Méid an Téacs

BEO ag teacht go BÁC!

Aibreán 14, 2014

Beidh ócáid dírithe ar daltaí na hidirbhliana á reáchtáil ag lucht BEO i mBaile Átha Cliath ar an 9ú Bealtaine 2014 a chuimsíonn ceardlanna, seoladh chomórtas na n-amhráin nuachumtha 2014 BEO agus gig den chéad scoth. Cuirfear lón ar fáil do na múinteoirí ar an lá chomh maith! Tá gach eolas maidir leis an ócáid ar fáil ó Seosamh Mac Ceallabhuí (seosmac@gmail.com) agus tá tuilleadh eolas maidir le BEO ar fáil ar www.beoireland.com.

Tá leathanach Facebook nua ag Gaelscoil Éadan Doire!

Aibreán 14, 2014

Gaelscoil Éadan Doire ar Facebook

Gaelscoil Mhúscraí ainmnithe do na Eircom Junior Spider Awards

Aibreán 14, 2014

Ba mhaith leis an bhForas Pátrúnachta comhghairdeas a dhéanamh le Gaelscoil Mhúscraí, Co. Chorcaí, atá ar an ngearrliosta do na Eircom Junior Spider Awards 2014.

“Tá an-sceitimíní orainn inniu tar éis dúinn a fháil amach go bhfuilimid ar an ngearrliosta don eircom Junior Spider Awards 2014,” arsa urlabhraí na scoile.

“Seo gradaim a thugtar amach do scoileanna a bhaineann sár-úsáid as an idirlíon agus an teicneolaíocht. Táimid an-bhródúil as seo agus spreagann sé sinne go mór inár gcuid blagáil.”

Tá na eircom Spider Awards ag tabhairt aitheantais do dhaoine agus d’eagraíochtaí dá n-éachtanna ar líne ó 1996.

Sa bhliain 2009, bhunaigh ‘Business & Finance’ agus eircom na gradaim seo chun aitheantas a thabhairt
do dhaltaí bunscoile agus meánscoile sa chaoi chéanna.

An aidhm atá ag na Junior Spider Awards ná aitheantas a thabhairt do chruthaitheoirí i scoileanna agus spreagadh a thabhairt do mhúinteoirí/dhaltaí a scileanna teicneolaíochta a fhorbairt trí chláir spreagúla.

Is catalaíoch iad na Junior Spider Awards do dhaltaí a bhfuil suim acu gairm a bhaint amachsna meáin dhigiteacha agus in earnáil an idirlín in Éirinn.

www.foras.ie

Seisiún eolais – cúrsaí iarchéime sa Nua-Ghaeilge

Aibreán 14, 2014

Beidh seisiún eolais faoi chúrsaí iarchéime sa Nua-Ghaeilge agus faoi dheiseanna fostaíochta le Gaeilge ar siúl Dé Máirt, 15 Aibreán 2014 ag 4in i Seomra A109, Áras Newman, UCD.

Beidh aoichainteoirí i láthair ó Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann, agus na Teangeolaíochta, UCD agus ó chomhlachtaí agus institiúidí seachtracha a chuireann deiseanna ar fáil do chéimithe le Gaeilge.

Gach eolas:

Aoife Uí Fhaoláin

Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta

UCD Belfield

Baile Átha Cliath 4

T: 01 716 8658

 

Foilsithe ar Gaelport.com

Comhghairdeas le Megan Hurley ó Ghaelscoil Moshíológ!

Aibreán 11, 2014

Bhuaigh Megan comórtas scríbhneoireachta bearla le aiste faoi sláinte intinne. Is féidir an scéal a léamh ar www.foras.ie.

Daltaí ó Ghaelscoil Moshíológ le ceol a sheinnt sa Cheoláras Náisiúnta

Aibreán 11, 2014

Roghnaíodh Gaelscoil Moshíológ, Co. Loch Garman, agus cúig bhunscoil eile i gcomórtas ceoil Waltons do Scoileanna .

Is comórtais náisiúnta do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna é comórtas ceol Waltons agus déanann sé ceiliúradh ar an gceol i scoileanna na hÉireann.

Dearbháin ar luach deich míle euro a bheidh á roinnt idir na scoileanna rathúla.

Is é seo an chéad uair a chuir Gaelscoil Moshíológ isteach ar an gcomórtas. Beidh deis ag na daltaí ceol a sheinnt beo sa Cheoláras Náisiúnta. ar an 12 Bealtaine 2014.

Is féidir leat breathnú ar na bpáistí ó Ghaelscoil Moshíológ i mbun ceoil ar www.foras.ie.

Rúnaí nua ag Gaelscoileanna Teo.

Aibreán 8, 2014

Tá an-áthas orainn a fhógairt go bhfuil Sandra Uí Chléirigh tosaithe leis an eagraíocht mar rúnaí. Tagann Sandra i gcomharbacht ar Áine Ní Neachtain, a d’fhág an eagraíocht i mí na Nollag seo caite le tabhairt faoi saol nua i Mheiriceá. I measc taithí fostaíochta Sandra, áirítear tréimhse cúig bliana mar rúnaí le Forbairt Naíonraí Teoranta agus dhá bhliain leis an nGúm. Is cinnte go mbeidh sé mar bhall luachmhar d’fhoireann na heagraíochta agus cuirfimid fáilte mhór roimpi! Is féidir teagmháil a dhéanamh le Sandra ar sandra@gaelscoileanna.ie nó 01 8535195.

Muintir Shligigh ag ceiliúradh ag Siansa Gael Linn 2014

Aibreán 8, 2014

Chroch an grúpa ‘Iontas’ as Gairmscoil Chúl Átha, Baile Idir Dhá Abhainn, Contae Shligigh, corn chraobhchomórtais Siansa Gael Linn ag an deireadh seachtaine.

Ainmníodh buaiteoirí na bliana seo ag ócáid speisialta sa Cheoláras Náisiúnta ar an Satharn áit a ndeachaigh ocht ngrúpa san iomaíocht don duaischiste €4,500.

I dteannta bhuaiteoirí na hoíche ‘Iontas’ as Gairmscoil Chúl Átha, Contae Shligigh bhí; Trioscar ó Phort Láirge, Lasair ó Mhala i gCorcaigh, Ceoltóirí Chnoc na Gaoithe ón Tulach i gCo. an Chláir, Glór Mhaigh Eo ó Chaisleán an Bharraigh, Na Rógairí ó Choláiste Cois Life i Leamhcán, Na hÓgánaigh ó Choláistí Eoin agus Íosagáin i mBaile an Bhóthair agus grúpa amháin ó Chúige Uladh, sin Cóiriú ó Scoil Mhuire, Machaire Fíolta i gCo. Dhoire.

Ba iad na ceoltóirí iomráiteacha Mary Bergin, Ciarán Ó Maonaigh agus Niamh Ní Charra a bhí mar mholtóirí ar an oíche agus chuir Áine Hensey an ócáid i láthair beo ar Raidió na Gaeltachta.

Bronnadh duais €2,500 ar Iontas ina bhfuil ochtar ceoltóirí óga ann; Tomás Ó Gabháin, Shauna Ní Chuilinn, Conal Mac Cormaic, Colm Ó Tuathaigh, Síofra Ní Áinle, Dúlra Ní Áinle, Orlaith Ní Chionnaith agus Stiofán Ó Maolagáin.

Tháinig an grúpa Glór Mhaigh Eo as Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, sa dara háit le duais €1,250 agus sa tríú háit bhí Cóiriú as Scoil Mhuire, Machaire Fíolta, Co. Dhoire agus bronnadh duais €750 orthu siúd.

Eiseofar dlúthdhiosca den cheol aoibhinn ar an oíche go luath agus beidh clár speisialta le feiceáil ar TG4, Dé Céadaoin, 23 Aibreán, ag 9.30pm.

Foilsithe ar Gaelport.com

Nuachtlitir Futa Fata

Aibreán 8, 2014

Nuachtlitir Futa Fata

Comórtas do na Gaelcholaistí

Aibreán 8, 2014

Beidh Tionól Lúthchleasíochta do Ghaelcholáistí á chur ar siúl ag Gaelcholáiste Mhuire, A.G, An Mhainistir Thuaidh Corcaigh i Raon Luthchleasa UCC sa Mhuirdíog ar an gCéadaoin, 30ú lá de mhí Aibreáin ag 11.00 r.n.

In éineacht le Gaelcholáiste Mhuire A.G ar an lá, beidh Gaelcholáiste Choilm – Baile an Chollaig, Coláiste Daibhéid – Cathair Chorcaí, Coláiste an Phiarsaigh – Gleann Maighir, Scoil Mhuire – Béal atha an Ghaorthaidh agus Pobalscoil na Tríonóide, Eochaill.

Beidh an tionól lúthchleasaíochta seo ainmnithe in omós d’iardhalta cháiliúil ár scoile, Seán Óg Ó hAilpín. Cé gur fearr aithne air de bharr a chuid éachtaí ar an bpáirc peile is iománaíochta, ba reathaí trastíre é freisin agus é ag freastal ar an A.G. Níl duine ar bith níos fearr, dar linn, chun cabhrú linn aidhmeanna an chomórtais a bhaint amach:

Daoine óga a spreagadh chun Gaeilge a labhairt i suíomh sóisialta

Rannpháirtíocht agus caighdeán na lúthchleasaíochta i gCorcaigh agus in Éirinn a mhéadú.

Is deis iontach í seo do dhaltaí na scoileanna thuasluaite, ár dteanga dúchais a labhairt i gcomhthéacs sóisialta. Beidh deis ag na daltaí aithne a chur ar a chéile agus nascanna a dhéanamh le daoine ar chomhaois leo i gCorcaigh (agus le cúnamh Dé, timpeall na tíre amach anseo), a bhfuil Gaeilge ar a gcumas acu.

Beidh córas pointí i gceist ag an dtionól lúthchleasaíochta agus tá súil againn go mbeimid in ann duais fiúntach a chur ar fáil don scoil a bhuafaidh. Duais a chabhróidh leis an scoil sin chun forbairt a dhéanamh ar an lúthchleasaíocht trí Ghaeilge a bheidh i gceist (trealamh a cheannach, imeachtaí a chur ar siúl, srl.)

Gan amhras, chun ócáid mar seo a chur ar bun, is trom an t-ualach airgid a bheidh ar an scoil. Bheimis fíor-bhuíoch mar sin, d’aon chúnamh airgid a bheadh sibh in ann a thabhairt dúinn. Déanfar fógraíocht iontach dóibh siúd a bheidh in ann cabhrú linn – fógraí sa Mhuirdhíog, i gclár an lae, agus sna meáin chumarsáide roimh agus i ndiaidh an imeachta.

Cabraigh linn, le do thoil, chun lá iontach a chur ar siúl ar an 30ú lá de mhí Aibreáin agus chun an thraidisiúin na lúthchleasaíochta agus na Gaeilge a chur chun cinn.

Le meas,

Deasún Ó Góilín

« Previous PageNext Page »