Comórtais do Chóir Bhunscoile agus Iar-bhunscoile
Eanáir 29, 2018
Féile Chórúil na hUaimhe don Bhunleibhéal:
Comórtas Bunscoile
9ú Bealtaine 2018
Comórtais Chórúla do:
Cór Soisearach(faoi bhun 9 mbliana)
Cór Bunscoile (faoi bhun 13 bhliana)
Cór Bunscoile: Teanga na Gaeilge
Data Deiridh 31ú Márta 2018
Féach www.navanchoralfestival.com
Féile Chorúil na hUaimhe don Iar-bhunleibhéal:
Comórtas Iarbhunscoile/Óige
10ú Bealtaine 2018
Comórtais Chórúla do
Cór Soisearach
Cóir Naisiúnta Oige na mBliana
Cóir Cheoil Liturgaíochta
Teanga na Gaeilge
Comórtas GLEE
Data Deiridh 31ú Márta 2018
Féach www.navanchoralfestival.com
Ceistneoir d’iarscoláirí iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge
Eanáir 26, 2018
Teil: +353 1 8842323
Rphost: laoise.nithuairisg@dcu.ie
Tionscadal Taighde “Teacht in Inmhe”
Eanáir 24, 2018
Fáilteoidh Teacht Aniar agus Tuismitheoirí na Gaeltachta roimh iarratais ó thaighdeoirí aonair nó meithleacha oibre nó institiúidí ar thionscadal taighde “Teacht in Inmhe”:
Teacht in Inmhe: Clár idirbhliana do Scoileanna Gaeltachta a fhorbairt.
Tionscadal 5 mhí atá i gceist ag tosú i Mí an Mhárta 2018
Tá gach eolas ar fáil ó:
https://teachtaniar.eu/nuacht
nó
Tuismitheoirí na Gaeltachta ar Facebook
nó
Breandán Mac Cormaic ag bmaccormaic@eircom.net
Spriocdháta na n-iarratas: 20.00 Dé Luain an 12 Feabhra 2018
Le cabhair ó COGG
Camchuairt ‘Tóraíocht’ – drámaí Fíbín i nGaillimh, Corcaigh, BÁC & Ceatharlach
Eanáir 24, 2018
Camchuairt ‘Tóraíocht’ – Aibreán 2018
Tá an comhlacht drámaíochta Fíbín in Indreabhán i gCo. na Gaillimhe ag ceiliúradh 15 bliain ar an bhfód i mbliana agus muid ag tabhairt an dráma ‘Tóraíocht’ amach ar camchuairt náisiúnta i mí Aibreán mar chuid de chlár na bliana. Léireofar an dráma i nGaillimh, i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus i gCeatharlach. Seo leagan nua den scéal ‘Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne’, an prós roghnach ar churaclam na hArdteistiméireachta.
Leagan nua de cheann de mhórscéalta na Fiannaíochta atá anseo curtha in oiriúint agus stiúrtha ag Mikel Murfi agus scríofa ag Philip Doherty. Is scéal grá lán le héachtaí aisteacha agus fathaigh é ‘Tóraíocht’ a úsáideann amharcíomhánna cumhachtacha. Bogann an scéal ar aghaidh níos tapa ná haon rás carranna, léimeann an scéal níos airde ná haon léimneoir cuaille agus tá dhá oiread grá sa scéal agus a bheadh ag aon Fhrancach agus Diarmaid agus Gráinne ag déanamh iarracht a bheith céim chun tosaigh ar Fionn agus na Fianna! Tá fotheidil Bhéarla le gach léiriú.
Beidh pacáiste réamh-rannpháirtíochta ag dul amach ag na scoileanna uile a chuireann ticéid in áirithe chun go mbainfidh daltaí oiread taitnimh agus is féidir as an seó. Beidh cur síos anseo ar theicnící amharclannaíochta, soilsiú, dearadh seit srl.
Léiriú thar a bheith fisiciúil é “Tóraíocht” le hathruithe sciobtha, fearais ollmhóra, maisc agus damhsa aeróige álainn a bhainfeadh an anáil díot. Tá seisear aisteoirí sa chliar a léiríonn breis agus tríocha carachtar le linn an dráma, Gráinne Bleasdale, Kate Finegan, Liz Fitzgibbon, Fionnuala Gygax, Méabh Ní Chualáin, agus Seán T. Ó Meallaigh. Tá neart grinn sa chaint agus le linn an dráma, le radharc an-bheoga, mothúchánach ag an deireadh.
