Pacáiste Tacaíochta ar fáil d’imeachtaí Gaeilge le linn Oíche Chultúir 2016
Bealtaine 30, 2016
Bheidh Oíche Chultúir ar siúl ar an Aoine 16 Meán Fómhair, ó 5pm go 11pm, agus tá iarracht ar bun cur le himeachtaí Gaeilge (taobh amuigh den Ghaeltacht) le linn na hOíche. D’árdaigh líon na n-imeachtaí Gaeilge 300% anuraidh!
Freastalaíonn thart ar 350,000 duine thar timpeall na tíre ar imeachtaí cultúir, oidhreachta agus ealaíon saor in aisce le linn Oíche Chultúir. Is deis í seo do ghrúpa/scoil a chur chun cinn, baill nua a mhealladh, aird a tharraingt ar bhur n-imeachtaí agus tuilleadh cairdis a chothú leis an bpobal.
Ar mhaithe leis sin, tá pacáiste tacaíochta á chur ar fáil ag an tOireachtas d’aon ghrúpa a bheidh sásta imeacht cultúir, ealaíon nó oidhreachta a reáchtáil trí mheán na Gaeilge ar Oíche Chultúir. (Tabhair faoi deara nach féidir aon táille ar ghearradh ar dhaoine a bheidh páirteach nó a bheidh ag freastal ar imeachtaí na hoíche.) Ba chóir go dtabharfaidh an imeacht deis do chainteoirí Gaeilge níos mó úsáidte a bhaint as an nGaeilge.
Pacáiste Tacaíochta d’Oíche Chultúir:
• Póstaeir le spás do shonraí an imeachta
• Maoiniú airgid (uasmhéid €300) le costais an imeachta a chlúdach
• Poiblíocht san meáin shóisialta, Gaeilge, náisiúnta agus áitiúla
Samplaí d’imeachtaí gur féidir a reáchtáil d’Oíche Chultúir:
Seoltaí (Leabhair, scannáin, taispeántais)
Taispeántais (Ealaíon, Ceoil, Damhsa, Amhránaíochta)
Ceardlanna
Cainteanna
Seónna (Ceoil, drámaíochta)
Turais
Le leas a bhaint as an bpacáiste seo, caithfear sonraí an imeachta/na n-imeachtaí atá i gceist agat a reáchtáil a chlárú ar an bhfoirm thíos, agus má tá tú ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar an gciste airgid, caithfear sonraí measta costais a thabhairt freisin. Caithfear an fhoirm comhlánaithe a chur ar rphost chuig Majella Ní Chríocháin, Oireachtas na Gaeilge ag majella@antoireachtas.ie faoi 5pm ar an gCéadaoin 15 Meitheamh 2016, le bheith áirithe ar an gclár imeachtaí.
Siansa Gael Linn 2016– athchraoladh ar TG4!
Bealtaine 30, 2016
Má chaill tú an clár iontach faoi Siansa Gael Linn 2016 ar TG4 le déanaí – ná bí buartha !
Beidh sé á athchraoladh ag an stáisiún Dé Sathairn seo chugainn, 4 Meitheamh ag 7.25p.m.– scoth an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta ó ocht ngrúpa a sheinn ar stáitse an Cheolárais Náisiúnta le déanaí– scaip an scéal ar chairde agus gaolta…agus bain sult as !
Siansa Gael Linn 2016– athchraoladh ar TG4!
Bealtaine 30, 2016
Má chaill tú an clár iontach faoi Siansa Gael Linn 2016 ar TG4 le déanaí – ná bí buartha !
Beidh sé á athchraoladh ag an stáisiún Dé Sathairn seo chugainn, 4 Meitheamh ag 7.25p.m.– scoth an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta ó ocht ngrúpa a sheinn ar stáitse an Cheolárais Náisiúnta le déanaí– scaip an scéal ar chairde agus gaolta…agus bain sult as !
Folúntas: Gaelscoil Mhic Amhlaigh, Gaillimh
Bealtaine 30, 2016
Tá múinteoir ionaid de dhíth i nGaelscoil Mhic Amhlaigh. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/25624/
Folúntas: Gaelscoil Adhamhnáin, Dún na nGall
Bealtaine 30, 2016
Tá múinteoir de dhíth i nGaelscoil Adhamhnáin. Tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/25611/
Féile Peile Chonnachta – Corn Gael Linn ag dul ar ais go Cathair na Mart!
Bealtaine 30, 2016

Gaelscoil na Cruaiche:Foireann ríméadach Ghaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mar, ag ceiliúradh a mbua athuair ag Féile Peile Chonnacht i Leitir Móir.
Foireann Ghaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mart, a thug leo Corn Gael Linn arís eile ag Féile Peile Chonnacht Gael Linn i Leitir Móir, Déardaoin, 26 Bealtaine. Ní raibh ach cúpla scór eatarthu féin agus a bhfreasúra ó scoileanna Ros Muc agus Chamuis nuair a séideadh feadóg an réiteora don uair
dheireanach i gcluiche spórtúil. Bhí bród an domhain ar mhúinteoirí na foirne, Colm Ó Conghaile agus Máire Ní Fhaoláin, as éacht seo a bpeileadóirí óga don cheathrú bliain as a chéile!
Thréaslaigh Seán Ó Ceallaigh, as Gael Linn, a mbua leis an bhfoireann bhuacach, agus bhronn sé Corn Gael Linn ar bheirt chaptaen na foirne, Emily Ní Cheallaigh agus Shane Ó Máille.
Reáchtáladh an fhéile thar dhá lá – Dé Céadaoin 25 agus Déardaoin, 26 Bealtaine – agus bhí suas le 160 scoláire rannpháirteach ann ó Ghaelscoileanna agus ó bhunscoileanna an chúige – Gaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mart, Gaelscoil Iarfhlatha, Tuaim, Gaelscoil de hÍde, Roscomáin, Gaelscoil Uí Cheithearnaigh, Béal Átha na Slua, Scoil Sailearna, Indreabhán, Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Scoileanna Chamuis/Rosmuc agus an fhoireann baile, Scoileanna Leitir Móir/Leitir Caladh, faoi chúram a múinteoirí díograsacha! Foirne mheascaithe, le naonúr imreoirí an taobh, a bhí i gceist, agus d’imir gach foireann trí chluiche ar a laghad le linn na féile. Cháiligh na foirne ba airde pointí do na leathchraobhacha, agus ansin an Chraobh.
Cuireadh fáilte roimh na cuairteoirí sna tithe lóistín áitiúla, agus thapaigh go leor acu an deis cuairt a thabhairt ar shuíomhanna spéisiúla an cheantair. Anuas ar na cluichí peile, cuireadh tráth na gceist boird, ceolchoirm agus céilí ar bun do na daoine óga sa Spórtlann.
Tá Gael Linn an-bhuíoch de Mháirtín Ó Meachair agus Bríd Ní Cheallaigh ó Chumann Lúthchleas Gael Naomh Anna a rinne formhór an eagrúcháin áitiúil, agus le coiste na páirce a chuir gach áis ar fáil don ócáid.
Bhí an fhéile cúige seo ar cheann de chúig fhéile peile den chineál céanna a bheidh á n-eagrú ag Gael Linn le linn mhí Bealtaine agus mhí an Meithimh.
Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie
Litríocht.com
Bealtaine 30, 2016
Dein brabhsáil ar shuiomh Litriocht.com – tá an-rogadh go deo ar fail ann!
Béal Átha’n Ghaorthaidh, Co. Chorcaí.
Gaelscoil Phortlaoise, Lá an Forógra
Bealtaine 30, 2016
Féach thíos ar an gcomóradh iontach a bhí ag nGaelscoil Phortlaoise ar Lá an Forógra. Bhí an halla dubh le daoine don cheolchoirm agus ghlac gach rang páirt ann. Bhí amhránaíocht, ceol traidisiúnta, rince-seit, dramaíocht agus filíocht mar chuid den chéiliúradh. Baineadh spórt agus scléip as an lá agus ní dhéanfar dearmad air go deo.
Folúntas: Scoil Mobhi, Baile Átha Cliath
Bealtaine 27, 2016
Tá Scoil Mobhí i mBaile Átha Cliath ag lorg príomhoide buan. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/25905/
Kyne chun bualadh le Bruton chun dréachtpholasaí oideachais na Gaeltachta a phlé
Bealtaine 27, 2016
Tá sé i gceist ag Aire Stáit na Gaeltachta bualadh go luath leis an Aire Oideachais Richard Bruton chun an dréachtpholasaí oideachais don Ghaeltachta a phlé.
Dúirt an tAire Stáit nuacheaptha go raibh gá ní hamháin leis an bpolasaí nua oideachais a fhoilsiú ach le cinntiú go mbeadh dóthain infheistíochta ann le feidhm a thabhairt dó.
Agus é faoi agallamh ar an gclár Seacht Lá ar TG4 anocht, dúirt Kyne chomh maith go mbeadh sé ag dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, faoi leasuithe chun feabhais a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Thug sé le fios chomh maith go mbeadh tuilleadh infheistíochta á lorg aige d’Údarás na Gaeltachta, cé nach raibh sé sásta a rá cé mhéid airgid breise a bheadh i gceist.
Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin sa Dáil Peadar Tóibín go raibh an “an tAire á chur ar a aire” aige agus go gcuirfeadh Sinn Féin agus an freasúra brú láidir air tacú le moltaí agus reachtaíocht a dhéanfadh leas na Gaeilge.
In agallamh eile, dúirt an tAIre Kyne gurb í an chloch is mó ar phaidrín ná an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga phobail sa Ghaeltacht.
Dúirt sé go mbeidh sé ag díriú ar an oideachas agus ar an bhfostaíocht sa Ghaeltacht leis an teanga a láidriú sna ceantair éagsúla.
www.tuairisc.ie