Méid an Téacs

Gaelscoil release balloons to signify 12-year wait

Bealtaine 10, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Gaelscoil Mhic Amhlaigh ar na sráideanna

Bealtaine 10, 2012

Tabharfaidh pobal Ghaelscoil Mhic Amhlaigh chuig na sráideanna maidin Shathairn seo chugainn, 12 Bealtaine, ar mhaithe lena bhfeachtas chun síneadh a fháil don scoil agus chun cóiríocht cheart a chur ar fáil do phaistí na scoile.

Baileoidh siad le chéile san Fhaiche Mhór ag 11.15r.n. le haghaidh imeacht beag spraíúil agus ansin beidh siúlóid acu síos tríd Shráid na Siopaí. Ag 12.00 meán lae, gar do shiopa bácús Griffins ag bun Shráid na Siopaí, cuirfidh siad críoch lena agóid trí 12 balún a scaoileadh san aer, mar chomhartha ar an 12 bliain atá an scoil ag fanacht ar an síneadh scoile.

Tá an scoil ag lorg tacaíochta ó phobal na Gaillimhe don fheachtas seo, mar is léir nach ceist airgid atá i gceist, mar go bhfuil airgead ag an Roinn Oideachais chun Gaelscoil úr nua a thógáil i gCnoc na Cathrach. Tá Gaelscoil Mhic Amhlaigh ag iarraidh ar an Roinn plé lena fadhbanna cóiríochta atá acu féin roimh thús a chur le tógáil scoil úr. Níl mórán nach n-aontódh leis an éileamh sin.

http://www.advertiser.ie/galway

Irish alive and well in Gaelscoil Átha Í

Bealtaine 9, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Deireadh an Chomórtais BEO beagnach anseo!

Bealtaine 9, 2012

Is iad seo a leanas na scoileanna a roghnaíodh do chraobh BEO ar 11ú Bealtaine:

  • Gaelcholáiste Chill Dara
  • Pobalscoil Ghaoth Dobhair
  • Grennan College
  • Pobalscoil na Rosann
  • Bridgetown Vocational College
  • St Columba’s College

Comhghairdeas agus ádh mór!

www.beoireland.com

Gradam Ríomh-Rialtais bronnta ar iTunes U

Bealtaine 9, 2012

Tugadh aitheantas don acmhainn foghlama Gaeilge iTunes U le déanaí nuair a bhronn an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Brendan Howlin TD gradam Gaeilge ríomh-rialtais na hÉireann ar an tionscadal i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar 25 Aibreán 2012.

Is í an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a d’fhorbair an áis fhoghlama dhigiteach. Ocáid cheiliúrtha do cheannródaithe idirlín san earnáil phoiblí a bhí ann.

Áis cheannródaíoch  nuálach é cainéal COGG ar iTunes U chun físeáin, podchraoltaí agus eile a chur ar fáil d’earnáil na Scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Forbraíodh  300 mír fhoghlama ó bhunábhar ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó bhunábhar ó chartlann Acadamh na Ollscolaíochta Gaeilge agus tá siad go léir ar fáil le híoslódáil ar an gcainéal ar iTunes.

Tá iliomad amhrán ón gcartlann le cloisteáil ina measc Peigín Leitir Móir, Amhrán Chámuis, Roddy McCorley, An Cailín Deas Rua chomh maith le scéalta agus sceitsí eile.

Ar an oíche bronnadh gradam na meán sóisialta ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann;  gradam margaíochta ar Fáilte Ireland; gradam oideachais ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte don thionscadal Get Ireland Active agus bronnadh Gradam Móibíleach ar aip ghréasáin  a d’fhorbair Ionad Faisnéise an Saoránaigh.

Opportunities for schools to get funding from Gleo

Bealtaine 4, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Eagla ar Choláiste Ráithín go mbeidh a rás rite go luath

Bealtaine 2, 2012

TUARASCÁIL : TÁ MÚINTEOIRÍ agus tuismitheoirí Choláiste Ráithín, Bré, Co Chill Mhantáin, le hagóid a dhéanamh taobh amuigh de Dháil Éireann inniu lena gcás do scoil nua a chur os comhair polaiteoirí arís.

Tá Coláiste Ráithín 21 bliain ar an saol agus iad ag cur oideachas dara leibhéal ar fáil do dhaltaí Gaelscoileanna i dtuaisceart Chill Mhantáin. Lena chois sin, tagann trian dá gcuid daltaí ó scoileanna Béarla sa chontae.

Tá lucht na scoile ag iarraidh go mbeidh foirgneamh nua acu faoi 2014. Faoi láthair, níl áiseanna spóirt acu agus is i mbotháin réamhdhéanta a dhéantar cuid mhór den teagasc.

Bhí focal acu ar shuíomh i mBré ach níl iomrá ar thógáil ar bith tosú ann. Is mó a n-inmí anois nó tá scoil Bhéarla nua díreach oscailte ag an Roinn Oideachais sa cheantar céanna leo féin.

Dúirt príomhoide Choláiste Ráithín, Gearóid Ó Ciaráin, go raibh sé “tinn tuirseach” den scéal agus go raibh lucht na scoile 20 bliain i mbun agóide.

Bhí ag éirí thar barr leis an scoil ó bunaíodh í sa bhliain 1991 agus gan acu ach 33 dalta. 250 dalta a bhí anois ag freastal ar an scoil agus thiocfadh leo “dhá oiread” a thógáil ach na háiseanna a fháil. Ar an drochuair, bhí orthu páistí a chur ó dhoras i mbliana.

Bhí na bunscoileanna Gaeilge sa cheantar ag fás go fóill agus bhí cáil ar an choláiste as mic léinn a chur ar aghaidh chun na hollscoile.

Ach bhí “baol ann nach mbeadh Gaelscoil dara leibhéal i dtuaisceart Chill Mhantáin” mar níorbh fhéidir leis an scoil “dul i gcomórtas le scoileanna móra gan áiseanna cearta”.

Dúirt sé fosta gur mhinic an tAire Oideachais, Ruairí Quinn, ag caint ar “iolrachas” ach gan an Ghaeilge a chur san áireamh.

Bhí Coláiste Ráithín ag iarraidh “oideachas leathan liobrálach” a chur ar fáil i nGaeilge. Chuige sin, bhí páistí as 23 tír éagsúil i measc na bpáistí ar an scoil.

Dúirt Ó Ciaráin go raibh “ár gcuid déanta againn” agus iad ar lorg suímh bhuain agus ba thrua leis nach raibh Quinn ábalta bualadh le lucht na scoile agus é ar cuairt i gCill Mhantáin ag tús na seachtaine.

Rinne an colún seo teagmháil le Roinn an Oideachais faoi chás na scoile. Agus muid ag dul i gcló, ní raibh ráiteas ar bith ar fáil.

IRISH TIMES

Clár Tacaíochta le teacht in áit scéim labhairt na Gaeilge

Bealtaine 1, 2012

Freastalóidh an clár tacaíochta teaghlaigh  ‘go príomha’ ar theaghlaigh Gaeltachta ach beidh pacáiste tacaíochta ar fáil do gach aon duine, dar le Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD.

Déardaoin seo caite, d’fhógair an tAire Stáit sonraí an chláir Tacaíochta Teaghlaigh a thiocfaidh in áit scéim labhairt na Gaeilge ar cuireadh deireadh léi ag deireadh na scoilbhliana seo caite.

“Cur chuige nua” atá sa chlár a dhéanfaidh “difríocht shuntasach” ar an talamh maidir le cuir I bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain’ a  dúirt an tAire Stáit.
Ní fios go fóill áfach cén dáta ina bheidh an clár tacaíochta curtha i bhfeidhm ina iomlán.

Tá sé beartaithe ag an Roinn 12 beart ar leith a thógáil chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil le Gaeilge.

Bileog Eolais le scaipeadh ar theaghlaigh Ghaeltachta
D’eisigh an Roinn an chéad bhileog eolais a chuirfear ar fáil do theaghlaigh atá ag súil le páiste nó a bhfuil páiste nuabheirthe acu Déardaoin. Sa bhileog eolais dhátheangach luaitear seacht mbuntáiste a bhaineann leis an nGaeilge.

Iarrfar ar thuismitheoirí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn má tá I gceist acu cóip don beart tacaíochta a fháil ina dhiaidh sin.

Dáilfear an bhileog ar theaghlaigh atá ag freastal ar na seirbhísí máithreachais i gcathair na Gaillimhe, i Leitir Ceanainn agus i gCaisleán an Bharraigh.  Dúirt an tAire Stáit go raibh i gceist an feachtas seo a leathnú amach chuig na seirbhísí máithreachais atá ag freastal ar cheantair Ghaeltachta eile.

D’fhógair sé chomh maith go bhforbrófaí  clár  feasachta faoin gclár nua trí chomhpháirtíocht  le Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte agus páirtithe leasmhara eile chun ábhar praiticiúla a chur ar fáil do theaghlaigh atá ag súil le páiste nó a bhfuil páiste nuabheirthe acu.

Anuas air sin, tabharfar cabhair do eagrais agus coistí pobalbhunaithe níos mó imeachtaí feiliúnacha a thionscnamh.

Cruth úr ar Scéim na gCampaí Samhraidh
I gcás Scéim na gCampaí Samhraidh, leathnófar amach an aoisteorainn a bhaineann leis an scéim ó agus freastalóidh sé ar pháistí atá idir trí agus sé bliana d’aois agus  páistí níos sine idir seacht bliana d’aois agus cheithre bliana déag d’aois.

Forbrófar cúrsaí oiliúna do dhéagóirí ón nGaeltacht idir 15 – 17 mbliana d’aois le go mbeidh siad ábalta feidhmiú mar chúntóirí sna coláistí Gaeilge agus ní thabharfar aitheantas do champaí a mbíonn tinreamh de 50 nó níos lú acu.

Scéim na gcúntóirí teanga le forbairt
Tá sé i gceist ag an gclár tacaíochta Scéim na gcúntóirí teanga’ a fhorbairt chun freastal breise a dhéanamh ar dhaltaí scoile Gaeltachta chun an Ghaeilge a shaibhriú.

Cuirfear tacaíocht breise ar fáil do chúntóirí teanga lena n-áirítear ábhar físeach, éisteachta agus léitheoireachta agus forbrófar cúrsaí oiliúna do na cúntóirí teanga i gcomhar le na heagrais a thionscain an scéim thar ceann na Roinne ar nós Muintearas.

Forbrófar scileanna ceannasaíochta  déagóirí Gaeltachta idir 15-17 mbliana d’aois trí chúrsaí oiliúna a fhorbairt le bheith mar chúntóirí sna coláiste Gaeilge agus trí iad a fhostú mar chúntóirí ar chúrsaí Gaeilge faoi Scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne.

An Roinn le dul ‘viral’ (Físeáin meárscaipthe le scaipeadh)
Luaitear sa straitéis chomh maith go ndéanfar iarracht tionchar a imirt ar dhaoine óga i dtaobh tábhacht agus fiúntas na Gaeilge mar theanga labhartha trí ghearrscannáin nó virals a fhorbairt trí na meáin shóisialta.

Deirtear go gcuirfear suíomh tairsí ar fáil ar líne  le go mbeidh sé níos éasca don phobal náisiúnta agus idirnáisiúnta a úsáid chun eolas a bhailiú i dtaobh ábhar agus acmhainn a bhaineann leis an nGaeilge.

Ach idir an dá linn gan aon suíomh Gréasáin ar leith luaite leis an gclár, is fearr teagmháil a dhéanamh leis an Roinn trí rphost a sheoladh chuig ctt@ahg.gov.ie nó trí glaoch ar chur ar 091 503700.

Foilsithe ar Gaelport.com

Major announcements for Irish language

Bealtaine 1, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Most parents would choose state run or multi-denominational schools – survey

Aibreán 30, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

« Previous PageNext Page »