Méid an Téacs

Folúntas: Gaelcholáiste an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath

Bealtaine 12, 2015

Sonraí ar fáil ag:  http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/12064/

Folúntas: Gaelscoil Uileog de Búrca, Maigh Eo

Bealtaine 11, 2015

Sonraí ar fáil: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19779/

Gaelcholáiste Reachrann, Co. Átha Cliath

Bealtaine 11, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/11999/

Oiliúint Comhordaitheoirí TechSpace

Bealtaine 8, 2015

Tapaigh an deis cúrsa oiliúna i gcroí-ábhar TechSpace & Adobe Youth Voices a chur i gcrích.

Is comhfhiontar idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Camara Ireland Ltd. é Techspace as Gaeilge atá á mhaoiniú faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.  Is gréasán náisiúnta de spásanna meáin dhigiteacha é TechSpace atá lonnaithe in ionaid óige agus scoileanna a chabhraíonn le hógánaigh a bheith gníomhach i gcruthú ábhair dhigitigh agus theicneolaíochta.  Foghlaimíonn daoine óga chun scannáin dhigiteacha, dearadh gréasáin, forbairt aipeanna soghluaiste agus róbataic i measc nithe eile a dhéanamh.  Faoi stiúir theagascóirí oilte agus mheantóirí, cuireann na hógánaigh lena gcuid inniúlachta ar ríomhairí, féin-mhuinín, scileanna agus soghluaisteacht shóisialta a chuidíonn leo ar feadh a saoil.

Beidh cúrsa traenála ar siúl dóibh siúd a bhfuil suim acu bheith ina dteagascóirí/meantóirí i mí an Mheithimh. Tuilleadh eolais anseo

Aghaidh tugtha ag moltaí na Roinne Oideachais ar na dúshláin is mó roimh scoileanna Gaeltachta

Bealtaine 7, 2015

Tá sraith moltaí déanta sa dréachtpholasaí oideachais don Ghaeltacht a fhoilseofar tráthnóna inniu a thugann aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail agus theaghlaigh.

Moltar sa dréachtpholasaí go ndéanfaí sainmhíniú ar scoil Ghaeltachta mar scoil a fheidhmíonn “go hiomlán trí mheán na Gaeilge” agus nach ndéanfaí an Béarla a theagasc in aon chor i rith na sraithe naíonán i mbunscoileanna Gaeltachta.

Déantar moltaí ar leith don chainteoir dúchais sa dréachtpholasaí agus moltar go dtabharfaí tacaíocht do scoileanna Gaeltachta aistriú go teagasc trí Ghaeilge más rud é go bhfuil siad ag feidmhiú faoi láthair trí Bhéarla.

Baineann ceann de na moltaí is conspóidí a dhéantar leis an éileamh ar theagasc i mBéarla sa Ghaeltacht.

Sa chás go mbeadh “mionlach de thuismitheoirí ag iarraidh teagaisc trí Bhéarla seachas trí Ghaeilge dá gcuid páistí” moltar gur cheart féachaint “ar scoileanna le Béarla mar mheán a sholáthar chomh maith le scoileanna le Gaeilge mar mheán, má bhíonn an t-éileamh sách mór”.

De réir na moltaí eile “cuirfear pacáiste d’acmhainní breise” ar fáil do scoileanna Gaeltachta ag áireamh:

  •  tacaíocht ar leith do chainteoirí dúchais agus beartais a chinnteoidh go bhfuil an curaclam ábhartha dóibh
  • forbairt ghairmiúil níos fearr do mhúinteoirí a theagascann i scoileanna Gaeltachta
  • deiseanna le haghaidh forbairt ghairmiúil do phríomhoidí scoileanna Gaeltachta
  • treoir faoi thacaíocht agus faoi pháirtíocht tuismitheoirí
  • bunú naisc níos láidre idir naoinraí Gaeltachta agus bunscoileanna Gaeltachta

Aithníonn an Roinn Oideachais sa dréachtpholasaí go bhfuil dúshláin ar leith roimh scoileanna Gaeltachta

I measc na n-dúshlán sin tá “éagsúlacht mhór theangeolaíoch” daltaí scoile na Gaeltachta; stádas mionlaithe na bpáistí a thógtar le Gaeilge i scoileanna Gaeltachta; an méadú ar úsáid an Bhéarla i bpobail Ghaeltachta; an brú ar scoileanna aistriú go teagasc trí Bhéarla; agus líon na scoileanna Gaeltachta nach ndéanann teagasc do gach ábhar trí Ghaeilge.

Tá sé mar aidhm ag na moltaí nua, a deirtear, cabhrú le pobal agus scoileanna na Gaeltachta tabhairt faoi na dúshláin seo.

Chuirfeadh na moltaí chomh maith le cumas scoileanna Gaeltachta oideachas trí Ghaeilge a sholáthar agus chabhróidís le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn i scoileanna agus “i bpobal na Gaeltachta i gcoitinne”.

Beidh roinnt teaghlach ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta i measc na n-aíonna a bheidh i láthair ag ócáid i mBaile Átha Cliath tráthnóna nuair a sheolfaidh an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan, agus Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, an dréachtpholasaí nua oideachais don Ghaeltacht.

Dúirt Tuismitheoirí na Gaeltachta inné go rabhthas ag “ag súil go mór leis na moltaí” agus go leor “tuairiscí dearfacha” cloiste acu fúthu.

Creidtear go bhfuil tábhacht ar leith le hócáid an lae inniu mar gurb é seo an chéad uair ó bunaíodh an Stát a aithneoidh an Roinn Oideachais go hoifigiúil go bhfuil riachtanais ar leith ag daltaí ar cainteoirí dúchais iad agus go bhfuil gá dá réir le polasaí oideachais ar leith don Ghaeltacht.

Go dtí seo, níor forbraíodh ná níor feidhmíodh aon pholasaí sainiúil le dul i ngleic leis na dúshláin oideachais a bhíonn roimh phaistí, múinteoirí agus scoileanna na Gaeltachta.

Beidh na moltaí a sheolfar inniu mar bhunús le próiseas comhairliúcháin agus beidh deis ag pobal na Gaeltachta agus ag an bpobal i gcoitinne a dtuairimí a thabhairt faoi fhorbairt an pholasaí nua a fhoilseofar roimh dheireadh na bliana seo.

Ba é Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna, Seán Ó Foghlú, a d’fhógair ag ócáid de chuid na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i mBealtaine na bliana 2013 go raibh faoina Roinn tabhairt faoin bpolasaí nua a dhréachtadh. Tá na moltaí a sheolfar inniu bunaithe ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta, ar anailís ar sholáthar agus ar éileamh an oideachais i gceantair Ghaeltachta agus “ar chás-staidéir ar an gcleachtas i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna samplacha sa
Ghaeltacht”

Nuair a thiocfaidh deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin, beidh súil go ndíreofar sa pholasaí nua ar na ceisteanna móra faoi churaclaim, soláthar téacsleabhar agus oiliúint múinteoirí, chomh maith le soláthar acmhainní agus áiseanna do scoileanna na Gaeltachta.

Maidir le ceist an churaclaim, dúirt saineolaí i réimse na dteangacha, an Dr David Little ó Choláiste na Tríonóide, sa mbliain 2003, go raibh se “inguistically and educationally indefensible” gurbh é an curaclam Gaeilge céanna a bhí ann don mhionlach de chainteoirí dúchais sa tír agus an móramh arb é an Béarla a gcéadteanga.

Tá tuarascálacha tábhachtacha taighde faoi chás an oideachais Ghaeltachta foilsithe ag COGG in imeacht na mblianta, ina measc Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta le Seosamh Mac Donncha, a foilsíodh i 2004, agus Struchtúr Oideachas na Gaeltachta leis an Dr Peadar Ó Flatharta, a foilsíodh i 2007.

Rinne Iar-Chathaoirleach COGG, Breandán Mac Cormaic, tagairt i réamhrá Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta do líon na dtuarascálacha faoi chúrsaí oideachais a foilsíodh ach nár tugadh feidhm dóibh sa Ghaeltacht, ag dul chomh fada siar leis an gcéad tuarascáil ó Choimisiún na Gaeltachta i 1926. Dúirt sé “nach raibh aon ghanntanas tuarascálacha ann” ach gur “beag toradh a bhí ar aon cheann díobh” go dtí sin.

Ag 4pm inniu a sheolfaidh an tAire Oideachias agus Aire Stáit na Gaeltachta na moltaí nua a bheidh mar bhunús leis an bpolasaí Gaeltachta nua.

Dúirt urlabhraí Thuismitheoirí na Gaeltachta nach raibh i bhfógra an lae inniu ach “an chéad chéim”.

“Níl anseo ach an chéad chéim, ar ndóigh. Tá súil againn go n-éisteofar leis an méid a bheidh le rá ag pobal na Gaeltachta le linn an phróisis chomhairliúcháin agus go gcuirfear a gcuid mianta agus éilimh san áireamh sa pholasaí a fhoilseofar ina dhiaidh sin.

“Ní mór an polasaí oideachais Gaeltachta a chur i bhfeidhm go críochnúil ina dhiaidh sin arís agus an maoiniú cuí a chur ar fáil leis an méid sin a dhéanamh. Beidh muid ag tacú go láidir le múinteoirí, príomhoidí agus scoileanna na Gaeltachta,” a dúirt urlabhraí Thuismitheoirí na Gaeltachta le Tuairisc.ie.

http://tuairisc.ie/polasai-oideachais-don-ghaeltacht-le-seoladh-trathnona-i-mbaile-atha-cliath/

Freagraí an phobail ar Oideachas Gaeltachta á lorg ag an Aire Oideachais

Bealtaine 7, 2015

Tá cuireadh tugtha ag an Aire Oideachais agus Scileanna Jan O’Sullivan T.D. do scoileanna agus do phobail Ghaeltachta páirt a ghlacadh i bpróiseas comhairliúcháin le teacht ar pholasaí foirfe oideachais don Ghaeltacht. Sheol sí féin agus Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, dréachtmholtaí polasaí trathnóna atá bunaithe ar thaighde a rinneadh le dhá bhliain anuas.

Thug an tAire O’Sullivan T.D., le fios do mhuintir na Gaeltachta go raibh “tábhacht le bhur gcuid freagraí ar na moltaí polasaí’ agus gur mhaith léi “tuairimí pobail Ghaeltachta, eagraíochtaí agus daoine aonair a chloisteáil ar an gceist thábhachtach seo.”

Dúirt sí go gcabhródh tuairimí an phobail “le polasaí na Roinne don oideachas Gaeltachta a mhúnlú agus a fheabhsú”.

Ag labhairt ag an seoladh inniu freisin, dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh go bhféadfadh acmhainní breise a bheith ar fáil faoin bpolasaí nua do chainteoirí dúchais Gaeilge chomh maith le “hacmhainní feabhsaithe teagaisc, agus forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus do phríomhoidí.” Dúirt sé freisin go bhféadfadh “curaclam cuí do chainteoirí dúchais” a bheith i gceist.

I measc na ndréachtmholtaí a bhfuil tuairimí an phobail iarrtha ina leith, tá ceist chonspóideach faoi sholáthar oideachais trí mheán an Bhéarla a bheith ar fáil in éineacht le soláthar trí mheán na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta mar rogha do thuismitheoirí, má tá éileamh ar a leithéid.

Ar na hábhair eile a bhfuil tuairimí an phobail á lorg ina dtaobh, tá:

  • an sainmhíniú a bheadh ar scoil Ghaeltachta
  • an smaoineamh go mbeadh tréimhse thumoideachais ag bunscoileanna Gaeltachta, tréimhse nach ndéanfaí an Béarla a mhúineadh i ranganna naíonán lena linn
  •  an tacaíocht múinteoireachta breise a bheadh le fáil ag cainteoirí dúchais
  •  An spreagadh a thabharfaí do scoileanna atá ag múineadh trí Bhéarla iompú ar an nGaeilge.

Tá achainí déanta freisin ag Muireann Ní Mhóráin, príomhfheidhmeannach COGG, ar phobal na Gaeltachta an deis a thapú agus tuairimí a chur in iúl don Roinn Oideachais. Ag labhairt di ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag am lóin inniu, dúirt Ní Mhóráin nach raibh aon mholadh “greannta i gcloch” go fóill.

“Tá rudaí ann agus fáilteoidh daoine rompu agus tá rudaí ann b’fhéidir nach bhfáilteoidh siad rompu”, a dúirt sí. Dúirt sí freisin nach mbeadh aon mhaitheas ann dá gcuirfí moltaí i bhfeidhm agus ina dhiaidh sin go mbeadh daoine ag rá “ní oireann sé sin don scoil s’againne”, a duirt sí.

D’fháiltigh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, roimh fhoilsiú an dréachtpholasaí inniu. Dúirt sé gur “ábhar dóchais é go bhfuil an rialtas ag tosú faoi dheireadh ag tabhairt faoi dhúshlán an oideachais Gaeltachta” ach mheabhraigh sé go mbeidh sé tábhachtach go gcuirfí an polasaí i bhfeidhm i ndeireadh na dála agus nach mbeadh sé “mar pholasaí leathdhearmadta ag bailiú dusta ar sheilf éigin sa Roinn Oideachais agus Scileanna amach anseo.”

Glacfar le haighneachtaí tríd an bpost nó tríd an ríomhphost as seo go dtí Dé hAoine 6 Meitheamh na bliana seo.

Féadfar iad a sheoladh chuig moltai_oideachasgaeltachta@education.gov.ie nó chuig Moltaí Polasaídon Oideachas Gaeltachta, an tAonad Polasaí Curaclaim agus Measúnaithe, An Roinn Oideachais agus Scileanna, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1.

http://tuairisc.ie/freagrai-an-phobail-ar-oideachas-gaeltachta-a-lorg-ag-an-aire-oideachais/

Is mithid glacadh le cuireadh an Aire agus moltaí a chur ar aghaidh faoi oideachas na Gaeltachta…

Bealtaine 7, 2015

Ní mór an gean a bhíonn ag aon duine ar thuarascálacha Rialtais mar gur beag acu, mo léan, a chuirtear i bhfeidhm. “Ní dócha go mbeidh a leithéid indéanta sa ghearrthéarma i ngeall ar na costais féideartha a bhaineann leis” an lipéad a bhíonn faoi cholún an staid reatha go mion minic agus is ionann an scéal ag an dréachtpholasaí (Straitéis 20 Bliain?) don oideachas sa Ghaeltacht. Ach tá an taighde déanta arís agus aithnítear go hoifigiúil faoi dheireadh gur mionlach i scoileanna Gaeltachta anois na páistí a thógtar le Gaeilge agus go bhfuil riachtanais ar leith ag na páistí agus na scoileanna sin agus freagracht ar an Stát ina leith.

Ag tús seo an tSamhraidh, is mithid dearmad a dhéanamh ar an tsiléig agus glacadh le cuireadh an Aire Oideachais moltaí a chur ar aghaidh faon dréachtpholasaí nua, agus tugann sí an cuireadh sin do gach duine atá ina chónaí sa Ghaeltacht agus ní scéal tuismitheoirí ná múinteoirí amháin é seo. Beidh an polasaí nua sin á fhoilsiú roimh dheireadh na bliana.

Molaimse:

  • Deireadh le siollabas comónta do chainteoirí dúchais agus d’fhoghlaimeoirí. Sainchúrsa céimnithe a dhéanfaidh forbairt ar chumas, ar thuiscint agus ar mhuinín an chainteora dúchais ó aois a 4 go hArdteist
  • Cruinniú poiblí a eagrú i ngach scoil Ghaeltachta don phobal uilig leis an scéal uilig a phlé, dearcadh an mhórphobail a fháil agus moltaí a chur le chéile nó daoine a mhisniú lena gcuid moltaí a cheapadh
  • Seisiún eolais do thuismitheoirí na scoile a bhfuil páistí óga acu chun tionchar a gcinneadh teanga ar oideachas a gclainne a phlé go macánta gan aon imeaglú ná mór is fiú agus leas a bhaint as a bpáirtíocht agus a saintaithí
  • Forbairt ghairmiúil do phríomhoidí scoileanna Gaeltachta chun an polasaí Gaeilge a phlé, a chumadh agus straitéisí agus tacaíochtaí coincréiteacha a liostú agus a éileamh
  • Treoir shoiléir thrédhearcach do scoileanna maidir le daltaí a dteastaíonn scolaíocht uathu ach nach bhfuil dóthain Gaeilge acu le leas a bhaint as scoileanna aonteangacha Gaeltachta
  • Oiliúint dualgais agus cáilíocht dá réir do mhúinteoirí ar mian leo obair i scoileanna Gaeltachta ag gach leibhéal
  • Sainchúrsaí do mhúinteoirí ábhar maidir le béarlagair agus téarmaíocht a sainábhair féin agus a ról maidir le saibhriú theanga a ndaltaí
  • Lucht tacaíochta oideachais, comhairleoireachta agus sláinte a chur ar fáil do gach scoil Ghaeltachta trí Ghaeilge
  • Cuirtear pionós sa leithroinnt ar scoileanna Gaeltachta atá ag múineadh aon ábhar trí Bhéarla nó a chuireann scrúduithe, nótaí, téacsleabhair trí Bhéarla ar fáil agus bíodh sin mar chuid den mheasúnú iomlán scoile
  • Ná cloiseadh aon dalta Gaeltachta focal Béarla taobh istigh de bhallaí na scoile sa cheád dá bhliain a bheidh sí/sé ansin, ní áirím tosú á léamh
  • Ná glactar le haon mholadh faoi scoileanna Béarla do Bhéarlóiri sa nGaeltacht – déanaidís freastal ar chúrsaí Gaeilge sna laethanta saoire, cuirtear dianchúrsaí ar bun dóibh in ionaid faoi leith go dtí go mbeidh an Ghaeilge acu nó cuirtear bus ar fáil go ceantar Béarla
  • Glacadh an Chomhairle Mhúinteoireachta leis an bhfreagracht atá uirthi cáilíochtaí gairmiúla cuí a éileamh óna gcuid ball.

http://tuairisc.ie/is-mithid-glacadh-le-cuireadh-an-aire-agus-moltai-a-chur-ar-aghaidh-faoi-oideachas-na-gaeltachta/

Teipthe ar an Státchóras freastal mar is ceart ar ghasúir na Gaeltachta – an Roinn Oideachais

Bealtaine 7, 2015

Caithfear aird ar leith a dhíriú ar chearta teanga na ngasúr Gaeltachta ar chainteoirí dúchais iad agus a aithint nach ionann iad agus cearta na bhfoghlaimeoirí

Tá teipthe ar an Státchóras freastal mar is ceart i gcaitheamh na mblianta ar “an líon réasúnta beag de ghasúir” a bhfuil an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh acu agus tá “an seans deireanach ann anois beart samhailteach cróga a ghlacadh” dar le tuarascáil nuafhoilsithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

Deirtear sa tuarascáil a seoladh inné mar chuid den phróiseas le polasaí nua oideachais a fhorbairt don Ghaeltachta go gcaithfear “aird ar leith a dhíriú ar chearta teanga na ngasúr” ar cainteoir dúchais iad agus a aithint “nach ionann iad agus cearta na bhfoghlaimeoirí”.

Mura ndéanfar é seo, maítear go leanfaidh “an gcomhshamhlú atá ag tarlú i suíomhanna mionteanga ar fud an domhain” agus go rachaidh rachaidh “tobar na Gaeilge i ndísc”.

D’eascair an tuarascáil seo as staidear a rinne saineolaithe as Coláiste Phádraig, Droim Conrach faoi stiúir an Dr. Phádraig Uí Duibhir ar iarratas ó COGG ar son na Roinne Oideachais. Iarradh go ndéanfaí athbhreithniú ar riaradh an oideachais i ndlinsí eile a bheadh inchurtha leis na ceantair Ghaeltachta. Scrúdaíodh cás na Breatnaise, na Bascaise, na Catalóinise, Naabeehó, na Fraincise, na Freaslainnise, na Gáidhlig, na Haváise, na Maoraise agus na Sualainnise.

Idir an dá linn, chuir Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta araon fáilte roimh an dréachtpholasaí ar oideachas Gaeltachta a foilsíodh inne freisin.

Bhí ionadaithe ón bhForas ar an gCoiste Ardleibhéil Oideachais a bhí ag plé leis an dréachtpholasaí a fhorbairt le tamall de bhlianta anuas. Dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, gur iarracht chothrom atá sa dréachtpholasaí dul i ngleic le ceisteanna atá “ciotach agus casta” agus atá ag baint as iarrachtaí an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht le blianta fada.

Dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis go rabhthas ag súil go dtapófar an deis aiseolas ar na moltaí a thabhairt don Roinn Oideachais.

Duradh go raibh géarghá le polasaí cuimsitheach oideachais a thógann san áireamh na cúinsí éagsúla, ina measc “éagsúlacht teangeolaíocht, riachtanais na gcainteoirí dúchais Gaeilge agus riachtanais na bhfoghlaimeoirí, riachtanais churaclaim, inniúlacht teanga agus cumas teagaisc na múinteoirí chomh maith le ról phobal na scoile i gcoitinne”.

Duirt urlabhraí an Udarais go raibh “páirt fíorthábhachtach ag oideachas sa phróiseas pleanála teanga” agus go rabhthas ag súil “go nglacfaidh pobal na Gaeltachta an deis atá ar fáil dóibh anois ionchur a bheith acu i múnlú an pholasaí chríochnúil”.

http://tuairisc.ie/teipthe-ar-an-statchoras-freastal-mar-is-ceart-ar-ghasuir-na-gaeltachta-an-roinn-oideachais/

Moltaí Polasaí ar Oideachas Gaeltachta seolta ag an Aire O’Sullivan agus ag an Aire McHugh

Bealtaine 7, 2015

Inniu, sheol an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan TD, agus an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh TD, plécháipéis, “Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta”.

Is é is aidhm leis na moltaí an t-oideachas lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht a threisiú mar chuid den Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.

Léiríodh san obair thaighde a chuidigh leis na moltaí a réiteach go mbíonn dúshláin shuntasacha roimh scoileanna Gaeltachta leis na dúshláin seo a shárú mar a bhaineann le scoláirí de chúlraí teanga baile atá an-éagsúil maidir le scileanna teanga Gaeilge. Is mionlach anois iad líon na scoláirí i scoileanna Gaeltachta atá á dtógáil le Gaeilge. Tá an Béarla ag teacht i dtreis níos mó i measc na bpobal Gaeltachta agus brú dá réir ag teacht ar scoileanna an teagasc trí mheán an Bhéarla a ghlacadh chucu féin.

Ag eascairt as na moltaí sa phlécháipéis, tá réimse beartas á gcur i láthair ar mhaithe le hoideachas lán-Ghaeilge ar ardcháilíocht a chinntiú do scoláirí i scoileanna Gaeltachta:

·        An sainmhíniú a bheadh ar scoil Ghaeltachta ná scoil a fheidhmíonn go hiomlán trí mheán na Gaeilge

·        Bheadh tréimhse thumoideachais ag bunscoileanna Gaeltachta, tréimhse nach ndéanfaí an Béarla a mhúineadh, i ranganna naíonán

·        Bheadh tacaí múinteoireachta breise le fáil ag cainteoirí dúchais

·        Bheadh spreagadh á thabhairt, agus tacaíocht á cur ar fáil, do scoileanna i limistéir Ghaeltachta atá ag teagasc trí mheán an Bhéarla faoi láthair an t-oideachas lán-Ghaeilge a ghlacadh chucu féin ar bhonn céimnithe

·        D’fhéadfaí soláthar a dhéanamh do scoileanna a bheadh ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla, taobh le scoileanna lán-Ghaeilge, ach dóthain éilimh a bheith ann.

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an tAire O’Sullivan: “Creidim go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an nGaeltacht don teanga agus don chultúr. Tá a fhios agam gur féidir le scoileanna ról lárnach a bheith acu chun tacú le todhchaí na Gaeilge mar theanga bheo i limistéir Ghaeltachta. Ach tuigim freisin go bhfuil dúshláin mhóra roimh na scoileanna seo agus is féidir leis na moltaí uaillmhianacha seo tacú leis na scoileanna chun na dúshláin seo a shárú.”

Dúirt an tAire freisin: “Má chuirtear na moltaí seo i bhfeidhm, bheadh deis tairbheach ag scoileanna Gaeltachta lena sainiúlacht Ghaeilge a leagan síos agus cur lena gcumas chun oideachas lán-Ghaeilge ar ardcháilíocht a chur ar fáil. Creidim go bhféadfadh obair na scoileanna leis na moltaí polasaí a chur i bhfeidhm teacht leis na próisis pleanála teanga atá ar siúl i measc na bpobal Gaeltachta”.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire McHugh:

Tugtar le fios sna moltaí go mba chóir acmhainní breise a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta a dhéanann an teagasc trí mheán na Gaeilge. D’fhéadfadh tacaí teanga do chainteoirí dúchais a bheith i gceist leo seo, acmhainní feabhsaithe teagaisc, agus forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus do phríomhoidí, agus curaclam cuí do chainteoirí dúchais.

Tá mórstaidéir thaighde mar bhonn leis na mioltaí seo, ar thaithí scoileanna Gaeltachta, agus ar chomhthéacsanna mionteangacha ar fud an domhain, mar shampla an Bhreatain Bheag, Albain, an Nua-Shéalainn, Tír na mBascach agus Ceanada. Chomh maith leis sin, chomhoibrigh An Roinn Oideachais agus Scileanna leis An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, le comhlachtaí ar nós An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus le taighdeoirí neamhspleácha ar mhaithe leis na moltaí a thabhairt chun cinn.

Sa tréimhse sé mhí amach romhainn, beidh comhairliúcháin ar na moltaí ar siúl. Beidh suirbhé, cruinnithe le páirtithe leasmhara, agus fóram san fhómhar i gceist leis seo.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire O’Sullivan: “Is ceist ríthábhachtach í seo do phobail Ghaeltachta, agus teastaíonn uaim a chinntiú go mbeidh polasaí againn mar ba cheart chun tacú leo. Tá obair thaighde déanta againn ach teastaionn uaim tuairimí scoileanna Gaeltachta agus tuairimí na bpobal Gaeltachta a fháil i dtaobh na moltaí seo, agus tá súil agam go nglacfaidh siad páirt sna comhairliúcháin atá le teacht.”

Nótaí don eagarthóir

Tá tuarascálacha ar an taighde cúlra agus an doiciméad polasaí ar fáil ag www.education.ie

Tá fáil ar an suirbhé comhairliúcháin

http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachtaí/Imeachtaí/Moltaí-Polasaí-Oideachas-Gaeltachta/Moltaí-Polasaí-Oideachas-Gaeltachta.html

– See more at: http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachta%C3%AD/Preasr%C3%A1itis/Preasr%C3%A1itis-2015/PR2015-05-05I.html#sthash.tSwvElnG.dpuf

Seimineár Oiliúna do Scoileanna: Buiséadú agus Cursaí Dlí

Bealtaine 6, 2015

Tá seimineár fiúntach á eagrú ag An Foras Pátrúnachta dá gcuid scoileanna ar bhuiséadú agus cúrsaí dlí. Tuilleadh eolais le fáil anseo http://www.foras.ie/aft-events/060515-seiminear-oiliuna-do-scoileanna-buiseadu-agus-cursai-dli/ 

« Previous PageNext Page »