Saving the Irish language is easy
Feabhra 24, 2014
In three years we could have as many Irish speakers as Iceland’s population. If the 800,000 Irish school kids had a choice, more than half would go to a Gaelscoil – voluntarily.
Demand is simply not met. There are toddlers picking up the language in three years. It won’t take long to turn this around.
Irish immersion schools, Gaelscoils, get top grades, because bilingual education is good for the brain. The waiting lists are a mile long.
Once we recognize how easy it is to save the language, through the successful Gaelscoils, we can all get behind them. Learning Irish may be daunting to some of us adults, but there’s no reason we can’t be wise and embrace our language and ensure the next generation has their right to an Irish-medium education.
Nasty anti-Irish talk is a symptom of an unhealthy complex. We need to get over it. No one should be guilty or made feel guilty for the historical circumstances that beat Irish up to give us English. That’s no excuse though for glib talk about how their spoken, living and literary native language is dead. We can be European for real, and love our language.
Ireland gained independence to be a sanctuary for Irish. It makes some of us anxious to think we have to learn Irish. To do our bit, we just have to be positive, and put pressure on the government in Dublin to support what most of us want – a thriving culture. We may not become Irish speakers, but our children can be. That means we tell politicians we want our Irish-medium schools supported. There’s no better way to assert our future, or ensure our rights to Ireland as our homeland.
Irish is waiting on the rest of us: in our names; our genes; in the landscape.
Despite the school day blues, Irish is an ironically popular and sexy language.
Gaelscoils have 45,000 students right now. The waiting lists are a mile long. If only half the Irish school kids got the access they want, Ireland would have an unquestionably strong 500,000 daily speakers. It already has more speakers than cold statistics convey.
Icelandic has only 330,000 speakers, but none of the unhealthy bickering about the language’s death.
If Dublin let the schools happen, we could feel a little more secure in the world about the future of the Irish people. What does it cost? Irish teachers speaking Irish instead of English is not expensive. No big deal. No big cost.
There is nothing dead about Irish. To say so is a willfully ignorant meme that gets curmudgeons excited. The fact of the matter, however, is that dead people don’t talk.
Death talk is just a tactic, or philosophical-orientation, to kill it. Irish has great, globally popular support. It just needs more kids to have proper access to it.
Irish kids having immersion schools is a right. The Irish state was founded to assure that right, and other rights too, but that one is pretty clear. Ireland is a sanctuary for Irish. Duh. (Is that an Irish word?)
We all wish the old educational system hadn’t had its mean teaching monopoly for so long. Hebrew was luckier and went from a few rabbis speaking it to 9,000,000 in a generation.
Irish is getting it right now. It just needs Dublin to meet demand and let kids go to Gaelscoils.
If Ireland is not a sanctuary for the Irish language, then it will become culturally assimilated like Idaho. There are very few Irish people who really want that fate.
If you can’t learn Irish then help the kids who do to do so. There should be no Gaelscoil waiting lists. If an adult doesn’t have time to learn the language, he or she does have time to support Irish-medium schools, the highly successful – but wrongly curtailed – Gaelscoileanna.
www.irishcentral.com
Obair pháirtaimseartha do mhúinteoirí Gaeilge
Feabhra 20, 2014
Tá painéal á chur le chéile ag Gaelchultúr de mhúinteoirí Gaeilge a bheidh ar fáil (go háirithe i rith an lae) le bheith ag múineadh ar chúrsaí an chomhlachta do dhaoine fásta.
Cáilíocht riachtanach: bunchéim sa Ghaeilge nó san oideachas
Cáilíochtaí inmhianaithe: céim mháistir sa Ghaeilge, cáilíocht mhúinteoireachta
Má tá spéis agatsa san obair seo agus má tá na cáilíochtaí cuí agat, seol CV agus litir iarratais chuig Riarthóir Ghaelchultúir, Róisín Ní Mhaolchallann, ag roisin@gaelchultur.com.
Foisithe ar Gaelport.com
Stiúrthóir Naíonra
Feabhra 20, 2014
Stiúrthóirí Breise ag teastáil ó Naíonra Céimeanna Beaga, Inis, on 25ú lá Lúnasa 2014 ar aghaidh.
Cáilíochtaí: ‘B.Ed’ nó céim 8 i gcúram leanaí & oideachas na luathbhlianta.
Líofacht sa Ghaeilge riachtanach.
Litir iarratais, C.V. agus litreacha molta chuig:
Naíonra Céimeanna Beaga,
f/ch Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg.
Gleann Aibhne,
Bóthar an Ghoirt,
Inis,
Contae an Chláir.
Roimh an 31ú lá Márta 2014.
Foilsithe ar Gaelport.com
Lá Mór ar shráideanna Átha Cliath
Feabhra 20, 2014
Bhí Gaeltacht Chonamara agus pobal Gaeilge chontae na Gaillimhe fud fad an chontae go láidir i measc an tslua ollmhór a thug aghaidh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite do Lá Mór na Gaeilge.
Is ceiliúradh teaghlaigh agus mórshiúl ollmhór ar son chearta teanga a bhí i Lá Mór na Gaeilge, agus tharraing an mórshiúl pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus Bhéarlóirí le dea-mhéin don teanga amach ar na sráideanna sna mílte lena dtacaíocht a léiriú don Ghaeilge. Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge “Tá Conradh na Gaeilge fíorbhuíoch do na sluaite a tháinig amach sna mílte ar shráideanna Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn chun seasamh a ghlacadh ar son a gceart teanga, agus chun tacaíocht an phobail don Ghaeilge a léiriú do na Rialtais thuaidh theas, go háirithe i bhfianaise na drochaimsire a bhí againn ar fud na tíre le seachtain anuas.
“Bhí gach duine den deich míle duine a d’fhreastail ar Lá Mór na Gaeilge sásta seasamh a ghlacadh ar son na teanga agus iad ag gníomhú chun todhchaí dár dteanga a chinntiú. Tá an dúshlán curtha ag lucht Lá Mór na Gaeilge ar na Rialtais thuaidh agus theas anois – an bhfuil siadsan sásta todhchaí a roghnú don Ghaeilge agus gníomhú ar ár n-éilimh láithreach?”
Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge “Níl pobal na Gaeilge agus Gaeltachta thuaidh theas sásta le ceachtar an dá Rialtas mar gheall nach bhfuil siad ag tacú leo nó ag soláthar cosaint dlí sásúil dá gcearta bunúsacha daonna lena dteanga a úsáid. Níl sa mhórshiúl seo ach tús an fheachtais chun cothrom na Féinne a bhaint amach do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud an oileáin.”
www.advertiser.ie/galway
Slán leis an gcoimisinéir teanga
Feabhra 20, 2014
Eagraíodh Lá Mór na Gaeilge sna sála ar fhógairt Sheáin Uí Chuirreáin go mbeadh sé ag éirí as oifig mar Choimisinéir Teanga, mar gheall ar easpa tacaíochta an Rialtais ó dheas do chearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.
Is é an Domhnach seo chugainn, 23 Feabhra, an lá deireanach do Sheán Ó Cuirreáin ina phost mar Choimisinéir Teanga, tar éis dó deich mbliana a chaitheamh ag obair le dúthracht ag iarraidh ar an státchóras freastal mar is cuí ar phobal na Gaeltachta is ar phobal na Gaeilge. Beidh deis ag daoine i gConamara agus i nGaillimh an meas atá acu ar Sheán a léiriú ar an Domhnach seo chugainn, nuair a bhaileoidh daoine taobh amuigh dá oifig sa Sídheán, an Spidéal, le litir a thabhairt dó ag gabháil buíochais leis faoina chuid oibre. Ina dhiaidh sin máirseálfar chomh fada le Roinn na Gaeltachta, áit a mbeidh litir don Aire Stáit, Dinny Mc Ginley, á shíneadh isteach ag iarraidh air féin agus ar an rialtas deireadh a chur leis an gcur i gcéill agus díriú ar na baic atá ag an státchóras freastal mar ba cheart ar lucht labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht ina dteanga féin.
Tá eolas breise faoi imeachtaí an Domhnaigh le fáil ó 091 593185, 086 4048881 nó 091 567824.
www.advertiser.ie/galway
Bain cáilíocht idirnáisiúnta amach sa Ghaeilge
Feabhra 20, 2014
Ar mhian leat dearbhú a fháil maidir leis an leibhéal Gaeilge atá agat? Tapaigh an deis sa bhliain 2014 le scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG).
Is córas scrúdaithe é TEG d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Tá baint aige leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha.
Tá éileamh leanúnach ó fhoghlaimeoirí agus ó mhúinteoirí Gaeilge ar cháilíocht TEG atá aitheanta ag an Roinn Oideachais, Forbairt Naíonraí Teoranta, Coimisiún Fulbright, An Garda Síochána agus eagraíochtaí eile.
Tá sé fógartha ag Ionad na dTeangacha Ollscoil na hÉireann Má Nuad go mbeidh scrúduithe Gaeilge á reáchtáil i naoi n-ionad ar fud na tíre agus thar lear i Nua Eabhrac, Prág, Páras agus Ottawa.
Tá gné nua ag baint leis an gcóras scrúdaithe le cúpla bliain anuas a dhíríonn ar scileanna labhartha amháin. Is féidir páirtchreidiúint TEG a bhaint amach agus an scrúdú cainte amháin a dhéanamh ag gach leibhéal. Is buntáiste mór é an pháirtchreidiúnt seo do dhaltaí meánscoile atá ag réiteach do scrúduithe cainte Gaeilge mar aon le daoine fásta a bhfuil cumas láidir labhartha acu.
Beidh scrúduithe 2014 ar siúl i mí Aibreáin, Bealtaine agus Meitheamh. Is é an spriocdháta d’iarratais ná 21 Feabhra 2014 do na meánscoileanna agus 14 Márta 2014 d’iarrthóirí eile.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.teg.ie nó glaoch a chur ar (01) 708 3737.
Foilsithe ar Gaelport.com
Irish language under threat
Feabhra 19, 2014
A chara, – I congratulate Rónán Ó Domhnaill on his nomination to the post of Language Commissioner (Pól Ó Muirí, February 11th). But I do not envy him.
Although the language and the Gaeltacht are cultural and economic resources which can, and do, benefit all on this island, and belong to all, both are under threat. The Gaeltacht is a rural area, and contact with the State is pervasive and frequently intrusive. The outgoing commissioner has documented and demonstrated that, despite the rhetoric, the State has long imposed compulsory English on the Gaeltacht for those who must avail of its services to live.
The Official Languages Act was intended to stem that erosion. However, it has been undermined by a niggardly implementation or by being ignored. The Act has been under review for two years now – and is likely to be further weakened when amended. Indeed, the Government has already announced the dismantling of the language commissioner’s independence by subsuming the office into that of the Ombudsman – one of the offices subject to oversight by the commissioner, and an important one at that as it deals with the public. As I believe the Gaeltacht and the language are important to the future of this country and State, and are part of all our heritage which deserves to be invested in to the benefit of all, I took part in Lá na Gaeilge on Saturday to urge the Government to reconsider and invest in rather than further erode the Gaeltacht.
I was heartened to find myself in a crowd of thousands, which I see as encouragement for the incoming language commissioner in his task of vindicating the rights of Irish speakers, by ensuring that government departments meet their legislative commitments generously and sensibly. I hope too that the Government will also take heed, and implement its promises in the 20-year strategy in a sensible and effective manner. – Is mise, le meas
AONGHUS Ó hALMHAIN,
Páirc na Seilbhe,
Baile an Chinnéidigh,
Co Chill Mhantáin.
www.irishtimes.com
Agóid ‘Slán le Seán’ ar an Domhnach
Feabhra 19, 2014
Tá máirseáil agóide eagraithe i gConamara faoin téama ‘Slán le Seán’ ar an Domhnach seo chugainn, 23 Feabhra 2014, an lá deireanach do Sheán Ó Cuirreáin ina phost mar Choimisinéar Teanga. Tá deich mbliain caite aige ag tathaint ar an státchóras cloí leis an reachtaíocht maidir le seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge. Sa deireadh d’éirigh sé as oifig de bharr frustrachas leis an easpa dul chun cinn. Ag fógairt go raibh sé le éirí as an bpost, dúirt sé gurb é an rogha a bhí aige ná ‘seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill.’
Tá lucht eagraithe na hagóide ag iarraidh ar dhaoine bailiú le chéile ag 2i.n taobh amuigh de Oifig an Choimisinéara sa Sídheán, An Spidéal i gCo. na Gaillimhe agus is siúlóid tuairim is sé ciliméadar atá i gceist.
Ar an Domhnach tabharfar litir ar lámh do Sheán Ó Cuirreáin, ag gabháil buíochais leis faoina chuid oibre le deich mbliain anuas. Tá sé i gceist ansin ag an lucht agóide siúl soir chomh fada le oifigí Roinn na Gaeltachta, áit a mbeidh litir á shíneadh isteach don Aire Stáit, Dinny Mc Ginley,ag cur míshástachta pobal na Gaeltachta is na Gaeilge in iúl dhó agus ag iarraidh air féin agus ar an rialtas, deireadh a chur leis an gcur i gcéill agus díriú ar na bacanna atá ag an státchóras freastal mar ba cheart ar lucht labhartha na Gaeilge, sa Ghaeltacht ina dteanga féin. Tá sé i gceist ina dhiaidh sin filleadh ar Tigh Phádhraicín in aice láimhe le haghaidh sólaistí agus seisiún amhránaíochta is ceoil.
Is féidir níos mó eolais a fháil faoin máirseáil ar an Domhnach trí glaoch ar (091) 593185 nó (086) 4048881.
Foilsithe ar Gaelport.com
Moltar an mórshiúl
Feabhra 19, 2014
Moltar na mílte. Moltar Lá Mór na Gaeilge.
Is go réidh a thagann na focail “ardú meanman” agus “tógáil croí” chun béil agus tú ag amharc ar na mílte – suas go 10,000 duine, de réir lucht eagraithe – a shiúil i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn agus iad “dearg le fearg” ar son na teanga.
Cur i gcuimhne Ní miste cur i gcuimhne do pholaiteoirí, do na meáin chumarsáide agus leoga, do na Gaeilgeoirí gairmiúla féin, go bhfuil fíordhaoine ar son na Gaeilge. Beidh mórán daoine ar cás leo an teanga ar son na n-éileamh atá lucht eagraithe na hócáide, Conradh na Gaeilge: seirbhís Stáit as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta faoi dheireadh 2016; seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla; Acht Gaeilge a achtú ó thuaidh; Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach.
Sásta Is ait an mac é saol na Gaeilge, gan amhras. Dá rachfá siar 100 bliain agus a rá le lucht na Gaeilge an t-am sin go mbeadh críochdheighilt in Éirinn ach go mbeadh an Ghaeilge aitheanta mar chéad teanga oifigiúil de chuid an Stáit seo, go mbeadh an teanga á teagasc in áiteanna iargúlta ar fud na hÉireann, go mbeadh aicme ollscoile le Gaeilge agat, chan amháin in Éirinn ach thar lear, go mbeadh an teanga á labhairt go fóill – más ar éigean é – i mórán ceantar Gaeltachta, go mbeadh nasc idirnáisiúnta idirlín ar fáil do lucht labhartha na teanga, agus go mbeadh feidhmeannaigh ag plé leis an teanga go laethúil, nach orthu a bheadh gliondar? An mbeadh siad den bharúil go raibh toradh mar ba cheart ar a gcuid iarrachtaí?
Déarfainn go mbeadh mórán acu sásta; déarfainn nach gcreidfeadh mórán acu an cruth atá anois ar chúrsaí, gur ar éigean a chreidfeadh siad a raibh déanta – rud nach ionann agus a rá nach mbeadh siad ag máirseáil arís. Nach é sin an donas a bhainean leis an teanga? Tá an oiread sin bainte amach ach, ina ainneoin sin, braitheann mórán de lucht na Gaeilge nach leor é, nach fada uainn uilig bá an Bhéarla. Tá sin intuigthe agus ní gan chúis atá an imní. Mar sin féin, is é an dara donas a bhaineann leis an Ghaeilge nach cumhacht a bhíonn i gceist léi ach cúram, cúram leanúnach trom nach n-imíonn in am ar bith, nach n-éiríonn níos éadroime in am ar bith. Fadhb Ní luaithe fadhb amháin sáraithe go dtagann an dara fadhb; ní luaithe freagra tugtha ar cheist amháin go gcuirtear an dara ceist.
Streachailt gan stad gan staonadh agus ní fearg a choinníonn an dé ionat ach stuaim dháigh.
Agus na daoine nach bhfuil Gaeilge acu, amharcann siad ar lucht na teanga mar a bheadh scata Trekkies iontu, iad ag éirí tógtha le fantaisíocht Ghaelach éigin nach ann di i ndáiríre. Bíonn cuid acu múinte, cuid eile drochmhúinte. Bíonn cuid acu fiosrach agus mórán eile aineolach. Ach ní bréag a rá gur ar éigean a roinneann lucht na Gaeilge agus lucht an Bhéarla an pláinéad céanna, gan a bheith ag caint ar an tír chéanna. Moltar an mórshiúl. Moltar na mílte. Moltar Lá Mór na Gaeilge. Níl le déanamh anois ach an cheist, an chúis, an crá croí, a chur os comhair an phobail agus na bpolaiteoirí, bíodh Gaeilge acu nó ná bíodh, go ceann 364 lá eile. Agus is maith go bhfuil daoine lán misnigh ann le tabhairt faoin fhéilire sin a líonadh.
www.irishtimes.com
Cúrsa sa Saibhreas Teanga
Feabhra 19, 2014
Cur síos ar an gcúrsa:
Is cúis dóchais d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, go bhfuil an Ghaeilge fós beo beathach sa Ghaeltacht agus í á labhairt ag scoth na gcainteoirí. Chuige sin, tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag eagrú cúrsa seachtaine atá dírithe ar shaibhreas agus ar shaíocht na Gaeilge i nGaeltacht Chonamara.
Beidh an bhéim ar nádúr na Gaeilge – stór focal, nathanna agus leaganacha cainte dúchasacha, dul na Gaeilge, tráthúlacht agus deisbhéalaíocht etc. agus cruinneas teanga.
Beidh scoth na gcainteoirí agus na dteagascóirí ag roinnt a gcuid eolais le rannpháirtithe an chúrsa agus beidh neart deiseanna ann cur agus cúiteamh a dhéanamh faoi chúrsaí foclóra, foghraíochta, nádúr na cainte agus go leor eile!
D’fheilfeadh sé seo do dhaoine
- a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus cleachtadh acu ar í a labhairt
- a rinne an Dioplóma sa Ghaeilge, céim sa Ghaeilge nó a bhain amach cáilíocht acadúil sa Ghaeilge
- atá ag múineadh
- atá ag obair sna meáin chumarsáide
- a bhfuil suim acu i gCanúint Chonamara
- a bhfuil leaganacha cainte agus nathanna dúchasacha ligthe i ndearmad acu
- a airíonn go bhfuil an iomarca Béarlachais trína gcuid cainte
- atá ag tógáil a gclann le Gaeilge agus ar mhaith leo go mbeadh canúint na háite agus Gaeilge nádúrtha ag a gcuid gasúr
NB Ní fheilfeadh an cúrsa seo do dhaoine atá fós ag foghlaim na teanga.
Dátaí: 30 Meitheamh – 04 Iúil 2014
Costas: €260 (táille teagaisc)
Tuilleadh eolais: cursaigaeilge@oegaillimh.ie
nó
An Rúnaí, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Foilsithe ar Gaelport.com