Dianchúrsa Gaeilge
Meitheamh 7, 2013
An Satharn 8ú Meitheamh & An Domhnach 9ú Meitheamh – Clárúcháin 10.30 am (11am-4.30pm ar an Satharn, 11am – 1pm ar an Domhnach)
An bhfuil suim agat do chuid Gaeilge a chleachtadh, nó b’fhéidir tús a chur léi don chéad uair riamh? Bhuel, tá deis iontach agat leis sin a dhéanamh le linn Scoil Samhraidh Cholm Cille i gCultúrlann Uí Chanáin. Beidh dianchúrsaí a sholáthar ag Coláiste an Phobail ar an Satharn 8ú & an Domhnach 9ú Meitheamh ar leibhéil éagsúla. Beidh na ranganna ar siúl ó 11:00 – 16:00 ar an Satharn agus ó 11:00 – 13:00 ar an Domhnach agus beidh an turas bliantúil go Droim Ceatt ann ina ndiaidh. Déanfar freastal ar gach cineál foghlaimeora agus beidh cúrsaí ann ar 4 leibhéal, ó ghlanfhoghlaimeoirí go daoine a bhfuil ardchaighdeán na Gaeilge acu.
Taille: £15
Scoláireachtaí do Chúrsa Teaghlaigh sa Ghaeltacht
Meitheamh 6, 2013
Tá Foras na Gaeilge ag cur 10 scoláireachtaí, ar fiú €1000 an ceann iad, ar fáil do Chúrsa Teaghlaigh sa Ghaeilge atá a reáchtáil ag Cumann an Phiarsaigh i nGaoth Dobhair le linn na seachtaine 21-28 Iúil 2013.
Caitheann na teaghlaigh seachtain i nGaoth Dobhair ag freastal ar ranganna agus imeachtaí tré Ghaeilge a bheidh ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá a thuilleadh eolais faoin chúrsa féin ar an suíomh idirlíon www.piarsaigh.ie
Tabharfaidh an scoláireacht an deis do bheirt dhaoine fásta agus beirt pháistí freastal ar an chúrsa agus íocfar liúntas de €400 leo chun cuidiú le cúrsaí lóistín.
Is ar theaghlaigh atá san earnáil Gaelscolaíochta faoi láthair atá na scoláireachtaí dírithe, sé sin le rá do theaghlaigh a bhfuil páiste ag freastal ar ghaelscoil, ar ghaelcholáiste nó scoil ina bhfuil oideachas tré Ghaeilge a chur ar fáil.
Beidh dhá scoláireacht a bhronnadh ar an chlár Binneas Béal ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach lá ón Luan 10ú Meitheamh go Aoine 14ú Meitheamh.
Tá Cumann an Phiarsaigh go mór faoi chomaoin ag Foras na Gaeilge as an tacaíocht seo a thabhairt don chúrsa.
Is féidir eolas breise a fháil ó Joe Ó Gallchóir, stiúrthóir an chúrsa, ag 086 8288764.
Siúlóid trí Ghaeilge i Sliabh Bladhma
Meitheamh 6, 2013
Beidh siúlóid (trí Ghaeilge), ar siúl i Sliabh Bladhma i gCo Laoise ar an 8 lá de mhí Meitheamh, le haghaidh Bliain na Gaeilge. Tá Sliabh Bladhma suite i lár na tire agus deirtear go raibh an laoch Fionn MacCumhail in a chónaí san áit sin, nuair a bhí sé óg.
Beidh ár siúlóid í Sliabh Bladhma ag tosú ag 11 a chlog ar maidin an Satharn, 8 Meitheamh 2013.
Beidh daoine ag bualadh lena chéile ag an Teach Tábhairne i mBaile Mhic Ádaim i gCo. Uíbh Fhailí ag 11r.n.
Tá draíocht iontach ag baint leis an áit le cnoic ar gach aon taobh duit le srutháin álainn, plandaí fiáin agus tá an-rúndiamhair ag baint leis an áit, ceantar a bhí luaite le Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna.
Déan cinnte bia agus deoch a thabhairt leat don siúlóid seo.
Bain sult as an aimsir álainn seo agus bí i láthair don siúlóid seo agus ceiliúradh a dhéanamh ar Bhliain na Gaeilge
Tá fáilte roimh cách.
Tuilleadh eolais: 087 640 0184
Foilsithe ar Gaelport.com
Aitheantas buan faighte ag Gaelcholáiste na Mara ón Roinn Oideachais & Scileanna
Meitheamh 6, 2013
Ba mhór le GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas a dhéanamh le Gaelcholáiste na Mara, an tInbhear Mór, Co. Chill Mhantáin, ar bronnadh aitheantas buan uirthi le déanaí. Bunaíodh an scoil i 2007 agus tá sé tráthúil gur i mbliana a bhronn an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas buan uirthi, oir is í seo an chéad bhliain go bhfuil rang Ardteiste aici. Guímis gach rath ar daltaí uile na scoile, ach go háirithe iad siúd atá ag tabhairt faoin Ardteist agus an Teastas Sóisearach faoi láthair. Is cinnte go mbeidh todhchaí iontacha i ndán dóibh i ndiaidh an tréimhse atá caite acu sa scoil tacúil, fuinniúil seo. Tá tuilleadh eolais maidir le himeachtaí na scoile ar www.gaelcholaistenamara.ie, áit a bhfuil blag iontach a léiríonn an réimse leathan imeachtaí a bhíonn ar siúl ag an scoil i gcaitheamh na bliana.
Anseo – aip nua le gréasán Gaeilge a chruthú ar líne
Meitheamh 6, 2013
Tá feidhmchlár nua á fhorbairt ag Diaga Teo. i láthair na huaire a bhfeadfadh a bheith an-úsáideach do na scoileanna lán-Ghaeilge, www.anseoapp.com. Beidh an clár saor in aisce le híoslódáil, ar fáil ar fóin póca agus, tá súil acu, ar líne chomh maith. Tá sé dírithe ar mórphobal na Gaeilge; is féidir le scoileanna, eagraíochtaí a chuireann seirbhísí i nGaeilge ar fáil agus daoine aonair le líofacht nó suim acu sa teanga clárú leis an aip agus cruthaítear léarscáil uaidh sin, rud a bheadh áisiúil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus pobal na scoile á fhorbairt. Ciallaíonn sé go mbeidh an scoil feiceálach agus go mbeidh sé éasca d’úsáideoirí eile teagmháil a dhéanamh leis an scoil. Níl aon chostas ar clárú, ní gá ach foirm clárúcháin a chomhlíonadh ar www.anseoapp.com le go mbeidh an scoil san áireamh. Tá gné shóisialta ag baint leis an aip sa chaoi ar féidir teacht ar imeachtaí Gaeilge ar nós ranganna Gaeilge, ceolchoirmeacha, clubanna cultúrtha agus neart eile ar an léarscáil idirghníomhach agus bheadh súil ag Diaga Teo. go mbeidh sé spreagúil agus suimiúil do na scoileanna lán-Ghaeilge.
Scléip ar Raidió na Gaeltachta, Satharn 8 Meitheamh @ 11r.n.
Meitheamh 5, 2013
Cuirfear tús ar an 8 Meitheamh le sraith nua dírithe ar an gcomórtas tallainne ‘Scléip’ a reáchtálann Gaelscoileanna gach bliain. Clár faisnéise i gcúig pháirt is ea Scléip, a thabharfaidh léargas dúinn ar an díograis, na néaróga, an tallann, agus na buaiteoirí i gcomórtas 2013. Cloisfimid faoin ullmhúchán uilig a théann isteach sa chomórtas, casfaidh muid leis na hiomaitheoirí agus lena gcuid múinteoirí, leis na stiúrthóirí agus na moltóirí, agus beidh deis againn ar shleachta den chleachtadh, agus míreanna ar an stáitse sna babhtaí agus sa chraobh.
Seo é an seachtú bliain a bhfuil Scléip á reáchtáil, agus is cinnte go bhfuil ardchaighdeán tallainne le feiceáil ann. Ghlac thart ar 500 dalta ó 21 scoil páirt ann anuraidh, agus iad san iomaíocht i rannóga mar ceol agus amhránaíocht nua-aimseartha, rince cruthaíoch, drámaíocht agus mím, agus ar ndóigh an rannóg a thaitníonn le gach duine – and rannóg ilchineálach! Ar an 8 Iúil, cloisfimid réamhbhabhta 1 ó Amharclann an Axis i mBaile Átha Cliath. Fiachna Ó Braonáin an láithreoir. Léiríodh an tsraith seo le maoiniú ón gciste Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann.
Rinne Raven Productions 5 chlár do Raidió na Gaeltachta as na babhtaí agus craobh Scléip 2013 agus craolfar iad ar na dátaí thíos:
- Babhta 1 ón Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath: 8ú Meitheamh 2013 @ 11.00 r.n
- Babhta 2 ón Firkin Crane, Corcaigh: 15ú Meitheamh 2013 @ 11.00 r.n
- Babhta 3 ón Riverbank, Droichead Nua, Cill Dara: 22ú Meitheamh 2013 @ 11.00 r.n
- Babhta 4 ó Chultúrlann Uí Chanáin, Doire: 29ú Meitheamh 2013 @ 11.00 r.n
- Craobh Ceannais: 6ú Iúil 2013 @ 11.00 r.n
Lá Spraoí i nGaelscoil na Giúise
Meitheamh 5, 2013
Ar an Satharn 8 Meitheamh, reáchtálfaidh Gaelscoil na Giúise lá spraoi do na páistí a bheidh ag freastal ar an scoil amach anseo. Beidh an ócáid ar siúl idir 11am agus 1pm ag an Ionad Pobail i dTeach na Giúise. Tuilleadh eolais: 01 6294110 nó eolas@foras.ie.
Bunchúrsa Garchabhrach i nGaeilge i mBaile Locha Riach
Meitheamh 5, 2013
Tá bunchúrsa garchabhrach ar siúl Dé Sathairn, an 8ú agus 29ú Meitheamh, in ionad Ghaeilge Locha Riach, i mBaile Locha Riach. Níl spás ach do dheichniúr ar an chúrsa agus costas iomlán €50 ar gach rannpháirtí, le híoc roimh ré.
Is cúrsa 2 lá é an bunchúrsa garchabhrach atá dírithe orthu siúd nach ga dóibh cáilíocht dhlíthiúil a bheith acu. Tá an cúrsa seo feiliúnach dóibh siúd atá i mbun obair dheonach, cumainn óige is spóirt. Clúdaíonn sé mórán an ábhair chéanna leis an gcúrsa Garchabhair Oibre ach ag leibhéal níos bunúsaí. Beidh nótaí ar fáil do gach duine.
Teistithe: Slán Sábháilte (bailí ar feadh 2 bhliain)
Fad an chúrsa: 16 uair an chloig.
Ábhar an chúrsa:
- Measúnú ar an Othar
- CPR & Oiliúint Dífhibrileora
- Tráma
- Bristeach
- Cuir Fola
- Dó
- Leigheas
- Cairdiach
- Taom inchinne
- Titimeas, Diaibéiteas agus Plúchadh
Teastais CPR ó Fhoras Croí na hÉireann agus teastais Bunchursa Garchabhrach ó Slán Sábháilte.
Cuir isteach air ar 091 870718 nó seol ríomhphost chuig oifig@lochariach.com
An bhfuil sé deacair cinneadh faoi do thodhchaí a dhéanamh ag an aois seo?
Meitheamh 5, 2013
Tá na scrúduithe A Leibhéal faoi lán seoil anois agus cuirtear tús inniu leis an Ardteistiméireacht chomh maith.
Laethanta fada crua a bheas iontu seo a dhéanfas tástáil ar mhic léinn sinsireacha na tíre agus a chuirfeas tús leis an tslí bheatha a bheas acu amach anseo… más é an ceann atá ar intinn acu ag an am seo.
Labhair Meon Eile le mic léinn Choláiste Cholmcille in Indreabhán i gConamara chun fáil amach: An bhfuil sé deacair cinneadh faoi do thodhchaí a dhéanamh ag an aois seo?
Féach an físeán ar www.meoneile.ie
Doiléire cruthaithe maidir le maoiniú na n-eagras Gaeilge sa ghearrthéarma
Meitheamh 4, 2013
Ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) i mí Márta na bliana seo, d’aontaigh na hAirí síneadh a chur leis na socruithe reatha don naoi n-eagraíocht déag a fhaigheann bunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge go dtí 31 Nollaig 2013.
Agus é ag labhairt os comhair na Dála ar Déardaoin seo caite, rinne an tAire Stáit Gaeltachta, Dinny McGinley T.D., an cinneadh sin a athdheimhniú.
Cé gur bhain faoiseamh áirithe leis an síneadh seo a fógraíodh i mí Márta, chuir eagraíochtaí na hearnála deonaí in iúl gur réiteach fadtéarmach ar an scéal atá uathu. Ní fada a mhair an faoiseamh, ó chuir Foras na Gaeilge in iúl d’eagrais go luath tar éis chruinniú na CATT go mbeadh próiseas iarratais nua ag baint leis an tréimhse sé mhí seo agus gur ciorrú de 5/6% a bhí mar fhigiúir treorach ag an bhForas chuige seo. Is ciorrú é sin a bheadh le déanamh ar an ollfhigiúr bunmhaoinithe, agus ní gá go gcuirfí an leibhéal céanna de chiorrú i bhfeidhm ar gach eagraíocht trasna an bhoird.
Chuir Foras na Gaeilge sraith tosaíochtaí le chéile de réir théamaí ar leith, agus cuireadh in iúl do na heagrais go mbeadh maoiniú á sholáthar as seo amach bunaithe ar na tosaíochtaí úra seo amháin. Tá curtha in iúl do na heagrais bhunmhaoinithe go bhféadfaí go mbeadh eagrais ar leith thíos leis, agus eagrais ar leith thuas leis bunaithe ar an mbreithiúnas a dhéantar ar na hiarratais mhaoinithe i gcomhthéacs na dtosaíochtaí nua.
Tiocfaidh Bord Fhoras na Gaeilge le chéile ar an 28 Meitheamh 2013, chun iarratais na n-eagras a bhreith don tréimhse 01 Iúil 2013 – Nollaig 2013.
Fágann seo go gcinnfear ar an Aoine, 28 Meitheamh 2013 cén mhaoiniú a cheadófar do na heagrais bhunmhaoinithe don tréimhse dár tús an Luan dár gcionn.
Agus é ag tabhairt freagra scríofa do cheist Dála Déardaoin seo caite, 30 Bealtaine 2013, dúirt an tAire Gaeltachta, Dinny McGinley T.D., “Tá múnlaí éagsúla maoinithe á mbreithniú ag Foras na Gaeilge i gcomhar leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe, le páirtithe leasmhara eile agus leis an phobal i gcoitinne trí na próisis chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh sa dá dhlínse. Ní miste a nótáil gur aontaigh an Chomhairle Aireachta síneadh a chur leis na socruithe reatha bunmhaoinithe i rith an ama seo. San am i láthair, tá cinneadh tógtha ag an Chomhairle Aireachta go leanfaidh na socruithe reatha bunmhaoinithe go dtí an 31 Nollaig 2013”.
Ag labhairt ar an ábhar seo, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, an scátheagraíocht ar earnáil dheonach na Gaeilge, go bhfuil an scéal seo “an-doiléir do na heagrais Ghaeilge ó tharla go bhfuil port éagsúil le cloisteáil ón Aire Gaeltachta is atá le cloisteáil ó Fhoras na Gaeilge”.
Deir De Barra go bhfuil súil ag na heagrais Ghaeilge go mbeidh cúrsaí níos soiléire sna seachtainí beaga romhainn, ach gur “trua gur fágadh go dtí an nóiméad deiridh arís é, go bhfuil na heagrais i bhfolús eolais in athuair, agus go mbeimid ag feidhmiú ar an Aoine, 28 Meitheamh, gan eolas dá laghad ar an leibhéal maoinithe a bheidh ar fáil don tréimhse nua a thosóidh ar an Luan dár gcionn”.
Foilsithe ar Gaelport.com