Méid an Téacs

Folúntas: Gaelscoil Chluain Dolcáin

Lúnasa 29, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Fáiltíonn Gaelcholáiste an Phiarsaigh roimh a chéad daltaí!

Lúnasa 29, 2014

Osclaíodh doirse Ghaelcholaiste an Phiarsaigh den chéad uair ar an Máirt, 26 Lúnasa 2014. Tá an Gaelcholáiste nua seo lonnaithe sa Mhainistir ar bhóthar na Gráinsí i Ráth Fearnáin.

“Faigheann foighid faoiseamh” a deirtear agus bhí pobal an Ghaelcholáiste thar a bheith foighneach ach ar bís ag fanacht ar an lá stairiúil seo,”arsa Joe Mac Suibhne, príomhoide na scoile.

“Tá creidiúint mhór ag dul do Choiste bunaithe na scoile, do phátrún na scoile, An Foras Pátrúnachta, don Roinn Oideachais agus Scileanna, don fhoireann deartha agus go háirithe don tógálaí Seán Ó Dúill, CTS Construction as an obair iontach athchóirithe atá déanta ar an bhfoirgneamh.”

Ba lá álainn an Mháirt inar chuir an príomhoide agus roinnt de na múinteoirí, An Múinteoir Fionnuala, An Múinteoir Pádraig agus An Múinteoir Rachel fáilte roimh na chéad scoláirí agus a dtuismitheoirí agus a ngaolta.

Ba chúis mhór bhróid a bhí in oscailt na scoile do Chathaoirleach an Bhoird, Lorcán Mac Gabhann agus do chomhaltaí eile an Bhoird a bhí i láthair ar an lá.

Labhair an príomhoide faoi thábhacht na hócáide agus faoin mbealach a bhfuil na scoláirí agus go deimhin pobal iomlán na scoile ar an tairseach idir aimsir atá caite agus an tréimhse lonrach gheal atá le teacht.

“Ainmníodh ionad/ halla fáilte na scoile mar ‘An Tairseach’ le meabhrú do phobal na scoile de shíor go bhfuil tábhacht leis an tairseach, go bhfuil neart le foghlaim ón stair ach go gcaithfear bogadh ar aghaidh sa todhchaí freisin.Beidh na háiseanna is nua-aimseartha den scoth in úsáid sa scoil chaomhnaithe seo,” arsa Mac Suibhne.

Bhí an méid seo le rá ag Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta: “Tá ceangal láidir leis an nGaeilge agus le hoideachas lán-Ghaeilge sa cheantar seo, le hIarsmalann an Phiarsaigh díreach suas an bóthar, áit ar rith Pádráig Mac Piarais Coláiste Éanna idir 1910 agus 1916.Tá an áthas orainn ar fad an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn tríd an scoil seo do na glúine amach romhainn.”

www.foras.ie

Leabhair nua ó Coiscéim

Lúnasa 28, 2014

An bhFaca Éinne Agaibh Roy Keane?

Gearrscéal do foghlaimeoirí agus déagóirí. Is saothar úr, neamhghnách, spreagúil é seo do dhaoine óga. Tá scéal ann a choinneoidh aird an léitheora óig ón gcéad chaibidil go dtí an chaibidil dheiridh. Má tá dúil millteanach agat sa sacar beidh dúil agat sa leabhar seo. Ficsean do aoisghrúpa 13-55. Sonraí anseo.

I bhFad ó Bhaile

Má shíl tú a mhór de ‘An bhFaca Éinne agaibh Roy Keane’, féach cad a d’imigh dár laoch ó shin . . . Seo an dara leabhair sa sraith ag leanacht ón leabhair roimhe faoi Roy Keane. Scéal oiriúnach do dhéagóirí agus foghlaimeoirí Gaeilge.Gearrscéal do foghlaimeoirí agus déagóirí. Is saothar úr, neamhghnách, spreagúil é seo do dhaoine óga. Tá scéal ann a choinneoidh aird an léitheora óig ón gcéad chaibidil go dtí an chaibidil dheiridh. Má tá dúil millteanach agat sa sacar beidh dúil agat sa leabhar seo. Sonraí anseo.

Céad lá scoile i nGaelcholáiste an Phiarsaigh!

