Folúntais le Gaelscoileanna Teo.
Lúnasa 15, 2014
Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh iarratais don 2 phost seo a leanas:
Speisialtóir Luathbhlianta, Tuaisceart Éireann: 2 phost
(Scála EO1, Oifigeach Feidhmiúcháin: £25,871 – £27,271).
Beidh na poist lonnaithe i mBéal Feirste i dtús ama, ach d’fhéadfaí na poist a athlonnú amach anseo.
Tuilleadh eolais, sainchuntas poist, móide foirm iarratais le fáil ar iarratas trí ríomhphost a chur chuig blathnaid@gaelscoileanna.ie
Eolas faoi obair na heagraíochta ar fáil ag www.gaelscoileanna.ie
Spriocdháta le haghaidh iarratas comhlánaithe:
5.00i.n. Déardaoin, 4 Meán Fómhair 2014.
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
An Chéad Bratach Buí i gCo. an Chláir
Lúnasa 1, 2014
Bhí slua mór i nGaelscoil Mhíchíl Cíosóg ar an 19ú lá déag de mhí an Mheithimh chun fáilte ó chroí a chur roimh Podge Collins, buaiteoir Craobh Iománaíocht na hÉireann le foireann iomána Co an Chláir a thug cuairt ar an scoil agus a d’ardaigh an chéad Brat Buí a bhronnadh ar an scoil i gCo an Chláir.
Is clár praiticiúil do scoileanna clár an Bhrait Buí a thugann aitheantas do scoileanna a chuireann is a chothaíonn béim idirchúltúrachas, comhioannas, éagsúlacht agus cuimsitheacht sa scoil agus sa phobail níos leithne. Tá an clár bunaithe ar ocht gcéim praiticiúil gur bhféidir leis na scoileanna na céimeanna seo a chur i bhfeidhm i ngnáth cúrsaí laethúla na scoileanna chun cabhrú leo diriú ar pholasaí a spreagann idirchultúrachas.
B’é seo an triú bliain as a chéile ón lá idirchultúrtha spóirt a chéiliúradh ag an scoil agus ba chuid don ocáid sin Clár Bhrait Buí.
Bhí téama idirchultúrachas ag baint le gach gníomhaíocht ar an lá – rud a léiríonn an aicme idirchultúrtha atá ag an scoil. Bhí Futzal ó Bhrasaíl, scéalaíocht ón Afraic, péinteáil aghaidheanna idirnáisiúnta / eitneacha agus Salsa, mar chuid de na gníomhaíochtaí idir-chultúra seo. Bhí ceoltóirí idirnáisiúnta ó Mharacó agus ceoltóirí áitiúla ó Choláiste Rís i láthair chun na múinteoirí, daltaí agus tuismiteoirí uilig a choiméad faoi dhraíocht!
Ós ionann go bhfuil an Corn Domhanda Sacair ar siúl i mbliana bheartaigh gach rang ionadaíocht a dhéanamh ar tír nó culture ar leith agus léirigh said a rogha le dathanna na tíortha sin a chaitheamh ar an lá.
Tríd is tríd bhaineamar go léir an-taitneamh as an lá speisialta seo a cheiliúrann na cúltúrtha éagsúla atá in ár measc sa scoil iontach seo!
Dianchúrsa FNT: An Cháilíocht Stiúrthóra
Iúil 10, 2014
Beidh Dianchúrsa FNT: An Cháilíocht Stiúrthóra á reáchtáil i ag Forbairt Naíonraí Teoranta gCill Dara i mí Dheireadh Fómhair 2014:
Scrúduithe TEG B2* in Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Co. Chill Dara ar an 26 Meán Fómhair 2014
Dianchúrsa FNT i Naíonra Ghearóidín, f/ch Gaelscoil Uí Fhiaich, Bóthar Chill Droichid, Má Nuad, Co. Chill Dara ar an 28-31 Deireadh Fómhair 2014
*Fáiltíonn FNT roimh iarratais ar na Scrúduithe Cainte TEG B2 chomh maith.
Spriocdháta le hiarratas a dhéanamh ar an gcúrsa: 12 Meán Fómhair 2014.
Má tá ceist ar bith agat maidir le Dianchúrsa FNT: An Cháilíocht Stiúrthóra nó TEG B2, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le Laura ar laura@naionrai.ie. Eolas breise ar fáil ag https://www.naionrai.ie/ga/dianchursa-fnt
Dianchúrsa Gaeilge do Mhúinteoirí in Iarbhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge
Iúil 9, 2014
18-22 Lúnasa, Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24
Díreofar sa chúrsa ar an saghas teanga a úsáideann múinteoirí ar bhonn laethúil, is é sin frásaí agus stór focal is féidir a úsáid nuair a bhítear ag plé le daltaí sa seomra ranga agus timpeall na scoile, le múinteoirí eile agus le tuismitheoirí.
Bainfear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach sna ranganna. Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, rud a thabharfaidh a lán deiseanna do na rannpháirtithe cleachtadh a dhéanamh ar an méid a bheidh múinte dóibh.
