Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2018 – ríméad ar churaidh réigiúnacha !
Nollaig 7, 2017
Reáchtáladh an dá Chraobh Réigiúnach de chuid Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2018 ar na mallaibh -Dé Máirt, 5 Nollaig in Amharclann an Gharáiste, Muineachán agus Dé Céadaoin, 6 Nollaig san Óstán South Court, Luimneach. Tá Comórtas Uí Chadhain á reáchtáil ag Gael Linn do iar-bhunscoileanna a ndéantar an teagasc iontu trí Ghaeilge, agus bhí suas le 50 foireann páirteach ann ó thús na scoilbhliana seo.
Bhí foirne sóisearacha agus sinsearacha ó Ghaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, Co. Dhoire, Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, Coláiste Oiriall, Muineachán, Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair, Co. Chorcaí, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. an Gaillimhe, Scoil Chuimsitheach Cjhiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Coláiste Íde, Daingean Uí Chúis, Gaelcholáiste na Mara, An tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall páirteach sna babhtaí.
‘Tá an troid ar son chaomhnú na timpeallacht á cailliúint againn in Éirinn!’ an rún a bhí le plé ag na sóisir, agus bhí an t-ábhar tráthúil ‘Tá an ciníochas go forleathan in Éirinn go fóill !’ faoi chaibidil ag na sinsir. Bhí na cainteoirí uilig ullmhaithe go hiontach ag a gcuid múinteoirí maithe, agus bhaineadar ar ar fad ardchaighdeán díospóireachta amach. Bronnadh gradaim aitheantais ar na rannpháirtithe ar fad.
Bhí jab fíordheacair le déanamh ag na moltóirí ag an dá ócáid chun na buaiteoirí a roghnú, ach bhí ríméad ar na foirne díospóireachta seo a leanas ( agus ní in aon ord ar leith atá siad ! ) nuair a fógraíodh go mbeadh siad ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann, a reáchtálfar i mBaile Átha Cliath ag deireadh mhí Eanáir 2018:
Roinn na Sóisear: Gaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, Co. Dhoire, Coláiste Oiriall, Muineachán, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
Roinn na Sinsear: Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
Beidh deis ag na foirne uilig ar phríomhdhuaiseanna arbh fhiú €1,000 iad a thabhairt leo, mar aon le Corn Uishne i Roinn na Sóisear agus Corn Gael Linn i Roinn na Sinsear, ar an lá sin.
Treise leo uilig !
TAIGHDE: ‘Effectiveness of Apps and Webgames in the area of education through Irish or in the area of teaching Irish’
Nollaig 6, 2017
Féach anseo chun suirbhé a dhéanamh.
https://www.surveymonkey.com/r/WebGamesApps
Tá 19 gceist le freagairt. Tógfaidh sé 4 nóiméad. Tá an suirbhé i mBéarla.
Tá mé ag scríobh tuairisce ar ‘effectiveness of Apps and Webgames in the area of education through Irish or in the area of teaching Irish’.
Ba mhaith liom go mbeadh an teanga níos easca le húsáid ar scoil agus taobh amuigh den scoil trí mheán na n-aipeanna ilmheánacha seo
Deirtear go bhfuil buntáistí éagsúla ag páistí tar éis a bheith ag súgradh le cluichí gréasáin agus aipeanna agus tá mé ag iarraidh níos mó eolais a bhailiú agus fiosrú a dhéanamh ar an gceist seo.
Bheinn an-buíoch díot dá mbeifeá sásta páirt a ghlacadh sa stáidéar.
Ba mhaith liom go ndéanfadh múinteoirí an suirbhé seo – roimh an 14ú Nollaig 2017.
Tá gach píosa eolais a bhfuil baint aige leis an duine a thugann faoin suirbhé seo go hiomlán faoi rún.
Go raibh míle maith agat as do chuid ama agus cabhrach. Má tá aon cheist agat, déan teagmháil liom ar survey@tapafocail.ie, freagróidh mé taobh istigh de 24 uair an chloig.
Aidan Harney, Taighdeoir
Maoinithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, (COGG).
An-Scléip i ‘Clasach’!
Nollaig 1, 2017
Bhí amharclann Clasach, Cluain Tarbh, beo beathaíoch ar an Aoine, 1 Nollaig, seo caite agus an réamhbhabhta deireanach de chuid an chomórtais tallainne, Scléip 2018, ar bun ! Tá an comórtas á eagrú ag Gael Linn do iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre, le maoiniú ó Foras na Gaeilge.
Bhí iomaitheoirí ó deich ( 10 ) Gaelcholáiste i gCúige Laighean i láthair don ócáid, agus toisc an t-ardú ollmhór atá tagtha ar líon na rannpháirtithe i mbliana, bhí an dara halla in úsáid do na comórtais aonaracha, fiú !
Bhí scoláirí ó Bhaile Átha Cliath -Scoil Chaitríona, Glasnaíon, Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Coláiste Cois Life, Leamhcán, Coláiste de hÍde, Tamhlacht, Coláiste Chilliain, Cluain Dolcáin, Gaelcholáiste Reachrann, Baile Dúilll, Coláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín – mar aon le scoláirí a thaisteal ó Chill Dara agus ó Cheatharlach, i measc na n-iomaitheoirí a rinne léiríu ar sceitsí, ar rince chruthaitheach, agus ar cheol agus amhránaíocht chomhaimseartha.

Jessica Dingle ó Choláiste Íosagáin – duine de bhuaiteoirí an chomórtais ‘Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Aonair ) – Sóisear’.

Bhí Tadhg Ó Grifín ó Ghaelcholáiste Cheatharlach an-sásta lena lá ag réamhbhabhta ‘Scléip 2018’ – beidh sé san iomaíocht anois sa chomórtas amhránaíochta sinsearach ag an gcraobhchomórtas i mí Eanáir!

An grúpa ‘Ré Nua’ ó Scoil Chaitríona, Glasnaíon ar ardán ag an réamhbhabhta – beidh siad le cloisteáil arís sa chomórtas do ghrúpaí sóisearacha ag an gcraobhchomórtas ar an 31 Eanáir 2018 !

Roghnaíodh Mia, Sophie agus Alannah ó Choláiste Cois Life, Leamhcán, le dul ar aghaidh go craobhchomórtas ‘Scléip 2018’ sa rannóg shóisearach den chomórtas do ghrúpaí amhránaíochta le féintionlacan.
Bhain an lucht féachana mhór ard-taitneamh as an seó bríomhar ó thús deireadh! Tugadh an-tacaíocht do gach réalta óg a chuaigh ar stáitse, cé go raibh teannas an chomórtais le brath anois is arís, agus bronnadh teastais molta orthu uilig! Ba iad Máire Uí Mhurchú ( Rinceoir), Síle Ní Dhuibhne ( Dramadóir ), Enda Reilly ( cumadóir/amhránaí ) agus Pádraig Ó Conghaile ( nó MC Muipéad ón ngrúpa IMLÉ! ) a bhí ag moltóireacht, agus bhíodar aontaithe gurb iad na míreanna a leanas a leanfadh na buaiteoirí ó réamhbhabhtaí an iarthair, an deiscirt agus an tuaiscirt go hamharclann Clasach arís don chraobhchomórtas ar an gCéadaoin, 31 Eanáir 2018 – scaoileadh dhá mhír ar aghaidh chuig an chraobh in aon rannóg d’aon chomórtas ina raibh 6 iomaitheoir/grúpa nó níos mó páirteach ann ( ní in aon ord ar leith ! ):
Rince Cruthaitheach – ( Grúpaí ) Sóisear :
1.‘Eitre na Fuaime’, Gaelcholáiste Cheatharlach
Rince Cruthaitheach – ( Grúpaí ) Sinsear :
1. ‘Eiliminteach’, Gaelcholáiste Cheatharlach
Sceitse Nuachumtha:
1. ‘An Toghchán’, Gaelcholáiste Chill Dara
Slua-amhránaíocht:
1. ‘Despacito’, Scoil Chaitríona, Glasnaíon
Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Aonair ) Sóisear:
1. Jessica Dingle, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair
2. Shónagh Ní Threabhair, Gaelcholáiste Cheatharlach
Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan (Aonair ) Sinsear:
1. Sorcha Bríd Ní Chroidheán, Coláiste Chilliain, Cluain Dolcáin
2. Tadhg Ó Grifín, Gaelcholáiste Cheatharlach
Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sóisear ):
1.Conall Mac Eochagáin, Scoil Chaitríona, Glasnaíon
Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sinsear ):
1. Tadhg Páirceir, Coláiste Cois Life, Leamhcán
Amhránaíochta Comhaimseartha le féintionlacan (Grúpaí) Sóisear:
1.‘Ré Nua’, Scoil Chaitríona, Glasnaíon
2. Mia, Sophie & Alannah, Coláiste Cois Life, Leamhcán
Amhránaíochta Comhairseartha le féintionlacan (Grúpaí) Sinsear:
- ‘Fanacht siar’, Scoil Chaitríona, Glasnaíon
- ‘Taboo’, Gaelcholáiste Cheatharlach
Treise leo uilig agus lena gcuid múinteoirí a spreag iad le bheith páirteach sa chomórtas !
An Dara Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas
Nollaig 1, 2017
Beidh An Dara Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas – An Tumoideachas: Deiseanna agus Dea-chleachtais, ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach ar an 18-19 Bealtaine 2018. Tá an chomhdháil eagraithe i gcomhpháirt le:
- Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh
- An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
- Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí
- Gaeloideachas
- Foras na Gaeilge
- Comhairle na Gaelscolaíochta.
Cíorfaidh an chomhdháil ceisteanna a bhaineann leis an tumoideachas agus beidh páipéir agus póstaeir faoi na snáitheanna a leanas curtha ar fáil:
- An Teagasc, an Fhoghlaim agus an Measúnú a nascadh sa Tumoideachas
- Féinmheastóireacht Scoile, Ceannaireacht agus Forbairt Oideoirí
- Beartas agus Nuálaíocht i bPobail Dhátheangacha/Ilteangacha
Tabharfaidh An Dara Comhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas deis do theangeolaithe, do thaighdeoirí, d’oideoirí an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta iniúchadh a dhéanamh ar shaincheisteanna agus ar fhorbairtí comhaimseartha ag leibhéil éagsúla le súile úra.
Tugann an suíomh léargas cuimsitheach ar ghnéithe éagsúla na comhdhála.
Tá an ghairm ar pháipéir ar siúl faoi láthair.
Táimid ag súil go mór le bualadh leat ag an gcomhdháil.
Bí linn.
An Dr. T.J. Ó Ceallaigh
Stiúrthóir na Comhdhála
An Roinn um Oideachas Teanga agus Litearthachta,
Coláiste Mhuire gan Smál,
Luimneach.
Scléip 2018 -Míreanna Mealltacha i Muineachán!
Nollaig 1, 2017
Bhí míreanna mealltacha ar ardán i Muineachán inniu, Déardaoin, 30 Samhain 2017, ag réamhbhabhta an tuaiscirt de chuid Scléip Gael Linn 2018! Reáchtáladh an ócáid in Amharclann an Gharáiste ar an mbaile. Is comórtas tallainne é Scléip atá á eagrú go sonrach do na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus atá dírithe ar na healaíona comhaimseartha.
Bhí scoláirí ó na hiar-bhunscoileanna Gaeltachta, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall agus Coláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí i láthair, mar aon le hiomaitheoirí ó Choláiste Oiriall, Muineachán, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn agus Coláiste Lú, Dún Dealgan, buíochas leis na múinteoirí maithe ar fad a spreag iad ! Bhí atmaisféar iontach san amharclann, agus ba léir gur bhain an lucht féachana an-sult as a chuir na rinceoirí, aisteoirí, amhránaithe agus ceoltóirí óga ós a gcomhair i rith an lae. Thug na moltóirí, Tomaí Ó Conghaile, Nós, agus Edel Ní Churraoin, Raidió Fáilte, ard-mholadh do na rannpháirtithe uilig as a gcuid léirithe, agus roghnaigh siad na míreanna a leanas le dul ar aghaidh go dtí craobhchomórtas Scléip ar an gCéadaoin, 31 Eanáir 2018 in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath – comhghairdeas leo uilig !
Tá neart grianghraif ón ócáid le feiceáil ar leathanach Facebook Scléip Gael Linn !

Grúpa Chiara ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill, a tháinig sa chéad áit sa chomórtas ‘Rince Cruthaitheach – Sóisear’

Aisling Nic Lochlainn, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn – buaiteoir an chomórtais ‘Ceol Comhaimseartha Aonair – Sóisear’

Bhuaigh an grúpa ‘Smugaire Róin’ ó Choláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí an comórtas sinsearach do ghrúpaí amhránaíochta le féintionlacan

‘Na hEalaí Dubha’ ó Choláiste Lú, Dún Dealgan ar stáitse – cháiligh siad do chraobhchomórtas Scléip 2018 a bheidh ar siúl i mBÁC ar an 31 Eanáir 2018 !
Rince Cruthaitheach – ( Grúpaí ) Sóisear:
1. Grúpa Chiara, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Rince Cruthaitheach – ( Grúpaí ) Sinsear:
1. ‘Spleodar’, Coláiste Oiriall, Muineachán
Sceitse Nuachumtha:
1. ‘Meascán Mearaí’, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sóisear ):
1. Aisling Nic Lochlainn, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn
Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sinsear ):
1. Ruairí Mac Lochlainn, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn
Slua-amhránaíocht:
1. ‘Gliondar’, Coláiste Lú, Dún Dealgan
Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Aonair ) Sóisear:
1. Emma Nic an Bhreithiún, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Aonair ) Sinsear:
1. Amy Ní Chléirigh, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn
Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Grúpaí ) Sóisear:
1. ‘Na hEalaí Dubha’, Coláiste Lú, Dún Dealgan, Co. Lú
Amhránaíocht Comhaimseartha le féintionlacan ( Grúpaí ) Sinsear:
1. ‘Smugairle Róin’, Coláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí
Scléip 2018 – Micléinn molta i Mainistir Fhear Muí !
Samhain 27, 2017
Tugadh ard-mholadh do na micléinn a chuaigh ar ardán ag Scléip Gael Linn 2018 san Ionad Óige, Mainistir Fhear Muí ar na mallaibh! Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, le béim ar na healaíona comhaimseartha.

Bhuaidh ‘4AG’ ( ó chlé: Caitlyn Ní Choitir, Lauryn Rís, Gwen Cúc ) ó Ghaelcholáiste Mhuire AG, An Mhainistir Thuaidh an comórtas ‘Rince Cruthaitheach – Sinsear’

Buaiteoir an chomórtais ‘Amhránaíocht Aonaire le féintionlacan – Sóisear’: Molli Meaghan-Tresson, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh

An grúpa ‘Togra’ ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean – ó chlé: Máirtín Ó Cathasaigh, Ally Ní Mhathúna, Ciarán Mac Gearailt, Tríona Ní Shúilleabháin. Chun tosaigh: Annie Lovisetto – a roghnaíodh le dul ar aghaidh go dtí craobhchomórtas Scléip i mí Eanáir!
Is ar an gCéadaoin, 22 Samhain 2017, a bhí réamhbhabhta seo an deiscirt den chomórtas ar siúl, agus bhí atmaisféar iontach san amharclann, a bhí lán go béal le scoláirí a thaisteal ó Chondae Chiarraí – Pobalscoil Chorca Dhuibhne agus Coláiste de hÍde ó Dhaingean Uí Chúis mar aon le Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí , ó Chondae Chorcaí – Gaelcholáiste Mhuire AG, An Mhainisitir Thuaidh agus Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, ó Phort Láirge – Meánscoil San NIoclás, Rinn ó gCuanach, ó Chill Chainnigh – Coláiste Pobail Osraí agus ó Loch Garman – Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh. Rinneadh léiriú ar sceitsí, ar rince chruthaitheach agus ar cheol agus amhránaíocht chomhaimseartha – go haonarach agus i ngrúpaí – agus baineadh ard-chaighdeán amach, tríd síos ! Thug na moltóirí, Liam Ó Mathúna, Enda Reilly agus Pádraig Ó Conghaile ( nó MC Muipéad mar is fearr aithne air !), aischothú do na hiomaitheoirí uilig, in éineacht le moltaí faoi conas barrfeabhas a chur ar ghnéithe áirithe dá léirithe. Bhí cinntí deacra le déanamh acu faoi na míreanna a bheadh ag dul ar aghaidh go dtí an craobhchomórtas in amharclann Clasach, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath, ar an gCéadaoin, 31 Eanáir 2018, ach ar deireadh, aontaíodh orthu seo a leanas :
Rince Cruthaitheach – Sóisear
- Saol Deireanach, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh
Rince Cruthaitheach – Sinsear
- 4AG, GC Mhuire AG, An Mhainistir Thuaidh
Sceitse Nuachumtha
- ‘Na Cailíní Corcora’, Coláiste Íde, An Daingean
Slua-amhránaíocht
- Blaisín, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh
- Bliain 5, Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sóisear
- Michael Holden, Pobalscoil Chorca Dhuibhne
2.Katríona Roberts, Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sinsear
- Liam Mac Siacais , Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
Amhránaíocht Comhaimseartha, le feintionlacan ( Aonair ) – Sóisear
1.Molli Meaghan-Tresson, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Aonair ) – Sinsear
1.Adam Ó hIfearnáin, Gaelcholáiste Mhuire AG, An Mhainistir Thuaidh, Corcaigh
2.Noah Snyder, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Grúpaí ) – Sóisear
1. ‘Cailíní Binne’, Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman
2.’Col-Ide’, Coláiste Íde, An Daingean, Co. Chiarraí
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Grúpaí ) – Sinsear
1. ‘Na Buacs’, Meanscoil Gharman, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman
2. ‘Tógra’, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí
Comhghairdeas leo uilig !
Freedom Scoil Surfála – Bilingual Adventure Education Centre
Samhain 27, 2017
Gaeilge sa Trá Mhór le Scoil Surfála Freedom
Experience the Irish Language in a modern context from our ” Surf Cottage Facility in Tramore”
Our focus is on Developing Oral Skills through Active Learning.Throw yourself into the Irish Language and participate in one of our Gaeilge Surf & Adventure programmes.Our ethos is all about having fun while learning Irish at the same time.In 2008 we became Ireland’s first Bilingual Surf School : “Freedom Scoil Surfála “We began our ” Gaeilge Journey” by going back to school, learning Irish and then used it while working in the surf school. The language literally came alive as we began to use it in an ordinary every day way.
Over the years we have developed a Team of Irish Language Instructors and Teachers who deliver our Bilingual Surf and Advenure Activities . With the Approval of Foras na Gaeilge and The Irish Surfing Association and supported by our elite partner Billabong – Schools from all over Ireland return year after year to enjoy our unique Irish Language Trips
What do we Offer as Gaeilge:
- Ceachteanna Surfála trí Ghaeilge – Surf Lessons through Irish
- Turais Scoile – School Tours trí Ghaeilge – Half Day & Full Day Tours
- Fanacht Thar Oíche – Overnight Gaeilge Surf & Adventure Trip. Meals, Hostel / Hotel Accommodation Included
- Surfing & WaterSafety Programme as Gaeilge – 3 sessions over Three weeks
- Irish Language Summer Surf Camps July & August 1 & 2 week Camps
- Surfing Certificate Course As Gaeilge. Secondary Schools
- Weekend Gaeilge Activity Programme for Adults
- Irish Language Surfing Experience for International Visitors
Fun, Adventure and learning Trí Ghaeilge for schools, Families and community groups. The Level of Irish is geared to suit each Group : Beginner – Intermediate and Advance
More info: Billy Butler – Bainisteoir Freedom Scoil Surfála.
0863914908 – 051386773. irish@freedomsurfschool.com www.freedomsurfschool.com
Taispeántais thaitneamhacha sa Taibhdhearc ag Scléip 2018 !
Samhain 22, 2017
Chuir taispeántais thaitneamhacha ó iarbhunscoileanna an iarthair tús bhreá le Scléip Gael Linn 2018 i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Mháirt, 21 Samhain seo caite ! Ba é seo an chéad réamhbhabhta réigiúnach den chomórtas tallainne seo, a thugann deis do scoláirí ó na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, dul ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.
Tá Gael Linn an-sásta go bhfuil ardú tagtha ar líon na scoileanna atá ag glacadh páirte i gcomórtas Scléip arís i mbliana.
Dírithe ar na healaíona comhaimseartha, tá sé ( 6 ) rannóg ar fad i gceist sa chomórtas – Amhranaíocht Aonair le féintionlacan, Grúpaí Amhránaíochta le féintionlacan, Slua-Amhránaíocht, Ceol Aonair, Rince Cruthaitheach agus Sceitse Nuachumtha.
Páirteach sa réamhbhabhta sa Taibhdhearc bhí daltaí ó Choláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Gaelcholáiste Luimnigh, agus don chéad uair Scoil Phobail Mhic Dara, Carna, Coláiste na Coiribe, Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna agus Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh. Bhí na moltóirí, Mícheál Ó Ciaraidh agus Méabh Ní Thuathaláin, an-tógtha leis na ceoltóirí, amhránaithe, aisteoirí agus rinceoirí uilig a chur taispeántais ilchineálacha os comhair an tslua mhóir a bhí i láthair. Rachaidh na buaiteoirí seo a leanas ar aghaidh go dtí an craobhchomórtas ar an gCéadaoin, 31 Eanáir, in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath – comhghairdeas leo uilig !

