Méid an Téacs

Buaiteoirí Scléip 2012

Feabhra 21, 2012

Bhí spraoi agus Scléip den scoth againn ag babhta Laighin in amharclann an Axis i mBaile Átha Cliath ar an 20 Feabhra. Bhí 9 scoil linn ar an lá agus tá ardmholadh ag dul do na rannpháirtithe uile, bhí an caighdeán an-ard i mbliana agus ba dheacair na cinntí a bhí le déanamh ag na moltóirí. Seo thíos liosta na mbuaiteoirí, tá áit faighte acu sa chraobh ceannais:

Ceol nua-aimseartha (aonair):

  • Lauren Ní Dhubhlaíoch, Coláiste Cois Life (sóisear)
  • Kym Gartry, Coláiste de hÍde (sinsear)

Ceol nua-aimseartha (grúpaí):

  • Cór Cois Life, Coláiste Cois Life (sóisear)
  • Scléipeoirí, Coláiste Chilliain (sinsear)

Rince cruthaitheach (aonair):

  • Saoirse Ní Dhubhshláine, Coláiste de hÍde (sóisear)
  • Dearbhla, Meánscoil Gharman (sinsear)

Rince cruthaitheach (grúpaí):

  • Sinéad & Áine, Coláiste de hÍde (sóisear)
  • Na Jaffa Cakes, Gaelcholáiste Cheatharlach (sinsear)

Drámaíocht/mím (aonair agus grúpaí):

  • Cé sa diabhail í Alice? Gaelcholáiste Chill Dara (sóisear)
  • Pandora, Gaelcholáiste Reachrann (sinsear)

Rogha na Moltóirí:

  • Chewie agus an Bhuíon, Meánscoil Gharman(sinsear)

Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, tá súil againn gur bhain sibh ard-taitneamh as an lá agus go bhfeicfimid san Axis arís sibh ar an 24 Márta don chraobh ceannais.

Iar-bhunscoil lán-Ghaeilge séanta mar rogha do 1,550 páiste i dTuaisceart Chill Dara

Feabhra 10, 2012

De réir fógra na Roinne Oideachais agus Scileanna le déanaí, níl sé i gceist go dtabharfaí iarratas ar ghaelcholáiste nua san áireamh agus na hiarratais ar phátrúnacht na scoile nua atá le bunú i Maigh Nuad i 2014 á mheas. Fágann an cinneadh seo nach bhfuil gaelscolaíocht ag an iar-bhunleibhéal ar fáil mar rogha don bhreis agus 1,550 páiste atá ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge i Maigh Nuad, Cill Choca, Léim an Bhradáin agus Dún Bóinne.

D’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna i mí Iúil 2011 go mbeadh iarbhunscoil nua le freastal ar 1000 dalta le bunú i Maigh Nuad, agus go mbeadh deis ag patrúin ionchasacha iarratas a dhéanamh ar son pátrúnacht na scoile sin. Foilsíodh na critéir faoina mbeadh na hiarratais á mheas ag an Roinn, agus luadh éagsúlacht an tsoláthair sa cheantar agus rogha an phobail go sonrach ina measc.

Is léir go bhfuil neamhaird á dhéanamh ar an bhfeachtas tréan atá ar bun ó 2005 i leith le gaelcholáiste a éileamh do na páistí sin.  Tá dhá iarratas déanta cheana ag Coiste Gairmoideachais Co. Chill Dara ar ghaelcholáiste a bhunú i Maigh Nuad (i 2007 agus 2010) agus tá breis agus 430 léiriú spéise ó thuismitheoirí bailithe ag an bhForas Pátrúnachta (rogha phatrúin an choiste bunaithe) don iarratas nua seo. In ainneoin an chruthúnais fíor láidir éilimh agus spéise, níl an Roinn sásta éagsúlacht an tsoláthair ná rogha phobal Chill Dara Thuaidh a thabhairt san áireamh sa phróiseas mheasúnaithe.

Rinne coiste bunaithe Gaelcholáiste Chill Dara Thuaidh suirbhé ar thuismitheoirí an cheantair i 2010 lena rogha maidir le soláthar iarbhunscolaíochta sa cheantar a mheas, agus léirigh na torthaí gurb é gaelcholáiste áitiúil céad rogha 88% dóibh siúd a ghlac páirt sa suirbhé. Tá an t-éileamh ar an ngaelcholáiste nua seo aitheanta ag tuismitheoirí agus scoilphobail Chill Dara Thuaidh, ag na pátrúin agus ag mórphobal na gaelscolaíochta, agus ba mhór an fhaillí a bheadh ann dá ndéanfadh an Roinn neamhaird de.

Ní léir go bhfuil an Roinn ag tabhairt aird ar na critéir a leagadh síos sna Socruithe Nua i gcomhair Pátrúnachta Scoileanna Nua nó ag léiriú measa ar mhianta na dtuismitheoirí i gCill Dara thuaidh. Éilíonn GAELSCOILEANNA TEO. go dtabharfaí cothrom na féinne d’iarratas an Fhorais Pátrúnachta ar phátrúnacht na scoile nua, agus iarrfaimid ar an Roinn tacaíocht mar is ceart a thabhairt don ghaelscolaíocht agus do mhianta an phobail i Maigh Nuad.

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.

Tuilleadh eolais:
Clare Spáinneach, Oifigeach Forbhartha, GAELSCOILEANNA TEO.
Fón: 01 8535193    Ríomhphost: cspainneach@gaelscoileanna.ie

Máirín Ní Chéileachair, Cathaoirleach, Coiste Bunaithe Gaelcholáiste Chill Dara Thuaidh
Fón: 01 6290667    Ríomhphost: mairinnicheileachair@gmail.com

Nuachtlitir an Earraigh ar fáil anois

Feabhra 6, 2012

Earrach 2012

500+ i mbun léirsithe ach ciorruithe ar Scoileanna Gaeltachta fós beartaithe

Feabhra 3, 2012

Físeán ar Gaelport

Cé gur thóg breis agus 500 duine chuig sráideanna na hArdchathrach aréir, agus iad i mbun agóide maidir le ciorruithe atá beartaithe do scoileanna beaga, scoileanna tuaithe agus scoileanna Gaeltachta go háirithe, níor éirigh leis an rún a ritheadh sa Dáil i gcoinne na gciorruithe seo.

I measc siúd a bhí i mbun léirsithe bhí scoileanna ó Ghaeltachtaí na tíre, ón Bun Beag go Lios Póil agus le neart tacaíochta ó scoileanna Gaeltachta i gConamara, Maigh Eo, Tír Chonaill, Ciarraí, Corcaigh, An Rinn, agus Ráth Chairn.

Sa cháinaisnéis a fógraíodh Mí na Nollag seo caite, cuireadh in iúl go bhfuil líon na ngasúr ar gá do scoil le ceithre múinteoir a bheith acu le hardú ó 81 go dtí 83.

Sna Gaeltachta, bhíodh cóimheas níos fabhraí ann, a thug aitheantas do na deacrachtaí ar leith a bhain le bheith ag múineadh sa Ghaeltacht, rud a chiallaigh gur 76 gasúr a bhí de dhíth do scoil cheithre mhúinteora, ach anois beidh ar na scoileanna seo 83 gasúr a bheith ar an rolla acu, chun a bheith incháilithe don cheathrú múinteoir.   Ardófar seo go dtí 86 páiste faoin mbliain 2014, rud a fhágfaidh go mbeidh ar scoileanna Gaeltachta ardú de deich bpáiste a bhaint amach chun an líon reatha de mhúinteoirí a choimeád.

Bhí rún curtha os comhair na Dála ag Fianna Fáil ag diúltú do na hathraithe seo, agus bhí vóta le glacadh ar an gceist seo aréir.  In ainneoin iarrachtaí na léirsitheoirí lasmuigh, níor éirigh leis an rún seo, le vóta 87:46.

Faoi agallamh le Gaelport.com aréir, chuir Treasa Ní Mhainín, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta in iúl go mbeadh 12 scoil Gaeltachta ag cailleadh múinteora i mí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn toisc an chiorraithe seo.

Beidh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ag casadh leis an Aire Stáit Dinny  McGinley, TD, an tseachtain seo chun cás na scoileanna seo a chur faoina bhráid, agus tá cruinniú práinne iarrtha acu le an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, TD, ó thús mhí Eanáir, agus scéal faighte acu inné go dtionólfar an cruinniú seo roimh dheireadh mhí Feabhra.

GAELPORT

Post Lán-Aimseartha Fógraithe ag an NCCA

Feabhra 2, 2012

Ta post lán-aimseartha d’Oifigeach Oideachais Gaeilge fógraithe ag an NCCA. Níor líonadh an post seo ó bhí an comórtas oscailte ann sa bhFómhar. Tá an bunchóip den fhoirm iarratais agus leabhrán eolais ar fáil ó na naisc thíos.

Má tá suim agat sa phost, is féidir an fhoirm a líonadh agus a sheoladh ar ríomhphost chuig Morgan Lockhart (morgan.lockhart@ncca.ie) roimh 5 i.n Dé hAoine, 24ú Feabhra.

Beidh na hagallaimh ar siúl ag tús mí Márta.

Is féidir fiosrúcháin a chur chuig Áine Armstrong Farrell ag 067-8680166 / aine.armstrongfarrell@ncca.ie.

Foirm Iarratais

Leabhrán Eolais

ICT sa Bhunscoil

Feabhra 1, 2012

Is é is aidhm don gcúrsa seo, de chuid an NCTE, ná scileanna an mhúinteora a fhorbairt chun a chur ar a chumas/ar a cumas úsáid éifeachtach a bhaint as ICT (TFC) i seomra ranga Gaelscoileanna nó scoileanna Gaeltachta. Is féidir na scileanna a fhoghlaimítear agus an t-ábhar a chlúdaítear sa chúrsa seo a úsáid ar chláir bhána idirghníomhacha, leis.

Fad ama? 7.5 huaire

Modúl 1 An Ríomhaire agus an Ghaeilge

  • Gaeilge a chur ar an ríomhaire agus ar bhogearraí áirithe
  • Áiseanna ar an ríomhaire a aithint agus a úsáid sa rang
  • Áiseanna ar an idirlíon a aithint agus a úsáid sa rang

Modúl 2 Ag Cruthú Áiseanna le TFC

  • Grianghraif a chur ar an ríomhaire
  • Scéal/áis a chruthú
  • Fuaim a chur ar an ríomhaire (ceol, guth)

Modúl 3 Forbairt TFC le Vicí

  • Tuiscint a fháil ar céard is vicí ann
  • Tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-úsáidtear vicí sa rang
  • Vicí a chruthú

Tuilleadh eolais: www.ncte.ie/courses

Réamhriachtanais
Méid áirithe taithí ar tascanna bunúsacha ICT a dhéanamh (comhaid a oscailt, a chur in eagar, a shábháil, a dhúnadh) agus ba mhaith an rud é dá mbeadh ar chumas an fhoghlaimeora brabhsálaí idirlín a úsáid.

Bróisiúr

Agóid lasmuigh den Dáil, 6pm, 1 Feabhra

Feabhra 1, 2012

Beidh agóid a dhéanamh ag scoileanna Gaeltachta agus scoileanna tuaithe taobh amuigh don Dáil ar an 1 Feabhra ag a 6in i gcoinne na gciorruithe atá fógartha sa Bhuiséad. Ba mhór le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta dá bhféadfadh aon duine a mbeidh uair a chloig le spáráil acu teacht chomh fada le Sráid Chill Dara chun tacú leis an bhfeachtas, agus tá tuilleadh eolais acu ar Facebook.

Comórtas BEO!

Eanáir 31, 2012

€5,000 do an gig BEO is fearr sa tir. Goitse, bigí linn!

Thosaigh BEO mar scéim idirbhliana sa bhliain 2009. Bunaíodh BEO le comhoibriú ó dhaltaí Idirbhliana Choláiste Ailigh, Coláiste Naomh Adhamhnáin, Clochar Loreto agus Coláiste an Eargail. Tá na scoileanna seo suite i Leitir Ceanainn i gCo. Dhún na nGall.

Tá sé mar aidhm ag BEO suim sa cheol a spreagadh i measc an aos óg trí spreagadh a thabhairt dóibh sraith de cheolchoirmeacha a eagrú ina gceantar áitiúil. Tá na daltaí i gceannas ar gach páirt den eagrúchán – na bannaí ceoil  a chuir sa  áireamh, an cur chun cinn dena hócáidí, ag déanamh taifead ar na ceolchoirmeacha srl. Spreagann seo suim i gceol beo, agus ag an am chéanna cuidíonn sé le daltaí forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna eagrúcháin agus cumarsáide.

Tá na sonraí maidir le Comórtas BEO le fáil ar www.beoireland.com.

Déanfar Comórtas BEO a sheoladh go hoifigiúil sa Regional Cultural Centre ar Déardaoin an 19 Eanáir ag 2.00 pm.
Beidh na daoine seo a leanas ag labhairt ar an lá:

  • Seosamh Mac Ceallabhuí BEO
  • Dessie Larkin Comhairle Contae Dhun na nGall
  • Mary Ann Kane Coiste Gairmoideachas Dun na nGall
  • Hugh Harkin Donegal Live
  • Seoladh oifigúil le Nollaig mac Giolla Bhride Comhairle Contae Dhun na nGall

Bigí linn!

BEO – Bileog eolais

Scoil Santain – Feachtas i gcoinne ciorruithe oideachais ag bailiú nirt

Eanáir 27, 2012

Grianghraf ón Irish Times

Tá sár-obair ar bun ag pobal Scoil Santain i dTamhlacht le tamaill anuas agus iad i mbun tréan-stocaireachta in aghaidh na ciorruithe oideachais a chosnóidh go daor ar an scoil agus ar scoileanna eile ar fud na tíre. Tá gach eolas maidir leis an bhfeachtas ar fáil ag na naisc thíos:

http://www.scoilsantain.com/scoil-santain-sa-nuacht.html agus http://scoilsantainpag.wordpress.com/.

Ráiteas ón ngrúpa:

The Scoil Santain Parents (SOS) (Save our Schools) Action Group was set up as a result of Minister Ruairí Quinn’s decision to make cuts to the DEIS Schools in Ireland. If DEIS cuts were implemented, this would have an adverse effect on the positive teaching of our children, and undo all the good work achieved under the DEIS status of our school. This would put immense pressure on the teachers resulting in bigger class sizes, and a heavy financial burden on parents/guardians to make up the short fall in funding to compensate for loss of services to our school.

Although there are signs that our campaign has softened Minister Ruairí Quinn’s stance on these cuts, we need to ensure this is the case. Until we are guaranteed DEIS Status, our campaign must continue. Remember this is our right under our Constitution, not a concession that can be taken away.

Mise le meas,

Gearóid O Conaráin

(Scoil Santain Parents Action Group)

Líonra Réigiúnach Gaelscoileanna Teo. ar Glór Anoir, Raidió na Gaeltachta

Eanáir 26, 2012

Éist leis an gclár anseo.

« Previous PageNext Page »