Cuirfear seisiún speisialtóireachta ar fáil maidir le príomhábhar gach múinteora (seachas teangacha). Déanfar gach iarracht freastal ar an dara hábhar ach ní bheifear ábalta é sin a dhéanamh i ngach cás.
Díreofar ar na gnéithe is lárnaí agus is úsáidí de ghramadach na Gaeilge, e.g. aimsirí an bhriathair, réamhfhocail shimplí, forainmneacha réamhfhoclacha, inscne ainmfhocal/na tuisil, daoine agus rudaí a chomhaireamh, dátaí agus orduimhreacha, agus an modh ordaitheach. Úsáidfear cluichí agus comórtais chun an fhoghlaim a dhéanamh níos spreagúla agus níos éifeachtaí.
Beidh na nithe seo i gceist sna ranganna maidir le Teicneolaíocht an Eolais agus an Ghaeilge: – ríomhaire a chur in oiriúint don Ghaeilge – Microsoft Word a shocrú don Ghaeilge – an seiceálaí litrithe GaelSpell – áiseanna ar an nGréasán, e.g. foclóirí Gaeilge ar líne, bunachair shonraí, irisí ar líne – acmhainní d’fhoghlaimeoirí óga agus fásta
Bainfear úsáid as Gramadach gan Stró! agus Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level mar théacsleabhair le linn an chúrsa agus cruthófar cuntais ar an suíomh ríomhfhoghlama www.ranganna.com do na rannpháirtithe.
Sonraí ar www.gaelchultur.com.
Foghlaim conas clár raidió a dhéanamh le Raidió na Life an samhradh seo!
Iúil 8, 2014
Ar mhaith leat foghlaim conas a oibríonn na meáin chumarsáide?
Feabhas a chur ar do chuid scileanna taighde is cumarsáide?
Agus oibriú mar chuid d’fhoireann chun clár raidió a dhéanamh?
Le dianchúrsaí seachtaine ‘Tuiscint ar na Meáin & Conas Thú Féin a Chur in Iúl’ i Raidió na Life, foghlaimeoidh tú faoi na nithe thuas agus déanfaidh tú clár raidió i rith an chúrsa.
Dátaí:
CÚRSA 1: 11 – 15 Lúnasa, 10:00 – 15:00
CÚRSA 2: 25 – 29 Lúnasa, 10:00 – 15:00
Costas: €150
Ionad: Raidió na Life, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2.
Gach eolas ar fáil ar an bpóstaer faoi iamh.
Le Cáiliúchán FETAC Leibhéal 3 le baint amach ar chríochnú an chúrsa, tá na cúrsaí seo dírithe orthu siúd nach bhfuil aon taithí raidió acu roimhe seo agus tá siad oiriúnach go háirithe do dhaltaí meánscoile agus mic léinn ollscoile.
Le haghaidh tuilleadh eolais, nó chun d’áit a chur in áirithe le haghaidh cúrsa, déan teagmháil linn i Raidió na Life ar 01-6616333 nó ag eolas@raidionalife.ie
Ruairi Quinn resigns as Minister for Education
Iúil 2, 2014
Minister for Education Ruairi Quinn has announced his resignation from Cabinet ahead of next week’s reshuffle.
Mr Quinn has also announced his intention to retire from politics at the next general election.
Speculation had been mounting in political circles in recent weeks over Mr Quinn’s future in Cabinet.
He was not expected to retain the Education portfolio in the upcoming reshuffle. It is believed the Minister for Social Protection Joan Burton would have been unwilling to re-appoint him if she becomes the new Labour Party Leader.
Speaking on the Leinster House plinth today, Mr Quinn said he was stepping down to give the new Labour Party leader more options.
The Dublin South East TD has been Minister for Education and Skills since March 2011, when the current Government came to power.
www.irishtimes.com
Podge supports interculturalism at Gaelscoil
Meitheamh 30, 2014
All-Ireland hurling medal winner, Podge Collins, visited Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg in Ennis to raise the school’s new Yellow Flag.
Scéal iomlán – full story: www.clarechampion.ie
Brat Glas faighte ag Gaelscoil Longfoirt
Meitheamh 19, 2014
Comhghairdeas le daltaí agus foireann Ghaelscoil Longfoirt, a ghnóthaigh Brat Glas don scoil. Bhí lá mór ceiliúrtha acu le déanaí agus bhain siad an-sult as!
Gaelscoil Longfoirt ar Facebook
Educating your child your own way – The Last Word podcast
Meitheamh 19, 2014
Labhair Cara ó choiste bunaithe Gaelcholáiste Chill Dara Thuaidh le Matt Cooper ar Today FM ar an 18 Meitheamh maidir leis an bhfeachtas le hoideachas iarbhunscoile lán-Ghaeilge a éileamh don cheantar. Is féidir éisteacht leis an bpodchraoladh anseo: Today FM
Coiste bunaithe iarbhunscoile Phort Laoise ar Midlands 103 FM
Meitheamh 17, 2014
Éist le Ciara Fogarty ón gcoiste ag labhairt maidir lena bhfeachtas anseo: