Méid an Téacs

Sraith cainteanna ar Phádraic Mac Piarais: a shaol agus a shaothar ar fáil do dhaltaí scoile. Cláraigh anois!!

Samhain 19, 2014

Tá sraith cainteanna curtha le chéile ag Séadna Mac Seoin do dhaltaí scoile faoi shaol agus saothaor Phádaic Mhic Phiarais.

Agus comóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916 ag druidim linn, cluinfidh na micléinn faoi ghnéithe de shaol Phádraic Mhic Phiarais. Tá an chaint dírithe ar rang ar bith sna Gaelcholáistí, ranganna a cúig agus a sé sna Gaelscoileanna. D’fhéadfainn na mionsonraí a aontú le húdaráis na scoile mar is cuí.

Is í aidhm na cainte:

• cúlra agus comhthéacs ina bhfuil an Ghaeilge á múineadh sa chóras oideachais a chur ar fáil do ghlúin úr,
• go dtuigfidh mic léinn an fáth go bhfuil Gaeilge á múineadh i scoileanna an stáit.
• léargas ar Athbheochan na Gaeilge (1876-1916) agus ar pháirt Phádraic Mhic Phiarais sa ghluaiseacht sin athabhairt
• Ag tarraingt ar fhoinsí Gaeilge agus Béarla, feicfidh mic léinn an stair trí phriosma na Gaeilge
• Tiocfaidh mic léinn ar thuiscint níos fearr ar obair is ar intinn an Phiarsaigh, agus an chúis ar iompaigh Pádraic Mac Piarais ar an bpolaitíocht ó 1912 ar aghaidh, sular chuir sé spéis san oidhreacht mhíleata.
• Gheofar eolas níos iomláine ar stair na Gaeilge is stair na tíre sa tréimhse sin

Tuilleadh eolais ó…. seadnamacs@gmail.com nó 086 8500 388. Tá sé i gceist na cainteanna a thabhairt ó Eanáir 2015 ar aghaidh. Rinneadh plé faoi na cainteanna le COGG, atá sásta tacú leo ach éileamh a bheith ann.

Gaelscoileanna á lorg ag Ponder do scéim phiolótach:

Samhain 17, 2014

Tá Ponder ag lorg Gaelscoileanna le páirt a ghlacadh i scéim phiolótach atá urraithe ag COGG.

Tuilleadh eolias ag:  http://blog.ponder.co/2014/10/29/ponder-irish-gaeilge-cogg-funded-pilot-program/

Seachtain Eolaíochta i nGaelscoil Longfoirt

Samhain 17, 2014

Féile Eolaíochta Iontach ó R6 mar chuid don Seachtain Eolaíochta. ..Maith Sibh!

Pictiúir anseo: https: www.facebook.com

Seimineár COGG ar shealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta, 20 Samhain

Samhain 11, 2014

seim

Ardaíonn Gaelscoil na Cruaiche brat frithbhulaiochta

Samhain 4, 2014

Thug an Taoiseach Enda Kenny cuairt ar Ghaelscoil na Cruaiche i Maigh Eo le déanaí chun brat frithbhulaíochta a ardú sa scoil.
Ba í Gaelscoil na Cruaiche an chéad scoil sa tír a bhain an brat seo, ‘The Blue Shield Flag’, amach. Tugann sé aitheantas do scoileanna bhfuil polasaí frithbhulaíochta atá láidir agus éifeachtach i bhfeidhm acu.

Mar chuid den scéim, d’eagraigh Gaelscoil na Cruaiche seachtain fhrithbhulaíochta agus cheap siad comhordaitheoir firthbhulaíochta.
Dúirt Mairéad Ní Ruáin, príomhoide na scoile, go bhfuil obair mhór déanta ag an scoil i gcomhpháirtíocht leis an ISPCC atmaisféar a chothú ina n-áiríonn na páistí go bhfuil siad slán agus sábháilte.

Mhol an Taoiseach pobal na scoile go hard: “Léiríonn an brat seo an obair dhearfach atá déanta ag pobal na scoile agus an tiomantas atá acu timpeallacht atá slán sábháilte a chur ar fáil do gach páiste. Is eiseamláir frithbhulaíochta í an scoil seo do scoileanna eile.”
Tá tuilleadh eolais faoin bhfeachtas ar fáil ar www.ispcc.ie.

Scéal ar www.foras.ie

Enda-brat-Gaelscoil

Físeán eolais ar Ghaelcholáiste an Phiarsaigh

Deireadh Fómhair 29, 2014

Léargas iontach atá san fhíseán thíos ar chúrsaí i nGaelcholáiste an Phiarsaigh. Is fiú breathnú air!

https://www.youtube.com/watch?v=X_WE8j7fjFg

Dán de chuid dalta i nGaelcholáiste Chill Dara foilsithe i “Wild Words”

Deireadh Fómhair 29, 2014

Comhghairdeas le Saoirse Ni Dhuingneáin ó Gael-Choláiste Chill Dara. Foilsíodh a dán, ‘Summer’, sa leabhar ‘Wild Words’ mar chuid d’fhéile litríochta Wild Words.

Scéal iomlán:  www.leinsterleader.ie

Gaeilge 24

Deireadh Fómhair 17, 2014

Beidh daltaí scoile ag tabhairt faoin dúshlán Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair an chloig ar Dé Máirt 11 Samhain. Tá deis fós ag scoileanna clárú leis an dúshlán spreagúil agus taitneamhach seo atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge!

An Dúshlán
Is í aidhm an dúshláin seo ná daoine óga a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin do 24 uair a’ chloig: sa bhaile, ar scoil, le siopaí agus gnólachtaí, timpeall an bhaile, le cairde, sa chlub spóirt nó óige agus eile!

An Dáta
Dé Máirt 11 Samhain 2014- nó lá eile a oireann don scoil an tseachtain sin
* Is gá spéis a léiriú roimh 17/10 chun cártaí urraíochta a fháil
* Is gá uimhreacha a dheimhniú roimh 24/10 le cinntiú go bhfaighidh gach dalta pacáiste

Cén Fáth
Seo an tríú bliain de Gaeilge 24. Gach bliain bíonn níos mó scoileanna páirteach agus is breá leis na daltaí an dúshlán
Cuideoidh sé le hintinní na ndaoine óga a oscailt & eispéireas dearfach a thabhairt dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saoil.
Beidh na mílte ag glacadh páirte ann. Táimid ag tnúth le breis is 200 scoil i mbliana agus 20,000 dalta

Beidh an tionscadal seo oiriúnach do mhúinteoirí agus ceannairí óige atá ag iarraidh a gcuid daltaí a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de. Gheobhaidh gach dalta pacáiste tacaíochta ina mbeidh t-léine, banda lámha, bileoga frásaí, cárta urraíochta agus smaointe don lá. Is dúshlán bailithe airgid é Gaeilge 24 agus tathar ag iarraidh ar gach dalta €10/ £8 a bhailiú  Tabharfar gach brabús do Chonradh na Gaeilge chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar fud na hÉireann.

Cláraigh anois

Tá tuilleadh eolais faoin feachtas ar fáil ag

www.cnag.ie/gaeilge24    +353 (0)1 4757401      Gaeilge24@cnag.ie

Tá bileog eolais ar fail anseo: Bileog_Eolais_Gaeilge_24

Gaeilge24 2014 Postaeir rp

Comórtas BEO 2014/2015

Deireadh Fómhair 16, 2014

Postaer_Beo

Tuilleadh eolais ar fáil ar www.beoireland.com

Nuachtlitir Choiste Coláiste Loch Gile

Deireadh Fómhair 10, 2014

Oideachas dara leibheál i nGaeilge / 2nd Level Education in Irish

Agus an geimhreadh ag druidim linn, tá Coiste Coláiste Loch Gile ag féachaint chun tosaigh go dtí Meán Fómhair 2015 agus tá soláthair oideachais meánscoile trí Ghaeilge don réigiún á phleanáil.

As winter draws near, the Coláiste Loch Gile Committee are focused on September 2015 and the provision of second level education through Irish in the region.

Tá Coiste roghnaithe agus tionóladh cruinniú ar an Mháirt 30 Meán Fómhair 2014 i nGaelscoil Chnoc na Ré, Baile Uí Dhúgáin, Sligeach, ag a raibh siad seo leanas:

A Committee has been formed and the following were present at a meeting held on 30 September 2014 in Gaelscoil Chnoc na Ré, Ballydoogan, Sligo:

Clare Spáinneach, Gaelscoileanna Teo.; Anna Ní Bhroin, Cathaoirleach/Chairperson, Coiste/ Committee Coláiste Loch Gile; Carol Ní Chormaic, Coiste/Committee Coláiste Loch Gile; Máiréad Ní Ghonlaigh, múinteoir/teacher, GS Chluainín/Manorhamilton; Bartley Ó Gabháin, Cathaoirleach Bord Bainistíochta/Chairperson Board of Management, GS Chnoc na Ré; Dara Gallagher, Tuismitheoir & Coiste Cairde/Parent & Cairde Committee, Gaelscoil Chnoc na Ré agus Mícheál Ó Broin, Príomhoide/Principal, GS Chnoc na Ré.

Bhí leithscéal ó / There were apologies from: Sinéad Ní Thorsnaigh, Príomhoide/Principal, GS Chluainín, Manorhamilton; Rossa Ó Snodaigh, tuismitheoir/parent, GS Chluainín; Katríona Kerrigan, Coiste/Committee Coláiste Loch Gile; Shauna Mackey, tuismitheoir/parent, GS Chnoc na Ré agus Marcella McGarry, tuismitheoir/parent, GS Chnoc na Ré.

Leis an phobal agus na meáin a chur ar an eolas agus ceisteanna a fhreagairt maidir le dul chun cinn Coláiste Loch Gile, socraíodh go reachtálfar trí chruinniú eolais sna ceantair seo leanas sna seachtainní amach romhainn: Sligeach, Cluainín Uí Ruairc agus Béal Átha Seannaidh. Tá na cruinnithe seo a eagrú faoi láthair agus beidh eolas maidir le dátaí agus ionaid a scaipeadh go luath.

To inform the public and the media regarding the progress of Coláiste Loch Gile, it was agreed that a series of information meetings be conducted in the following areas in the coming weeks: Sligo, Manorhamilton and Ballyshannon. These meetings are being organised at present and details of dates and venues will be announced soon.

Tuilleadh eolais / further information: gaelcholaiste2015@gmail.com

« Previous PageNext Page »