Campa Samhraidh Feachtas sa Mhuileann gCearr
Bealtaine 22, 2013
8 Iúil 2013 – 12 Iúil 2013
Beidh Campa Samhraidh Feachtas 2013 á reachtáil sa Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí ag tús mí Iúil. Reachtáilfear Campa Feachtas, atá dírithe ar dhaltaí san aoisghrúpa 10-15 bliana d’aois, ón 8ú-12ú Iúil agus beidh an campa ar siúl i gColáiste Naomh Fhinín sa Mhuileann gCearr.
Eagraítear réimse leathan imeachtaí le linn na seachtaine do na daltaí agus dírítear ar eispéireas taitneamhach agus spraoiúil a chruthú le Gaeilge a fhoghlaim i suíomh atá neamhfhoirmeálta.
Reachtáiltear an campa óna 10r.n. go dtí a 3i.n. gach lá le rang Gaeilge ar maidin, imeachtaí ar nós drámaíocht, ealaíon, amhránaíocht, ceardlanna agus ceol san iarnóin chomh maith le comórtas spóirt le spóirt éagsúla ar nós peil, cispheil, corr agus sacar. Eagraítear turas lae ar an gcampa chomh maith.
Tá tríocha spás ar Campa Samhraidh agus tá costas €70 an duine ann. Beidh lascaine ann do theaghlaigh.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar Champa Samhraidh Feachtas téigh i dteagmháil leo ag:
Liam Ó Maolchluiche
Feachtas Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge
Oifig a 8,
Teach Coghill,
64 Sráid an Dáma,
BÁC 2.
Uimhir Theileafón: 087 9046136 / Ríomhphost: liam.feachtas@gmail.com
Coláiste Samhraidh i mBaile Átha an Rí
Bealtaine 21, 2013
Beidh Coláiste na Toirbhirte, Baile Átha an Rí á reáchtáil ón 1ú – 12ú Iúil 2013 (Níl an cúrsa ar siúl Dé Sathairn nó Dé Domhnaigh)
Aoisghrúpa: 12 – 18 bliana d’aois
Eagraí: Coláiste Néifinn, www.ColaisteNeifinn.com
I measc na n-imeachtaí bíonn spórt: Cluichí Gaelacha, Sacar, Cispheil, Eitpheil, Rounders, Tarraingt Téide,Rugbaí agus eile Dráma, Díospóireacht, Damhsa, Amhránaíocht, Ceol, Tráth na gCeist agus Turas.
Is í an Ghaeilge gnáth-theanga an choláiste seo
Costas: Táille iomlán an chúrsa: €200 (€250 tar éis 20 Meitheamh)
Áirítear costas an turais air seo. Is gá éarlais €50 a íoc le háit a chur in áirithint do gach scoláire.
An bhfuil spéis agat ann?
Eolas: 087-3903994 / colaisteneifinn@gmail.com
Slua mór i láthair ag oscailt Ghaelscoil an Chuilinn
Bealtaine 21, 2013
Osclaíodh Gaelscoil an Chuilinn go h-oifigiúil in Iarthar Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite, 18 Bealtaine.
Bunaíodh an Ghaelscoil i mBaile an Tirialaigh i Meán Fómhair 2012 le rang amháin ina raibh 15 dalta. Ach tá forbairt shuntasach tagtha ar an ngaelscoil ó shin agus táthar ag súil le fáilte a chuir roimh 32 dalta nua a bheas sa rang naíonáin bheaga i mí Meán Fómhair seo chugainn.
Bhailigh slua breá le chéile an tseachtain seo caite, , idir mhuintir na scoile agus an pobal áitiúil, le hoscailt oifigiúil agus éachtaí na scoile a cheiliúradh. I measc an ghrúpa i láthair bhí na Teachtaí Dála Leo Varadkar, Joe Higgins, agus Patrick Nulty, agus na comhairleoirí áitiúla Michael O’Donovan agus Kieran Dennison. Bhí an laoch spóirt Mícheál Ó Muircheartaigh mar aoi speisialta ar an lá agus labhair an Teachta Dála áitiúil, Joan Burton thar ceann an Rialtais faoin bhfeabhas agus dul chun cinn atá bainte amach ag Gaelscoil an Chuilinn le bliain anuas agus leagadh béim ar thábhacht na Gaelscolaíochta sa cheantar.
Bhí príomhoide Ghaelscoil an Chuilinn, Fergus Ó Conghaile an-sásta leis an oscailt agus an méid daoine a bhí i láthair; “Bhí an t-uafás daoine ann i láthair ag an oscailt idir dhaoine cáiliúla agus thuistí na scoile is a leithéid. Tá mé iomlán sásta leis an bhfás atá tagtha ar an ngaelscoil go dtí seo in éineacht le cúnamh an phobail. Ba mhaith liom buíochas mhór a ghabháil leis an sagart agus an reachtaire áitiúil a thug beatha dúinn agus a chuir fáilte romhainn sa cheantar. Táimid ag súil amach anseo le fás na scoile, chomh maith le h-oscailt Naíonra an Chuilinn i mí Meán Fómhair”.
Tá beirt fostaithe ag Gaelscoil an Chuilinn i láthair na huaire, is iad sin príomhoide na scoile Fergus Ó Conghaile agus Nóinín Ní Ghoill, atá mar mhúinteoir ann. Cé go bhfuil an rang naíonáin bheaga líonta don bhliain seo chugainn, táthar fós ag clárú dhaltaí nua don rang naíonáin mhóra agus rang a haon.
“Fásann an dúchas sa bhfoghlaim” atá mar mhana ag Gaelscoil an Chuilinn, agus is cinnte go bhfásfaidh an dúchas níos mó le líon na ndaltaí ag méadú sa Ghaelscoil as seo amach.
Tá tuilleadh eolas ar Ghaelscoil an Chuilinn ar fáil ar gaelscoilanchuilinn@gmail.com nó ar 01-8262022.
Beidh Naíonra an Chuilinn ag oscailt ag tús na scoilbhliana seo chugainn. Tá tuilleadh eolais maidir leis na naíonra nua ar fáil ar naionraanchuilinn@gmail.com nó 085-7266455.
Foilsithe ar Gaelport.com
Uachtarán Nua ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge
Bealtaine 21, 2013
Cúis áthais do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a fhógairt go bhfuil Deirbhile Nic Craith ceaptha anois ina hUachtarán ar an gComhdháil.
Ag cruinniú de Bhord na Comhdhála le deireanaí, ceapadh Nic Craith ina ról nua, mar Uachtarán ar scátheagraíocht na hearnála deonaí Gaeilge, d’aon ghuth.
Tabharfaidh Nic Craith taithí fairsing léi chuig a ról úr, le tréimhsí fada caite aici ag obair le heagrais Ghaeilge éagsúla, agus breis agus scór bliain caite aici ag obair mar Oifigeach Sinsearach le Cumann Múinteoirí Éireann.
Bhí sí ina comhalta ar Bhord na Comhdhála faoi dhó roimhe seo, i dtús thar ceann Gaelscoileanna Teoranta agus ansin thar ceann Feachtas.
Ceapadh í ina Stiúrthóir ar Ghaelscoileanna Teoranta sa bhliain 1988, agus mar oifigeach sa Rannóg Oideachais de chuid CMÉ i 1992. Is Oifigeach Oideachais agus Rúnaí í Deirbhile do Choiste Oideachais Chumann Múinteoirí Éireann.
Tagann Nic Craith i gcomharba ar Phádraig Mac Fhearghusa a chomhlíon ról an Uachtaráin ón bhliain 2011.
Ag labhairt faoin gceapachán dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Kevin De Barra, “Cuirfidh an ceapachán seo go mór le saineolas na Comhdhála i réimse an oideachais. Tá Foireann agus Bord na Comhdhála ar bís chun dul i mbun oibre le duine leis an oiread taithí agus saineolais le Deirbhile. Go maire sí a ról nua!”
Foilsithe ar Gaelport.com
Campaí Samhraidh Ógras 2013
Bealtaine 21, 2013
1 Iúil 2013 – 2 Lúnasa 2013
Beidh Campaí Samhradh Ógras ar siúl arís i mí Iúil agus Lúnasa in ionad éagsúla timpeall na tíre. Beidh campaí lae ar siúl i gceantair éagsúla i gcúige Laighean, i gCo. Mhaigheo, Co. na Gaillimhe, i nDún na nGall, Ciarraí agus Doire.
Mar chuid lárnach de na campaí samhraidh bíonn neart imeachtaí á reáchtáil ina measc bíonn cluichí boird, ealaíon, ranganna, tóraíocht taisce, comhrá, cispheil, peil, drámaíocht, ceol céilí, turas lae agus neart spraoi.
Tá liosta de n hionad agus data ar fáil ar: www.ogras.ie
Beidh míle fáilte roimh pháistí aois 7-11 bliain d’aois
Costas €55 an páiste
Má dhéanann níos mó ná gasúir amháin as aon teaghlach freastal ar an gcampa is costas de €50 tá i gceist do ghasúr.
Tuilleadh eolais ar fáil óna sonraí teagmháil seo a leanas:
Ógras
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthán: 01 4751487 / Ríomhphost: eolas@ogras.ie
Campaí Samhraidh Locha Riach 2013
Bealtaine 21, 2013
6 Lúnasa 2013 – 17 Lúnasa 2013
Beidh Campaí Samhraidh Locha Riach ar siúl i gCo. na Gaillimhe idir 6ú agus 10ú agus 12 agus 17ú Lúnasa 2013. Tá campa samhraidh ar siúl anois don dara bliain déag as a cheile i mBaile Locha Riach in oirthear na Gaillimhe.
Beidh go leor craic agus spraoi ag an champa samhraidh i mBaile Locha Riach arís i mbliana. Cosnaíonn sé €45 ar pháiste in aghaidh na seachtaine agus €90 ar feadh coicíse.
Tá lacáiste ar fáil do theaghlaigh.
Mar chuid lárnach de na campaí samhraidh bíonn neart imeachtaí á reáchtáil ina measc bíonn Scéalaíocht, ealaín agus ceol, drámaíocht, spóirt agus spraoi, agus amhránaíocht mar aon le turas lae agus neart spraoi.
Beidh míle fáilte roimh pháistí aois 7-11 bliain d’aois
Is féidir clárú anois
Tá tuilleadh eolais ar fáil thíos ó Ruth, Gaeilge Locha Riach, ar 091 870718 nó seol ríomhphost chuig oifig@lochariach.com
Suíomh gréasán: www.lochariach.com
Comhar Óg amuigh ar na seilfeanna anois
Bealtaine 21, 2013
Foilsíodh an dara heagrán de ‘Comhar Óg’, iris don aos óg de chuid ‘Comhar’ an tseachtain seo caite.
Saothair le daltaí ar an dara leibhéal atá le léamh in Comhar Óg, idir ghearrscéalta, filíocht, ailt, cartúin, grianghraif agus lúibíní.
Maoinithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), tugann Comhar Óg deis do dhéagóirí a dtaithí scríbhneoireacht a fhorbairt, chomh maith le léitheoireacht ábhartha a chur ar fáil do dhaoine óga.
Tá léiriú suntasach Gaeilge le feiceáil ó gach cearn den tír sna saothair le canúintí éagsúla, agus is léir go bhfuil scoláirí na hÉireann ag cur a ndícheall isteach sa scríbhneoireacht.
Curtha in eagar ag Áine Uí Fhoghlú, scríbhneoir cáiliúil as an Rinn, Co. Port Láirge, agus deartha ag dearthóir ‘Comhar’ Mark Wickham, is cinnte go bhfuil an bheirt ag breathnú ar na scríbhneoirí óga seo mar rannpháirtithe ‘Comhar’ amach anseo.
Molann an t-eagarthóir, Áine Uí Fhoghlú, do dhaltaí dul i mbun scríbhneoireachta, go h-áirithe leis an samhradh ag druidim linn. Molann sí chomh maith do mhúinteoirí an scríbhneoireacht chruthaitheach a chur chun cinn, go mór le lucht na h-idirbhliana, agus an deis saoirse atá acu.
Le spriocdháta d’iarratas Chomórtais Liteartha an Oireachtais ag druidim linn ar 1 Iúil, is cinnte go mbeidh cuid mhaith scríbhneoireachta ag dul ar aghaidh go dtí sin. Tá tuilleadh eolais maidir le Comhar Óg agus iris Comhar é féin ar fáil ar (01) 6785443, www.iriscomhar.com nó iriscomhar@gmail.com.
Foilsithe ar Gaelport.com
Deis d’fhoghlaimeoirí Gaeilge teastas TEG a bhaint amach
Bealtaine 20, 2013
Tá Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) and Oideas Gael ag teacht le chéile chun deis a tabhairt d’fhoghlaimeoirí Gaeilge aitheantas a fháil ar a gcuid oibre agus iad ag freastal ar chúrsaí Oideas Gael an samhradh seo.
Beidh TEG ag reáchtáil scrúduithe béil i nGleann Cholm Chille i rith an tsamhraidh áit a dtabharfar an rogha do lucht foghlamtha Oideas Gael cáilíocht a fháil ar a gcuid scileanna labhartha. Beidh na scrúduithe á reáchtáil ar 22 Meitheamh, 6 Iúil agus 20 Iúil.
Ó bunaíodh é i 2005, tá Teastas Eorpach na Gaeilge ann mar an chéad agus an t-aon chóras teistiúchán Gaeilge do dhaoine fásta. Tá TEG dírithe ar gach duine a bhfuil suim acu an Ghaeilge a fhoghlaim agus tá os cionn 2,500 duine tar éis tabhairt faoi scrúduithe TEG go dtí seo, idir dhaoine in Éirinn agus thar sáile.
Tá aitheantas ó TEG ina chuidiú mór i dtaobh na hoibre de os rud é gur riachtanas iontrála é d’Fhorbairt Naíonraí Teoranta, An Chomhairle Mhúinteoireachta, Coimisiún Fulbright, An Roinn Oideachais agus Scileanna; agus na Na Coláistí Oideachais: Institiúid Oideachais Marino, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach agus Coláiste Hibernia.
Beidh fáil ar scrúduithe TEG a leanas trí Oideas Gael:
A1 – Bonnleibhéal 1
A2 – Bonnleibhéal 2
B1 – Meánleibhéal 1
B2 – Meánleibhéal 2 (20 Iúil amháin)
C1 – Ardleibhéal 1 (20 Iúil amháin)
Beidh costas €50 ar scrúdú TEG trí Oideas Gael, agus is féidir clárú ag www.teg.ie. Tugtar comhairle maidir leis an leibhéal scrúdaithe gur ceart d’iarrthóirí tabhairt faoi ó mhúinteoirí Oideas Gael chomh maith le foireann TEG in Ollscoil na hÉireann Maigh Nuad. Tá tuilleadh eolas ar fáil ó shuíomh TEG www.teg.ie, ar teanga@nuim.ie nó ar 01 7086417.
Foilsithe ar Gaelport.com
Príomhoide ceaptha ar ghaelscoil nua Chill Dara
Bealtaine 16, 2013
Osclófar Gaelscoil nua i mBaile Chill Dara i 2013 faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta. Is scoil trí mheán na Gaeilge a bheidh ann a bhfuil comhoideachasúil agus a mbeidh sainspiorad ilchreidmheach aici.
Beidh an scoil nua lonnaithe i meánscoil an choiste gairmoideachais i mBaile Chill Dara, áit ina bhfuil Educate Together lonnaithe chomh maith. Tá An Foras Patrúnachta ag glacadh le hiarratais fós d’áiteanna sa scoil nua. Ba cheart do thuismitheoirí a bhfuil suim acu sa scoil seo, an fhoirm iarratais a líonadh isteach.
Ba cheart do thuismitheoirí an fhoirm iarratais a líonadh isteach agus a chur sa phost chuig An Foras Patrúnachta, Bloc K3, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co Chill Dara chomh luath agus is féidir..
Cur aithne ar an bpríomhoide nua: Norma Ní Chonchúir
“Is as Ciarraí dom. Bhog mé go Cill Dara ocht mbliana ó shin nuair a fuair mé mo chéad phost agus táim tar éis múineadh i nGaelscoil Chill Dara ó shin. Ocht mbliana den scoth a bhí iontu i scoil a chuireann ard-chaighdeán oideachais ar fáil.
“Rinne mé B.Oid i gColáiste Mhuire gan Smál agus M. Oid in Ollscoil na hÉireann Má Nuad. Chinn mé bheith i mo mhúinteoir mar is aoibhinn liom a bheith ag obair le páistí agus bhí éispéireas scolaíochta an-dearfach agam féin; bhí múinteoirí iontacha spreagúla agam agus mé ar scoil. Freisin, tá an-ghrá agam don Ghaeilge agus tá an-suim agam í a chur chun cinn.
“Is deis iontach dom é agus is mór an onóir domsa an post a ghlacadh mar phríomhoide ar an nGaelscoil Nua i mBaile Chill Dara. Táim ag siúl go mór leis an bpost nua. Tá an-éileamh ar an nGaelscolaíocht sa cheantar agus tá sé iontach go bhfuil gaelscoil nua á oscailt chun freastal ar an éileamh sin.
“Gaelscoil ilchreidmheach a bheidh inti. Is ard-chaighdeán oideachais trí mheán na nGaeilge a chur ar fáil ná an sprioc i dtimpeallacht foghlama dearfach, taitneamhach agus oscailte. Tá sé mar sprioc agam scoil le hatmaisféar chomhmheasa a chothú, áit a bhfuil páistí spreagtha agus muiníneach iontu féin agus a mhúintear na scileanna saoil dóibh atá uathu mar saoránaigh na tíre seo.”
Príomhoide ceaptha ar Ghaelscoil na Giúise
Bealtaine 16, 2013
Osclófar Gaelscoil nua i dTamhlacht i 2013 faoi phátrúnacht An Foras Pátrúnachta. Is scoil trí mheán na Gaeilge a bheidh ann a bhfuil comhoideachasúil agus a mbeidh sainspiorad ilchreidmheach aici.
Tá An Foras Patrúnachta ag glacadh le hiarratais fós d’áiteanna sa scoil nua. Ba cheart do thuismitheoirí a bhfuil suim acu sa scoil seo, an fhoirm iarratais a líonadh isteach.
Ba cheart do thuismitheoirí an fhoirm iarratais a líonadh isteach agus a chur sa phost chuig An Foras Patrúnachta, Bloc K3, Campus Gnó Mhaigh Nuad, Maigh Nuad, Co Chill Dara chomh luath agus is féidir.
Thosaigh an An Foras Pátrúnachta, pátrún na scoile nua, ag déanamh feachtasaíochta d’oscailt Ghaelscoile i dTamhlacht i 2011 agus d’éirigh leis an bpátrún neart tacaíochta tuismitheora a fháil. Rinne An Foras Pátrúnachta iarratas ar phátrúnacht don scoil nua ansin i mí Dheireadh Fómhair, 2011.
I mí an Mhárta 2012, d’fhógair an t-Aire Oideachais & Scileanna, Ruairí Quinn,an phátrúnacht do na bunscoileanna nua a bheidh ag oscailt i mí Mheán Fómhair, 2012 agus mí Mheán Fómhair, 2013. Tá ríméad ar An Foras Pátrúnachta go mbeidh trí Ghaelscoileanna nua faoin bpátrún, Tamhlacht san áireamh, a bheidh ag oscailt i 2012 agus 2013.
Cuir aithne ar an bpríomhoide nua: Fionnuala Ní Riain
“Is as Baile an tSaoir dom agus d’fhreastail mé féin ar Scoil Naithí agus Coláiste Íosagáin i Stigh Lorgáin. Dhein mé an cinneadh a bheith i mo mhúinteoir toisc go raibh suim agam i gcónaí san oideachas agus toisc go raibh mé ag iarraidh a bheith ag obair le páistí. Is múinteoir meánscoile é m’athair chomh maith agus tá baint le h-oideachas sna glúnta anuas ar dhá thaobh dem’ mhuintir.
“Bhain mé céim BA sa Ghaeilge agus Stair (UCD) i 2001, MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais (DCU) i 2002, Ard Dioplóma san Oideachas Bunscolaíochta i 2005 agus i mbliana tá mé ag déanamh staidéir ar Dioplóma Iarchéime i dTacaíocht Foghlama & Riachtanais Speisialta (TCD).
Tá mé ag múineadh i nGaelscoil Bharra i gCabrach le deich mbliana anuas.
“Tá mé ag súil go mór leis an bpost nua. Mothaím go bhfuil mé réidh aghaidh a chur ar an dúshlán nua seo. Is scoil nua go leor a bhí i nGaelscoil Bharra nuair a thosaigh mé ag múineadh ann agus mar sin tá taithí agam a bheith ag obair i scoil atá ag fás agus ag forbairt.
“Ba mhaith liom scoil a chothú atá mar chroílár an cheantair le aidhm oideachas den céad scoth a chur ar fáil do gach páiste. Na talainn atá acu a fhorbairt áit go mbeimid ag scaipeadh an cultúir Gaelaigh ar fud an cheantair agus ag spreagadh muintir na háite chun a gcuid Gaeilge a n-úsáid. Ba mhaith liom scoil a chothú atá páirteach in imeachtaí spóirt, cheoil, drámaíochta srl. Tá mé ag súil go mór leis an bpost nua a thosnú.”