Gairmeacha le Gaeilge i Machaire Rátha
Samhain 21, 2012
Bhailigh cúpla céad páiste meánscoile ó scoileanna an tuaiscirt i mbaile Mhachaire Rátha ar na mallaibh faoi choinne lá eolais faoi na gairmeacha atá ar fáil in éarnáil na Gaeilge.
Roinn ochtar aoichainteoir ó na meáin cumarsáide, an saol léinn agus forbairt pobail a scéal faoina n-aistear i saol oibre na Gaeilge.
Thug Meon Eile cuairt orthu ar an lá, labhair muid leis an óige faoina mianta don todhchaí agu labhair muid leis an dream níos sine faoina rogha oibre féin…
Féach ar an físeán ar www.meoneile.ie
ELeathanach – áis léitheoireachta do pháistí bunscoile
Samhain 20, 2012
Seo chugaibh eagrán 127 d’ELeathanach-áis léitheoireachta do pháistí bunscoile i rang a 5 agus a 6. Tá an t-ábhar dírithe ar pháistí le Gaeilge mhaith acu sna gnáthscoileanna – scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar T2. Ar ndóigh bheadh sé oiriúnach do pháistí ó rang a 4 ar aghaidh sna Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta chomh maith.
Tá fáilte romhaibh ELeathanach a chur ar aghaidh chuig scoil ar bith eile nó cairde libh a mbeadh suim acu ann. Tá teacht ar Eleathanach ar shuíomh Froebel chomh maith. www.froebel.ie
Tá ELeathanach Uimhir 14 go 126 ar fáil sa chartlann ar an suíomh www.froebel.ie
Bainigí taitneamh as an Eleathanach seo!
Le dea-mhéin
Máire Nic an Bhaird
Fiona Nic Fhionnlaoich
Séamie Ó Néill
Coláiste Oideachais Froebel
Cúrsaí Gaeilge ar líne
Samhain 20, 2012
Tá cúrsaí ar líne le Gaelchultúr á dtairiscint go heisiach daoibh ar phraghas speisialta:
• Gaeilge gan Stró! Leibhéal TEG, B1: Tá cúpla focal agaibh—Bainigí triail as. Íoc €80, faigh €30 ar ais*
• Gramadach gan Stró! Dúshlán gramadaí—Bígí crógach! Íoc €80, faigh €30 ar ais*
• Tusa agus do Ríomhaire: Teicneolaíocht agus Gaeilge. Íoc €35, faigh €15 ar ais*
*Airgead ar ais má chríochnaítear cúrsa taobh istigh de sé mhí.
Eolas: 091-870718 / oifig@lochariach.com
Seo comhfhiontar de chuid Gaeilge Locha Riach agus Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe fá choinne pobal Oirthear na Gaillimhe.
Comhdháil Oideachas ar an 23 Samhain – Clár ar fáil
Samhain 19, 2012
Reáchtálfar comhdháil 2012 i gcomhpháirt le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. Beidh Comhdháil Oideachais GAELSCOILEANNA TEO. agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta Teo. ar siúl in óstán an Ardilaun i nGaillimh ar an 23 Samhain 2012.
Clár na Comhdhála 2012
Rúin agus ainmniúcháin
Ba mhór le GAELSCOILEANNA TEO. rannpháirtíocht na scoileanna a ardú i ngnó agus stiúrthóireacht na heagraíochta, le go mbeidh sí ionadaíoch ar na scoileanna atá mar bhaill aici. Tá gach eolas maidir le rúin agus ainmniúcháin a chur chun cinn ag Cruinniú Chinn Bhliana na heagraíochta ar fáil anseo.
Tá eolas maidir le ballraíocht le GAELSCOILEANNA TEO. ar fáil anseo.
Foirm ballraíochta: Foirm Bhallraíochta Eanáir-Nollaig 2012
Seastáin ag an gComhdháil
Faraor, díoladh amach na spásanna seastáin an-tapaidh i mbliana agus ní féidir linn glacadh le haon áirithintí eile. Más spéis leat dul ar liosta feithimh déan teagmháil leis an Oifigeach Forbartha.
Lóistín
Tá eolas maidir le rátaí san Ardilaun agus lóistín eile sa cheantar ar fáil anseo.
Cláraigh le freastal
Is féidir le scoileanna agus eagraíochtaí a gcomhaltaí a chlárú le freastal ar an gcomhdháil tríd an fhoirm thíos a chomhlánú. Má tá níos mó ná ceathrar le freastal ón scoil/eagraíocht, iarrfar ort teagmháil a dhéanamh linn ar 01 8535195 nó oifig@gaelscoileanna.ie seachas clárú ar líne, le go dtabharfar lascaine duit.
Oops! We could not locate your form.
Tacaíocht don Áisaonad
Samhain 19, 2012
Seo thíos litir maidir le todchaí an Áisaonaid gur féidir a chur in oiriúint dod’ scoil agus a sheoladh ar aghaidh chuig an Aire Carál Ní Chuillín agus an Aire Dinny McGinley más mian leat do thacaíocht do seirbhísí an Áisaonaid a léiriú.
Litir maidir leis an Áisaonaid
Dráma Nollag
Samhain 19, 2012
Dráma Nollag ar bhreith Chríost, oiriúnach do scoileanna agus grúpaí drámaíochta, curtha ar fáil ag Cathal Ó Donnghaile. Is leagan Ultach atá ann agus is féidir le múinteoirí é a athrú aon dóigh is maith leo. Ba mhór le Cathal cloistéail ó aon scoil nó ghrúpa a chuireann ar stáitse é (sonraí teagmhála ar fáil ón oifig, oifig@gaelscoileanna.ie).
CORE – simply the best Course
Samhain 19, 2012
The CORE project uses systematic, qualitative methods of action-research to investigate the implementation of CLIL (Content and Language Integrated
Learning) “on the ground” in primary and secondary schools within a variety of socio-linguistic contexts in five European countries. We give a particular emphasis to multi-lingual and officially bi-lingual regions. We complement current and often “top-down” theory and practice with a “bottom-up” exploration of “what works where, and why”.
The result will be an innovative, practitioner-led integration of core CLIL principles into a self-sustainable and perpetually renewable state-of-the-art training and support programme for the local management of CLIL innovation by school leaders and other senior managers using the resources of their local educational networks.
The project will draw upon the knowledge and experience of the educational advisors in its team in the organizational theory and practice of innovation management, and the use of AfL (Assessment for Learning) as a student-centered mechanism for the local evaluation of CLIL programmes
Interested partners should apply to their National Agency for funding before 16th Jan 2013.
The list of National Agencies can be found on:
http://ec.europa.eu/education/lifelong-learning-programme/national_en.htm
Web site for the project is:
www.coreproject.no
Pacáiste de leabhair agus amhráin Ghaeilge
Samhain 16, 2012
Tá pacáiste tacaíochta do thuismitheoirí ar fáil ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ina bhfuil leabhrán tacaíochta, dlúthdhiosca le rannta agus leabhar rannta do pháistí. Ní gá do thuismitheoirí ach glaoch ar an Roinn (091 503 700) nó r-phost a chur chuig ctt@ahg.gov.ie le pacáiste a fháil. B’fhéidir gur fiú é a rá leis an scoil, naíonra, nó naíolann ina bhfuil do pháistí, bíodh sin ina ghael-ionad nó ná bíodh, cóip a lorg ionas go mbeidh sé ar fáil le tuismitheoirí a chur ar an eolas, nó go deimhin le húsáid a bhaint as.
Má tá an pacáiste faighte agat cheana féin, tabhair ar aird go bhfuil leabhair agus dlúthdhioscaí de chuid Futa Fata agus eile curtha leis anois agus is mór is fiú a chur isteach air arís.
Nuair a thógann tú páiste le Gaeilge, tá tú ag tabhairt buntáiste luachmhar dó/di a d’fhéadfadh cabhrú leis/léi:
1. foghlaim conas léamh agus comhaireamh
2. teangacha eile a fhoghlaim
3. scileanna cumarsáide a fhorbairt
4. post a fháil amach anseo
5. cairde nua a dhéanamh
6. a bheith páirteach i nglúin nua cainteoirí Gaeilge
7. féiniúlacht a threisiú
Pacáiste tacaíochta agus tuilleadh sonraí: 091 503700 nó ctt@ahg.gov.ie.
An Gael Óg, Nuachtlitir Na Gaeil Óga, eagrán 6
Samhain 16, 2012
Nuachtlitir le híoslódáil anseo.
Ceolta – Pacáiste Gaeilge don Fheadóg “D” oiriúnach don chlár bán idirghníomhach
Samhain 16, 2012
Méaróg 1GB €20
Gach 1GB Breise €5
Uasghrádú Cumadóireachta (12 Rian) saor in aisce leis
Cuirtear ceol breise ar fáil go rialta saor in aisce
38 Fonn: Nótaí + Cliathnodaireacht + Fonn Simplí + Fuaimrian Taca
4 chéim ghrádaithe ón mbunleibhéal, priontáil éasca
Rásaí an Daingin/Síbhean Locha Léin/Ireland’s Call/Fields of Athenry/Suantraí Brahms
Lus na Gréine/Amhrán na bhFiann/Da Doo Ron Ron/Válsa an Scátálaí/Ride On 7rl.
Teagmháil:
Cathal Ó Catháin 18 Páirc na Boilge Ceatharlach
cathalocathain@hotmail.com