Fóram do Phátrúnacht agus Iolrachas le bunú
Márta 29, 2011
Bunófar fóram do phátrúnacht agus iolrachas ag an mbunleibhéal agus cuirfear tús le hathbhreithniú ar phátrúnacht sna scoileanna roimh an Cháisc.
Thug an tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD le fios go reáchtálfar cruinnithe poiblí ar an gceist agus tugadh cuireadh do thrí eagraíocht déag páirt a ghlacadh sa phróiseas, Gaelscoileanna Teoranta agus An Foras Pátrúnachta ina measc.
Is é an Dr John Coolahan, Ollamh Emeritus Ollscoil na hÉireann Maigh Nuad a bheidh mar chathaoirleach ar an bhfóram agus beidh an Dr. Caroline Hussey iar-Chláraitheoir agus Uachtarán Ionaid na Coláiste hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Fionnuala Kilfeather, iar-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí ar an gcoiste comhairleoireachta.
Chuir Gaelscoileanna Teo. fáilte roimh ráiteas an Aire inné. Deir Mícheal Ó Broin go bhfuil an eagraíocht sásta go mbeidh saincheisteanna a bhaineann le héileamh ar an ngaelscolaíocht le plé ag an bhfóram.
“Is cúis dóchais dúinn go bhfuil éileamh ar na ngaelscolaíocht luaite go sonrach sa ráiteas agus tá sé tábhachtach go n-aithneofar gur sainmheon teanga atá i gceist leis an ngaelscolaíocht, agus go bhfreastalaíonn scoileanna lán-Ghaeilge ar na sainmheoin creidimh uile”, a deir sé.
Ní bheidh an Roinn Oideachais ag tarraingt siar ar cheist an chóimheasa- Quinn
Márta 29, 2011
Thug an tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD le fios sa Dáil an tseachtain seo caite nach mbeidh an Roinn Oideachais ag tarraingt siar ón gcinneadh go n-ardófar cóimheas daltaí le múinteoirí i ngaelscoileanna na tíre ó Mheán Fómhair na bliana seo.
Chuir sé an milleán ar an rialtas deireanach mar gheall go raibh ciorruithe airgeadais le cur i bhfeidhm ag an Roinn. Thug an tAire le fios go gceaptar go gcaillfear 50 post i ngaelscoileanna san fhómhair.
Dúirt sé go ndéanfaí iarracht seirbhísí oideachais a chosaint ó na ciorruithe ach go mbeadh ar ghaelscoileanna mar aon le gach aon seirbhís eile glacadh le hacmhainní laghdaithe amach anseo.
Beidh an cóimheas sna gaelscoileanna ar aon leibhéal leis na scoileanna a dhéantar teagasc trí Bhéarla. Tá Gaelscoileanna na tíre buartha faoi chinneadh na Roinne Oideachais go n-ardófar cóimheas daltaí le múinteoirí ó Mheán Fómhair na bliana seo.
“Ní hamháin go bhfuil na gaelscoileanna ag fulaingt go míchothrom de bharr cúinsí drochchóiríochta, agus éagothroime sa chóras ó thaobh tacaíochta de, ach anois tá an bonn á bhaint den chóras trí bhrú breise a chur ar acmhainní fíor-shrianta. Tá sé scannalach agus do-ghlactha go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge thíos leis arís ”, arsa Mícheal Ó Broin Uachtarán Gaelscoileanna Teo a sheol feachtas i gcoinne an chinnte le déanaí.
Dhá Ghaelscoil i measc na gcúig bhunscoil nua atá faofa ag an Roinn
Márta 29, 2011
Ach díomá ar Ghaelscoil an Chuilinn nach mbeidh siad ag oscailt i mbliana.
Fógraíodh an tseachtain seo go bhfuil an Roinn Oideachais i ndiaidh faomhadh a thabhairt do chúig bhunscoil nua in Éirinn, agus go bhfuil na scoileanna le hoscailt idir seo agus 2013. Tá na scoileanna go léir le bheith lonnaithe i gcrios comaitéireachta Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil méadú tapaidh ag teacht i gceantair áirithe ar an daonra óg, agus an-ghá le scoileanna nua. Is iad Educate Together agus an Foras Pátrúnachta an dá phátrún a roghnaíodh chun na scoileanna a bhunú, agus tá dhá Ghaelscoil le bheith ann chomh maith le trí scoil eile.
Osclófar dhá scoil de chuid an Fhorais Pátrúnachta, ceann i mBaile Átha Cliath agus ceann eile i gContae na Mí. Beidh Educate Together ag oscailt trí scoil i mBaile Átha Cliath. Scoileanna ilchreidmheacha agus idirchreidmheacha a bheidh sna scoileanna ar fad, agus ní bheidh scoileanna Caitliceacha ar bith i gceist. Cé gur dea-nuacht é seo do go leor scoileanna, is cúis díomá é do scoileanna áirithe chomh maith. Ar cheann de na scoileanna seo tá Gaelscoil an Chuilinn i Mullach Eadrad i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Bhí lucht na scoile seo ag súil le hoscailt i mí Mheán Fómhair 2011 ach de réir an méid atá ráite ag an roinn, beidh orthu fanacht bliain eile. Deir Alison Carruth, Cathaoirleach ar Choiste Bunaithe na scoile, go bhfuil siad sásta go mbeidh Gaelscoil sa cheantar ach tá díomá orthu go mbeidh orthu fanacht bliain eile sula n-osclófar an scoil.
“Táimid réidh leis an scoil a oscailt i mí Mheán Fómhair,” ar sí. “Ní thuigimid cén fáth nach bhfuil muid ar an liosta don bhliain seo. Táimid i ndiaidh dul ar ais go dtí an Foras Pátrúnachta agus iarraidh orthu soiléiriú a fháil ón Roinn ar an gceist seo. Táimid ag fiosrú an scéil agus tá an Foras ag feidhmiú ar ár son.” Deir Alison go raibh 37 páiste cláraithe sa scoil le tosú i nGaelscoil an Chuilinn i mí Mheán Fómhair 2011. Osclófar trí bhunscoil nua in 2011 agus dhá scoil eile i mí Mheán Fómhair 2012.
Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
Cuairt Scoile – Bun Scoil Cholmcille agus Gaelscoil Adhamhnáin
Márta 28, 2011
Ar an Aoine 11ú de Feabhra 2011, tháinig P5 agus múinteoir Majella as Bhun Scoil Cholmcille, Co. Dhoire ar chuairt go rang 3 Múinteoir Pól, i nGaelscoil Adhamhnáin, Leitir Ceanainn.
Bhí lá gnóthach ann ó thús an lae go deiridh, lán d’imeachtaí, craic, cluichí agus comhrá tré mheán na Gaeilge.
Chuir na daltaí ón dá scoil aithne ae a chéile fríd chluichí boird a imirt, páirt a ghlacadh i dtráth na gceist sa halla, cluichí clóis taobh amuigh agus féasta deas ag deireadh.
Bhí na foirne meascaithe, idir bhuachaillí agus cailíní ón dá scoil agus duaiseanna bronnta ar bhuaiteoirí na gcomórtais.
Seo an dara bliain rinneadh an nasc idir an dá scoil, le cuidiú deontas na nGaelscoileanna agus tá nasc dearfach bunaithe
idir an Ghaelscoil agus Bunscoil Cholmcille anois.
Thug Rang múinteoir Majella cuireadh do Ghaelscoil Adhamhnáin go Doire i rith seachtain na Gaeilge. Thug muid cuairt orthu ar 15ú de Mhárta 2011. Bhí lá galanta ann agus chaith muid mhór chuid an lae amuigh ag súgradh cluichí, ina measc bhí triail mata ar fud clos na scoile, tráth na gceist, ceilí mór sa halla agus coisir.
Thaitin an lá go mór le na páistí ar fad.
Child not read to at bedtime is ‘abused’, says Quinn
Márta 28, 2011
Time to drop Irish as core subject
Márta 28, 2011
Ag triall ar chraobhchomórtas Siansa Gael Linn sa Cheoláras Náisiúnta!
Márta 28, 2011
Beidh ceoltóirí óga ó cheann ceann na tíre ag triall ar an gCeoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an *Domhnach, 10 Aibreán*, chun páirt a ghlacadh i gCraobhchomórtas *SIANSA GAEL LINN 2011*.
Is é seo buaicphointe na bliana den chomórtas seo do ghrúpaí ceoil traidisiúnta atá á reáchtáil ag Gael Linn ó 2001 i leith, le tacaíocht ó Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine.
‘Is í an aidhm a bhí againn agus muid ag tosú amach deich mbliana ó shin ná dlúthcheangal a chothú idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige’, a deir Niamh de Búrca, riarthóir Siansa Gael Linn, ‘agus sílim go bhfuil seo á bhaint amach againn. Tá ardú tagtha ar líon na ngrúpaí a bhíonn rannpháirteach bliain i ndiaidh bliana.’
Beidh 8 ngrúpa ar fad páirteach sa Chraobh: ó *Cho. Ard Mhacha –** ‘Crua’, Port an Dúnáin; ó Shligeach – ‘Teaspach’, An Scoil Ghraiméir; ó Cho. Thiobraid Árann –‘Súgach’, Dúrlas; ó Cho. Bhaile Átha Cliath – ‘Buille Lughadha’, Baile na Manach agus ‘Cibé’, Ráth Éanaigh; ó Cho. an Chláir – ‘Faoiseamh’, An Ruán; ó Luimneach – ‘Éile’, Laurel Hill Coláiste FCJ agus ó Cho. Phort Láirge – ‘Dílse’, An Trá Mhór. *Ina measc, tá idir grúpaí ceoil scoile agus cairde a tháinig le chéile mar ghrúpa go speisialta don chomórtas seo. Seinnfidh gach grúpa a rogha féin de cheol traidisiúnta atá cóirithe go speisialta acu, agus beidh amhráin Gaeilge le cloisteáil uathu chomh maith.
D’éirigh leis na hocht ngrúpa seo cáiliú trí dhá réamhbhabhta den chomórtas chun áit a ghnóthú sa Chraobh.
Direct method is the best way to teach Irish
Márta 24, 2011
Tuarascáil an Choimisinéara Teanga
Márta 24, 2011
Tá léiriú neamhbhalbh tugtha i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar na fadhbanna atá roimh an rialtas nua má tá fonn orthu a chlár oibre don Ghaeilge a chur i gcrích.
Léiríonn iniúchadh a rinne a Oifig ar Ranna agus Oifigí Rialtais go raibh ag teip go leanúnach ar bhreis agus an ceathrú cuid de Ranna agus Oifigí Rialtais fiú an leibhéal seirbhíse is bunúsaí ar fad a sholáthar trí Ghaeilge do chustaiméirí ar an teileafón, agus gur theip ar 29% eile oiread seirbhíse trí Ghaeilge a chur ar fáil agus a chinnteodh go raibh a ndualgais reachtúla a gcomhlíonadh acu. “Tá an teip seo níos suntasaí fós nuair a chuirtear san áireamh gur bhain an t-iniúchadh le comhlachtaí poiblí a raibh plean reachtúil teanga i bhfeidhm acu le 4 bliana ar a laghad” a dúirt an Coimisinéir Teanga. “Scanrúil” a thug an Coimisinéir Teanga ar an eolas a tháinig chun cinn le linn na bliana nach raibh ach 1.5% d’fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais agus Scileanna a raibh ar a gcumas seirbhísí a sholáthar i nGaeilge chomh maith le Béarla. B’ionann sin agus laghdú 50% le cúig bliana anuas. Agus é ag admháil gur fadhb choitianta í seo sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí, dúirt sé go léiríonn sé níos soiléire ná aon ní eile an bhearna idir cumas seirbhísí a sholáthar trí Bhéarla agus soláthar na seirbhísí sin trí Ghaeilge.
Ba bheag iontas é mar sin, bunaithe ar imscrúdú eile, gur chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais foráil de chuid an Achta Oideachais 1998 trí raon suímh gréasáin oideachasúla a sholáthar trí Bhéarla amháin, beag beann ar riachtanais na ngaelscoileanna nó scoileanna Gaeltachta. Tá an tuarascáil iomlán le fáil ar www.coimisineir.ie.
Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
An Chéad Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Litríocht na nÓg (sa Ghaeilge)
Márta 24, 2011
Clár na Comhdhála
Aoine 8 Aibreán 2011
Ionad: An Seomra Caidrimh (D110)
9:45 – 10.00
Fáiltiú agus Clárú
10:00 – 10.15
Oscailt oifigiúil imeachtaí an lae ag Siobhán Parkinson, Laureate na nÓg
10.15 – 11.45
Seisiún 1: Léitheoireacht agus Aistriúchán
Cathaoirleach: Ciarán Mac Murchaidh
Jacqueline De Brún – ‘Foghlaim Chód na Léitheoireachta i dtreo an neamhspleáchais sa léitheoireacht Ghaeilge’.
Lydia Groszewski – ‘An Margadh Léitheoireachta i gcás aistriúchán Gaeilge do leanaí’.
Órla Ní Chuilleanáin – ‘Aistriúchán ar Scéalta do Leanaí go Gaeilge le haghaidh cainteoirí T2: roinnt roghanna maidir le stór focal agus stíl’.
11.45 – 12.00
Tae & Caife
12.00 – 1.00
Seisiún 2: Léiriú ar an Óige sa Litríocht do Dhaoine Fásta
Cathaoirleach: Pádraig Ó Liatháin
Máirín Nic Eoin – ‘Ó Mo Scéal Féin go dtí Céard É English?: An litríocht dhírbheathaisnéiseach mar ábhar léitheoireachta do dhaoine óga’.
Aisling Nic Dhonnchadha – ‘‘Ina Ríocht Féin’: Léirithe ar shaoltaithí an duine óig i ngearrscéalta faoi leith le Pádraic Breathnach agus Seán Mac Mathúna’.
1.00 – 2.00
Lón
2.00 – 3.30
Seisiún 3: Stair agus Éabhlóid Litríocht Ghaeilge na nÓg
Cathaoirleach: Róisín Ní Ghairbhí
Seosamh Ó Murchú – ‘Idir Laethanta Gréine agus an Garbhán: Súil siar ar an bhfoilsitheoireacht don aos óg sa Ghúm’.
Ríona Nic Congáil – ‘Fréamhacha Litríocht Ghaeilge na nÓg sa Naoú hAois Déag’.
Pádraig Ó Baoighill – ‘Litríocht na nÓg i nGaeltacht Thír Chonaill (1938-1946)’.
3.30 – 3.45
Tae & Caife
3.45 – 5.15
Seisiún 4: Ó Théama na hÓige Síoraí go dtí an Déaglitríocht
Cathaoirleach: Deirdre Nic Mhathúna
Pádraig de Paor – ‘Puer Aeternus: téama na hóige síoraí i litríocht do dhaoine óga`.
Anna Heussaff – ‘Liomsa, leosan / Conas a dhéanann údar fásta freastal ar dhéagléitheoirí?’
Máirtín Coilféir – ‘An eitic agus an aestéitic i saothar Alan Titley’.
5.15 – 5.30
Tae & Caife
5.30 – 6.30
Aoichaint: ‘The Big Bang: Cathal Ó Sándair Creates Popular Literature in Irish’ – An tOllamh Philip O’Leary (Seomra D115)
Cathaoirleach: An tOllamh Máirín Nic Eoin
6.30 – 7.30
Léamha in Ómós do Chathal Ó Sándair & Sólaistí (Seomra Foirne)
————————————————————————————
Satharn 9 Aibreán 2011
Ionad: Seomra D115
10:00 – 11.00
Seisiún 5: Scéalaithe is Scéalaíocht
Cathaoirleach: Regina Uí Chollatáin
Siobhán Kirwan-Keane – ‘Sinéad Bean de Valera: Drámadóir, Náisiúnaí, Oide’.
Laoise Ní Chléirigh – ‘Tríocha Bliain ag Fás: Éabhlóid Litríocht na nÓg (1980-2010)’.
11.00 – 11.15
Tae & Caife (Seomra Caidrimh)
11.15 – 12.45
Seisiún 6: Litríocht na nÓg sna Dúichí Ceilteacha
Cathaoirleach: Uáitéar Mac Gearailt
Siwan Rosser – ‘Iaith, diwylliant a hunaniaeth mewn llenyddiaeth Gymraeg i blant’ / ‘Language, culture and identity in Welsh children’s literature’.
Jacques Yves Mouton – ‘Embann levrioù evit ar grennarded: dazont buhez ar brezhoneg’ / ‘Publishing books for teenagers: a challenge for the future of the Breton language’.
Màiri Kidd – ‘Whose ‘Twilight’?: Scottish Gaelic children’s literature faces the 21st century’.
12.45 – 2.00
Lón
2.00 – 3.00
Aoichaint: ‘An Leanbh Ionainn go Léir: na haistriúcháin Ghaeilge ar litríocht do dhaoine óga’ – An tOllamh Alan Titley
Cathaoirleach: Liam Ó Muirthile
3.00 – 3.15
Tae & Caife (Seomra Caidrimh)
3.15 – 4.45
Seisiún 7: An Traidisiún, an Sean is an Nua: Dúshláin na hAoise seo
Cathaoirleach: Breandán Ó Conaire
Máire Ní Bhaoill – ‘Amhránaíocht Thraidisiúnta i measc Páistí in Éirinn’
Colmán Ó Raghallaigh – ‘Úrscéalta agus Seanscéalta Grafacha Gaeilge’.
Caitríona Hastings – ‘“Bhí sin ann i bhfad ó shin agus is fada ó bhí…” – Seanscéalta agus Nuascéalta – Na Dúshláin’.
4.45 – 5.00
Tae & Caife (Seomra Caidrimh)
5.00 – 5.45
Fóram Plé: Todhchaí Litríocht na nÓg
Cathaoirleach: Ríona Nic Congáil
Rannpháirtithe – Áine Ní Ghlinn, Biddy Jenkinson, Meadhbh Ní Eadhra, Colmán Ó Raghallaigh, Liam Ó Muirthile.
5.45
Focal scoir: Ríona Nic Congáil agus Máirín Nic Eoin
6.00
Dinnéar na Comhdhála
Urraithe ag Coiste Taighde Choláiste Phádraig agus ag Foras na Gaeilge