Catalóg 2012-13 Futa Fata
Deireadh Fómhair 2, 2012
Tá áthas orainn Catalóg 2012-13 Futa Fata a chur faoi do bhráid.
Beidh spéis ar leith ag múinteoirí ardranganna sa tsraith nua úrscéalta, aistrithe ón mBéarla, le tacaíocht ó COGG. Ina measc tá ‘Cuileog’ le Andy Stanton, údar na leabhar Mr. Gum, a bhfuil an-tóir ag léitheoirí óga iontu. Má tá suim agaibh seit ranga de cheann ar bith de na leabhar seo a ordú, beidh áthas orainn lacaisne a thabhairt daoibh.
Sraith do léitheoirí níos óige atá thar a bheith greannmhar é ‘Mise Máíre Treasa Mí-Abha’. Do na naíonáin, tá Tadhg Mac Dhonnagáin, cruthaitheoir ‘Gugalaí Gug’ tar éis sraith nua faoin tíogar beag fiosrach ‘Dainín’ a scríobh.
Tá dhá phictiúrleabhar nua againn chomh maith – ‘Mise agus an Dragún’ le Patricia Forde agus Steve Simpson agus ‘Ní mise a rinne é!’ le Bridget Bhreathnach agus Donough O’Malley.
Tá tairiscintí speisialta ar fáil tríd an gcatalóg ar fad. Má bhíonn ceist nó fiosrúchán ar bith agat, ná bíodh leisce ort glaoch orainn le linn uaireanta oifige ag 091 504612.
Má tá spéis agaibh cuairt chun na scoile ó dhuine dár gcuid scríbhneoirí nó maisitheoirí a eagrú is féidir é sin a dhéanamh, ach teagmháil a dhéanamh le Gemma Breathnach, gemma@futafata.ie glaoch ar an oifig ag an uimhir thuas.
Le gach dea-ghuí d’obair na bliana,
Breda Ní Chonghaile
Cuntóir MargaíochtaFuta Fata
Spraoi sa Seomra Ranga le Foinse Óg
Deireadh Fómhair 2, 2012
Seoladh sraith nua d’acmhainní foghlama ar líne an tseachtain seo caite atá ar fáil anois ag www.foinse.ie.
Cuireann an tsraith nua ábhair oideachais leis an tseirbhís do dhaltaí agus do mhúinteoirí a bhíodh soláthartha ag Foinse roimhe seo agus atá á feabhsú i gcónaí. Forbraíodh na hacmhainní nua, atá go hiomlán saor in aisce, i gcomhar le COGG agus bunaíodh gach ceann acu ar théamaí churaclam na bunscoile. Is iad múinteoirí bunscoile a d’fhorbair na hacmhainní ionas go bhfónfar i gceart ar riachtanais an mhúinteora sa seomra ranga.
Tá na céadta acmhainní nua curtha ar an suíomh agus déantar freastal ar gach cineál leibhéal Gaeilge. Ina measc tá póstaeir ildaite ábhartha atá inúsáidte go hidirghníomhach, ar chláir bhán agus teilgeoirí, nó mar acmhainn crua clóite amach. Tá fáil freisin ar chluichí idirghníomhacha, crosfhocail agus ceachtanna lion na bearnaí, gné a thugann deis do mhúinteoirí freastal ar leibhéil éagsúla foghlama in aon cheacht amháin. Cé go bhfuil na hacmhainní dírithe ar mhúinteoirí scoile go príomha, is áis iontach do thuismitheoirí é an suíomh www.foinse.ie.
Mar aon leis na hacmhainní ar líne, cuirtear neart ceachtanna agus ábhair foghlama ar fáil gach Céadaoin in Foinse ata ar fáil go seachtainiúil leis an Irish Independent. Foilseofar plean ceachta úr sa nuachtán gach seachtain le linn an téarma scoile a bheas mar acmhainn leanúnach do mhúinteoirí agus tuismitheoirí leis an nGaeilge a chruthú mar ábhar tarraingteach spreagthach.
Foilsithe ar Gaelport.com
Spraoi sa Seomra Ranga le Foinse Óg
Meán Fómhair 27, 2012
D’fhógair www.foinse.ie inniu seoladh sraithe nua ar líne d’acmhainní foghlama saor in aisce do mhúinteoirí agus do dhaltaí Bunscoile i gcomhar le COGG (www.cogg.ie). Tá os cionn 200 acmhainn úrscothach, lena n-áirítear crosfhocail, póstaeir, cluichí, líon na bearnaí agus pleananna ceachta do mhúinteoirí, ar fáil anois saor in aisce ar líne ag www.foinse.ie.
Tá na hacmhainní ar fad bunaithe ar théamaí curaclaim, a ligeann do mhúinteoirí ceachtanna iomlána a chur i dtoll a chéile leis na hacmhainní ar líne atá saor in aisce. Mar gheall ar éagsúlacht na n-acmhainní atá ar fáil ag www.foinse.ie tá rud éigin ar fáil do gach leibhéal cumais sa Ghaeilge.
Ag tógáil ar cháil Foinse dá n-ábhar oideachais den chéad scoth, d’fhorbair múinteoirí bunscoile na hacmhainní seo do mhúinteoirí Bunscoile. Tá na hacmhainní oiriúnach do gach leibhéal d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus is féidir iad a úsáid in go leor réimsí den churaclam.
I measc na n-acmhainní nua tá póstaeir dhaite tharraingteacha atá bunaithe ar théamaí laistigh den churaclam. Dearadh na póstaeir seo le go mbeidís éasca le húsáid ar chláir bhána idirghníomhacha agus le huasteilgeoirí, ach is féidir iad a chur i gcló freisin agus iad a úsáid i mbealach níos traidisiúnta.
Tá cluichí idirghníomhacha, crosfhocail, míreanna mearaí agus ceachtanna líon na bearnaí ina gcuid den tsraith acmhainní freisin, a ligeann do mhúinteoirí freastal ar chumais éagsúla laistigh den rang céanna.
Gach seachtain le linn an téarma scoile, foilseofar plean ceachta in Foinse (ar fáil leis an Irish Independent gach Céadaoin) a bhaineann leis na hacmhainní ar líne a thugann deis do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí suim agus spéis a bpáistí sa Ghaeilge a chothú.
Níl le déanamh chun tosú leis na hacmhainní ach dul go www.foinse.ie agus gliogáil ar ár dtáb ‘Acmhainní’ chun an réimse iomlán acmhainní atá ar fáil a fheiceáil agus tús a chur leis an spraoi sa seomra ranga.
An Ghaeilge agus Cleachtadh Ealaín Comhaimseartha – deis iontach le dul i bhfiontar ar an nua?
Meán Fómhair 27, 2012
Ba mhaith linne fáilte is fiche a chuir chugat chuig ‘Fás agus Forbairt’, comhdháil a mhairfidh dá lá agus Duais-sparántacht Chruthaitheachta d’Ealaíontóirí. Mar ealaíontóir, léiritheoir nó mar láithreoir, tá súil againne go mbeidh spéis agatsa ann.
Tá muid ag tnúth le go mbeidh níos mó ná ainm i‘Fás agus Forbairt’, tá súil againne go ndéanafaidh sé sin, smaointe a fhás agus a fhorbairt. Tá aidhm ag an gComhdháil: dul i ngleic le dúshlán nua atá romhain agus tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí agus iad ag cruthú smaointe nuálacha úra. Táimid ag iarraidh ealaíontóirí le Gaeilge (agus dóibh siúd atá ar beagáin Gaeilge- is cuma má tá sé in úsaid agat nó nach bhfuil) a thabhairt le chéile chun dul i ngleic le saothar nua-aimseartha.
Beidh taispeántais agus ceardlanna mar ghnéithe de ‘Fás agus Forbairt’ ó slua ealaíontóir atá ag obair trí mheán an Bhéarla, trí mheán na Gaeilge agus nó go dátheangach, anuas ar seo beidh seisiún le ceardlanna ealaíon agus laithreoirí le plé a dhéanamh ar conás a mbíonn na healaíontóirí agus lathreoirí in ann oibriú as laimh a chéile ar mhaithe le saothar nua a chumadh agus an lucht féácanna atá tuilte go maith ag an saothar nua seo a chruthú.
Cathain: Deireadh Fómhair18ú (12in – 8in) – 19ú (10rn – 4in) 2012
Ca háit: Axis, Príomhsráid Baile Munna, BÁC 9.
Costas: SAOR (le do thoil cuir muid ar an eolas má tá aon lascaine ar rataí iostais aitúil uait)
Clárúchán: Tá clárúchán anois ar oscailt.
Ba bhreá linn dá mbeadh tú linn.
Le do thoil, má tá tuilleadh eolais uait, cuir ríomhphost chugainn ar borradh.buan@axisballymun.ie
Ba bhreá linn cloistéal uait!
Beir bua,
Róise Goan (Dublin Fringe Festival), Niamh Ní Chonchubhair (Axis: Baile Munna) agus Cian O’ Brien (Project Arts Centre)
Tá ‘Fás agus Forbairt’ urraithe ag an gComhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge
Smarty Cat – Cluichí i nGaeilge
Meán Fómhair 26, 2012
SICÍN le Máiréad Mag Uidhir
Meán Fómhair 26, 2012
Foilsithe i 2012 ag Linden Publishing
(rian de ASHFIELD PRESS, Baile Átha Cliath)
Léaráidí: Mary agus Emma Gilleece
Aistrithe go Gaeilge ag Mícheál Ó Ruairc
24 leathanach.
Is leabhar beag álainn do pháistí é ‘Sicín’. Tá scéal iontach ann faoi ghearrchaigh bheaga atá ar tí an nead a thréigean. Tá trí cinn de ghearrchaigh ann ar fad: Mattie, Jenny agus Tiny. Tarlaíonn na heachtraí sa scéal ar an Lá Speisialta a bhfuil na héin bheaga chun dul ag eitilt agus an nead a fhágáil don chéad uair ina saol. Is é Tiny laoch an scéil. Ceapann gach éinne nach bhfuil sé cróga go leor chun dul ag eitilt as a stuaim féin ach cuireann sé an dubh ina gheal orthu go léir!
Is laochscéal beag deas é seo do pháistí san aoisghrúpa 4 – 8. Is scéal simplí, greannmhar deascríofa é faoi conas gur féidir snámh in aghaidh an tsrutha agus tá ceacht tábhachtach le foghlaim ann: is féidir le gach duine a bheith ina laoch sa saol má tá sé/sí cróga go leor. Tá an leabhar maisithe go hálainn le léaráidí deasa, daite ag Mary agus Emma Gilleece. Bheadh an leabhar seo an-oiriúnach sa rang do pháistí bunscoile san aoisghrúpa 4 – 8.
Rugadh agus tógadh an t-údar Máiréad Mag Uidhir i Luimneach. Chaith sí a saol ag múineadh ina cathair dhúchais, ag teagasc leanaí le Riachtanais Speisialta i Scoil Naomh Iosaf i Lios na Groí ar dtús agus ina dhiaidh sin ar feadh tríocha bliain i Scoil Íde, Corrbhaile. Bhí uirthi éirí as an mhúinteoireacht sa bhliain 2009 nuair a fuair sí amach go raibh Seargadh Matánach Dromlaigh (MSA) uirthi.
E-leathanach Froebel
Meán Fómhair 24, 2012
Seo chugaibh eagrán 119 d’ELeathanach-áis léitheoireachta do pháistí bunscoile i rang a 5 agus a 6. Tá an t-ábhar dírithe ar pháistí le Gaeilge mhaith acu sna gnáthscoileanna – scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar T2. Ar ndóigh bheadh sé oiriúnach do pháistí ó rang a 4 ar aghaidh sna Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta chomh maith.
Tá fáilte romhaibh ELeathanach a chur ar aghaidh chuig scoil ar bith eile nó cairde libh a mbeadh suim acu ann.
Tá ELeathanach Uimhir 14 go 118 ar fáil sa chartlann ar an suíomh www.froebel.ie
Deontais d’imeachtaí idirscoile ar fáil
Meán Fómhair 24, 2012
Cuireann GAELSCOILEANNA TEO deontas d’imeachtaí idirscoile ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Bíonn an-tóir ar na deontais seo.
Is féidir an fhoirm iarratais a comhlánú anseo: Foirm Iarratais
Tríd an scéim seo, bíonn deis ag scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le scoileanna eile agus cuireann GAELSCOILEANNA TEO. uasmhéid de €250 / £225 ar fáil d’imeacht le 2 scoil rannpháirteach ann, uasmhéid €500 / £450 d’imeacht le 3 scoil nó níos mó rannpháirteach ann agus €750 / £675 más 4 scoil nó níos mó atá le bheith rannpháirteach. Déantar na h-íocaíochtaí de réir admhála. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:
- Naíonraí /naíscoileanna agus bunscoileanna
- Bunscoileanna amháin
- Bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna
- Iar-bhunscoileanna amháin
Tugann na himeachtaí idirscoile seo deis thábhachtach do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le scoileanna eile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa na scoile, chun leasa na ndaltaí agus chun leasa an scoilphobail.
Tá gach eolas mar gheall ar an scéim seo ar fáil ach ríomhphost a chur ag oifig@gaelscoileanna.ie nó glaoch a chur ar 01 8535193.
Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.
Bileog Imeachtaí Idirscoile 2012
Ar siúl an tseachtain seo
Meán Fómhair 21, 2012
Seo thíos trí imeacht suimiúla atá ar siúl sna 7 lá atá romhainn.
Oíche Chultúir – 21/9/12
5.00 – 11.00in
Gach 30 nóim
Stair an Cheannárais
Turas treoraithe dátheangach ar Uimhir 6
Conradh na Gaeilge
5.00 – 7.00in
Ceardlann Spraoi
Ealaín agus cluichí do pháistí (5+ bliana d’aois)
Ógras
6.00 – 7.00in
Rang Gaeilge do Dhaoine Fásta
Blas de chúrsa bunleibhéil d’fhoghlaimeoirí fásta
Conradh na Gaeilge
7.00 – 8.00in
Dátheangach Ó Thús / Bilingual Beginnings
Ceardlann dhátheangach do thuismitheoirí ag iarraidh a gclann a thógáil trí Ghaeilge
Comhluadar
8.00 – 9.00in
Ceardlann Trip-Nós
Ceardlann rince ar an sean-nós le ceol dioscó arna reáchtáil ag Sibéal Davitt
Seachtain na Gaeilge
8.30 – 9.30in
Seisiún sa Siopa
Ceol beo le seisiún ins An Siopa Leabhar
An Siopa Leabhar
9.00in
Ceol Beo
Club Chonradh na Gaeilge
Is gá spásanna a chur in áirithe do na himeachtaí seo thuas.
Tá tuilleadh imeachtaí ar siúl timpeall na tíre, ní gá ach cuairt a thabhairt ar www.culturenight.ie le fáil amach cad atá ar siúl i do cheantar.
Comhdháil faoin léitheoireacht – 21 & 22/9/12
Tá comhdháil faoi léitheoireacht leabhar á heagrú ag Foras na Gaeilge in Ionad Comhdhála Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 ar an 21-22 Meán Fómhair 2012. Is é is cuspóir don chomhdháil ná teacht ar bhealaí le cur leis an líon daoine a léann leabhair Ghaeilge. I measc na n-ábhar a phléifear ag an gcomhdháil beidh staid reatha na litríochta, cleachtais idirnáisiúnta leis an léitheoireacht a chothú i measc an phobail, an léirmheastóireacht, agus dáileachán agus margaíocht na leabhar.
Tá cead isteach saor in aisce ach is gá spás a chur in áirithe roimh ré ag www.gaeilge.ie/register/irish.asp.
#Gtuít – 27/9/12
Tá gaelport.com ag eagrú an chéad tweetup as Gaeilge, an Gtuít, Déardaoin 27 Meán Fómhair. Baileoidh lucht na Gaeilge le chéile sa Culture Box, 12 Sráid Essex Thoir, Barra an Teampaill, BÁC 2 idir 18.00-19.15 le forbairtí ar an idirlíon agus sna meáin dhigiteacha a phlé go neamhfhoirmiúil.
Fáilte roimh chách!
eolas ó Forbairt Naíonraí Teoranta www.naionrai.ie
Ceardlann Drámaíochta agus Gaeilge ADEI
Meán Fómhair 20, 2012
Cuir le do scileanna agus stráitéisí teagaisc leis an gCeardlann Drámaíochta seo ar theagasc teangacha le Sinéad Ní Ghuidhir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Ag díriú ar an gcuraclam Gaeilge go príomha, beidh na scileanna seo inaistrithe trasna an churaclaim, bunscoil agus iarbhunscoil trí chéile!
Tairbhe, taithí agus taitneamh an manna atá ag Sinéad. Cinnte beidh neart spraoi ann, agus beidh smaointe agus modhanna úra le tabhairt abhaile agat le cur i bhfeidhm i do rang féin.
Dé Sathairn, 22 Meán Fómhair
Am. 10.30-4.00
The CUBE, Áras na Mac Léinn, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Costas. €30/€15 lascaine
Cuir ephost chuig booking@adei.ie