Grúpa amhránaíochta na hIdirbhliana ó Scoil Phobail Mhic Dara, Carna – buaiteoirí an chomórtais ‘Amhránaíocht Comhaimseartha le Féintionlacan – Sinsear’

Dara Ó Ceallaigh agus Rónán Ó Ceallaigh ó Choláiste na Coiribe, Gaillimh – buaiteoirí an chomórtais ‘Rince Cruthaitheach – Sinsear’.

Bhuaigh ‘Speirling’ ó Choláiste Naomh Feichín, Corr na Móna, an comórtas ‘Rince Cruthaitheach – Sóisear’.
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Aonair ) – Sóisear
1. Sorcha Ní Choncarraige, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Aonair ) – Sinsear
- Róisín Seoighe, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan (Grúpaí) – Sóisear
- ‘Saol an Deiscirt’, Gaelcholáiste Luimnigh
Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan (Grúpaí) – Sinsear
- Idirbhliain SPMD, Scoil Phobail Mhic Dara, Carna
- ‘Fraoch’, Coláiste an Eachréidh, Baile Locha Riach
Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sóisear
1. Ruby Ní Chuinn, Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sinsear
- Oisín Dilger, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Slua-amhránaíocht
- ‘Idir’, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí
Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) – Sóisear
- ‘Speirling’, Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna
Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) – Sinsear
- Dara Ó Ceallaigh & RónánÓ Conaill, Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Sceitse Nuachumtha
- Grúpa A, Idirbhliain Choláiste na Coiribe, Gaillimh
Beidh réamhbhabhtaí réigiúnacha eile á n-eagrú sna laethanta amach romhainn , san Ionad Óige, Mainistir Fhear Muí, Co. Chorcaí ar an gCéadaoin, 22 Samhain, in Amharclann an Gharáiste, Déardaoin, 30 Samhain, 2017 agus in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath ar an Aoine, 1 Nollaig, agus fógrófar na torthaí anseo in am tráth ! Coinnigh i dteagmháil le Scléip ar Twitter – #Scléip2018, nó beidh grianghraif ó na hócáidí éagsúla le feiceáil ar leathanach Facebook Scléip Gael Linn amach anseo.
Cothrom na Féinne sna Scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta faoi chaibidil ag Tionól Forbartha Bliantúil Gaeloideachas i gcomhar le COGG ar an 24 Samhain 2017
Samhain 20, 2017
|
|
AONACH NA NOLLAG
Samhain 16, 2017
AONACH NA NOLLAG 2017 ar siúl i gColáiste Eoin & Coláiste Íosagáin an Domhnach seo, 19 Samhain idir 1 & 5.
Cístí, bronntanais, leabhair, ceardaíocht, plandaí, Roth an Áidh, Roth na mBuidéal agus an-chuid eile.
Tagaigí ann ar an lá, tacaígí leis an dá scoil agus bainigí sult as an ócáid agus as comhluadar na scoile!
_______________________________________