Foirgneamh nua Ghaelscoil Phort Laoise
Meán Fómhair 25, 2013
Tá an áthas orainn an fhoirgneamh bhreá mhór seo a ghlacadh ar son na foirne Gaelscoil Phortlaoise. Cé go rabhamar ar liosta feithimh ar feadh cúig bhliain déag agus sinn ag treabhadh ó bhliain go bliain, ó chlubtheach go sheomra réamhdhéanta, i ndeireadh na dála tháinig ár lá.
Is mór an onóir dúinn mar chomhphobal Gaelach ár suíomh féin a bheith againn. Agus nach álainn an radharc é. Struchtúir 16 seomra ranga le neart seomraí tacaíochta foghlama, stórais, leabharlann agus halla galánta. Is fiú dúinn aitheantas a thabhairt do na hiarscoláirí, na hiarthuismitheoirí agus na hiarrbhaill foirne a chuir an bunobair isteach fadó fadó go bhféadfaimís ár n-aisling féin a bhaint amach lá éigin.
Ní bheidh a leithéad ann arís.
Níl aon tinteán mar do thinteán féin!
-Dominic Ó Braonáin, Príomhoide, Gaelscoil Phort Laoise
Ciorcal Iarscoile do Dhéagóirí
Meán Fómhair 25, 2013
Tá ciorcal iarscoile ar siúl gach seachtain do dhéagóirí atá sa chéad is sa dara bliain ar an meánscoil … pléifear le hobair baile mar threoir sna seisiúin ach is ciorcal comhrá go príomhá a bheidh anseo, deis do dhéagóirí labhairt na Gaeilge a chleachtadh agus a chloisteáil … ar €2 in aghaidh na seachtaine, ón Chéadaoin, 2 Deireadh Fómhair, 16:15 – 17:15.
Cuirfear an ciorcal iarscoile ar siúl in aonionad Gaeilge oirthear na Gaillimhe, Gaeilge Locha Riach, 3 Seanbhóthar na Gaillimhe, Baile Locha Riach. Beidh tae agus caifé ar fáil do thuismitheoirí agus iad ag fanacht.
Eolas: 091-870718 / oifig@lochariach.com
40 Bliain de Choláiste Chamuis
Meán Fómhair 24, 2013
I 1973 a bunaíodh Coláiste Chamuis, agus tá an coláiste ag dul ó neart go neart ó shin.
Reáchtálfar dinnéar ceiliúrtha agus oíche cheoil in Óstán Chois Fharraige ar an Satharn 28 Meán Fómhair chun ceiliúradh a dhéanamh ar an éacht atá bainte amach ag an gcoláiste le blianta fada.
Beidh an tAire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., i láthair mar aoi speisialta ar an oíche mar aon le mná tí, iarscoláirí, muinteoirí, foireann agus seanchairde eile de chuid an Choláiste.
D’oscail doirse an choláiste den chéad uair i 1973, le 52 scoláire, beirt mhúinteoirí agus 10 teaghlach a bhí sásta scoláirí a choinneáil. D’fhill 37 den chéad ghrúpa sin an bhliain dár gcionn agus bhí Coláiste Chamuis faoi lánseol. Tháinig méadú ar líon na scoláirí de réir a chéile agus i 1978 cuireadh tús leis an dara cúrsa i mí Iúil. Chun freastal ar an éileamh ó dhaoine a theastaigh uathu teacht ar an gcúrsa, bunaíodh cúrsa nua sa Tulach i 1985, agus sa bhliain 1992, osclaíodh ionad nua i Ros a’Mhíl. Sa bhliain 2003 osclaíodh ionad saintógtha, Teálta na hÓige, i Ros a’Mhíl, Co. na Gaillimhe.
Déanann Coláiste Chamuis freastal ar isteach agus amach le 1,500 scoláire ó cheann ceann na tíre gach samhradh. Tá tús curtha le déanaí le cúrsa breise um Cháisc d’ábhair oidí. Tá lear maith d’iarscoláirí an Choláiste bainteach le cúrsaí Gaeilge i gcónaí i réimsí éagsúla amhail oideachas, iriseoireacht, na healaíona, cúrsaí siamsaíochta agus oidhreachta, dlí, gnó agus ar ndóigh gluaiseacht na Gaeilge féin.
Éiríonn thar barr leis na scoláirí an Ghaeilge a fhoghlaim mar léiriú ar mhana an Choláiste le 40 bliain, ‘Is fiú agus is féidir’ an Ghaeilge a shealbhú mar urlabhra i saol na linne seo. Bíonn tionchar mór ag an gColáiste freisin ar dhéagóirí na Gaeltachta, a thuigeann toisc a dteagmháil leis na scoláirí, go bhfuil oidhreacht ar leith acu féin agus nach rud aisteach ar bith í an Ghaeilge tharla daoine óga ar fud na hÉireann a bheith ag iarraidh í a fhoghlaim.
Cuirtear fostaíocht sa samhradh ar fáil do 70 ball foirne sa choláiste. Tá tionchar láidir eacnamaíochta ag Coláiste Chamuis, agus ag coláistí samhraidh eile ar an nGaeltacht agus is fiú tuairim is €50M an tionscal ar fad do cheantar Chonamara.
Deir Máire Denvir, Bainisteoir an Choláiste: “I gcomhthéacs chúrsaí turasóireachta in Éirinn i láthair na huaire, is sna Coláistí Gaeilge a fheictear an turasóireacht chultúrtha par excellence, mar atá, forbairt eacnamúil na Gaeltachta ar bhealach a luíonn go nádúrtha le hoidhreacht dúchais an cheantair agus a chaomhnaíonn agus a chothaíonn an oidhreacht sin. Tá tionscal na gColáistí bunaithe ar phríomhacmhainn na Gaeltachta, an Ghaeilge féin, agus tá sé d’aidhm bhunúsach ag Coláiste Chamuis cuidiú le polasaithe buanaithe agus sealbhaithe Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre”.
Mórphlean gníomhaíochta na Ceathrún Gaeltachta seolta
Meán Fómhair 24, 2013
Sheol trí Aire Rialtais Mórphlean Gníomhaíochta Deich mBliana na Ceathrún Gaeltachta ag cruinniú mullaigh i gColáiste Feirste ar na mallaibh.
“Tá dhá phríomhrud i gceist leis an Mhórphlean,” arsa Seán Mistéil, Cathaoirleach na Ceathrún.
“Tá muid ag iarraidh go mbeidh margaíocht níos fearr á déanamh ar an Cheathrú Ghaeltachta agus go mbeidh níos mó deiseanna ann do mhuintir an iarthair.”
Tugadh le fios; go gcuirfear tús le tógáil fhoirgneamh nua Coláiste Feirste i mí an Mheithimh 2014, go dtógfar Áras Gnó ar Bhóthar na bhFál (beidh státseirbhísí ag athlónú anseo), go dtógfar 60 teach/árasán do theaghlaigh le Gaeilge, go dtógfar spórtlann nua ar luach £3.5 milliún agus go dtógfar ionad liathróid lámha ar luach £.5 milliún sna blianta amach anseo.
“Bhí muintir an iarthair ar an ghannchuid le fada go leor,” arsa an tAire Cultúir, Ealáin agus Fóilíochta, Carál Ní Chuilín.
“Ní mór dúinn leas a bhaint as stádas na Ceathrún. Siocair go bhfuil na Ranna difriúla tagtha le chéile, is féidir linn aghaidh a thabhairt ar na riachtanais éagsúla a bhaineann leis an díothacht shóisialta agus ar na fáthanna éagsúla atá léi,” a dúirt an tAire.
Tá an Saineolaí Athghiniúna, Clive Dutton, fostaithe ag an Roinn Chultúir, Ealáin agus Fóilíochta le ceannasaíocht a dhéanamh ar an Phlean Gníomhaíochta. Deir sé go mbraitheann achtú an Phlean Mhóir ar chumas na n-údarás agus ar chumas ceannairí pobail le beartanna fiúntacha a chur i gcrích.
Féach an físeán ar www.meoneile.ie
Moltar sa tuarascáil go mbeidh:
- 100 gnó úr lonnaithe sa Cheathrú Gaeltachta faoi 2017
- Leibhéal fostaíochta ar chomhmhéid le leibhéal an tuaiscirt faoi 2017
- Deiseann buana fostaíochta a chruthú do chéimithe an Ghaeloideachais
- Athfhorbairt a dhéanamh ar cheantar Shráid an Chaisleáin
- Méadú faoi dhó ar líon na múrphictiúir sa Cheathrú Gaeltachta faoi 2016.
- Aithne ar Bhéal Feirste mar ‘Chathair na múrphictiúir’ go hidirnáisiúnta faoi 2016
- Líon na dtuarasóirí méadaithe go 250,000 faoi 2018
- Tús le tógáil fhorgneamh nua Choláiste Feirste in Earrach, 2014
- Plean teanga comhtháthaithe i bhfeidhm roimh Dheireadh Fómhar, 2014
Comhairliúchán poiblí faoin uileghabhálacht i mbunscoileanna á lainseáil ag an Aire Quinn
Meán Fómhair 23, 2013
Historic initiative to consult directly with parents about how all children can be made to feel included and involved in their local primary school
The Minister for Education and Skills, Ruairí Quinn T.D, and the CEO of the National Parents Council Primary, Áine Lynch, joined forces today to launch a public consultation on promoting inclusiveness in primary schools, which includes an information leaflet specifically for parents.
The public consultation process is part of the Minister’s Action Plan in response to the Report of the Advisory Group to the Forum on Patronage and Pluralism in the Primary Sector.
As well as dealing with the divesting of patronage of certain schools by the Catholic Church, the Group made a series of recommendations aimed at ensuring that schools, particularly Stand Alone schools which cater to entire communities, are as inclusive as possible and accommodate students of various belief systems and traditions. The recommendations cover areas such as having equitable enrolment policies; dealing effectively with the Constitutional right to opt out of religious instruction; having school policies on the conduct of religious and cultural celebrations in schools as well as having Boards of Management of denominational schools reflect the diversity of the local community.
Launching the consultation process, Minister Quinn said “Schools should be welcoming places for all children from the local community. We all know that Irish society has changed a lot in recent years. Our education system needs to adapt, to make sure that, as well as continuing to cater for children with more traditional religious beliefs, there is also respect for children of different traditions and beliefs.
“I want to thank Áine Lynch and her colleagues in the National Parents Council Primary for working with my Department on preparing the information leaflet for parents, and for agreeing to circulate the leaflet to parents’ associations nationwide.”
The Minister urged parents and other interested parties to make submissions.
“This is your chance to have your say and share your views with us”, he said. “I strongly encourage parents, teachers and all those with an interest in this area to take this opportunity. Many schools are already doing a good job in catering for children from different cultural, religious and belief traditions. I also want to hear about these good practices.”
Aine Lynch also urged parents to engage in the consultation process, stating that the education system in Ireland must ensure that all children’s and families beliefs are respected and valued.
“Parents and children have a unique contribution to make to this consultation process by outlining their experiences both positive and negative and to make proposals for the education system they would like to experience into the future”, she said.
The deadline for receipt of submissions is 22 November 2013.
Following the consultation process, the Forum Report findings and recommendations in this area and the submissions received will be considered in drafting a White Paper as set out in the Programme for Government.
For further information please contact:
Siobhán Creaton 087 941 6286
Sarah Moroney 087 772 0570
Minister Quinn published the Forum Advisory Group report in April 2012 and announced his action plan in response to this report in June 2012. The report and further details are available on the Department’s website www.education.ie.
Clubanna Óige Cumann na bhFiann
Meán Fómhair 23, 2013
Tá na Clubanna Óige oscailte ag Cumann na bhFiann arís ar fud na tíre (liosta iomlán le híoslódáil thíos). Tá fáilte i gcónaí roimh pháistí na Gaelscoileanna (Rang 4-6) agus na Gaelcoláistí freastal ar na Clubanna seo. Tugann sé deis don pháiste an Ghaeilge a úsáid ar bhonn sóisialta taobh amuigh d’am scoile, gníomh a chuireann go mór le hábharthacht an teanga i saol an pháiste.
Critéir Pleanála Teanga fógartha
Meán Fómhair 20, 2013
Tá na critéir pleanála teanga faoi Alt 12 d’Acht na Gaeltachta 2012 fógartha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an tseachtain seo. Bainfear leas as na critéir seo chun measúnú a dhéanamh ar na pleananna teanga a ullmhófar do na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus do na Líonraí Gaeilge.
Faoi Acht na Gaeltachta 2012 roinneadh an Ghaeltacht i 19 ceantar pleanála teanga faoi leith, agus é i gceist go mbeadh plean teanga uathúil le dréachtú do gach ceantar acu sin. Ag an am sin, bhí sé aontaithe go roghnófaí príomheagraíocht cinnireachta amháin i ngach ceantar pleanála teanga chun an próiseas a stiúradh ar an talamh, le cúnamh ó Údarás na Gaeltachta. I mBealtaine na bliana seo, fógraíodh go ndéanfaí athdhréachtú ar na ceantair a roghnaíodh, ionas go mbeadh 26 ceantar ann in áit 19.
Agus é ag fógairt na critéir pleanála teanga an tseachtain seo, dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., gur “ionann foilsiú na gcritéar seo agus céim eile chun tosaigh sa phróiseas pleanála teanga. Mar thoradh ar na Rialacháin seo, tá soiléireacht ann faoi na critéir a bheidh in úsáid nuair a bheidh mo Roinnse ag déanamh measúnú ar phleananna teanga sula ndéanfar iad a fhaomhadh. Bunaithe ar an phróiseas sin, beidh stádas mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta nó mar Líonraí Gaeilge le bronnadh ar cheantair éagsúla, de réir mar is cuí, i gcomhréir le hAcht na Gaeltachta.”
Is mar seo thíos atá na chéad chéimeanna eile leagtha síos le glacadh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge, chun an próiseas pleanála teanga a bhrú chun cinn:
- Tá an Roinn ag obair ar threoirlínte, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge, a leagfaidh síos próiseas trédhearcach d’ullmhú, d’fheidhmiú agus do mheasúnú na bpleananna teanga sna limistéir, sna bailte agus sna líonraí. Cabhróidh na treoirlínte leis na heagraíochtaí pobail agus iad ag tabhairt faoin bpróiseas pleanála teanga ar an talamh.
- Tá Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ag leagan amach córas trédhearcach faoina roghnófar eagraíochtaí chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna ceantair éagsúla.
- Tá an Roinn ag obair, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, ar na fógraí faoi alt 7(3) den Acht a dhéanfaidh sainiú ar na toghranna éagsúla a bheidh i gceist sna 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta.
Is féidir teacht ar na critéir pleanála teanga ach gliogáil ar an nasc thíos: Ionstraimí Reachtúla IR 357 de 2013 (Critéir Pleanála Teanga).pdf
Ranganna Gaeilge i Loch Garman
Meán Fómhair 19, 2013
Ranganna Gaeilge 2013-14
Tá ár ranganna Gaeilge le haghaidh daoine fásta ar ais i Loch Garman.
Tá leibhéal ann do gach duine!
Anuas ar sin, tá an-áthas ar na Macallaí a fhógairt go bhfuil aitheantas oifigiúil ag TEG Leibhéal B2 ón Roinn Oideachais agus Scileanna.
Ciallaíonn sé seo go sásaíonn TEG Leibhéal B2 na critéir iontrála do chúrsaí fochéime agus iarchéime san Oideachas sna coláistí oideachais.
Is deis iontach é seo do dhaoine gur mhaith leo dul le gairm na múinteoireachta nach bhfuil na riachtanais iontrála chuí acu do na coláistí oideachais, mar shampla, Gaeilge Ardleibhéal na hArdteistiméireachta.
Neamhchosúil leis an siollabas agus an scrúdú Ardteistiméireachta, tá siollabais agus scrúduithe TEG dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta, rud a chuireann go mór leis an taithí foghlama.
N.B A course will only be run where there is sufficient demand, 8-10 participants minimum
Dátaí Clárúcháin:30/09/2013
Ionad: Loch Garman @ An Tobar, Westgate Heritage Centre
Am:7.30i.n
Gach eolas: oifig@lochgarman.ie 087 913 5271 www.lochgarman.ie
Ranganna pianó trí mheán na Gaeilge
Meán Fómhair 18, 2013
Ar mhaith leat go bhfoghlaimeodh do pháiste an pianó trí mheán na Gaeilge?
Tá ranganna piano trí mheán na Gaeilge ar fáil ó leibhéal ghlan tosaitheoirí go leibhéal Dioplóma ag múinteoir pianó láncháilithe agus ceoltóir proifisiúnta.
Tá go leor taithí ag an múinteoir áirithe seo bheith ag múineadh an phianó in institiúidí éagsúla ceoil in Éirinn, saineolas ar mhúineadh an phianó trí mheán na Gaeilge.
Is ball í de Chumann Mhúinteoirí Pianó na hEorpa (EPTA), an chomhlacht le haghaidh mhúinteoirí proifisiúnta san Eoraip.
Beidh na ranganna lonnaithe i mBaile Átha Cliath
Tá tuilleadh eolais ar fáil ach glaoch a chur ar 087 673 0805
Foilsithe ar Gaelport.com
Iarratas ar Thairiscint – COGG
Meán Fómhair 18, 2013
Fáilteoidh COGG roimh thairiscintí ó thaighdeoir(í) le hathbhreithniú a dhéanamh ar litríocht, ar pholasaithe náisiúnta agus ar chleachtas ábhartha i limistéir eile i gcomhthéacsanna sochtheangeolaíocha atá inchurtha leis na ceantair Ghaeltachta, i dtaca le soláthar do theangacha mionlaigh sa chóras oideachais agus le teagasc trí theanga mhionlaigh in ionaid réamhscolaíochta, i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna.
Leanfaidh an t-athbhreithniú seo de réir mar is gá chun taighde a dhéanamh ar sholáthar oideachais sna múnlaí éagsúla tumoideachais agus Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (CLIL) i limistéir taobh amuigh de na ceantair ina labhraítear an sprioctheanga.
An dáta deiridh a nglacfar le tairiscint: 4pm Dé Luain, 7 Deireadh Fómhair, 2013
35 Cearnóg Mhic Liam, Baile Átha Cliath 2.
Breis eolais: www.cogg.ie