.ie.
Mo chéad lá ar scoil 2014 – Gaelscoil an Chuilinn
Meán Fómhair 1, 2014
Grianghraif álainn de naíonaín bheaga 2014 ar a gcéad lá scoile! Féach suíomh na scoile, www.gaelscoilanchuilinn.ie.
Laurel Hill Coláiste FCJ Luimneach – Éacht agus buaicphointe i Stair na Scoile
Meán Fómhair 1, 2014
Comhghairdeas le gach éinne atá bainteach le Laurel Hill Coláiste FCJ, ainmnithe mar an scoil is fearr sa tír san Sunday Times inné. Don chéad uair riamh, tá scoil lán- Ghaelach ar bharr an liosta. ‘Is cúis áthais agus bhróid dúinn go bhfuil an scoil seo ‘gainne, atá ar an bhfód ó 1935 ar aghaidh, tar éis an t-aitheantas seo a fháil. Ina theannta san, tá áthas orainn go bhfuil ag éirí chomh maith san le scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre’ arsa Aedín Ni Bhriain, príomhoide Laurel Hill Coláiste FCJ. Luimneach abú – Gaeilge abú!
Céad lá scoile i nGaelcholáiste an Phiarsaigh!
Lúnasa 28, 2014
Ba mhór le Gaelscoileanna Teo. comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le daltaí, foireann agus coiste bunaithe Gaelcholáiste an Phiarsaigh, a d’oscail don chéad uair inniu. Guímis gach rath agus sonas ar phobal uile na scoile.
Tabhair cuairt ar shuíomh idirlín na scoile, www.gaelcholaiste.com, le haghaidh tuilleadh eolais. Tá níos mó grianghraf ón gcéad lá scoile le feiceáil ar Facebook.