Is annamh a fhaigheann comhlacht Gaeltachta an deis dul ar camchuairt náisiúnta agus tá muid ar bís go bhfuair Fíbín tacaíocht ón gComhairle Ealaíon i mbliana.
DÁTAÍ agus IONAID:
Town Hall Theatre, Gaillimh
Dé Luain 9ú Aibreán, 8i.n
Dé Máirt 10ú Aibreán, 1i.n & 8i.n
Everyman, Corcaigh
Dé hAoine 13ú Aibreán, 1i.n & 8i.n
Draíocht, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath
Dé Máirt 17ú Aibreán, 8i.n
Dé Céadaoin 18ú Aibreán, 11r.n
Visual Carlow
Déardaoin 26ú Aibreán, 12:30i.n & 8i.n
Tá ticéid ar fáil anois ó gach amharclann agus praghas speisialta ar thicéid do ghrúpaí scoile. Cuir bhur dticéid in áirithe anseo. Tá léirithe speisialta le linn am scoile i ngach ionad chun freastal ar ghrúpaí scoile. Tá an seó feiliúnach do dhaltaí 12 bliain d’aois ar aghaidh!
Deis iontach d’Iarbhunscoileanna bheith ag comhoibriú le chéile
Eanáir 19, 2018
An bhfuil do scoil ag iarraidh comhoibriú le hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge eile? Tá Gaelcholáiste Luimnigh ag cur isteach mar Cheannaire Scoile don Chiste Feabhais do Scoileanna – Scéim Dhigiteach chun tacú leis an bhFoghlaim Dhigiteach (eolas ar fáil anseo – http://www.pdsttechnologyineducation.ie/en/Good-Practice/Projects/Clusters/ )
Teastaíonn ón scoil cabhrú/oibriú le scoileanna eile maidir le tionscnamh gníomhach a bhaineann le próiseas scríbhneoireachta trí uirlisí idirlín (Google Classroom, iTunes U, Blogger mar shampla) agus an bhéim ar chruinneas na Gaeilge a neartú. Tá an Dr. TJ Ó Ceallaigh, Coláiste Mhuire gan Smál, sásta a bheith ag obair leis an ngrúpa chun treoir/comhairle agus athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn. Is é an sprioc a bheadh ann ná scileanna scríbhneoireachta/cruinneas scoláirí a fheabhsú agus ag úsáid teicneolaíochta. Tá trí/ceithre scoil ag teastáil don togra seo agus tá siad sásta an traenáil ar fad a thabhairt in Ionad Oideachais Luimnigh. Bheadh airgead ann i gcomhair taistil, ionadaíocht, trealamh srl.
Gach eolas ar fáil ó Phríomhoide Ghaelcholáiste Luimnigh:
Gaelcholáiste Luimnigh, Meal Sior Anraí, Luimneach. T: 061 404959 | F: 061 404962 | W: www.gcluimnigh.ie | Twitter: @GCLuimnigh
An Dara Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas – Gairm ar Pháipéir
Eanáir 19, 2018
Tá beartaithe An Dara Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas – An Tumoideachas: Deiseanna agus Dea-chleachtais, a chur ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál ar an 18-19 Bealtaine 2018. Tabharfaidh an chomhdháil seo deis do theangeolaithe, do thaighdeoirí agus do mhúinteoirí an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus do phobal an tumoideachais go hidirnáisiúnta, iniúchadh a dhéanamh ar shaincheisteanna agus ar fhorbairtí comhaimseartha ag leibhéil éagsúla le súile úra. Beidh páipéir agus póstaeir faoi na snáitheanna a leanascurtha ar fáil:
• An Teagasc, an Fhoghlaim agus an Measúnú a nascadh sa Tumoideachas
• Féinmheastóireacht Scoile, Ceannaireacht agus Forbairt Oideoir
• Beartas agus an Nuálaíocht i bPobail Dhátheangacha/Ilteangacha.
GAIRM AR PHÁIPÉIR AR SIÚL ANOIS! Spriocdháta: 09 Feabhra 2018. Cuirfear fáilte roimh pháipéir i nGaeilge agus i mBéarla.
The Second All-Ireland Research Conference on Immersion Education – Immersion Education: Opportunities and Best Practices will take place in Mary Immaculate College, Limerick, Ireland from 18-19 May 2018.
At the conference, key issues in language immersion education will be explored under the following strands
• Linking Teaching, Learning and Assessment in Immersion
• School Self-Evaluation, Leadership and Educator Development
• Navigating Policy and Innovation in Bilingual/Multilingual Communities.
This Second All-Ireland Research Conference on Immersion Education will provide opportunities for academics, practitioners and professionals to exchange and discuss new directions and research in the ever-evolving field of immersion education.
THE CALL FOR PAPERS IS NOW OPEN!
Additional information is available at the conference website at www.tumoideachas.ie
Please join us here in Mary Immaculate College in May 2018. Lets explore the dilemmas of language immersion education together! Bí linn!
Folúntas: Riarthóir á earcú ag Gaeloideachas (Athfhógairt)
Eanáir 19, 2018
Athfhógairt: Riarthóir Oifige á eacrú ag Gaeloideachas
Duine fuinniúil agus cumasach le sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa atá de dhíth chun obair oifige Gaeloideachas a riar.
Baineann obair Gaeloideachas le cur chun cinn an Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge.
Scála Tuarastail: 22/2017 Oifigeach Cléireachais, €23,107 – 38,724
Conradh 3 Bliana
Foirm iarratais móide sainchuntas poist le fáil trí ríomhphost a chur ag foluntais@gaelscoileanna.ie nó trí ghlaoch ar 01 8535190.
Spriocdháta le haghaidh iarratais comhlánaithe: Meán lae Déardaoin, 1 Feabhra 2018
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta seo.
Folúntas: Oifigeach Riaracháin in Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath
Eanáir 18, 2018
Gach eolas anseo
Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2018
Eanáir 18, 2018
Craobh na hÉireann
Óstan an Lucan Spa, Leamhcán, Co. Átha Cliath
Dé Céadaoin, 24 Eanáir 2018
3.30 p.m.
Fáilte roimh chách!
Aoichainteoir: Joe Mag Raollaigh, Tuairisceoir Nuachta de chuid RTÉ
3.30 p.m. CRAOBH NA SÓISEAR
RÚN: Anois an t-am dár gcuid eisimirceach filleadh abhaile go hÉirinn!
Foireann A: Coláiste Oiriall, Muineachán
Foireann B: Gaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, Co. Dhoire
Foireann C: Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Foireann D: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
5.30 p.m. CRAOBH NA SINSEAR
RÚN: Tugann na mórmheáin chumarsáide in Éirinn léargas cruinn ar a bhfuil ag tarlú!
Foireann A: Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Foireann B: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Foireann C: Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath
Foireann D: Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Eagraíonn Gael Linn an comórtas bliantúil seo, a chruthaíonn ardán do na foirne díospóireachta is fearr ón nGaeltacht agus ó scoileanna dara leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc, le cabhair airgid ó Fhoras na Gaeilge. Ghlac os cionn 50 foireann páirt ann i mbliana, agus tháinig an ocht bhfoireann a bheidh san iomaíocht i gCraobh na hÉireann trí réamhbhabhtaí cháilithe agus craobhacha réigiúnacha ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite. Bronnfar buanchorn agus duais de luach €1,000 ar an bhfoireann bhuacach sa dá roinn den chomórtas agus bronnfar duais de luach €250 an fhoireann ar na foirne eile a bheidh rannpháirteach
Tuilleadh Eolais: Jamie Ó Tuama, Gael Linn,35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
T: 01/6753300
R.phost: jamieot@gael-linn.ie
www.gael-linn.ie
Stiúrthóir cúnta ag teastáil do Naíonra Shliabh Rua, Baile Uí Ógain, B.Á.C 18
Eanáir 18, 2018
Stiúrthóir cúnta ag teastáil do Naíonra Shliabh Rua, Baile Uí Ógain, B.Á.C 18
Riachtanais:
- Cumas faoi leith ag obair le leanaí óga
- Scileanna cumarsáide láidre
- Gaeilge líofa (Leibhéal TEG B2 labhartha molta http://www.teg.ie/_fileupload/syllabi/B2_syll.pdf)
- NFQ Leibhéal 5 nó 6 i gCúram Leanaí
- Traenáil gharchabhrach
- Traenáil um chosaint leanaí
Iarratais:
Litir iarratais agus CV le hainmneacha bheirt mholtóra le seoladh faoin Aoine, 19 Meitheamh 2015, le “Folúntas – Naíonra” scríofa mar theideal ar ríomhphost chuig Lucilita , naionra_sliabh_rua@yahoo.ie
nó Naíonra Shliabh Rua, Bóthar Baile Uí Ógáin, Baile Átha Cliath 18
Tuilleadh eolais ar fáil ó Lucilita: 086 867 4542