Lúnasa 28, 2014

Ba mhór le Gaelscoileanna Teo. comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le daltaí, foireann agus coiste bunaithe Gaelcholáiste an Phiarsaigh, a d’oscail don chéad uair inniu. Guímis gach rath agus sonas ar phobal uile na scoile.

Tabhair cuairt ar shuíomh idirlín na scoile, www.gaelcholaiste.com, le haghaidh tuilleadh eolais. Tá níos mó grianghraf ón gcéad lá scoile le feiceáil ar Facebook.

Folúntas: Gaelcholáiste an Phiarsaigh

Lúnasa 28, 2014

Beidh Gaelcholáiste an Phiarsaigh ag earcú rúnaí gan mhoill. Beidh líofacht agus cruinneas i labhairt agus scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla ina bhunriachtanas don phost seo chomh maith le scileanna riaracháin. Bheadh buntáiste ag an té a bhfuil taithí aige/aici ar an gcineál oibre seo i scoil(eanna) eile.

Is fostóir comhionannas deiseanna é Gaelcholáiste an Phiarsaigh.

Seol litir iarratais maraon le CV chuig: priomhoide@gaelcholaiste.com ar/roimh an Aoine an 5 Meán Fómhair, 2014 ag 4.00i.n.

Folúntas: Coláiste Chineál Eoghain

Lúnasa 28, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Folúntas: Gaelcholáiste Phort Lairge

Lúnasa 28, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Folúntais: Scoil Chaitríona

Lúnasa 28, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie:

 

 

Folúntas: Scoil an Duinnínigh

Lúnasa 26, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Ceistneoirí Ar-líne do Mhúinteoirí/Theagascóirí (An Roinn Oideachais & Scileanna)

Lúnasa 26, 2014

Déanann an Chigireacht clár meastóireachtaí i scoileanna agus ionaid oideachais. Tugann an próiseas meastóireachta deis thábhachtach do mhúinteoirí chun machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas féin, ar láidreachtaí an tsoláthair a dhéanann an scoil/ionad agus ar ghnéithe den tsoláthar sin gur féidir iad a fheabhsú. Is mór don Chigireacht tuairimí múinteoirí agus, mar chuid den mheastóireacht atá á déanamh i do scoil/ionad, iarrtar ort ceistneoir ar-líne a chomhlánú faoi do chleachtas féin agus faoi chúrsaí oideachais sa scoil/ionad go ginearálta.

Is mór ag an gCigireacht do chomhoibriú i gcomhlánú an cheistneora mar is cuid thábhachtach é den mheastóireacht. Ba chóir nach dtógfadh sé níos mó ná 10-15 nóiméad chun an ceistneoir a chomhlánú agus beidh do chuid freagraí gan ainm agus faoi rún. Tabharfaidh na cigirí cóip de na sonraí comhbhailithe don scoil/ionad.

Chun an ceistneoir a chomhlánú, iarrtar ort:

An ceistneoir cuí a roghnú (féach thíos)

Ainm úsáideora agus pasfhocal a chur isteach (cuireadh ainmneacha úsáideora agus pasfhocail ar fáil dod’ scoil/ionad)

Moltar an ceistneoir a chomhlánú i seisiún amháin. (Dúnfar an ceistneoir má fhágtar ar feadh tamaill é gan sonraí a chur isteach. Má thárlaíonn sé seo, ní bheidh tú ábalta an ceistneoir a oscailt arís ar feadh 10 nóiméad.)

Ní mór an ceistneoir a chomhlánú roimh 5 i.n. ar an Aoine roimh an meastóireacht in-scoile.

Tabhair faoi deara, le do thoil, má tá seanbhrabhsálaí in úsáid agat (Internet Explorer 6 nó níos sinne, nó seanleagan de Firefox) tá seans ann go bhfeicfidh tú teachtaireacht earráide ag rá go bhfuil tú ag déanamh nascleanúna i dtreo láithreán gréasáin atá gan shlándáil. Moltar duit neamhaird a dhéanamh den teachtaireacht seo mar tá sé deimhnithe go bhfuil an láithreán cosanta go hiomlán.

Cliceáil ar an nasc cuí ar www.education.ie chun an ceistneoir a chomhlánú.

« Previous PageNext Page »