Méid an Téacs

Scolaireachtaí do Chúrsa Teaghlaigh sa Ghaeltacht Iúil 2015

Aibreán 28, 2015

Tá Foras na Gaeilge ag cur 15 scolaireachtaí ar fáil do Chúrsa Teaghlaigh sa Ghaeilge atá a reachtáil ag Cumann an Phiarsaigh i nGaoth Dobhair le linn na seachtaine 18-25 Iúil 2015. Bronnfar 5 scolaireachtaí de luach €1000 an ceann agus 10 scolaireachtaí de luach €500 an ceann ar theaghlaigh a bhfuil suim acu freastal ar an chúrsa Gaeilge seo i nGaoth Dobhair.

Caitheann na teaghlaigh seachtain i nGaoth Dobhair ag freastal ar ranganna agus imeachtaí tré Ghaeilge a bheidh ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá a thuilleadh eolais faoin chúrsa féin ar an suíomh idirlíon www.piarsaigh.ie

Is ar theaghlaigh atá san earnáil Gaelscoilaíochta faoi láthair atá na scolaireachtaí dírithe, sé sin le rá do theaghaligh a bhfuil páiste ag freastal ar ghaelscoil, ar ghaelcholáiste nó scoil ina bhfuil oideachas tré Ghaeilge a chur ar fáil.

Beidh trí scolaireacht a bhronnadh ar an chlár Cóisir Cheoil (16.10-17.00) ar RTE RAIDIO NA GAELTACHTA gach lá ón Luan 11ú Bealtaine go Aoine 15ú Bealtaine. Éist leis an chlár le linn na seachtaine agus beidh an deis agat TÉACS a chur isteach le linn an chláir le bheith sa chrannchur do na scolaireachtaí.

Tá Cumann an Phiarsaigh go mór faoi chomaoin ag Foras na Gaeilge as an tacaíocht seo a thabhairt don chúrsa.
Is féidir eolas breise a fháil ó Joe Ó Gallchóir, stiúrthóir an chúrsa, ag 086 3048242 nó galljoe@eircom.net

Folúntas: Cúntóir Riachtanais Speisialta i gColáiste Mhuire, Baile Átha Cliath

Aibreán 28, 2015

Fáiltíonn Bord Bainistíochta Choláiste Mhuire, meánscoil lán-ghaelach i mBaile Átha Cliath 7, roimh iarratais ó iarrthóirí oiriúnacha don phost seo a leanas:
Cúntóir Riachtanais Speisialta (16 uair)

Is den riachtanas Gaeilge chomhráiteach a bheith ag iarraitheoirí. Taithí de bheith ag obair le páistí le titimeas buntáistiúil.
Ní mór litir iarratais, CV agus teistiméireachtaí carachtair / litreacha molta a sheoladh ar ríomhphost chuig pocolmhuire@gmail.com nó chuig an seoladh thíos:

Rúnaí an Bhoird Bainistíochta,
Coláiste Mhuire,
Br. Ráth Tó,
BÁC 7.

(Spriocdháta: Dé Máirt, 05/05/2015)
D’fhéadfadh gearrliostú a bheith i gceist.
Is fostóir comhionannais deiseanna é Bord Bainistíochta Choláiste Mhuire.

Folúntas: Gaelscoil Adhamhnáin, Co. Dhún na nGall

Aibreán 28, 2015

Tuilleadh sonraí ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19712/

Folúntas: Coláiste Mhuire, Baile Átha Cliath

Aibreán 28, 2015

Tuilleadh sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/11768/

Folúntas: Gaelscoil Bharra, Baile Átha Cliath

Aibreán 28, 2015

Tuilleadh eolais: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19696/

Folúntas: Gaelcholáiste Dhoire

Aibreán 28, 2015

Gaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, Contae Dhoire

Is meánscoil nuabhunaithe é Gaelcholáiste Dhoire atá ar tí an chéad iontógáil daltaí a ghlacadh isteach i Meán Fómhair 2015.
Is soláthar iar-bhunscoile ilchreidmheach, 11-19, uile-ábaltachta, comhoideachais, lán-Ghaeilge é Gaelcholáiste Dhoire. Tá d’aidhm ag Gaelcholáiste Dhoire bheith ina sholáthar páiste-lárnach a riarfaidh ar riachtanais agus ar mhianaidhmeanna na ndaltaí uilig i dtimpeallacht tumoideachais dhinimiciúil agus spreagúil. Beidh an suíomh teanga seo mar bhonn tacaíochta faoi sholáthar barrfheabhais san oideachas le béim ar smaointeoireacht neamhspleách, anailíseach agus chruthaitheach. Tá an Ghaeilge luachmhar ag Gaelcholáiste Dhoire mar ghné atá riachtanach le féintuiscint, comhthuiscint, forbairt shamhlaíoch agus meas ar éagsúlacht chultúrtha a bhaint amach. Beidh Gaelcholáiste Dhoire ina scoil phobail a chothóidh naisc láidre leis an phobal Gaeloideachais áitiúil agus leis an phobal i gcoitinne.

DHÁ PHOST TEAGAISC (Lánaimseartha)
Tá beirt mhúinteoirí á lorg ag Gaelcholáiste Dhoire le bheith mar chuid d’fhoireann dhíograiseach, dhinimiciúil agus spreagúil. Bheadh Bord Gobharnóirí Ghaelcholáiste Dhoire sásta socrú a dhéanamh le múinteoir a ghlacadh ar thréimshe iasachta.Dáta deiridh: 5pm an 6 Bealtaine Agallaimh: an 10 Bealtaine.

Critéir riachtanacha:

• Bheith cáilithe mar mhúinteoir agus cláraithe le Comhairle Ghinearálta Teagaisc Thuaisceart Éireann (GTCNI) faoin am a dtosófaí sa phost
• Ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa
• Eolas inléirithe ar an oideachas lán-Ghaeilge agus ar phrionsabail an tumoideachais
Critéir Inmhianaithe:
• Cáilithe le dhá abhar ar a laghad a theagasc ag Eocharchéim 3
• Taithí ag cur le gníomhaíochtaí seach-churaclaim
• Taithí ag teagasc i suíomh tumoideachais
• Taithí ag déanamh soláthair do riachtanais speisialta oideachais

OIFIGEACH SINSIREACH CLÉIREACHAIS AGUS FORBARTHA
Tá duine díograiseach á lorg ag Gaelcholáiste Dhoire le bheith i mbun cúrsaí riaracháin chomh maith le forbairt acmhainní a chomhordú.
Dáta deiridh: 5pm an 13 Bealtaine 2015
Agallaimh: an 20 Bealtaine 2015
Grád: Oifigeach Sinsireach Cléireachais agus Forbartha SCP 18-25
Uaireanta: 36 in aghaidh na seachtaine (£17,333- £21,734 in aghaidh na bliana)

Critéir riachtanacha:

• Ardscileanna cumarsáide i nGaeilge agus i mBéarla (labhartha agus scríofa)
• Ardchumas ríomhaireachta – ábalta Microsoft Office a úsáid
Critéir inmhianaithe:
• Táithí ar riarachán agus/nó ar obair oifige
• Cáilíocht 3ú leibhéil
• Táithí ag obair in earnáil na gaelscolaíochta nó in earnáil na Gaeilge ar feadh tréimhse sé mhí ar a laghad
• Cumas a léiriú, le cáilíocht nó le taithí, cur le gníomhaíochtaí seach-churaclaim nó TFC a éascú

NB: Do na poist seo déanfar measúnú ar chumas Gaeilge na n-iarrthóirí le linn an agallaimh.
Beidh sé de cheart ag an phainéal ceapacháin cur leis na critéir gearrliostaithe leis an ghearrliostú a éascú.

Is féidir foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphost a chur chuig Cathaoirleach an Phainéil Ceapacháin, ag gaelcholaistedhoire@gmail.com NÓ clúdach A4 a bhfuil seoladh agus stampa mór den chéad ghrád air (cinntigh go bhfuil an postas ceart air) a chur chuig Niall Ó Catháin, Cathaoirleach an Phainéil Ceapacháin, Gaelcholáiste Dhoire, f/ch An Carn, 132A Bóthar Thír Chiana, Machaire Rátha, Co. Dhoire, BT46 5NH

NÍ GHLACFAR LE hIARRATAIS MHALLA

Is fostóir comhdheise é Gaelcholáiste Dhoire Teoranta agus fáiltítear roimh iarratais ó iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu gan beann ar chreideamh, inscne, míchumas, cine, dearcadh polaitíochta, aois, gnéaschlaonadh nó cé acu atá nó nach bhfuil cleithiúnaithe acu. Is ar bhonn fiúntais amháin a mheasfar gach iarratas.
Tá poist a bhaineann le hobair in institiúidí oideachasúla faoi réir fhorálacha an Ordaithe um Chosaint Páistí agus Daoine Fásta Leochaileacha (TÉ) 2007.

Folúntas: Gaelcholaiste Luimnigh

Aibreán 28, 2015

Tuilleadh sonraí ag:  http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/11762/

An tUachtarán le cuairt a thabhairt ar Ghaelscoil Mhichíl Uí Choileáin

Aibreán 28, 2015

Scéal iomlán ag:  www.southernstar.ie

Folúntais le COGG: Comórtas oscailte chun Oifigigh Oideachais a cheapadh

Aibreán 24, 2015

Oifigigh Oideachais COGG

Dhá dhráma 1-ghníomh á léiriú ag Aisteoirí Bulfin i mBaile Átha Cliath

Aibreán 22, 2015

Beidh dhá dhráma 1-ghníomh á léiriú ag Aisteoirí Bulfin i mBaile Átha Cliath Déardaoin agus Dé hAoine na seachtaine seo, ‘Cúirt an Mheán Oíche’ agus ‘Cruachás’.

Ionad: Scoil Bhríde, Bóthar Feadha Cuileann, Raghnallach (Luas chuig Coill na Feá; busanna 11, 18, 44, 61; páirceáil sráide amháin – ní bheidh aon spás páirceála istigh san ionad féin)
Dátaí: 23 agus 24 Aibreán (Déardaoin agus Aoine)
Am: 8pm
Ticéid: €10 (€8 do mhic léinn agus do phinsinéirí) – le ceannach ar an oíche
Clár: ‘Cruachás’ le Celia de Fréine, agus ‘Cúirt an Mheán Oíche’ le Brian Merriman, drámaithe ag Celia de Fréine

Eolas agus lascainí do ghrúpaí: 087 2940476

« Previous PageNext Page »