Méid an Téacs

Ná bac leis na hOscair, seo chugaibh buaiteoirí Scléip 2014!

Márta 3, 2014

Amharclann an Axis, Baile Átha Cliath, 1 Márta 2013

Bhí lá den scoth againn san Axis, le 14 scoil ag dul in iomaíocht sa chraobh agus ag cur siamsaíocht agus spreagadh ar stáitse romhainn. Bhí ríméad orainn roinnt de bhaill Kìla a bheith linn don lá; bhí Rossa Ó Snodaigh mar fhear a’ tí agus Rónán Ó Snodaigh i mbun moltóireacht in éineacht le Fionntán Fitzgerald agus Aonghus Ó Lochlainn. Bhí dúshlán acu buaiteoirí a roghnú toisc feabhas agus ard-chaighdeán na léirithe ar fad agus thug siad ard-mholadh do na rannpháirtithe uile as an muinín agus tallann a léirigh siad os comhar an tslua. Tá moladh ag dul don slua chomh maith, na tuismitheoirí, múinteoirí agus comhscoláirí a thug tacaíocht iontach do na hiomaitheoirí i rith na bliana agus ar lá na craoibhe féin; go raibh maith agaibh as bheith linn agus tá bualadh bos mór tuilte agaibh!

Seo thíos na scoileanna a bhí linn ar an lá:

  • Coláiste an Phiarsaigh, Corcaigh
  • Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath
  • Coláiste de hÍde, Baile Átha Cliath
  • Coláiste Feirste, Co. Aontroma
  • Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath
  • Coláiste Oiriall, Muineacháin
  • Gaelcholáiste Chiarraí
  • Gaelcholáiste Luimnigh
  • Gaelcholáiste Mhuire AG, Corcaigh
  • Meánscoil Gharman, Loch Garman
  • Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Ciarraí
  • Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill
  • Scoil Chaitríona , Baile Átha Cliath
  • Scoil Iosaf, Tír Eoghain

Seolfar CD leis na grianghraif amach chuig na scoileanna go luath, agus beidh siad le feiceáil ar an suíomh anseo chomh maith. Coinnigh súil ar Saol na míosa seo – bhí Colm Ó Torna ann lena cheamara ar an lá!

Ba mhór linn buíochas ó chroí a ghabháil le gach éinne a chabhraigh linn Scléip a chur ar stáitse i mbliana; na scoileanna, na múinteoirí, na daltaí agus a dtuismitheoirí, na moltóirí agus láithreoirí, foireann na hamharclann, Kìla, Niamh Spain (a rinne na duaiseanna) agus Foras na Gaeilge. Táimid ag súil le bheith ar ais arís an bhliain seo chugainn le Scléip 2015!

Seo thíos liosta na mbuaiteoirí, comhghairdeas mór libh uilig.

Ceol nua-aimseartha (aonair):

  • Emily Downey, Meánscoil Gharman (sóisear)
  • Aoife Nic Artain, Coláiste Íosagáin (sinsear)

Ceol nua-aimseartha (grúpaí):

  • An Smugairle Róin Leictreach, Scoil Chaitríona (sóisear)
  • Chewie agus an Bhuíon, Meánscoil Gharman (sinsear)

Rince cruthaitheach (aonair):

  • Sarah Ní Mheilbhín, Coláiste Cois Life (sóisear)

Rince cruthaitheach (grúpaí):

  • An Cogadh, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
  • Beo le Ceol, Coláiste de hÍde (sinsear)
Drámaíocht/Mím (aonair agus grúpaí):
  • Easaontas Ceoil, Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sóisear)
  • Filleann an Feall ar an bhFeallaire, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Comórtas Ilchineálach (aonair agus grúpaí):
  • Laura Ní Dhuibhir, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
  • Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhualacháin, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)

Duais an Spotsholais: Bronnta ar an ngrúpa go bhfeiceann na moltóirí cumas iontu; nach bhfuil an duais rannóige buaite acu i mbliana ach gur fiú faire amach dóibh sna todhchaí

  • Cailíní Óga, Scoil Iosaf
Duais Kíla: Bronnta ar iomaitheoir le tallann agus spiorad ar leith, a chuireann beocht, nuálaíocht agus spraoi Kíla i gcuimhne do na moltóirí
  • Cian Ó Maoláin, giotáraí le Flúirse Fonn, Gaelcholáiste Mhuire AG
Duais Scléip: Bronnta ar an ngrúpa is mó a sheas amach ó na buaiteoirí rannóige
  • Filleann an Feall ar an bhFeallaire, Pobalscoil Ghaoth Dobhair

Ceardlanna SFGM ar Polasaí Frithbhulaíochta

Feabhra 27, 2014

Beidh ceardlanna á reachtáil ag an Seirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) i Mí Márta le tacú le scoileanna i dtaobh polasaí frithbhulaíochta. Seo thíos na dátaí:

18 Márta 2014
1-3pm
Ionad Oideachais Chorcaí

19 Márta 2014
1-3pm
Ionad Oideachais Chill Chainnigh

19 Márta 2014
1-3pm
Ionad Oideachais na hUaimhe

20 Márta 2014
1-3pm
Gallagher’s Hotel, Dún na nGall

20 Márta 2014
1-3pm
Ionad Oideachais Átha Cliath Thiar

20 Márta 2014
1-3pm
Ionad Oideachais na Gaillimhe

25 Márta 2014
1-3pm
Ionad Oideachais Mhaigh Eo

26 Márta 2014
1-3pm
Ionad Oideachais Átha Luain

Tuilleadh eolas: info@pdst.ie 

Sparánacht taighde agus maoiniú áiseanna ar fáil ó COGG

Feabhra 25, 2014

Tá fógartha ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) an tseachtain seo go mbeidh siad ag cur fáilte roimh iarratais mhaoinithe d’áiseanna teagaisc mar aon le hiarratais do sparánacht taighde.

Maoiniú

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair, ó ghrúpaí, ó chomhlachtaí, agus ó fhoilsitheoirí a bhfuil suim acu áiseanna a sholáthar a bhaineann le foghlaim nó le teagasc na Gaeilge nó teagasc trí Ghaeilge.

Sparánacht Taighde

Fáilteofar freisin roimh iarratais ó mhic léinn ag leibhéal dochtúireachta nó ó thaighdeoirí iardhochtúireachta ar mian leo taighde a dhéanamh ar Theagasc nó ar Fhoghlaim na Gaeilge, ach glacfar freisin le hiarratais ar ábhair ábhartha eile a bhaineann leis an nGaeilge.

Tá foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais ar fáil le híoslódáil ar www.cogg.ie. Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm, 19 Márta 2014.

Foilsithe ar Gaelport.com

Polasaithe Samplacha a Roinnt

Feabhra 25, 2014

Táimid ag iarraidh cur go leanúnach le líon na bpolasaithe samplacha atá againn ar an suíomh gréasáin agus ar fáil do scoileanna ar shaincheisteanna éagsúla. Ar an ábhar sin, tá polasaí samplach maidir le Iniúchadh na nGardaí i nGaeilge á lorg ag scoil amháin agus bheimis fíor-bhuíoch dá gcuirfí ceann ar aghaidh chugainn má tá ceann ar fáil – is féidir ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie.

Táimid ag plé leis an PDST faoi láthair maidir le teimpléad as Gaeilge den pholasaí frithbhulaíochta, agus beimid i dteagmháil go luath faoi sin.

Go ginearálta, má bhíonn polasaithe as Gaeilge ag scoileanna a shíleann sibh a bhainfeadh scoileanna eile (bunscoileanna agus iarbhunscoileanna) leas astu, bheimis fíor-bhuíoch daoibh as iad a chur ar fáil ar mhaithe le ham agus dua a shábháil ar scoileanna eile.

Tá polasaithe samplacha agus acmhainní eile ar fáil anseo.

Príomhoide Tánaisteach, Laurel Hill Coláiste FCJ

Feabhra 24, 2014

Cuireann an Bord Bainistíochta fáilte roimh iarratais ó mhúinteoirí a bhfuil na cáilíochtaí agus an taithí chuí acu do phost an

PHRÍOMHOIDE TÁNAISTEACH

Ag tosnú ar an 1.9.2014

Is meanscoil Dheonach Chaitliceach Lán – Ghaeilge do chailíní í Laurel Hill Coláiste FCJ faoi iontaobhas Le Chéile. Is é 404 tinreamh na scoile faoi láthair.

Tá foirmeacha iarratais agus eolas eile ar fáil ó principal@laurelhillcolaistefcj.ie

Glacfar le foirmeacha iarratais i scríbhinn amháin go dtí tráth nach déanaí ná 10am ar an 18ú Márta 2014

Is fostóir comhionannais deiseanna é An Bord Bainistíochta

D’fhéadfaí iarrathóirí a chur ar ghearrliosta.

Laurel Hill Coláiste FCJ, South Circular Road, Limerick

Rúnaí Oifige lán-aimseartha á lorg ag Gaelscoileanna Teo. – Spriocdháta 26 Feabhra

Feabhra 24, 2014

Conradh Bliana

Duine fuinniúil, le sár scileanna eagrúcháin, riaracháin oifige agus cumarsáide, mar aon le hardchaighdeán Gaeilge atá de dhíth. Duine a bhfuil spéis, taithí agus saineolas i réimse an ghaeloideachais, mar aon le taithí agus tuiscint ar an gcóras oideachais agus ar obair phobail.

Scála Tuarastail: Oifigeach Cléireachais: €23,177 – €37,341 (ag braith ar thaithí).

Eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaelscoileanna.ie

Tuilleadh eolais, sainchuntas poist móide foirm iarratais le fáil ar iarratas trí ghlaoch a chur ar 01-8535190 nó trí ríomhphost chuig blathnaid@gaelscoileanna.ie

Spriocdháta le haghaidh iarratas comhlánaithe:
5.00i.n. Céadaoin, 26 Feabhra 2014

Reáchtáilfear na hagallaimh Déardaoin, 6 Márta 2014.

Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.

Urraithe ag Foras na Gaeilge

10,000 Gaeilgeoir dearg le fearg

Feabhra 18, 2014

Deich míle Gaeilgeoir ó fud an oileáin a bhailigh le chéile ar shráideanna Bhaile Átha Cliath lena gcearta teanga a éileamh ag an deireadh seachtaine.

Eagraíodh ‘Lá Mór na Gaeilge’ sna sála ar éirí as an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a d’fhág a phost toisc leithcheal an státchórais i leith na Gaeilge, dar leis.

D’ardaigh pobal an tuaiscirt a n-éilimh d’Acht na Gaeilge chomh maith agus fógraíodh ar an lá go reáchtlófar agóid i mBéal Feirste ar 12 Aibreán.

Shiúil slua an tSathairn ón Ghairdín Cuimhneacháin ar Chearnóg Parnell chuig Dáil Éireann, áit a ndearna ionadaithe pobail cur síos ar leatrom an státchórais i leith na teanga.

Seo chugaibh achoimre ar Lá mór na Gaeilge.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie

Buaiteoirí Scléip 2014 i gCultúrlann Uí Chanáin

Feabhra 17, 2014

Cultúrlann Uí Chanáin, Doire, 14 Feabhra 2014

Scoileanna rannpháirteacha:

  • Coláiste Feirste
  • Pobalscoil Ghaoth Dobhair
  • Coláiste Oiriall
  • Scoil Iosaf
  • Coláiste Chineál Eoghain agus
  • Coláiste Lú

Ceol nua-aimseartha (aonair):

  • Josh Mac Philib, Coláiste Oiriall (sinsear)
  • Cathal Ó Cuireáin, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)

Ceol nua-aimseartha (grúpaí):

  • Cailíní Óga, Scoil Iosaf (sóisear)
  • Dysania, Coláiste Oiriall (sinsear)

Rince cruthaitheach (aonair):

  • Maria Ní Fhearraigh, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)

Rince cruthaitheach (grúpaí):

  • Coiscéim, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
Drámaíocht/Mím (aonair agus grúpaí):
  • Filleann an Feall ar an bhFeallaire, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Comórtas Ilchineálach (aonair agus grúpaí):
  • Laura Ní Dhuibhir, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
  • Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhualacháin, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)

Rogha na Moltóirí:

  • Na Feirstigh, Coláiste Feirste (sóisear)
  • Fuaim, Pobalscoil Ghaoth Dóbhair (sinsear)

Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, tá súil againn gur bhain sibh ard-taitneamh as an lá (is cinnte gur bhain an fhoireann agus na moltóirí!) agus go bhfeicfimid san Axis sibh ar an 1 Márta don chraobh ceannais.

Ceiliúradh speisialta i nGaelscoil Longfoirt

Feabhra 12, 2014

Cúis mhór áthais agus bróid do Ghaelscoil Longfoirt cúig bhliain déag ar an bhfód a cheiliúradh leis an aoi speisialta,Seán-Óg Ó hAilpín. Ocáid den scoth a bhí ann Dé hAoine seo caite, 7 Feabhra le pobal uile na scoile. Thosaigh Gaelscoil Longfoirt le 20 scoláire i 1998 agus leis an bhfás agus forbairt le cúig bhliain déag tá 210 páiste ag treabhadh an ghoirt i nGaelscoil Longfoirt agus ag baint amach ardchaighdéan oideachais.

D’eagraigh Gaelscoileanna Teo. cruinniú poiblí cúig bhliain déag ó shin chun iarracht a dhéanamh na féidearthachtaí a bhain le bunú gaelscoile a fhiosrú. Cuireadh tús le feachtas tiomsaithe airgid agus feachtas ardú feasachta chun díriú ar dhaoine gur spéis leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí. Bunaíodh coiste bunaithe agus osclaíodh an chéad ghaelscoil i Longfort i Méan Fómhair na bliana sin! Ainmníodh Bord Bainistíochta agus roghnaíodh An Foras Pátrúnachta mar phátrún na scoile. Tá an scoil tar éis dul ó neart go neart ó céad osclaíodh í i Rae an Chalaidh nuair a thosaigh 20 Naíonáin Bheaga i nGaelscoil Longfoirt.

Ag labhairt dí ag an ocáid dúirt Yvonne Ní Mhurchú, Príomhoide Ghaelscoil Longfoirt: “Cuireann sé an-áthas orm mar Phríomhoide an dul chun cinn atá déanta ag an scoil a cheiliúradh. Gabhaim buíochas ó chroí leis na tuismitheoirí, leis an mbord bainistíochta, leis na múinteoirí, leis na daltaí agus le pobal uile na scoile as a ndíograis agus a dtacaíocht i gcónaí. Aithnímid chomh maith Cairde na Scoile (Cumann na dTuismitheoirí) a thacaigh le Gaelscoil Longfoirt ón gcéad lá agus a thugann tacaíocht leanúnach dúinn. Cabhraíonn a n-iarrachtaí tiomsaithe airgid agus tacaíocht le dul chun cinn na scoile. Is mór againn chomh maith tacaíocht agus díograis leanúnach an Bhoird Bainistíochta faoi stiúir Phádraig Ó Céileachair”.

De bharr fás agus forbairt Ghaelscoil Longfoirt bhí suíomh úr de dhíth agus i Deireadh Fómhair na bliana 2005 bhog an scoil go dtí suíomh nua. Táimid suite anois in aice le Cumann Lúthchléas Gael Flipeadóirí Longfoirt. Tá úsáid áiseanna an CLG againn agus gabhaimid buíochas ó chroí le Cumann Flipeadóirí Longfoirt agus le Irene agus a foireann FÁS a chuidíonn go rialta linn.

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD i 2012 go mbeidh Gaelscoil Longfoirt mar chuid de thionscnaimh tógála scoile úr. Tá an Bord Bainistíochta i gcomhar leis an gComhairle Contae agus An Roinn Oideachais agus Scileanna ag obair go dian dícheallach chun an fógra sin a fhíorú.

Rinneadh ceiliúradh ar éachtaí agus imeachtaí seach-churaclaim Ghaelscoil Longfoirt le linn na hocáide ina n-áirítear Feadóg Stáin, Snámh, Ríomhairí, Cispheil, Peil agus Iománaíocht. Gabhadh buíochas ó chroí le Cumann Naomh Uinseann de Pól as a n-iarrachtaí leis an gClub Bricfeasta. Déanadh comhghairdeas le Gaelscoil Longfoirt as gnóthú an dá Bhrat Glas ag An Taisce.

Mar chuid den cheiliúradh, sheol Seán-Óg suíomh idirlín úr Ghaelscoil Longfoirt (www.gaelscoillongfoirt.ie) agus an Leathanach Facebook. Tá an suíomh nua lán le heolas do thuismitheoirí agus naisc eagsúla dóibh chomh maith. Cuireadh crann i nGairdín na Scoile chun an ocáid a cheiliúradh agus gearradh cáca ceiliúrtha mar chuid d’imeachtaí an lae. Bhain gach duine idir óg agus aosta an-taitneamh as soláistí i gClub Flipeadóirí Longfoirt ina dhiaidh. Míle comhghairdeas le pobal uile na scoile agus go mbeirmid beo ar an am seo arís!

Chun tuilleadh sonraí a fháil nó chin agallamh a shocrú dean teagmháil le do thoil le:

Yvonne Ní Mhurchú,
087-2642665
yvonnenimhurchu@gmail.com
www.gaelscoillongfoirt.ie

Príomhoide

Feabhra 12, 2014

Coláiste Ghlór na Mara – Iarbhunscoil nua a bheidh ag oscailt don chéad uair i Meán Fómhair 2014 le freastal ar mhór-cheantar Bhaile Brigín, Co Átha Cliath.

Uimhir Rolla : 68082L

Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 1 Aibreán 2014.

Iarbhunscoil, dheonach, ilchreidmheach, Lán-Ghaeilge do chailíní agus buachaillí is ea Coláiste Ghlór na Mara, atá faoi Iontaobhas Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna lánGhaeilge agus a bheidh ag oscailt don chéad uair mí Mheán Fómhair 2014.

Is feidir foirm iarratais a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig an gCathaoirleach ag pocolaisteghlornamara@gmail.com

Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe (ar pháipéar amháin) a sheoladh ar ais chuig:
Tim Ó Tuachaigh, Dollards Cottage, Drogheda Rd, Bremore, Baile Brigín, Co. Átha Cliath
roimh 5.00 in Déardaoin an 27 Feabhra 2014.

Is fostóir comhionannas deiseanna é Coláiste Ghlór na Mara.

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »