Aoife Elster ceaptha ina príomhoide ar Choláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín
Márta 19, 2014
Guíonn Gaelscoileanna Teo. gach rath ar Aoife lena ról nua! Tá tuilleadh eolais maidir leis an scoil ar fáil anseo.
Traenáil um Chosaint Leanaí FNT – SPÁSANNA TEORANTA!
Márta 18, 2014
TABHAIR D’AIRE: CÚRSA SAN ÓSTÁN CROWNE PLAZA, BAILE BHLAINSÉIR, 5 AIBREÁN LÁN ANOIS!
SPÁSANNA TEORANTA AR NA CÚRSAÍ EILE – CLÁRAIGH ANOIS!!!
Tá cúrsa oiliúna nua um chosaint leanaí atá caighdeánaithe, a bheidh á reáchtáil ag Forbairt Naíonraí Teoranta ó mhí Aibreán 2014 ar aghaidh.
An chéad leibhéal oiliúna a chuirfear ar fáil is ea Cosaint & Leas Leanaí: Bunleibhéal. Is cúrsa oiliúna um chosaint leanaí ar cháilíocht dhearbhaithe é seo atá curtha in oiriúint d’earnáil na Luathbhlianta.
Oiriúnaithe ó “Tús Áite do Leanaí”, 3.3:
Teagmhálaithe Ainmnithe (Designated Liaison Persons) chun faillí nó drochúsáid a thuairisciú
Ní mór do gach Naíonra:
(i) Duine faoi leith a ainmniú le bheith ina t(h)eagmhálaí le gníomhaireachtaí eile agus le cabhrú le baill foirne nó oibrithe deonacha a bhfuil ábhar imní acu faoi chosaint leanaí
(ii) Beidh an teagmhálaí ainmnithe freagrach as a chinntiú go leantar nós imeachta tuairiscithe caighdeánach
(iii) Ba chóir don teagmhalaí ainmnithe a chinntiú go bhfuil cur amach acu ar chosaint leanaí agus ní mór dó nó di aon oiliúnt a fháil a mheastar a bheith riachtanach chun iad a choinneáil ar an eolas maidir le forbairtí nua.
Faoi láthair tá forbairt á déanamh ar Oiliúint um Theagmhálaí Ainmnithe agus acmhainn eolais ar líne do mhic léinn cúram leanaí.
Tá sé ríbthábhachtach mar sin go mbeidh Teagmhálaí Ainmnithe gach naíonra ag tabhairt faoin “Traenáil um Chosaint Leanaí” a bheidh á reáchtáil ag FNT.
Dá bharr, beidh spásanna teoranta ar na cúrsaí seo agus muid ag iarraidh tús áite a thabhairt do theagmhálaithe ainmnithe na naíonraí. Beidh deiseanna ann do gach stiúrthóir tabhairt faoin traenáil um chosaint leanaí i ndiaidh sin.
Ceanglaím cóip den Fhéilire Oiliúna 2014 – Traenáil um Chosaint Leanaí, mar aon le cóip den fhoirm iarratais ag bun an leathanaigh.
Má tá ceist ar bith agat maidir leis an traenáil um chosaint leanaí, déan teagmháil le Laura ar laura@naionrai.ie nó 01-8535198.
Foirm Iarratais Cosaint Leanaí 2014
Dianchúrsa FNT
Márta 18, 2014
AN CHÁILÍOCHT STIÚRTHÓRA 2014
CORCAIGH
13/14 Meitheamh 2014: Scrúduithe TEG B2 – Gael-Taca, 22 Port Uí Shúilleabháin, Corcaigh.
18-21 Lúnasa 2014: Dianchúrsa FNT – Naíonra Thomáis Daibhís, Ionad Spóirt C.L.G., Carraig Dhúin, Mala, Co. Chorcaí.
Spriocdháta le hiarratas a dhéanamh ar an gcúrsa: 1 Bealtaine 2014
Tabhair d’aire: Ní glacfaidh FNT le hiarratas ar Dhianchúrsa FNT i ndiaidh na spriocdhátaí thuasluaite.
Táille an Dianchúrsa
Beidh táille an Dianchúrsa ag ardú ó €100 go dtí €160 ón scoilbhliain nua 2013-14 ar aghaidh. Clúdaíonn an táille nua an costas a bhaineann leis an Scrúdú Cainte (Teastas Eorpach na Gaeilge – Leibhéal B2).
Nóta faoi Dhianchúrsa FNT:
Is cúrsa riachtanach é an Dianchúrsa dóibh siúd atá ag iarraidh feidhmiú mar Stiúrthóir Naíonra, le tuiscint chuimsitheach a thabhairt dóibh ar an luath-thumadh iomlán, tábhacht an tsúgartha agus an tábhacht a bhaineann le scéim ardchaighdeán sa Naíonra. Cuirtear Dianchúrsaí ar siúl in áiteanna éagsúla timpeall na tíre, ag brath ar éileamh.
Tá ceithre chuid ag baint leis an Dianchúrsa:
Scrúdú Cainte (Teastas Eorpach na Gaeilge – Leibhéal B2) www.teg.ie/pdf/B2_s.pdf – Agallóirí ó Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Co. Chill Dara.
Reachtáiltear na scrúdaithe cainte timpeall na tíre ag brath ar éileamh¹.
Cén tábhacht a bhaineann le scrúduithe TEG?
Is é TEG an chéad chóras teastasaithe d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge a bhfuil baint aige le córas scrúduithe ALTE/Comhairle na hEorpa. Tá forbairt déanta ar a leithéid de chóras le haghaidh fhormhór na dteangacha eile san Eoraip cheana. Tá leibhéil éagsúla teg bunaithe ar An Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do na Teangacha: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (Comhairle na hEorpa, 2001). Cabhraíonn an córas seo leis na foghlaimeoirí a gcuid staidéir a phleanáil agus aitheantas a fháil as an dul chun cinn atá déanta acu. Buntáiste eile a bhaineann leis an chóras seo ná go dtugann sé cruthúnas d’fhostóirí maidir le cumas teanga agus iad ag roghnú iarrthóirí do phoist nó d’ardú céime. Tá tábhacht faoi leith leis seo ó tháinig forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) i bhfeidhm. Tá Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ina bhall de ALTE (Association of Language Testers in Europe) a dhéanann monatóireacht ar ábhar agus ar chaighdeán scrúduithe TEG.
Tá aitheantas oifigiúil faighte ag Ionad na dTeangacha, OÉ Má Nuad ón Roinn Oideachais agus Scileanna do Leibhéal B2 Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Ciallaíonn sé seo go sásaíonn TEG Leibhéal B2 na critéir iontrála do chúrsaí fochéime agus iarchéime san Oideachas sna coláistí oideachais.
Neamhchosúil leis an siollabas agus an scrúdú Ardteistiméireachta, tá siollabais agus scrúduithe TEG dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta, rud a chuireann go mór leis an taithí foghlama.
Dianchúrsa – Cúrsa seachtaine de cheardlanna agus de léachtaí².
Taithí oibre seachtaine (5 lá) i Naíonra aontaithe le FNT³.
Tuairisc Oibre – Léiríonn seo go bhfuil tuiscint chuimsitheach ag an té a bhfuil i gceist aige/aici bheith ag obair i Naíonra agus gur féidir leis/léi na scileanna agus na cleachtais ón gcúrsa seachtaine a chur i bhfeidhm sa Naíonra. Nuair a chríochnaítear an Tuairisc Oibre go sásúil, beidh an t-iarratasóir cáilithe mar Stiúrthóir Naíonra.
Níl an cúrsa seo creidiúnaithe.
SÉANADH: MURA N-ÉIRÍONN LEIS AN IARRATASÓIR SPÁS A FHÁIL AR AN GCÚRSA MAR THORADH AR SCRÚDÚ CAINTE TEG, BEIDH SÉ/SÍ I DTEIDEAL AISÍOCAÍOCHT DE €90 AR THÁILLE AN DIANCHÚRSA (NEAMH-IN-AISÍOCTHA=€60 COSTAS TEG + €10 COSTAS RIARACHÁIN FNT).
¹Ceisteanna coitianta maidir le TEG www.teg.ie/gaeilge/ceisteanna.htm.
²Clúdaítear raon leathan ábhar gur féidir úsáid sa Naíonra leis na páistí, agus leis an Naíonra a rith go laethúil. Is iad na daoine a thugann na ceardlanna ná saineolaithe na hearnála, iar-Stiúrthóirí Naíonraí agus Stiúrthóirí reatha, i measc daoine eile. Bíonn deis ag rannpháirtithe ar an gcúrsa páirt ghníomhach a ghlacadh i gcuid de na ceardlanna mar Ceol agus Gluaiseacht agus Puipéid agus Scéalaíocht. Tugtar cuairt ar Naíonra chomh maith le comhthéacs a fháil ar an méid a phléitear ar an gcúrsa. Tá sampla den chlár ama ar fáil ag bun an leathanaigh.
³Naíonra atá ag feidhmiú le PríomhStiúrthóir le taithí trí bliana nó níos mó agus Dianchúrsa FNT déanta ina iomláine ag an bPríomhStiúrthóir. Beidh cead ag na hÁbhair Stiúrthóirí an taithí oibre a dhéanamh ina Naíonra féin más rud é go gcomhlíonann an Naíonra na coinníollacha a bhaineann leis an taithí oibre thuas luaite.
foirm_iarratais_corcaigh_lunasa_2014_dianchursai.pdf
dianchursa_corcaigh_lunasa_2014.pdf
An chéad chlár raidió Gaeilge ó Nua Eabhrac le tosnú ar Raidió na Life!
Márta 18, 2014
Tá ríméad ar Raidió na Life, stáisiún a bhris mórán múnlaí i gcraoltóireacht na Gaeilge thar na blianta, a fhógairt go mbeidh tús á chur leis an gcéad chlár raidió trí Ghaeilge ón Úll Mór, Nua Eabhrac mar chuid de chlársceideal speisialta an stáisiúin le linn Sheachtain na Gaeilge 2014. Clár nua míosúil ó Chathair Nua Eabhraic is ea ‘Amharc as Nua Eabhrac’ atá á léiriú agus á chur i láthair ag an Ollamh Brian Ó Broin ó Ollscoil William Paterson i New Jersey. Clár spraoiúil irise is ea seo ina bpléann Brian agus a chuid aíonna cúrsaí Nua Eabhraic, Mheiriceá agus an domhain. Taifeadtar an clár ó am go chéile in ionaid éagsúla timpeall Chathair Nua Eabhraic. Craolfar an chéad eagrán den chlár uathúil is eisiach seo le linn Sheachtain na Gaeilge ar an Aoine 14ú Márta, ag a 8:00 i.n. ar 106.4FM in Áth Cliath agus ar fud an domhain ar www.raidionalife.ie. Beidh an clár ar fáil mar phodchraoladh freisin.
Fógraíodh le déanaí go bhfuil Raidió naLife ainmnithe ar ghearrliosta ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ ag Féile na Meán Ceilteach 2014, a tharlóidh i gCorn na Breataine idir an 2ú – 4ú Aibreán. Tá RnaL ar bís a bheith ainmnithe arís tar éis an gradam céanna a bhuachaint ag Féile na Meán Ceilteach anuraidh, an chéad uair i stair 34 bliain na féile gur thug stáisiún raidió pobail an duais mhór leo.
Cuairteoir speisialta i nGaelscoil an Chuilinn!
Márta 13, 2014
Thug an tAire Joan Burton cuairt ar Ghaelscoil an Chuilinn le cabhair a thabhairt dóibh Seachtain na Gaeilge a sheoladh agus le plé a dhéanamh leo maidir le suíomh buan a aimsiú don scoil. Nach álainn an pictiúr!
Insealbhú an Choimisinéara
Márta 13, 2014
Tráthnóna inné, cheap Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, an tUasal Rónán Ó Domhnaill ina Choimisinéir Teanga.
Is as an gCeathrú Rua ó dhúchas do Rónán Ó Domhnaill (38), agus d’oibrigh sé le seacht mbliana anuas mar Chomhfhreagraí Polaitíochta le Nuacht RTÉ/TG4 agus mar bhall d’Aonad Polaitíochta RTÉ.
Tagann Ó Domhnaill mar chomharba ar Sheán Ó Cuirreáin, a d’fhógair ar 04 Nollaig 2013 go raibh sé le héirí as toisc gur mheas sé gur beag eile a d’fhéadfadh sé a bhaint amach go pearsanta i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ar na cúinsí laistiar dá chinneadh, thagair Ó Cuirreáin do lagú chóras na scéimeanna teanga, easpa inniúlacht Ghaeilge an státchórais, agus cinneadh an Rialtais cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga a aistriú chuig Oifig an Ombudsman.
Ag labhairt dó i ndiaidh a cheapacháin in Áras an Uachtaráin, dúirt an tUasal Ó Domhnaill gur ‘pribhléid agus onóir mhór’ dó a bheith ceaptha ina Choimisinéir Teanga agus dúirt go bhfuil i gceist aige an fód a sheasamh do phobal na Gaeilge, a gcearta teanga a chosaint ‘gan chamadh gan chlaonadh’ agus na dualgais reachtúla atá anois air a chomhlíonadh le fuinneamh agus le díograis.
Ag an ócáid in Áras an Uachtaráin, ghabh an tUasal Ó Domhnaill buíochas speisialta leis an iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, le foireann na hoifige as a bhfáiltiú croíúil agus leis an Aire Stáit Gaeltachta, Dinny McGinley T.D agus le Rialtas na hÉireann as é a cheapadh.
www.gaelport.com
Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne)
Márta 13, 2014
Tá éileamh i gcónaí ar dhaoine a bhfuil ardscileanna acu sa Ghaeilge scríofa, san aistriúchán agus san eagarthóireacht. Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne) dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga agus cáilíocht ghairmiúil a bhaint amach. Is cúrsa páirtaimseartha ar líne a mhaireann dhá bhliain atá ann. Faigheann rannpháirtithe cleachtadh praiticiúil ar raon leathan téacsanna a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla. Cuirtear aonaid foghlama ar fáil ar ardán Moodle gach seachtain, áit a mbíonn plé ar ghné faoi leith den aistriúchán. Déanann an teagascóir mion tráchtaireacht ar chleachtaí ó sheachtain go seachtain, ag díriú aird na rannpháirtithe ar cheisteanna cruinnis agus ar chúrsaí stíle agus tugann comhairle maidir le conas na deacrachtaí is coitianta san aistriúchán Gaeilge a shárú.
Is ar líne a chuirtear obair uile an chúrsa ar fáil. Bíonn ceardlann amháin ar siúl i Má Nuad ag tús na bliana acadúla sa chéad bhliain agus sa dara bliain. Déantar staidéar ar dhá mhodúl go comhuaineach i ngach seimeastar. Tá obair leanúnach ag dul le gach modúl agus bíonn scrúduithe i ngach modúl in Ollscoil na hÉireann Má Nuad ag deireadh na bliana acadúla.
Riachtanais Iontrála: Bunchéim agus pas i scrúdú iontrála teanga.
Scrúdú Iontrála: 21 Meitheamh 2014.
Scrúdú Samplach: http://www.nuim.ie/language-centre/our-courses/dioplóma-iarchéime-san-aistriúchán-agus-san-eagarthóireacht-ar-líne
Iarratais: Déan iarratas ar www.pac.ie leis an gcód MH51C.
Spriocdháta le haghaidh Iarratas: 6 Meitheamh 2014.
Táillí: €2,000 in aghaidh na bliana. Tá scoláireachtaí ar fáil don bheirt a gheobhaidh na torthaí is fearr sa scrúdú iontrála. Clúdóidh an scoláireacht táillí iomlána an chúrsa.
Tuilleadh Eolais: www.nuim.ie/language
Teagmháil: teanga@nuim.ie nó (01) 708 6417/3737.
Teagmhálaí: Aisling Ní Bheacháin
Seoladh: Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne), Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann Má Nuad, Má Nuad, Co. Chill Dara.
Foilsithe ar Gaelport.com
Minister Quinn announces new multi-denominational schools to open following patronage divesting surveys
Márta 12, 2014
The Minister for Education and Skills, Ruairí Quinn T.D., has announced that four primary schools are expected to open this September under the patronage of Educate Together. This development is part of the process of primary school divestment and follows surveys of parents on patronage choice in some 43 towns.
New schools are intended to open in Tramore, Co. Waterford, Trim, Co. Meath, and Malahide, Co. Dublin in September 2014. In Ballina, Co Mayo, Minister Quinn has confirmed that the transfer of a Church of Ireland school (Newtownwhite N.S., Ballysokerry) to Educate Together patronage is also under discussion. This follows the agreement of the Church of Ireland Bishop and local parents to a change of patronage.
In addition, Minister Quinn confirmed that the former Scoil San Seamus school building in Basin Lane, Dublin 8 will be in use from September by an Educate Together school which opened in temporary accommodation last September.
Minister Quinn welcomed the progress made to date in discussions with patrons following the divesting surveys. While permanent buildings are not yet available for the schools in three areas, Trim, Tramore and Malahide, he has given the go-ahead for the schools in temporary start-up accommodation in order to meet parental demand for greater choice of primary schools.
“Discussions are continuing to take place with the main Catholic patrons in these and in a number of other areas to identify and secure permanent accommodation. The engagement with patrons so far has been open and generous. I am sure that with the co-operation of all concerned and with the support of my Department, further progress can be achieved,” said Minister Quinn.
The three locations, Trim, Tramore and Malahide, were selected following discussions with the existing Catholic patrons on the potential for permanent accommodation options and discussions with Educate Together on their priorities for initial start-up areas.
“I am conscious of the lead in period necessary for establishing a new school: the advertising of the school, the enrolment process, appointment of the Principal, obtaining planning permission where required and other matters. The Department is working closely with Educate Together to secure temporary accommodation to allow it to open new schools serving new communities in September.”
The process of divestment of primary schools is part of the implementation of recommendations from the 2012 report of the Advisory Group to the Forum on Patronage and Pluralism in the Primary Sector.
Its chairperson, Professor John Coolahan, welcomed today’s announcement.
“Against the background of the discussions and agreement on the divesting of school patronage at the Forum, the Minister’s announcement is to be warmly welcomed as tangible progress,” he said.
“However, it is to be hoped that patrons and school communities will accelerate the divesting process so as to facilitate the provision of schooling for their fellow citizens of other belief systems. While the issues surrounding divesting are sensitive and complex, the outcomes can be a significant contribution to civic well-being and the fostering of mutual respect, as well as a meaningful response to fulfilling the rights of all citizens.”
Discussions are continuing on further new primary schools that are expected to open under the divestment process by 2015.
Minister Quinn concluded saying, “Today’s announcement is an initial but important step in giving parents confidence that we are serious about providing a plurality of education and a real choice for them in the type of primary school in their localities”.
On foot of the report of the Advisory Group to the Forum on Patronage and Pluralism in the Primary Sector, surveys of parental preferences were undertaken in a number of areas of stable population to establish the level of parental demand for a wider choice in the patronage of primary schools within these areas.
Surveys of parental preferences were undertaken on a pilot basis initially in five areas in the Autumn of 2012 and the Department published a report on these in December 2012. Surveys were undertaken in a further 38 areas in January and February 2013. A detailed report on these was published in April of that year.
Analysis of the parental preferences expressed in each of the 43 areas surveyed indicated that there is sufficient parental demand supporting immediate changes in school patronage in 28 areas.
Following on from publication of the reports, the main patron (Catholic Bishop or Archbishop) in each of these 28 areas was asked to consider re-configuration options that would free up school accommodation for at least one full stream for provision by the first choice alternative Patron.
Final reports on the options available were submitted by the existing Patrons toward the end of last year. This enabled a targeted focus on areas where there were real possibilities for 2014 and 2015.
In the case of Malahide, based on a previous review of future school needs in the Waterside/Drinan area, allied with the outcome of the divesting survey in Malahide, it has been agreed with the New Schools Establishment Group that a new school will be established in this area under the patronage of Educate Together. The school will start in temporary accommodation provided by Holywell ET this September. Short term and longer term accommodation options for the new schools in Trim and Tramore are also being advanced.
The Department will continue to work intensively with the main Catholic Patrons in the other areas to advance alternative Patron choices in those areas.
www.education.ie
Ábhar muiníne fós le tabhairt do mhuintir na Gaeilge
Márta 11, 2014
Cé gur tháinig an tAire Stáit os comhair dhá choiste Oireachtais le seachtain anuas is beag an soiléiriú ná ábhar muiníne a tugadh do phobal na Gaeilge i dtaca leis an gcaoi a gcaitear leis an teanga ag leibhéal an Stáit.
Dé Céadaoin na seachtaine seo caite tionóladh Cruinniú den Chomhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha. I láthair an chruinnithe bhí an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta , Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., a bhí ag freagairt ceisteanna a d’eascair as Tuarascáil 2012 an Choimsinéara Teanga agus an t-astitim ó fhógra éirí as Sheáin Uí Chuirreáin. An lá dár gcionn, d’fhreastail an tAire Stáit ar chruinniú den Fhochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara áit a raibh an t-ábhar céanna á phlé mar aon le neart nithe Straitéise eile.
Comhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha
Agus é ag ceistiú an Aire Stáit, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, maidir le cúrsaí scéimeanna teanga, d’iarr an Teachta Peadar Tóibín, Sinn Féin, an aontaíonn an tAire go bhfuil comhlachtaí poiblí nach bhfuil scéim teanga i bhfeidhm acu ag sárú an dlí. D’áitigh Tóibín gurb é an cás de bharr nach bhfuil dualgais reachtúla na gcomhlachtaí sin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 á gcomhlíonadh acu. Ag freagairt dó dúirt an tAire Stáit nár aontaigh sé leis an ráiteas agus go bhfuil forálacha san Acht Teanga a chuireann dualgais faoi leith ar chomhlachtaí poiblí nach bhfuil scéimeanna acu.
Thuairiscigh an tAire Stáit go bhfuil dul chun cinn déanta le bliain anuas i leith líon na scéimeanna a ndaingnítear. Chuir sé in iúl gur daingníodh 16 scéimeanna úra le linn 2013, agus go bhfuil 6 scéim úr daingnithe cheana féin in 2014. Dar leis an Aire Stáit gur próiseas casta, dúshlánach é córas na scéimeanna teanga agus go bhfuil céimeanna dearfacha le tógáil ag an Roinn mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ina n-áirítear acmhainní breise foirne sa Roinn le díriú ar an riaráiste reatha, teimpléad a chur in áit le scéimeanna a chaighdeánú agus leasuithe reachtúla a chur in áit maidir leis an gcóras ar fad.
Ag tagairt don dul chun cinn, mhaígh an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin, nach bhfuil gníomh ar bith á ghlacadh ag an Roinn chun déileáil le 75% de scéimeanna teanga atá imithe in éag. Meabhraíodh don Chomhchoiste go bhfuil scéim teanga i bhfeidhm i 165 as 600 comhlachtaí poiblí agus ba é meastachán Uí Chlochartaigh go dtógfaidh sé 40 bliain ar an Roinn Gaeltachta scéim teanga a chur i bhfeidhm i ngach comhlacht poiblí a ainmnítear san Acht Teanga má leantar leis an gcur chuige reatha.
De réir comhairle dlí a tugadh don Roinn dar leis an Áire Stáit, ní ann do scéimeanna éagtha mar gheall go maítear in Alt 14 (3)d’Acht na dTeangacha go bhfanann scéim teanga i bhfeidhm go dtí go ndaingnítear scéim nua ina háit. Thug an tAire Stáit le fios go bhfuil a Roinn freagrach as cúrsaí scéimeanna teanga amháin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus is le hOifig an Choimisinéara Teanga a bhaineann gach ní eile.
Tuairiscíodh don Chomhchoiste go bhfuil comhaontú seirbhíse sínithe ag an Roinn Gaeltachta leis an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe ag deimhniú gurb í an Roinn Gaeltachta a bheas i bhfeighil ar chúrsaí oiliúna sa státseirbhís trí chúrsaí Gaelchultúr a reáchtáil.
An Fhochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara
An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a bhí faoi chaibidil ar an Déardaoin nuair a tháinig an tAire Stáit os comhair an Fhochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara.
Tar éis don Aire Stáit tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn na Straitéise go dtí seo, dul chun cinn sásúil dar leis agus cúinsí eacnamaíocht reatha na tíre, mhol an Teachta Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil, go ndéanfadh an Fochoiste scrúdú ar an Straitéis leathanach ar leathanach agus na himpleachtaí airgid i gceist leis na bpolasaithe “ar mhaithe le slánú na Gaeilge” dar leis.
Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Ó Cuív, chuir an tAire Stáit in iúl go bhfuil baill foirne de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta gafa le cúrsaí Straitéise, ach dheimhnigh sé nach bhfuil Aonad Straitéise mar atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ag feidhmiú sa Roinn – cúis mhór imní do lucht freastail an chruinnithe.
Ag tagairt don Choiste Rialtais don Ghaeilge, a bhfuil an Taoiseach mar Chathaoirleach, mhol an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go dtabharfaí ról monatóireachta i dtaca le cur i bhfeidhm beartais an Straitéise d’Oifig an Choimisinéara Teanga. Chuir an tAire Stáit in iúl gurb iad an Coiste Rialtais agus na Ranna éagsúla a dhéanann monatóireacht ar chúrsaí Straitéise agus tuairiscíodh go bhfuil tuairisc ullmhaithe ag 11 Roinn go dtí seo maidir leis an Straitéis a fhorbairt, gníomh a bheas á leathnú amach sa státchóras i gcoitinne.
I dtaca leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, cuireadh in iúl le linn an chruinnithe go raibh na Cinn Bhille, atá fos le cur faoi bhráid an Rialtais, feicthe ag lucht an fhreasúra agus ba léir nár shuigh na moltaí go maith leis an dream a bhí i láthair an chruinnithe. Cuireadh in iúl nach bhfuil sna chinn reatha ach moltaí agus dhiúltaigh an tAire Stáit plé a dhéanamh ar ábhar Chinn an Bhille de bharr nach bhfuil plé Oireachtais tarlaithe go fóill ina leith.
I measc na n-ábhar eile a cháin an Fochoiste le linn an chruinnithe bhí scéim na nuachtán, aire sinsearach a bheith i bhfeighil ar chúrsaí Gaeilge agus próiseas cuíchóirithe Earnáil dheonach na Gaeilge.
Mar fhocal scoir, mhaígh an tAire Stáit nach é an comhrialtas reatha a chothaigh na fadhbanna maidir leis an nGaeilge agus gur léiriú de tiomantas don Ghaeilge an chomhrialtais í an infheistíocht shubstaintiúil atá déanta óna bhunú.
Cé gur deineadh mionphlé ar ghnéithí éagsúla den Straitéis idir an tAire Stáit agus baill éagsúla de lucht an fhreasúra, níorbh i láthair an chruinnithe as ballraíocht an Fhochoiste, idir lucht an Rialtais agus an fhreasúra, ach an Seanadóir Labhrás Ó Murchú a bhí ina Chathaoirleach sealadach.
Foilsithe ar Gaelport.com
An tua le titim ar iriseoireacht scríofa na Gaeilge
Márta 10, 2014
Ag cruinniú den Bhord Fhoras na Gaeilge ar an 28 Feabhra 2014, ar mholadh ón gCoiste Nauachtán agus Irisí, glacadh an cinneadh deireadh a chur leis an maoiniú reatha do na hirisí Feasta, An tUltach, agus NósMag agus leis na láithreáin ghréasáin Gaelport.com, Beo.ie agus Saol.ie.
Tiocfaidh deireadh le maoiniú na n-irisí agus na láithreáin ghréasáin seo ar 30 Meitheamh 2014, agus níl aon nod tugtha ag Foras na Gaeilge an mbeidh aon tseirbhís eile le teacht ina n-áit, nó an mbeidh aon scéim mhaoinithe eile á chur ar fáil ionas go mbeidh deis ag na seirbhísí leanúint ar aghaidh faoi mhúnla maoinithe eile.
Tháinig an scéal seo aniar aduaidh orthu siúd a chuireann na seirbhísí seo ar fáil, agus is trí ghlaoch teileafóin tráthnóna Dé Máirt seo caite a cuireadh an scéal in iúl dóibh. Níl scríofa go fóill ag Foras na Gaeilge chuig gach dream chun an scéal oifigiúil a chur in iúl.
Ní fios an cinneadh é seo a rinneadh go tobann, nó ar phlé an Bord an féidearthacht seo go rialta roimhe seo, ó tharla nach bhfuil miontuairiscí ó chruinnithe an Fhorais curtha in airde ar a suíomh acu le seacht mí.
Tá roinnt de na seirbhísí seo iontach rathúil faoi láthair. Faigheann an suíomh seo, Gaelport.com, breis agus 1,000,000 amas sa bhliain, agus tá 7,000 síntiúsóir cláraithe dá ríomhirisí, agus is iomaí duais agus gradaim atá bainte amach ag Gaelport le blianta.
Is iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a riarann príomhshuíomh eolais na Gaeilge, Gaelport.com. Dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir na Comhdhála: “Nuair a fógraíodh i mí Eanáir go mbeadh Foras na Gaeilge ag cur deireadh le maoiniú na Comhdhála, thuigeamar go mbeadh orainn ár bhfoireann a ligean chun siúl. Bhíomar den tuairim go mbeadh an deis againn na tionscadail atá faoinár gcúram, ar nós Gaelport.com, a thabhairt ar lámh do dhream éigin eile ionas go leanfadh an tseirbhís don phobal, ach faraor, leis an bhfógra is déanaí seo, tá sé doiléir an mbeadh sé sin inghlactha fiú. Cuireann sé an-bhuairt orm go bhfuil gach suíomh agus gach iris Ghaeilge i mbaol anois, agus nach bhfuil aon eolas tugtha faoi cén straitéis nó cén phlean atá ann do thodhchaí na hiriseoireachta scríofa”.
I ráiteas atá eisithe ag Eagarthóir na hirise Feasta, Pádraig Mac Fhearghusa, deir sé: “Caithfear a bheith imníoch faoi thodhchaí na hirise, mar níl sé indéanta iris liteartha nó staire cosúil le Feasta a reáchtáil ar bhonn gnó i nGaeilge nó i mBéarla. Níl brabús le déanamh ar ghearrscéalta, filíocht agus léirmheasanna leabhar a chur i gcló, dá riachtanaí seirbhís dá leithéid. Is gá deontas”.
I mí Feabhra 2013, cuireadh deireadh le maoiniú an nuachtáin Gaelscéal, nuair a chinn Bord Fhoras na Gaeilge nach raibh dóthain díolaíochta ag an nuachtán chun luach ar airgead a sholáthar. I mí na Nollag 2013, d’fhógair Foras na Gaeilge scéim nua chun maoiniú a chur ar fáil do nuachtán seachtainiúil Gaeilge ar líne. Níl toradh na scéime sin fógartha go fóill, agus san idirthréimhse tá breis agus bliain caite ó bhí nuachtán Gaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Gaelport.com