Tairbhe na Gaeilge le plé i bPort Láirge agus i gCeatharlach
Feabhra 3, 2014
Seimineár do scoláirí ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ ag teacht chuig Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus Óstán an Seven Oaks i gCeatharlach.
Cuirfear tús go luath le sraith an earraigh de sheimineáir fhostaíochta do dhaltaí sa cheathrú, cúigiú agus séú bliain in iar-bhunscoileanna ar fud na tíre arna eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Go dtí seo, ghlac os cionn 250 iar-bhunscoil agus suas le 8,500 dalta scoile páirt i mBuntáiste Breise na Gaeilge in ionaid éagsúla timpeall na tíre.
Cuirtear tús leis na seimineáir ag 10.00r.n agus pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus téann taithí na gcainteoirí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, le go gcuimhníonn siad ar an nGaeilge agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.
Ar Dé Céadaoin, 26 Feabhra, beidh an seimineár ar siúl sa Halla Éisteachta in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge atá lonnaithe ar Champas Bhóthar Chorcaí, agus ar an Déardaoin, 27 Feabhra, cuirfear an seimineár ar fáil in Óstán an Seven Oaks i gCeatharlach.
I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid spreagúil in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge ar 26 Feabhra beidh Máire Seosaimhín Breathnach atá fostaithe mar Oifigeach Gaeilge le Comhairle Contae Phort Láirge. Labhróidh Mairéad Ní Mhurchú atá ag obair mar Léiritheoir Stiúrthóir le Nemeton sa Rinn ar a cuid oibre sna meáin agus cúrsaí spóirt agus déanfaidh an fear gnó Cian Ó Conchúir, bunaitheoir an ghnó Sólás na Mara, cur síos ar a thaithí féin ag plé le gnó agus an Ghaeilge go laethúil agus freisin ar a phost mar fhisiteiripeoir le foireann shinsir Phort Láirge.
I measc na gcainteoirí eile beidh bean as Port Láirge Carrie Crowley. Bheadh aithne níos fearr ar dhaoine uirthi le déanaí ina ról sa sobalchlár Ros na Rún ar TG4. Déanfaidh Carrie cur síos ar na deiseanna éagsúla a thug an Ghaeilge di mar aisteoir, mar chraoltóir raidió, mar mhúinteoir agus mar láithreoir ar an gComórtas Eoraifíse in 1997.
Ar Déardaoin, 27 Feabhra, tabharfar aghaidh ar bhaile Ceatharlach áit a mbeidh lá iontach geallta do dhaltaí iar-bhunscoile Cheatharlach, Chill Chainnigh, Laoise agus Loch Garman.
Déanfaidh an t-aisteoir aitheanta Barry Barnes, as Loch Garman ó dhúchas, cur síos ar na doirse a d’oscail an Ghaeilge dó ó thaobh an aisteoireachta de. Bheadh aithne níos fearr ar dhaoine air mar ba é a ghlac ról athair Aifric sa chlár ‘Aifric’. Anuas air sin, ghlac sé páirt i Ros na Rún, Fair City, agus sna scannáin Veronica Guerin, Michael Collins, Kings mar aon le go leor eile.
Labhróidh Emma Uí Bhroin atá ag obair mar Oifigeach Forbartha Gaeilge le Glór Cheatharlach ar a cuid oibre leis an bpobal i gCeatharlach agus na tionscadail ar fad a bhíonn á reáchtáil acu ansin chun úsáid na Gaeilge a neartú i measc an phobail ar an mbaile.
Déanfaidh an tAbhcóide Cynthia Ní Mhurchú, bean de bhunú Cheatharlach, cur síos ar a post féin agus freisin tabharfaidh sí léargas iontach ar an seal a chaith sí mar láithreoir teilifíse le RTÉ agus ar an mbealach gur éirigh léi an Comórtas Eoraifíse a chur i láthair in 1994.
Tabharfaidh Liam Ó Néill, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael agus fear de bhunús Co. Laoise, léargas ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge i dtaobh an Chumann Lúthchleas Gael agus an tábhacht atá ann dó féin óráidí Ghaeilge a thabhairt mar aon le súil siar ar a thréimhse mar phríomhoide scoile.
Bíonn beagnach uair an chloig dírithe ar cheisteanna agus freagraí agus tugtar deis iontach do na scoláirí idirghníomhú leis na haoichainteoirí le linn an tseimineáir.
Más múinteoir scoile tú agus más spéis le do scoil páirt a ghlacadh i seimineár i do cheantar, déan teagmháil le Brígíd Ní Ghríofa, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun do scoil a chlárú go luath: 01 679 4780 nó brighid@comhdháil.ie
Tá míle fáilte roimh an bpobal freastal ar na seimineáir seo ach clárú roimh ré.
Foilsithe ar Gaelport.com
Póstaer Gaeilge le haghaidh comórtas Eircom do scoileanna
Feabhra 3, 2014
Bua na cainte ag Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2014!
Feabhra 3, 2014
Tá an-údar cheiliúrtha ag óráidithe óga ón Cheathrú Rua agus ó Dhún Dealgan, tar éis a mbua ag Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2014 ! Is ar an Déardaoin seo caite, 30 Eanáir 2014, sa Téatar Poiblí/Halla Scrúdaithe, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a reáchtáladh an ócáid ghradamúil seo, le tacaíocht ó Oifig Gaeilge an choláiste. Comórtas é seo a bhíonn ina spreagadh mór ó thaobh labhairt na Gaeilge de agus is cuid lárnach den oideachas in Éirinn é le breis is caoga bliain anuas. Cruthaíonn Comórtas Uí Chadhain ardán do na foirne díospóireachta is fearr ón nGaeltacht agus ó scoileanna dara leibhéal ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc agus ghlac os cionn 50 foireann páirt sna babhtaí éagsúla a bhí ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite.
Is é an rún a bhí á phlé sa chraobh shóisearach ná ‘Tá deireadh le ‘comhar na gcomharsan’ in Éirinn!’ Labhair foirne ó Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, Co. Chiarraí agus ó Cholaiste Eoin, Baile Átha Cliath, ar son an rúin, agus is foirne ó Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall agus ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe a bhí mar lucht fhreasúra acu. Bhí an-eolas ag na cainteoirí óga ar an ábhar, agus bhíodar uilig cumasach ag cur a gcuid argóintí os comhair an tslua mhóir a bhí i láthair ! Cúigear moltóir a bhí ar an bpainéal – Liam Mac a’Mhaoir, Colm Mac Lochlainn, Mícheál Ó Fathaigh, Caitríona Ní Bhaoill and Aingeal Ní Chonghaola – iarchainteoirí sa chomórtas a bhformhór. Bhí caighdeán chomh hard díospóireachta ann gur thóg sé tamall orthu teacht ar a mbreith. Bhí ríméad ar lucht tacaíochta Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, agus ach go háirithe ar a múinteoir bródúil, Máirín Ní Dhomhnaill, nuair a fógraíodh gurb acu a bhí an bua ! Is iad baill na foirne ná Mary Ellen Ní Fhatharta (captaen ), Clíona Ní Laoi agus Laila Ní Fhatharta. Éacht eile é seo don scoil, a bhfuil traidisiún láidir díospóireachta inti, mar gur thug foireann ón scoil an craobh shinsearach leo anuraidh ! .
I gcraobh na sinsear, bhí díospóireacht bhreá bhríomhar idir na cainteoirí arís ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath, mar aon le foirne ó Choláiste Naomh Feichín, Corr na Móna, Co. na Gaillimhe agus Coláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú. ‘Tá géarghá le páirtí nua polaitíochta i bPoblacht na hÉireann!’ an t-ábhar a bhí á scagadh ag na foirne, agus ba léir go raibh an-ullmhú déanta acu ar fad, le treoir mhaith óna gcuid múinteoirí. An t-am seo, is iad foireann Choláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú, na deartháireacha Mícheál agus Neasán Mac Suibhne, mar aon le Bearnard Ó Thoirealaigh ) a roghnaíodh mar bhuaiteoirí, agus bhí seacht gcroí orthu agus iad ag ardú an choirn ! Ba é Seán Ó Coigligh an múinteoir a stiúraigh an foireann tríd bhabhtaí uilig an chomórtais i mbliana.
Is í an tIar- Aire Rialtais, Mary Hanafin, a bhí mar aoichainteoir ag an ócáid, agus mhol sí na rannpháirtithe óga as bua na cainte a bheith acu uilig ! Agus í ag léiriú spéise ach go háirithe i dtuairimí na bhfoirne shinsearacha faoi páirtí nua polaitíochta a bheith de dhíth, dúirt Mary Hanafin nach raibh a hintinn déanta suas aici bealach amháin nó eile fós. Spreag sí na daoine óga le páirt a ghlacadh sa pholaitíocht, agus mhol sí go láidir dóibh, dá mbeidís ag iarraidh tionchar a imirt amach anseo, dul isteach i bpáirtí éigin, seachas fanacht neamhspleách.
Bronnadh buanchorn agus duais €1,000 ar na foirne buacacha agus duais €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí rannpháirteach sa chraobh. Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin, leis na duaiseoirí agus dúirt: “Bíonn tionchar fadsaoil ag na díospóireachtaí ar dhaltaí agus is minic a a théann iar-bhuaiteoirí chun cinn sa saol poiblí. Táimid buíoch de na múinteoirí a thug deis do na mílte daltaí páirt a ghlacadh iontu in imeacht na mblianta”. Mar chuid den duais i Roinn na Sóisear freisin, tugadh cuireadh do na curaidh, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, páirt a ghlacadh i ‘Ri Chéile’. Féile cainte is ea ‘Ri Chéile’ a reáchtálann Gael Linn gach bliain do chainteoirí óga Gaeilge/Gaidhlig i gcomhar le Comunn na Gaidhlig, Alba, le maoiniú ón eagras Colmcille. Tionólfar féile ‘Rí Chéile 2014’ in Albain san fhómhar.
Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie nó
Jamie Ó Tuama 01:6753308/jamieot@gael-linn.ie
Blitz iomána/camógaíochta trí mhéan na Gaeilge i mBaile na Scríne
Feabhra 3, 2014
Tá CLG Naomh Colm, Baile na Scríne ag reáchtáil blitz iomána/camógaíochta Dé Domhnaigh 9 Márta in ionad faoi dhíon Meadowbank i Machaire Fíolta i gContae Dhoire mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. 1.00 go 3.00 a bheadh i gceist ó thaobh ama.
Páistí atá ar an bhunscoil faoi láthair (Rang 5-7 nó aois 9-11 in 2013) atá i gceist, agus bheadh na foirne measctha (i) ó thaobh foirne cothroma agus (2) ó thaobh buachaillí agus cailíní ar an fhoireann amháin má tá sé sin ag fóirstean. Dá mbeadh go leor foirne ann thiocfadh le comórtas do na páistí is sine/fisiciúla a bheith ann agus comórtas eile do na páistí níos óige nó nach bhfuil a oiread sin taithí acu ar an iomáint/chamógaíocht.
Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt d’fhoirne i gceantair eile ina bhfuil bunscoileanna Gaeilge le teacht ann. Ní bheadh i gceist ach 5-6 pháiste le foireann amháin a chur le chéile, agus b’iontach an rud é foirne a fháil ón chúige ar fad le páistí le Gaeilge agus cóitseálaithe le Gaeilge a tharraingt le chéile don lá. Thiocfadh leo imirt faoi ainm an chlub nó faoi ainm na scoile, nó faoi ainm eile ar fad más fearr libh.
Cé go mbeidh buaiteoir i gceist, ní miste a áiteamh gurb í an teanga an t-aon ghné atá á thiomáint seo. Má bhíonn go leor foirne beaga ann don lá, beidh sé nó naoi bpáirc bheaga againn agus foirne ag imirt cluichí gearra 5-an-taobh ar an talamh in éadan a oiread foirne eile ar a leibhéal féin agus is féidir. Glactar leis gur i nGaeilge ar fad a bheas na himeachtaí á reáchtáil ó thaobh bainisteoirí, réiteoirí srl agus go gcuirfear in iúl do na páistí uilig gur imeacht Ghaeilge atá i gceist. Tuigeann cách cé chomh deacair is atá sé na páistí a chur ag úsáid na Gaeilge taobh amuigh den scoil, agus san áit a dtéann sé i bhfeidhm go mór orthu páistí eile a chluinstin ag caint i nGaeilge thig leis dul i bhfeidhm an bealach eile má fheictear dóibh gur Béarla go príomha atá á labhairt ag a gcéilí comhraic ag imeachtaí Gaeilge.
Tá an halla ar fáil agus curtha in áirithe againn anois. Bheinn iontach buíoch dá dtiocfadh libh a chur in iúl dom an síleann sibh go mbeadh sibh ábalta foireann nó foirne a thabhairt ann.
Ní bheadh táille do na foirne chun páirt a ghlacadh chomh maith leis sin bainfear úsáid as na camáin rubair an lá ar fad agus beidh achan rud ar an talamh chun cách a choinneáil sábháilte.
Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort, déan teagmháil liom ag:
Conchur73@hotmail.com
Conchúr Ó Muirí
Oifigeach Cultúir,
CLG Baile na Scríne
Ró éileamh ar na deontais d’imeachtaí idirscoile
Feabhra 3, 2014
Is oth linn a rá go bhfuil an buiséad d’imeachtaí idirscoile as seo go deireadh na bliana críochnaithe anois – bhí an-éileamh ar an scéim i mbliana agus tá breis agus 130 scoil le buntáiste a bhaint as sna míonna romhainn. Coinneofar liosta feithimh d’aon iarratas eile a thagann chugainn agus déanaimid ár ndícheall freastal ar an oiread dóibh agus gur féidir, go háirithe má tharraingíonn aon scoil ar ceadaíodh deontas dóibh cheana féin siar ón scéim, má chuirtear imeacht ar ceal nó má cheadaítear maoiniú sa bhreis don scéim.
Ba mhór linn cloisteáil ó scoileanna maidir le heagraíochtaí nó éascaitheoirí a chabhraigh leo imeachtaí trí Ghaeilge a reáchtáil ina scoileanna féin, coinnítear liosta dóibh ar www.gaelscoileanna.ie mar eolas do scoileanna eile. Is féidir an t-eolas a sheoladh ar ríomhphost chuig clare@gaelscoileanna.ie.
Ní thuigim a n-intinn
Feabhra 3, 2014
Ó mhí Mheithimh beidh sé eagras i mbun earnáil dheonach na Gaeilge.
Beidh ar 13 eagraíocht eile maoiniú a fháil áit éigin eile nó dul as feidhm. Níl ceann ar bith de na sé cinn lonnaithe sa Tuaisceart. Maorlathas ar mire é seo. Tá rath ar cuid mhaith den obair a rinne Foras na Gaeilge. Ach cad chuige nach féidir leo tógáil ar a bhfuil déanta acu? Chaill muid an nuachtán Foinse roinnt blianta ó shin. Ag an am sin bhí Foinse ar na páipéir ab fhearr sa tír seo. Bhí sé i bhfad níos fearr ná formhór na nuachtán Béarla. Bhí sé abalta scríbhneoirí den scoth a mhealladh. Bhí fadhbanna ag an pháipéar maidir le scaipeadh agus fógraíocht. Ach in áit cuidiú a thabhairt do Foinse, chuir Foras deireadh lena chonradh agus tugadh é do Gaelscéal.
Ní raibh taithí chuí ag foireann Gaelscéal agus chuir an Foras deireadh lena chonradh go luath. Níl nuachtán náisiúnta Gaeilge againn anois. (Foilsíonn an Indo forlíonadh beag gach Céadaoin agus sin é.) Bhunaigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge suíomh nuachta iontach proifisiúnta: Gaelport le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Soláthraíonn sé píosaí as na nuachtáin a bhaineann leis an Ghaeilge chomh maith le heolas ar imeachtaí Gaeilge. Tá an tseirbhís an-mhaith: tá éileamh uirthi, ach tá sí teoranta. Tá foireann ardcháilithe ag an Chomhdháil agus le maoiniú sa bhreis, bheadh siad ábalta an tseirbhís a fhorbairt. Ach anois beidh an Chomhdháil ar shiúl i gceann sé mhí agus de réir cosúlachta, beidh an tseirbhis seo ar shiúl fosta.
Tugadh drochúsáid don Tuaisceart. Mhol mé an obair thrasphobail a dhéanann Iontaobhas Ultach ar an cholún seo ar na mallaibh. Mhol mé chomh maith an obair iontach a dhéanann Altram in earnáil na réamhscolaíochta. Dúnfar oifig an Iontaobhais i mBéal Feirste agus caillfidh Altram cúig phost lánaimseartha agus post amháin páirtaimseartha. Beidh taithí, saineolas, fuinneamh agus díograis curtha amú mar gheall ar phlean maoinithe Fhoras na Gaeilge. Tá plean B de dhíth.
www.derryjournal.com
Eolas ón Roinn faoi gComhchlár Dioplóma Iarchéime um Fhorbairt Ghairmiúil Leantach do Mhúinteoirí
Feabhra 3, 2014
D’fhonn cabhrú leis na scoileanna agus na seirbhísí oideachais go léir agus iad ag freastal ar riachtanais mac léinn a bhfuil tacaíocht fhoghlama de dhíth orthu, agus ag múineadh mac léinn a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna maoiniú ar fáil ar mhaithe le soláthar líon áirithe Clár Iarchéime, mar seo a leanas:
- Comhchlár Dioplóma Iarchéime um Fhorbairt Ghairmiúil Leantach do Mhúinteoirí atá ag obair i dTacaíocht Foghlama agus Oideachas Speisialta – 2014/2015
- Clár Teastais/Dioplóma Iarchéime um Fhorbairt Ghairmiúil Leantach do Mhúinteoirí ag obair le Scoláirí le Riachtanais Speisialta Oideachais (Neamhoird Speictrim Uathaigh
- Teastas Iarchéime in Oideachas Scoláirí le Neamhoird Speictrim Uathaigh orthu (NSUanna) le haghaidh múinteoirí ag obair le Scoláirí le NSUanna orthu i Scoileanna Speisialta, i Ranganna Speisialta nó mar Mhúinteoirí Acmhainne i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna sa phríomhshruth – 2014/2015
Tá na Ciorcláin agus na foirmeacha iarratais do na cláir seo (thíos) le fáil chomh maith ar shuíomh gréasáin na Roinne www.education.ie. Is ceart foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh chuig an gColáiste nó an Ollscoil is rogha duit agus iad a bheith faighte ansin tráth nach déanaí ná 5 p.m. ar 28ú Feabhra 2013.
Leaganacha Gaeilge:
- Circ A 0001 2014 CombPGDSEN Gaelige for web
- Circ B 0003 2014 SPD Grad Cert ASDs Gaelige for web
- Circ C 0002 2014 St Angelas PG Cert Dip ASDs Gaelige for web
Leaganacha Béarla:
- Circ A 0001 2014 CombPGDSEN English for web
- Circ B 0003 2014 SPD Grad Cert ASDs English for web
- Circ C 0002 2014 St Angelas PG Cert Dip ASDs English for web
Comórtas Réalt Uladh 2014
Feabhra 3, 2014
Baileoidh Gaeil óga Chúige Uladh i Leitir Ceanainn ar Dé Sathairn, 1 Márta 2014 áit a reáchtálfar Réalt Uladh 2013.
Beidh idir léitheoirí, amhránaithe, scríbhneoirí agus aisteoirí ag cur taispeántas ar siúl mar chuid den chomórtas a bheidh ar siúl in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.
Is comórtas bliantúil é Réalt Uladh a bhfuil sé mar aidhm aige muinín sa Ghaeilge labhartha agus spéis sa chultúr Gaelach a spreagadh i measc pháistí óga i gCúige Uladh.
Is ócáid mhór é Réalt Uladh i bhféilire na scoilbhliana agus glacann na céadta daltaí scoile páirt ann gach bliain. Reáchtáiltear an comórtas trí mheán na Gaeilge agus cuirtear fáilte roimh iomaitheoirí ar gach cineál cumais ón Naíscoil suas go Bliain 8 sa bhunscoil.
Táthar ag súil go leanfaidh rath an chomórtais i mbliana agus líon na rannóg sínte anois le freastal ar éileamh na n-iontrálacha.
Beidh na céadta páistí naíscoile agus bunscoile ag glacadh páirte in os cionn 30 comórtas idir Aithriseoireacht Filíochta, Léitheoireacht, Scríbhneoireacht, Amhránaíocht agus Drámaíocht. Déantar rannóga a sannadh de réir aoisghrúpa agus cumais agus cuirfear fáilte roimh chách a bheith sa lucht féachana ar an lá.
Is féidir le hiontrálacha páirt a ghlacadh i ndeich gcomórtas ar an méid agus is é Déardaoin, 6 Feabhra 2014 an spriocdháta d’iontrálacha.
Is féidir gach eolas agus foirmeacha iontrála a fháil ag www.realtuladh.com.
Foilsithe ar Gaelport.com 31 Eanáir 2014
An gceiliúrann tú Oíche Fhéile Bríde?
Eanáir 31, 2014
Is í Naomh Bríd an t-éarlamh ar leanaí, mná cabhracha, páistí le tuismitheoirí nach bhfuil pósta, scoláirí, filí, lucht siúil (go háirithe iad siúd a bhíonn ag taisteal trí uisce), agus feirmeoirí (feirmeoirí déiríochta ach go háirithe).
Bhí Bríd cóngaireach d’ainmhithe, agus rinneadh scéaltaí míorúilteacha as an taithí a bhí aici leo.
Mar shampla, leag sí lámh ar bhó agus bheannaigh sí í chun cabhrú le daoine ocracha. Ansin, nuair a chrúigh siad an bhó arís, bhí siad in ann i bhfad níos mó bainne a fháil uaithi.
Tá crosógaí Bríde ar cheann de na deasghnátha traidisiúnta in Éirinn chun ceiliúradh a dhéanamh ar thús an earraigh ar an chéad lá de mhí Feabhra.
Tá na crosóga déanta as luachair tarraingthe as an talamh seachas gearrtha. Tá siad crochta ag na doirse agus i rachtaí na dtithe chun an teach a chosaint ó thine agus olc.
Chuir Meon Eile an cheist ar scoláirí i bPobalscoil Ghaoth Dobhair agus ar an fhoireann i Raidió na Life, an ceiliúrann siad Oíche Fhéile Bríde?
Féach an físeán ar www.meoneile.ie
Galway created sexy Irish — now it must maintain it
Eanáir 31, 2014
Just last week the RTE player featured a video shot in Galway in January 1964, exactly 50 years before. It was classic black and white television reportage style of the type that exemplified the early days of Montrose and focused on the news that week that Galway was planning to become an official Irish-speaking city over the next few years.
The reporter spoke to Mayor Martin Divilly (grandfather of Galway Bay fm’s Jon Richards), businessman Paddy Ryan, university president Martin Newell and a whole host of what you’d call ordinary folk, all of whom thought it would be a great idea if the city became Irish speaking. Then, like now, most of them said that they had but a few focails, but that they would be willing to learn.
The Galway of that video was a grey place, one that you could never imagine would turn into the colourful carnival capital of the west, the party hub of Ireland, the place to which tens of thousands of young people would flock every year to have their heads turned and their hearts stolen. In the latter part of the half-century that divided the two eras, the Irish language eventually came to play a large part in the culture of the city, nurtured through by the establishment of media such as RnaG and Tg4 and a host of other public and private groupings.
Suddenly, the city and county were bearing the fruits of the newfound sexiness of the language. Businesses proudly bore their signage and menus in Irish. Attractive males and females took to the airwaves to bring the new sexy Irish to a new generation. It was as if Peig Sayers had never existed. But with that in mind, it is all the more surprising that next Monday, a crisis meeting about the treatment of the mother tongue is to be held in the county.
The public meeting is being organized as part of a new language rights campaign that has been established in response to the crisis created by announcement of the Language Commissioner, Seán Ó Cuirreáin, that he would be stepping down from his position as a result of the lack of engagement he has received from the Government. The meeting will be held in Seanscoil Sailearna, Indreabhán at 8.00pm and language activist, Donncha Ó hÉalaithe, and Julian de Spáinn, general secretary of Conradh na Gaeilge will be keynote speakers. It will be chaired by Nórita Ní Chartúir, from Acadamh na hollscolaíochta Gaeilge, NUIG.
The meeting is open to everyone in the community and it will provide the opportunity to focus on the actions needed to fight for the language rights of the Gaeltacht and Irish language community. Monday also happens to be the closing date for entries into this year’s Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2014 hosted by Gaillimh le Gaeilge. That competition more than anything else has helped draw in businesses who would be less than confident about their ability to be seen as promoting Irish, but this has eliminated any such awkwardness and resulted in Irish being increasingly visible throughout Galway city. Your business or enterprise can and should be entered in this competition.
Ba chathair uathúil í Cathair na Gaillimhe riamh anall, áit dhifriúil. Chun uathúlacht na cathrach a chosaint, is í an chloch is mó a bheas ar ár bpaidrín ná leanúint ar aghaidh ag troid ar son na Gaeilge. Cuirtear tús leis an gcath chun a chinntiú go mbeidh ról ag an nGaeilge labhartha agus scríofa i nGaillimh na 21ú haoise sa chaoi go mbeidh na daoine sa 22ú haois in ann leanúint ar aghaidh ag baint leas agus tairbhe aisti.
Galway has always been a city of uniqueness, a different place. It will be the strength of our conviction to battle to maintain the Irish language that will continue to define it as a different place. Let the battle begin to ensure that spoken and written Irish have a role to play in the Galway of the 21st century, so that the people in the 22nd century will continue to enjoy the benefits it brings.
www.advertiser.ie/galway