Méid an Téacs

‘An Brat Buí’

Bealtaine 9, 2013

Tá cuireadh tugtha do Scoileanna Lán-Ghaeilge páirt a ghlacadh sa tionscnamh ‘An Brat Buí’ a dhéanann ceiliúradh ar éagsúlacht sna scoileanna bunleibhéil agus iarbhunleibhéil.

Tá an-spéis ag an tionscnamh scoileanna lán-Ghaeilge a earcú a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh i gClár an Bhrait Buí a thosóidh Meán Fómhair 2013. Is clár praiticiúil scoil-bhunaithe atá ann a chothaíonn timpeallacht dearfach chuimsitheach ina chuirtear comhionannas agus éagsúlacht chun cinn. Tá an spriocdháta do scoileanna lán-Ghaeilge sínte go dtí an 30 Bealtaine 2013.

Tá an gradam buaite ag 26 scoil sa tír, idir bunscoileanna agus iarbhunscoileanna agus is iontach an rud é go bhfuil 3 ghaelscoil san áireamh anseo – Gaelscoil Riabhach, Co. na Gaillimhe, Gaelscoil an Bhradáin Feasa, Co. na Mí agus Gaelscoil Mhichíl Cíosóg, Co. an Chláir (atá ag obair i dtreo an bhrait a ghnóthú faoi láthair).

Tá lámhleabhar na scéime ar fáil i nGaeilge anseo: http://www.yellowflag.ie/images/misc/Irish_Travellers_v7_Irish.pdf.

Tá an clár bunaithe ar chur chuige 8 gcéim praiticiúil agus tá sé dírithe ar éachtaí praiticiúla idirchultúrtha le gradam mar thoradh. Is iad na céimeanna atá i gceist ná:

  1. Oiliúint idirchultúrtha agus frithchiníochas don fhoireann agus don bhord (ceardlann 2 uair an chloig agus tá oiliúnóirí le Gaeilge ar fáil leis na ceardlanna a dhéanamh le scoileanna agus le tuismitheoirí chomh maith).
  2. Ag cothú gaoil leis an bpobal lasmuigh den scoil,
  3. Coiste Éagsúlachta a bhunú (baill foirne, tuismitheoirí, daltaí),
  4. Ag tabhairt faoi athbhreithniú ar idirchultúrachas,
  5. Ag forbairt plean gnímh le haghaidh scoil a cheiliúrann éagsúlacht,
  6. Monatóireacht, measúnú agus scaipeadh eolais,
  7. Obair churaclaim, agus
  8. Forbairt cód ar éagsúlacht.

Tá foirmeacha iarratais ar fáil le híoslódáil ón láithreán gréasáin www.yellowflag.ie. Más mian leat fiú do spéis a léiriú ann thar ceann na scoile tá gach fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le Paula Madden ar ríomhphost yellowflagprogramme@gmail.com nó ar 01 6796577.

Is deis iontach é seo do na scoileanna lán-Ghaeilge aitheantas a fháil mar scoileanna atá cuimsitheach agus oscailte do gach páiste agus a dhéanann ceiliúradh ar an éagsúlacht. Tá súil againn a bheith in ann aitheantas agus poiblíocht a thabhairt do na scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil an gradam bainte amach acu nó atá ag obair ina threo ag an gComhdháil Bhliantúil 2013 ar an 22 Samhain 2013, tráth a mbeidh Uachtarán na hÉireann inár measc. Tá an-spéis agus tacaíocht á léiriú ag an Uachtarán ar an tionscnamh seo.

Tá eolas thíos freisin maidir le deiseanna do dhaoine (le taithí mhúinteoireachta) a mbeadh spéis acu cabhrú go deonach i gcur chun cinn na scéime sna scoileanna lán-Ghaeilge.

Comhairle nua Raidió na Gaeltachta

Bealtaine 9, 2013

Tá Peadar Mac an Iomaire, iar-Phríomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus duine atá gníomhach ar feadh a shaol i gcúrsaí Gaeltachta, i measc iad siúd atá ainmnithe ar Chomhairle nua Raidió na Gaeltachta.
Deichniúr ar fad atá ar an gComhairle, faoi chathaoirleacht Lorcáin Uí Chinnéide, iar-Phríomhfheidhmeannach ar Tháirgeoirí Éisc na hÉireann. Ainmnithe freisin tá: Antaine Ó Donnaile ó Chontae Ard Mhacha, léiritheoir teilifíse le BBC Thuaisceart Éireann; Dónal Ó Gallchóir as Gaeltacht Thír Chonaill ó dhúchas, iar-gharda i Maigh Eo; Adrian Breathnach, príomhoide bunscoile agus Stiúrthóir ar Ghael Taca i gCorcaigh; Máire Seosaimhín Breathnach as Gaeltacht na Rinne, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Contae Phort Láirge; Alan Mac Maoldúin, Bainisteoir Cumarsáide Chumann Lúthchleas Gael; Máire Nic Gairbhe, Príomhoide ar Ghaelscoil Adhamhnáin i Leitir Ceanainn; Sibéal Davitt, damhsóir agus scannánóir ó Bhaile Átha Cliath agus Siobhán Seoighe ó Ráth Cairn, feidhmeannach leis an bhForas Pátrúnachta. Is téarma 3 bliana atá ag an gcomhairle nua.

www.advertiser.ie/galway

Amhráin óige Mhúscraí taifeadta ar dhlúthdhiosca

Bealtaine 9, 2013

Tá amhráin óige atá tugtha le sliocht ó ghlúin go glúin i nGaeltacht Mhúscraí, ar fáil anois do lucht éisteachta níos leithne a bhuíochas le dlúthdhiosca nua-thaifeadta.

Seoladh an dlúthdhiosca ‘An Bóthar ó Thuaidh’ de chuid rannpháirtithe Scéim Aisling Gheal san Ionad Cultúrtha le déanaí, agus cuirfear é ar fáil do scoileanna ar fud na tíre.
Mar chuid den dlúthdhiosca bhí páistí ó scoileanna náisiúnta i gCúil Aodha/Barr d’Inse, Baile Mhúirne, Cill na Martra, Béal Átha’n Ghaorthaidh agus Coláiste Ghobnatan i mBaile Mhic Íre, faoi stiúir múinteoirí Aisling Gheal, Eilís Ní Shúilleabháin, Eibhlís Uí Thuama agus Máire Ní Chéileachair. I measc an 19 traic gan tionlacan ceoil tá a leithéidí ‘Ó hí, ó hí a deir an bhó’, ‘Bog Braon’ agus ‘Séamuisín’ do pháistí óga, i dteannta le ‘Téir Abhaile ’riú’, ‘An Lacha Bhacach’ agus amhrán Mhúscraí ‘An Poc ar Buile’.
Dúirt comhordaitheoir an taifeadta Liadh Ní Riada: “Is amhráin áitiúla iad ar fad a d’fhoghlaimíomar ónár dtuismitheoirí agus seantuismitheoirí.

“Theastaigh uainn traidisiún na hamhránaíochta sa cheantar, i gcanúint agus i bhfoghraíocht Mhúscraí, a chur chun cinn agus a chaomhnú,” a luaigh Liadh, a dúirt go raibh sé ar intinn na páistí a thaifeadadh ag canadh na n-amhrán ionas go bhféadfadh páistí eile iad a fhoghlaim ag an airde céanna, le cúnamh na liricí atá ar fáil sa leabhrán a ghabhann leis an dlúthdhiosca. Dúirt sí go raibh Scéim Aisling Gheal, a fheidhmíonn trí na scoileanna áitiúla, ag cabhrú chun an traidisiún amhránaíochta ar an sean-nós a bhfuil clú ar Ghaeltacht Mhúscraí ina leith, a choimeád beo. Táthar ag súil go mbainfear úsáid as an dlúthdhiosca mar áis teagaisc i scoileanna eile, leis an tacaíocht atá faighte aige ón Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíocht, fad a thug Ealaín na Gaeltachta agus Comhairle Contae Chorcaí tacaíocht don Scéim Aisling Gheal.
Is iad Julie Ní Choinceanainn, Maebh Ní Dhuinnín, Dara Ó Loingsigh, Mary Jo Ní Éalaithe, Ailsa Ní Fhuaráin, Róisín Ní Ríordáin, Dylan de Faoite, Gearóid Ó Cróinín, Eoin Ó Conaill, Jack Ó hÉalaithe agus Tadhg Ó Ríordáin na páistí a taifeadadh ar an dlúthdhiosca. Tá ‘An Bóthar ó Thuaidh’, taifeadta ag Tadhg Ó Céilleachair i mBaile Mhuirne, ar dhíol sna siopaí áitiúla ar chostas Euro 15.

www.eveningecho.ie

Campaí Samhraidh do pháistí i gContae na Gaillimhe

Bealtaine 9, 2013

Tá clár na bliana de Champaí Samhraidh Chonradh na Gaeilge i gContae na Gaillimhe, campaí atá á reáchtáil do dhaoine óga, seolta anois.
Beidh Campaí samhraidh ar siúl ar fud Chontae na Gaillimhe le linn mhí Iúil agus Lúnasa. Tá méadú ollmhór tagtha ar na Campaí seo le dornán blianta anuas de bharr na deise a thugann na campaí do pháistí spraoi agus taitneamh a bheith acu agus iad ag freastal ar Champa trí Ghaeilge. Tá formhór na gcampaí dírithe ar pháistí idir 8 mbliana agus 14 bliana d’aois, ach tá roinnt ceantair freisin atá ag díriú ar pháistí idir 5-7 mbliana d’aois. Reáchtálfar imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge idir ceol, drámaíocht, spórt, agus ealaín mar aon le ranganna Gaeilge. Le linn na gcampaí samhraidh seo bíonn na páistí in ann sult agus spraoi a bhaint as foghlaim agus labhairt na Gaeilge. Tosaíonn na campaí ag a 10.00r.n. gach maidin agus leanann siad ar aghaidh go dtí 3.00i.n. Is féidir tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sráid Dominic, Gaillimh ag 091-567824, conradh@bradan.iol.ie.

www.advertiser.ie/galway

‘Dea-chleachtas’ teanga le plé

Bealtaine 8, 2013

“An dea-chleachtas a roinnt” an téama a bheidh ag Comhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga a bheidh ar siúl in Óstán Hilton, Baile Átha Cliath, Dé hAoine 24ú Bealtaine, 2013.

Deich mbliana ó shin a achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla in Éirinn agus tá an reachtaíocht faoi athbhreithniú i láthair na huaire.  Le tábhacht na reachtaíochta a mheas a thiocfaidh coimisinéirí teanga ó thíortha as gach cearn den domhan le chéile.

Comhthéacs idirnáisiúnta

Scrúdóidh lucht na comhdhála ról an stáit agus an phobail maidir le cearta teanga. Tabharfaidh an ócáid deis do na coimisinéirí agus lucht teanga plé a dhéanamh ar chás teangacha i dtíortha na hEorpa agus na hAfraice, eolas a mhalartú agus ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur i gcomhthéacs idirnáisiúnta.

Beidh coimisinéirí agus ionadaithe teanga ón Bhreatain Bheag, ón Fhionlainn, ó Cheanada, ón Chosaiv agus ón Chatalóin ann. An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, Fiontar DCU agus Aonad Teanga, Polasaí agus Pleanála de chuid Ollscoil Cardiff atá ag eagrú na hócáide.

Eolas: eolas@coimisineir.ie nó 091-504006

The Irish Times, Bileog – Míreanna
www.irishtimes.com
Foilsithe ar 8 Bealtaine 2013

Scéimeanna Gnó as Gaeilge

Bealtaine 8, 2013

Tá Glór Cheatharlach ag fógairt do lucht gnó an cheantair go bhfuil Scéimeanna Gnó as Gaeilge Gnó á reachtáil arís i mbliana ag Foras na Gaeilge.

Tá na scéimeanna seo dírithe ar chomhlachtaí beaga agus meánmhéide agus is é an cuspóir atá leo ná méid agus infheicteacht na Gaeilge sa rannóg gnó a mhéadú. Tá an Scéim Chomharthaíochta dírithe ar chomhlachtaí ar mhaith leo comharthaí nua nó athdheartha a cheannach.

Tá an Scéim Ábhair d’ábhair eile gnó ar nós culaithe oibre, páipéar sainchlóite, cártaí gnó agus ábhar margaíochta. Tá méid an mhaoinithe a bhronnfar ag brath go huile agus go hiomlán ar mhéid na Gaeilge a úsáidtear agus tá Foras na Gaeilge sásta i gcónaí moltaí a dhéanamh i dtaobh foclaíocht agus leagan amach na gcomharthaí agus a n-ábhar.

Faoin scéim Comharthaíochta tá maoiniú meaitseála á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge chun cuidiú le fiontair bheaga agus mheánmhéide comharthaíocht dhátheangach nó comharthaíocht Ghaeilge a chur in airde lasmuigh den ionad gnó ar bhonn deontais aon uaire.

Tá roinnt mhaith comharthaí nua dhátheangach le feiceáil lasmuigh de ghnónna éagsúla timpeall Ceatharlach cheana féin de bharr na scéime. Ní hamháin go léiríonn an chomharthaíocht seo go bhfuil tacaíocht á thabhairt ag an ngnó don Ghaeilge sa cheantar ach cabhraíonn sé leis an ngnó féin seasamh amach ón slua trí an teanga a usáid go poiblí.

Is é aidhm na scéime ná branda an ghnó a fheabhsú tríd an Ghaeilge a úsáid go comhlánach. Is é an cineál comharthaíochta atá i gceist ná leagan dátheangach nó leagan iomlán Gaeilge d’ainm an fhiontar nó an cineál gnó. Ní gá ainm branda an ghnólachta a aistriú áfach. Is leor go mbeidh an chuid eile den chomhartha dátheangach.

Ba chóir go mbeadh an téacs Béarla agus an téacs Gaeilge ar chóimhéid. Is féidir éifeacht téacs a fheabhsú ach clófhoirme agus dathanna éagsúla a úsáid.

á an maoiniú ar fáil ar bhonn 50/50 leis an iarrthóir. Is é an 28 Meitheamh 2013 an spriocdháta d’iarratais ach moltar cur steach ar an scéim gan mhoill mar tabharfar tús áite do na hiarratais de réir mar a thagann siad isteach.T

á gach eolas faoin scéim ar fáil ar www.gaeilge.ie nó is féidir glaoch a chur ar oifig Glór Cheatharlach ar (059) 9158105 nó (085) 1340047.

www.carlow-nationalist.ie
Foilsithe ar Gaelport.com 8 Bealtaine 2013

SPRAOI ag Tuistí agus Leanaí don Samhradh i gCeatharlach

Bealtaine 8, 2013

Tiocfaidh SPRAOI, an grúpa dátheangach Tuistí/Leanaí, le chéile do téarma nua an tSamhraidh ag tosnú an Satharn seo chugainn, 11 Bealtaine, 2013  ag 11 a chlog ar maidin.

Bunaíodh SPRAOI an samhradh seo caite agus tagann an grúpa le chéile gach dara Dé Sathairn in Ionad Phobal Darach Úr.

Bíonn tae agus caife do na tuismitheoirí agus comhrá dátheangach ar siúl acu fhad is a bhíonn na páistí ag spraoi. Cuirtear fíorchaoin fáilte roimh éinne go bhfuil suim acu Gaeilge a labhairt lena bpáistí agus iad i suíomh spraíúil, neamhfhoirmiúil. Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge ach díreach suim agus sásta triail a bhaint aisti!

Costas €3 an chlann a bhíonn le n-íoc agus bíonn tae/caifé/brioscaí chomh maith le sú do na páistí san áireamh sa costas sin. Eagraithe i gcomhar le Comhluadar Teo tá an grúpa SPRAOI oiriúnach d’éinne le páistí suas go 5 bliana d’aois.

Tiocfaidh an grúpa le chéile ar an 11ú & 25ú Bealtaine, 8ú & 22 Meitheamh agus ar an 6ú agus 20ú Iúil. Tá gach eolas ar fáil ó Emma i nGlór Cheatharlach ar (085) 1340047. Bígí linn agus beidh fáilte roimh cách!

Carlow Nationalist – Glór Cheatharlach
www.carlow-nationalist.ie
Foilsithe ar Gaelport.com 8 Bealtaine 2013

Tuairimí an phobail á lorg ar líne

Bealtaine 8, 2013

TÁ SUIRBHÉ foilsithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta maidir le Béaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal.

Tá an suirbhé dírithe ar iarrthóirí Ardteiste a thug faoin mBéaltriail le déanaí agus iarrfar orthu a dtuairimí a roinnt i nGaeilge nó i mBéarla maidir lena dtaithí féin.

Beidh tionchar ag an aiseolas seo ar an tslí a bhfoghlaimeoidh scoláirí an Ghaeilge ar an meánscoil amach anseo.

Is féidir teacht ar an suirbhé, nach nglacann ach 10 nóiméad, ar líne tríd an nasc seo https://www.surveymonkey.com/s/P2DRFYM.

www.foinse.ie
Foilsithe ar 8 Bealtaine 2013

Traenáil ‘Tús Áite do Leanaí’

Bealtaine 8, 2013

CUIRFIDH Forbairt Naíonraí Teoranta traenáil ‘Tús Áite do Leanaí’ ar fáil do stiúrthóirí Naíonra úra ar 24 agus 25 Bealtaine 2013.

Tabharfar tús áite do stiúrthóirí nua ar an gcúrsa áirithe seo a bheidh ar siúl i Halla Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, BÁC 2.

Beidh an dá sheisiún á reáchtáil idir 2pm – 5pm ar an Aoine agus 9am – 4pm ar an Satharn (Lón 12pm).

Is é Pádraig Ó Ceallaigh a bheidh mar theagascóir agus ní ghearrfar costas ar bith ar na rannpháirtithe.

Is féidir clárú don traenáil ar líne tríd an nasc seo https://www.naionrai.ie/ga/node/178 agus is é 16 Bealtaine an spriocdháta.

www.foinse.ie
Foilsithe ar 8 Bealtaine 2013

Fáilte curtha ag eagrais Ghaeilge roimh Fhochoiste Dála dírithe ar an nGaeilge

Bealtaine 7, 2013

Tá fógartha go gcuirfear fochoiste Dála nuabhunaithe in áit go luath ag a mbeidh an Ghaeilge ina hiomláine mar thosaíocht.

Feidhmeoidh an fochoiste faoin gComhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht agus is ar staid ghnéithe uile na Gaeilge a bheidh sé dírithe le béim ar leith ar chur i bhfeidhm ghealltanais na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Ag Tóstal na Gaeilge a d’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mí Feabhra 2013, léirigh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta an-díomá maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain agus cuireadh i leith an Rialtais nach raibh freagracht ar bith á ghlacadh maidir leis an Straitéis féin, nó le ceisteanna móra eile na Gaeilge. Ag eascairt as leithéidí Thóstal na Gaeilge, agus cruinnithe poiblí eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta, chuir pobal na Gaeilge teachtaireacht láidir in iúl don Rialtas, is é sin nach leor na gníomhartha reatha ón státchóras i leith na Gaeilge.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh bhunú an fhochoiste an tseachtain seo caite. Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá deis an-mhaith ag an bhfochoiste seo éisteacht leis na páirtithe leasmhara ar fad go mba chóir go mbeadh ionchur acu sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 agus, mar a rinneadh mar chuid den chomhairliúchán ar an Straitéis roimhe seo, b’fhiú don fhochoiste éisteacht a chur ar bun sa Ghaeltacht chomh maith.”

“Céim réamhghníomhach” atá tugtha ar bhunú an fhochoiste úir ag Kevin De Barra, Stiúrthóir ar lár-chomhairle phobal na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus dúirt “Bhraith pobal na Gaeilge nach raibh an Rialtas ag tabhairt aird ar bith orthu le cúpla bliain anuas – tá moill ar fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain, tá moill ar an Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus ní fios cá seasann todhchaí na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Tabharfaidh an fochoiste seo deis don Rialtas scagadh ceart a dhéanamh ar na saincheisteanna tábhachtacha seo, agus déanfaidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge cinnte go dtabharfar aghaidh ar bhuairt an phobail.”

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »