Méid an Téacs

Aonach Eolaíochta na mBunscoileanna 2014 san RDS

Iúil 18, 2013

Anois agus deireadh na scoilbhliana linn, táimid cheana féin ag féachaint ar aghaidh chuig an téarma nua atá romhainn. Is é seo an t-am le bheith ag smaoineamh ar Aonach Eolaíochta na mBunscoileanna san RDS.

Má tá bealach ar leith á lorg agat le heolaíocht agus mata a chur chun cinn sa seomra ranga, tugann an Aonach deis do 120 bunscoileanna tionscadail STEM (Science, Technology, Engineering and Mathematics) a léiriú mar chuid den taispeántas. Beidh painéal saineolaithe ann le haiseolas a thabhairt do na daltaí agus tabharfaidh an Aonach deis dóibh cuairt a thabhairt ar thionscnaimh eile ag an gcomórtas mór le rá, an Eolaí Óg (BT Young Scientist and Technology Exhibition).

Beidh an Aonach ar siúl idir 9-11 Eanáir 2014 agus tá sé oscailte do ranganna 4, 5, 6 agus ranganna Eochair Chéim 2. Ní comórtas atá san Aonach, cuirtear an béim ar comhoibriú le daltaí eile agus scileanna san eolaíocht a shaothrú.

I measc na ceisteanna a cíoradh ag Aonach 2013 bhí:

  • Conas a chuireann mála scoile isteach ar sláinte droma agus muid á iompar?
  • Conas is féidir le fear sneachta maireachtáil níos faide? 
  • Cén branda cadhnaire a mhairfidh níos faide i gciorcad simplí? 

Beidh deis ag scoileanna léiriú suime a dhéanamh i Meán Fómhair 2013. Cláraigh leis an eolas is déanaí a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig primarysciencefair@rds.ie; glaoigh ar 01 2407990 nó tabhair cuairt ar www.rds.ie/primarysciencefair. 

CluBeo – Ag spreagadh scoth na gceoltóirí

Iúil 18, 2013

Is oíche do cheoltóirí úra é ‘CluBeo’ a bhíonn ar siúl ar an tríú Aoine de gach mí i dTigh Leo i Mín na Leice, Tír Chonaill. Is í Máire Ní Bhraonáin, duine de na ceoltóirí is clúití le teacht amach as Éirinn riamh, a chuir tús leis an tógra úr seo i gcuideachta le Dónal Mac Ruairí ó Raidió na Gaeltachta.

Is breá le Máire teacht ar ais go dtí a ceantar dúchais chomh minic agus is féidir léi, agus bíonn sí le cluinstin go minic i dteach tábhairne Leo, ar an stáitse céanna ar thosaigh sí féin ann na blianta ó shin.

Chuir Máire tús leis an tógra seo chun ardán a thabhairt do cheoltóirí nua, agus chun misneach agus spreagadh a thabhairt daofa. Bíonn Máire agus Dónal ann le tacaíocht agus comhairle a thabhairt do na ceoltóirí óga a théann ar ardán.

Bhí deireadh seachtaine iontach speisialta ar fad ann agus Meon Eile ag tabhairt cuairte ar an ‘CluBeo’.

Ní amháin go raibh scoth na gceoltóirí ann ar an oíche sin, ach sheol Niall Mac Eachmharcaigh dlúthdhiosca úr Mháire Ní Bhraonáin agus Chormaic de Barra, ‘Affinity’, an oíche ina dhiaidh.

Chomh maith leis sin uilig bhí an cheardlann bhliantúil de chuid Mháire agus Chormaic, ‘Voices an Harps’, ar siúl in Ionad Naomh Pádraig don deireadh seachtaine ar fad, le daoine ag taisteal chomh fada as an tSeapáin agus an Astráil le bheith ann.

Beidh an chéad ’Clubeo’ eile ar siúl an Aoine seo chugainn (19ú) i dTigh Leo i Mín na Leice.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie

Nuachtlitir Ghael Linn ar fáil ar líne

Iúil 17, 2013

Cliceáil anseo leis an Nuachtlitir a léamh

Ciorcal Samhraidh na nDéagóirí

Iúil 17, 2013

Ar siúl gach Céadaoin ó 3.30 go 4.30in

Costas iomlán: €40

Leanfaidh ag imeacht go 21 Lúnasa i gCúl an Tí, Gaeilge Locha Riach, Baile Locha Riach

Tuilleadh eolais: 091-870718

GIG – An Gaeilgeoir is Greannmhaire

Iúil 17, 2013

An mbaineann tú gáire as daoine?

An bhfuil acmhainn grinn agat?

Is mian le Good Company Productions “GIG” a chur i láthair, sraith teilifíse réaltachta 8 gclár do TG4.

Tá “GIG” sa tóir ar an nGaeilgeoir is greannmhaire, is barrúla agus is siamsúla amuigh. Tá duais airgid le buachan chomh maith le háit ag mórfhéile grinn in 2014. 

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le John nó Orla ag 01 4973225 nó 087 2387222 nó seol ríomhphost chuig gigtg4@gmail.com nó féach ar www.goodcompany.ie

Ní mór d’iarrthóirí a bheidh os cionn 18 agus Gaeilge a bheith ar a dtoil acu 

Dé Céadaoin, 5 pm, 31ú Iúil 2013 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais 

Tuilleadh eolais:

Sraith ar leagan amach nua do TG4  í “An Gaeilgeoir is Greannmhaire” (G.I.G) ina rachaimidne sa tóir ar an nGaeilgeoir is greannmhaire in Éirinn. 

Á cur i láthair ag Síle Seoige beidh meascán den scoth moltóirí againn ó shaol an ghrinn chun dul ó cheann ceann na tíre ag lorg an Ghaeilgeora is barrúla amuigh. 

Bunaithe ar thaithí na moltóirí (a bheidh le fógairt amach anseo) ar stáitse, ar chúrsaí grinn, ar dhrámaíocht, ar óráidíocht, ar scríbhneoireacht agus ar thaibhiú – beidh a fhios acusan cé atá barrúil agus greannmhar, cé hiad na charachtair, cé aige a bhfuil cumas cainte, cé hé an réalta agus cé atá ag ligean air féin! 

Táimid ar lorg búistéir barrúil as Bóthar na Trá, b’fhéidir, nó múinteoir spraíúil as Tír Chonaill, siúinéir siamsúil as Ciarraí nó mac léinn soiniciúil as Baile an tSrutháin  – seo é seans na nGaeilgeoirí is greannmhaire in Éirinn a theacht amach agus iad féin a chruthú. 

Sa tréimhse 8 seachtain,  iarrfaidh na Moltóirí comhairle ar theagascóirí mór le rá leis an lucht grinn nua seo a threorú agus a theagasc. Rachaidh siad ar thuras i ndomhan an ghrinn in Éirinn agus casfaidh le lucht grinn chomh maith le máistir-ranganna a fháil ó na comhairleoirí agus na teagascóirí. Cuirfear scoth na hoiliúna orthu leis an scoth a scríobh, a cheapadh agus a chur i láthair. 

I dTaibhdhearc na Gaillimhe i gCathair na Gaillimhe a chuirfear na hiomaitheoirí deiridh i láthair agus is ann a chuirfidh muid fúinn don teagasc agus do na taibhithe gach seachtain.  Ní roghnófar ach 8 le páirt a ghlacadh sa tsraith agus tabharfaidh na moltóirí bata agus bóthar d’iomaitheoirí éagsúla de réir mar a rachaidh an tsraith chun cinn. 

Deis den scoth atá anseo teagasc agus comhairle a fháil le bheith i d’fhuirseoir – tharla sé cheana i mBéarla!  Ach an cheist anois an féidir na scileanna sin a chur ag obair i nGaeilge? 

Cé a sheasfaidh é, cé a cheapfaidh an t-ábhar is fearr, agus cé a rachaidh go Cill Airne agus a thabharfaidh 8 nóiméad de thaispeántas grinn os comhair 200 cainteoir ó dhúchas ag féile mhór na nGael ‘Oireachtas na Samhna’  – agus a ainmneofar ar “An Gaeilgeoir is Greannmhaire”?

Oíche mhór grinn a bheidh inti, nár tharla a leithéid cheana riamh.

Stádas tríú leibhéal bainte amach ag Gaelchultúr

Iúil 17, 2013

Tá áthas ar Ghaelchultúr a fhógairt go bhfuil stádas mar institiúid tríú leibhéal bainte amach ag an gcuideachta. 
 
Coláiste na hÉireann atá roghnaithe againn mar ainm don institiúid nua seo. Cuirfear tús leis an gcéad chúrsa de chuid an choláiste, Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Mairfidh an clár seo trí sheimeastar ar fad agus beidh sé ag leibhéal 9 de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí. Ba é an comhlacht rialtais Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) a bhronn an stádas mar institiúid tríú leibhéal ar Ghaelchultúr.
 
Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán dírithe orthu siúd a bhfuil cumas maith sa Ghaeilge acu cheana féin ach ar mian leo scileanna aistriúcháin a fhoghlaim nó cur leis na scileanna atá acu sa réimse sin. Tá sé oiriúnach chomh maith do dhaoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge ar bhonn laethúil – múinteoirí agus iriseoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge. Rachaidh an cúrsa chun sochair freisin dóibhsean ar spéis leo post a bhaint amach mar aistritheoir, riarthóir nó dlítheangeolaí in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh.
 
Beidh an fhoghlaim chumaisc i gceist sa chúrsa, is é sin, meascán den staidéar ar líne, de ranganna beo ar líne, agus de léachtaí agus ranganna teagaisc sa seomra ranga. De bhrí go mbeidh go leor d’ábhar an chúrsa le fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, táimid dóchasach go n-éireoidh linn mic léinn a mhealladh ó gach cearn den tír.
 
Chun teacht ar thuilleadh eolais faoin Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, mar aon le bróisiúr an chúrsa agus foirm iarratais, téigh go http://gaelchultur.com/ga/iarcheim.aspx. Is féidir teacht ar eolas breise freisin ach glaoch ar (01) 484 5220 nó scríobh chuig eolas@gaelchultur.com.

 

Leabhar Mór na nAmhrán

Iúil 16, 2013

Focail, stair agus cúlra d’os cionn ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge 

Seolfaidh an Comhairleoir Contae, Seosamh Ó Cuaig, Leabhar Mór na nAmhrán i dTigh Mheaic i gCarna ar Lá Mhic Dara, Dé Máirt, an 16 Iúil, ag 7pm. 
Is é an craoltóir, Máirtín Tom Sheáinín, a bheidh ina fhear an tí. Tá fáilte roimh chách chuig an seoladh. 

“Ba iad na hamhráin seo a choinnigh beo iad scaití, a thug faoiseamh, sólás, misneach, pléisiúr éigin is dóchas dóibh in am an ghátair. 
Ba saibhreas anama san am sin iad is níor ligeadar in éag ná le sruth iad. Inniu labhrann siad le pobal seo ár linne chomh hábalta céanna.” 
– Micheál Ó Conghaile

Leabhar é seo don scoláire, don amhránaí agus do dhuine ar bith ar suim leo teacht ar thuiscint níos leithne ar amhránaíocht thraidisiúnta na Gaeilge. Ceithre chéad amhrán traidisiúnta Gaeilge, ar an sean-nós, atá ann. Ó cheann ceann na tíre iad agus tá nótaí cuimsitheacha cúlra ag dul le gach uile cheann díobh maidir le cé dar díóbh iad, cé a chum, an chaoi ar scaipeadh iad agus an dream a chasann iad sa lá atá inniu ann. Tuilleadh eolais le fáil ach cliceáil anseo. 

Leabhar Mór na nAmhrán, (clúdach crua, €25, 890lth.) foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht. 

Ócáidí eile ar na bacáin… 

Scoil Acla, Oíche Ghaelach
Dé Máirt, 30 Iúil
Beidh ceiliúradh ar na hamhráin agus na hamhránaithe as Maigh Eo atá san áireamh i Leabhar Mór na nAmhrán mar chuid den Oíche Ghaelach ag Scoil Acla na bliana seo.
www.scoilacla.ie 

Daonscoil na Mumhan, Ceoilchoirm
Déardaoin, 22 Lúnasa.
Beidh ceiliúradh ar na hamhráin agus na hamhránaithe as An Rinn atá san áireamh i Leabhar Mór na nAmhrán mar chuid de cheoilchoirm na Daonscoile i mbliana. 
www.daonscoil.com 

Cló Iar-Chonnacht

t 091-593307
f 091-593362
i www.cic.ie 
poibliocht@cic.ie 
 

Forbairt na Ceannasaíochta sa bhunscoil lán-Ghaeilge –Comhdháil uile Éireann

Iúil 16, 2013

Tá comhdháil oiliúna 2 lá ar Forbairt na Ceannasaíochta sa Bhunscoil lán-Ghaeilge á reáchtáil ag an gCoiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas (CSTT) ar an gCéadaoin agus Déardaoin, 9-10 Deireadh Fómhair, 2013. Beidh sé ar siúl san Óstán Louis Fitzgerald Crois an Fhearainn Nua, Baile Átha Cliath. http://www.louisfitzgeraldhotel.com/

Cuirfear sólaistí, lón agus dinnéar ar fáil le linn na comhdhála. Beidh costas lóistín amháin i gceist do rannpháirtithe (ag ráta íslithe san óstán).

Eolas: Bileog Eolais

Clárú: oifig@gaelscoileanna.ie nó 01 853 5195 roimh Dé hAoine, 20 Meán Fómhair 2013

Rannpháirtithe: Príomhoidí/leasphríomhoide ó gach bunscoil lán-Ghaeilge ar bhonn 32 contae, Gaeltacht san áireamh mar aon le príomhoidí agus comhordaitheoirí na nAonad: Cuirfear áiseanna comhuaineacha ar fáil do phríomhoidí na nAonad.

Aonach: Beidh seastáin ann ó 15.30-19.30 ar an 9 Deireadh Fómhair mar cuid den Comhdháil, le comhlachtaí agus eagraíochtaí a chuireann áiseanna agus seirbhísí ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge. Tá fáilte roimh rannpháirtithe na comhdhála agus mórphobal na scoileanna cuairt a thabhairt ar na seastáin, ní bheidh aon táille iontrála i gceist agus is deis iontach é d’fhoireann na scoile agus tuismitheoirí léargas a fháil ar a bhfuil á chur ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge.

Clár na Comhdhála:
• Ról na gCeannasaithe sa Scoil Lán-Ghaeilge
• Tarmligean dualgais – foireann bhainistíochta agus foireann iomlán
• Forbairt na meán-cheannasaíochta le róil agus freagrachtaí soiléire
• Ag cinntiú Ardchaighdeán Oideachais
• Ionduchtú agus meántóireacht do mhúinteoirí nua
• Forbairt Ghairmiúil an Mhúinteora
• Measúnú Uile Scoile agus Féinmheasúnú i dtreo barr fheabhais: tábhacht, impleachtaí agus feidhmiú éifeachtach
• Ceannasaíocht Teanga Shóisialta / Chumarsáide na scoile
• Polasaí na Gaeilge / sainmheon teanga na scoile a chaomhnú
• Cruinneas na bpáistí / na múinteoirí / na foirne
• Gaeilge sa chlós / lasmuigh den fhoghlaim fhoirmiúil
• Pleanáil uile scoile (cúrsaí curaclaim san áireamh)
• Cur chuige an tumoideachais
• Léitheoireacht an Bhéarla agus na Gaeilge sa scoil lán-Ghaeilge
• Ag Cothú Cultúir Dearfaigh
• Gaol a chothú idir an scoil agus an scoilphobal / mórphobal
• Cur chuige cumarsáide le páirtithe éagsúla
• Comhoibriú idir scoileanna

Tuilleadh eolais:

Bláthnaid ní Ghréacháin, Cathaoirleach, An Coiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas.

blathnaid@gaelscoileanna.ie

Teil: 01 8535190 / 086 8050335

http://www.gaelscoileanna.ie/ie/about/cstt/ 

Nóta don eagarthóir

Bunaíodh an Coiste Seasta Thuaidh Theas ar an nGaeloideachas sa bhliain 2009 chun an gaeloideachas mar shainábhar a fhorbairt agus a chur chun cinn ar bhonn uile-Éireann.  Tá an Coiste comhdhéanta de:

•    Altram

•    An Foras Pátrúnachta

•    An Roinn Oideachais, Tuaisceart Éireann

•    COGG

•    Comhairle na Gaelscolaíochta

•    Comhar na Múinteoirí Gaeilge

•    Comhar na Naíonraí Gaeltachta

•    Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

•    Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta

•    Foras na Gaeilge

•    Forbairt Naíonraí Teoranta

•    Gaelscoileanna Teoranta

•    Iontaobhas na Gaelscolaíochta

Scoláireachtaí €2,000 ar fáil ar an MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais, DCU

Iúil 15, 2013

Clár páirtaimseartha thar 2 bhliain. Ranganna ar siúl 6 
Shatharn i ngach seimeastar.  Dírítear an clár ar chéimithe 
atá ag iarraidh postanna bainistíochta agus forbartha 
sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí, an 
t-oideachas san áireamh. Táillí c. €2,750.

Iarratais ar line: www.pac.ie

Breis eolais: Sally Mhic Dhomhnaill 01 700 5614
www.dcu.ie/fiontar  fiontar@dcu.ie  

Daonscoil na Mumhan 2013

Iúil 15, 2013

Beidh Daonscoil na Mumhan ar siúl i gColáiste na Rinne i Rinn Ó gCuanach i gCo. Phort Láirge ón Domhnach 18ú –  Aoine 23ú Lúnasa 2013. Is seachtain de léachtaí, d'ímeachtaí, de chraic is de chaidreamh, a reachtáiltear i gColáiste na Rinne, Rinn Ó gCuanach sna Déise gach Lúnasa, atá i gceist le Daonscoil na Mumhan. Cé go dtugtar Daonscoil na Mumhan uirthi freastalaíonn daoine ó gach áit ar an scoil seo agus tagann daoine i bhfad is i gcéin chun a bheith i láthair ag an ócáid seo. Téama na bliana seo: Tionchar na nGael i gcéin Beidh ranganna agus imeachtaí éagsúla go leor ar siúl i rith na seachtaine ina measc beidh ranganna amhránaíochta leis na h-amhránaí iomráiteach Anne Mulqueen. Beidh léachtaí éagsúla ar siúl chomh maith le seisiúin ceoil agus sean-nós, siúlóid sléibhe, seoladh leabhar, scéalta fiannaíochta, turais lae, léamh agus ceardlann filíochta le Bríd Ní Mhóráin. Beidh an damhsóir Cuthbert Tura Arutura ón tSiombáib ó dhúchas i bhfeighil ceardlann damhsa ar an sean-nós. Tráthnóna Dé Céadaoin beidh comórtas ‘Comóradh an Dá Phádraig’ ar siúl. Tá an Comórtas Tallainne seo á reáchtáil in gcuimhne agus onóir beirt fhear a raibh baint mhór acu le Daonscoil na Mumhan le blianta fada anuas ach atá anois ar shlí na fírinne sin iad Pádraig Ó Dálaigh agus Pádraig Ó hÍceadha. Ar an Déardaoin, 22 Lúnasa beidh ceiliúradh ar na hamhráin agus na hamhránaithe as An Rinn atá san áireamh i ‘Leabhar Mór na nAmhrán atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht mar chuid de cheoilchoirm na Daonscoile i mbliana. Seolfar úrscéil nua le Áine Uí Fhoghlú ar an oíche agus beidh oíche go maidin ann le oíche mhór airneán le amhránaithe na Rinne mar aon le neart eile. Tá lóistín ar fáil i gColáiste na Rinne.  

Tuilleadh liosta iomlán de na himeachtaí ar fáil ar: www.daonscoil.com

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »