Méid an Téacs

Stiúrthóir Naíonra

Meán Fómhair 12, 2013

Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra Ghleann Na Darachi gCill Mhantáin le haghaidh seisiún maidine i Naíonra beag atá díreach oscailte (38 seachtain sa bhliain.)

Is gá go mbeadh líofacht na Gaeilge, idir Gaeilge labhartha agus scríofa, ag an iarrthóir, mar aon le cáilíocht CDBO leibhéal 5.

Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag an iarrthóir chomh maith, nó é a bheith sásta tabhairt fúthu:
• Dianchúrsa FNT
• Traenáil gharchabhrach
• Treanáil ‘Tús Áite do Leanaí’
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin bpost seo is féidir dul i dteagmháil le Grace ar 086 3450093, nó ar ríomhphost ag ghleannnadarach@gmail.com

Foilsithe ar Gaelport.com

Múinteoir Gaeilge do dhaoine fásta

Meán Fómhair 11, 2013

Múinteoir á lorg le ranganna lae do dhaoine fásta a glacadh i gceantar na hÓmaí, Tír Eoghain.
Le bheith ar fáil fá choinne rang lae maidin Dé hAoine.
Le tús a chur leis na ranganna i mí Dheireadh Fómhair.
Cuir CV chuig Sinéad ag sinead@dunuladh.ie nó gabh i dteagmháil léi le níos mó eolais a fháil.

Foilsithe ar Gaelport.com

Múinteoir Eolaíochta

Meán Fómhair 11, 2013

Tá folúntas mar a leanas i nGairmscoil Éinne, Cill Rónáin, Oileáin Árann:

Múinteoir Eolaíochta (Bitheolaíocht) agus Matamaitic ag teastáil láithreach – ag teagasc trí mheán na Gaeilge
Is féidir teagmháil a dhéanamh mar a leanas:
An Roinn Pearsanra,
Bord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin,
An Coiléar Bán,
Baile Átha an Rí,
Co. na Gaillimhe.
091-874528

Foilsithe ar Gaelport.com

Teagascóirí Gaeilge – Painéal OÉ Má Nuad

Meán Fómhair 11, 2013

Tá Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann Má Nuad ag iarraidh cur lena bpainéal teagascóirí an bhliain acadúil seo 2013/14.
Tá réimse leathan cúrsaí agus ranganna Gaeilge ó bhonnleibhéal go hardleibhéal á múineadh in Ionad na dTeangacha, idir chúrsaí fochéime, chúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta agus shainchúrsaí Gaeilge do fhoireann na hOllscoile.
Má tá tú ag iarraidh a bheith ar an bpainéal seo, cuir cóip de do ghairmré reatha chuig teanga@nuim.ie.
Ba cheart cáiliocht iarchéime sa Ghaeilge a bheith ag iarrthóirí agus/nó Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) Leibhéal C1.
Tabharfar tús áite d’iarrthóirí a bhfuil taithí agus cur amach acu ar chóras TEG. Beidh taithí teagaisc ina buntáiste.
Tuilleadh eolais: 01 708 6417
Dáta deiridh d’iarratais: 13 Meán Fómhair 2013
Foilsithe at Gaelport.com

Oifigeach Forbartha – Feachtas

Meán Fómhair 5, 2013

Fáiltíonn Feachtas roimh iarratais do phost mar Oifigeach Forbartha.

Riachtanais:

  • Ardchaighdeán sa Ghaeilge
  • Scileanna láidre idirphearsanta
  • Bheith ábalta feidhmiú as a stuaim féin.
  • Taithí ag obair le daoine óga

Inmholta

  • Ceadúnas tiomána & teacht ar charr
  • Cáilíocht sa Ghaeilge, sa Phleanáil Teanga, san obair óige nó cáilíocht oiriúnach eile.
  • Scileanna ríomhaireachta
  • Taithí ar na líonraí shóisialta agus/nó suímh ghréasáin.

Post ar chonradh bliana a bheidh i gceist, mar thús. Ní mór don té a cheapfar a bheith ar fáil chun dul i mbun oibre gan mhoill.
Seoltar CV roimh 12 nóin ar an Aoine 13 Meán Fómhair 2013 chuig:

Seán Ó hAdhmaill
Cathaoirleach
Feachtas
seanoh.feachtas@gmail.com

Bunaíodh Feachtas sa bhliain 1980 chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus chun cuidiú le forbairt phearsanta agus shóisialta an duine óig.

Is eagraíocht neamhspleách í Feachtas atá faoi stiúir Chathaoirleach Feachtas agus an Choiste Ceannais. Tá Feachtas mar bhall eagras de Chomhairle Náisiúnta na nÓg agus de Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus eagraíonn an eagraíocht imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge chun gréasáin shóisialta de Ghaeilgeoirí óga a fhorbairt chun úsáid na Gaeilge taobh amuigh den scoil a chur chun cinn.
Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht úsáid shóisialta na Gaeilge a éascú trí ghréasáin a fhorbairt do lucht óg na Gaeilge. Déanann muid freastal ar dhaoine óga san aoisghrúpa 8-25 mbliana d’aois.

Foilsithe ar Gaelport.com

Oifigeach Tionscadail de dhíth do Scéim ‘Gaelbhratach’

Meán Fómhair 2, 2013

Scéim phíolótach í seo, urraithe ag Foras na Gaeilge, a thabharfaidh tacaíocht agus treoir do mhúinteoirí, agus a chuirfidh ar chumas scoileanna aitheantas cuí a fháil as a gcuid oibre chun an Ghaeilge chumarsáideach a chur chun cinn.

Oifigeach Tionscadail (Leibhéal Bunscoile)

Fáiltíonn Gael Linn roimh iarratais do phost mar Oifigeach Tionscadail. Beidh an té a cheapfar i mbun forbartha ar scéim ‘Gaelbhratach’ ag leibhéal na bunscoile.

Beidh sárthuiscint ag iarrthóirí ar an gcuraclam bunscoile agus ar na heagrais éagsúla atá bainteach le cúrsaí oideachais ag an mbunleibhéal.

Riachtanais an phoist:

  • Cáilíocht 3ú leibhéal sa Ghaeilge/sa mhúinteoireacht
  • Taithí mhúinteoireachta
  • Sárchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
  • Scileanna láidre idirphearsanta
  • Scileanna maithe eagrúcháin, ar a n-áirítear scileanna ríomhaireachta
  • Teacht ar charr

Post ar chonradh a bheidh i gceist; tréimhse go Nollaig 2013, mar thús. Ní mór don té a cheapfar a bheith ar fáil chun dul i mbun oibre gan mhoill.

Seoltar CV roimh 12 nóin ar an Aoine 6 Meán Fómhair 2013 chuig: Máire Harris, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Teil 01-6751200 maireh@gael-linn.ie

Oifigeach Tionscadail (Leibhéal Iar-bhunscoile)
Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh iarratais do phost mar Oifigeach Tionscadail. Beidh an té a cheapfar i mbun forbartha ar scéim ‘Gaelbhratach’ ag leibhéal na hiar-bhunscoile.

Beidh sárthuiscint ag iarrthóirí ar an iar-bhunscolaíocht agus ar na heagrais éagsúla atá bainteach le cúrsaí oideachais ag an dara leibhéal.

Riachtanais an phoist:

  • Cáilíocht 3ú leibhéal sa Ghaeilge/sa mhúinteoireacht nó a chomhionann
  • Taithí mhúinteoireachta nó a chomhionann
  • Sárchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
  • Scileanna láidre idirphearsanta
  • Scileanna maithe eagrúcháin, ar a n-áirítear scileanna ríomhaireachta
  • Teacht ar charr

Post ar chonradh a bheidh i gceist; tréimhse go Nollaig 2013, mar thús. Ní mór don té a cheapfar a bheith ar fáil chun dul i mbun oibre gan mhoill.

Seoltar CV roimh 12 nóin ar an Aoine 6 Meán Fómhair 2013 chuig: Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Teil 01-4757401 post@cnag.ie

FNT ar lorg breis teagascóirí le cur le painéal teagascóra na heagraíochta

Lúnasa 28, 2013

Tá Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ag iarraidh cur le painéal teagascóirí na heagraíochta fud fad na tíre faoi na réimsí seo a leanas:

  • Sraith Seimineár NUA Céimeanna Móra (Pleanáil Teanga (Céimeanna Beaga), Ardchaighdeán (Sárshaothar sa Naíonra) & Breathnóireacht ar Shealbhú Teanga (Scéim Phíolótach FNT) sa Naíonra
  • Sraith Seimineár: Aistrithe ón Naíonra go dtí an Gaelscoil
  • Sraith Seimineár: Réamhlitearthacht & réamhuimhearthacht sa Naíonra
  • Sraith Seimineár: Tábhacht an tSúgartha sa Naíonra
  • Sraith Seimineár ar aon cheann de na Téamaí indibhidiúla Aistear:
    • Folláine agus Leas, Féiniúlacht agus Muintearas, Cumarsáid, Taiscéalaíocht agus Smaointeoireacht.
  • Sraith Seimineár ar aon cheann de na Caighdeáin indibhidiúla Síolta:
    • Cearta an Pháiste, Timpeallachtaí, Tuismitheoirí agus Teaghlaigh, Comhairliúchán, Idirghníomhartha, Súgradh, Curaclam, Pleanáil agus Meastóireacht, Sláinte agus Leas, Eagrú, Cleachtas Gairmiúil, Cumarsáid, Aistrithe, Féiniúlacht agus Muintearas, Reachtaíocht agus Rialú, Rannpháirtíocht an Phobail.
  • Dianchúrsa FNT: An Cháilíocht Stiúrthóra (aon cheann acu seo thíos)
    • An Luaththumadh & Sealbhú na Gaeilge
    • Puipéid & Scéalaíocht sa Naíonra
    • Ceol agus Gluaiseacht
    • Pleanáil lae an Naíonra
    • Clár Bliana an Naíonra
    • Drámaíocht sa Naíonra
    • Sábháilteacht sa Naíonra
    • Gaineamh agus Uisce
    • Ag Réiteach Fadhbanna
    • An Cúinne Ealaíne Cruthaitheach
    • Céimeanna Beaga
    • Spraoi Lasmuigh agus An Dúlra Laistigh
    • Fáilte agus Aidhmeanna an Chúrsa
    • Ról an Naíonra i gCothú na Gaeilge sa Bhaile agus sa Phobal
    • Leanúnachas ón Naíonra go dtí an Ghaelscoil
    • Sárshaothar sa Naíonra – Clár d’Ardchaighdeán
    • Tábhacht an tSúgartha
  • Cúrsa Chéimeanna Beaga (Bunchúrsa Gaeilge Fheidhmeach d’oibrithe Naíonra)
  • Ceardlann Chruinnis sa Ghaeilge (dírithe ar chúrsaí cruinnis agus scríobh na Gaeilge).
  • Cúrsa Athnuachana Garchabhrach
  • Cúrsa sa Gharchabhair oibre (ag plé Naíonra)
  • Cúrsa BunGhaeilge do Thuismitheoirí / d’Fheighlithe Leanaí.

Más spéis leat spás ar phainéal teagascóra FNT seol do Churaclam Vitae chugainn ag sean@naionrai.ie. Breis eolais ar fáil ó Sheáin ag 01-8535142.

Eagraíonn FNT ár gcúrsaí go léir trí Ghaeilge agus beidh an cinneadh deiridh ag FNT maidir le rith aon cheann de na cúrsaí oiliúna seo.

Rúnaí scoile á lorg ag Gaelscoil Mhic Aodha, Baile Chill Dara

Lúnasa 23, 2013

Féach http://www.foras.ie/vacancies/

Cúntóir Gaeilge á lorg ag Coláiste Hibernia

Lúnasa 22, 2013

Baineann na dualgais seo thíos leis Ard-Dioplóma Ealaíon sa Bhunoideachas.

Dualgais:

  • Tacaíocht acadúil agus riaracháin a thabhairt do Cheann na Gaeilge
  • Bainistiú ar aiseolas d’iarratasóirí agus do mhic léinn maidir le hathbhreithnithe agus achomhairc
  • Aistriú, profáil agus eagarthóireacht ar dhoiciméid
  • Modúil na Gaeilge (An Ghaeilge Acadúil, Cleachtadh Múinteoireachta agus Curaclam na Gaeilge) a bhainistiú go héifeachtach i gcomhar le Ceann na Gaeilge agus Leas-Stiúrthóir an Chláir
  • Tacaíocht a thabhairt do Cheann na Gaeilge maidir le hearcaíocht agus agallaimh don fhoireann acadúil
  • Tacaíocht a thabhairt do Cheann na Gaeilge le caighdeán acadúil an Chláir a dheimhniú
  • Próifíl na Gaeilge a ardú laistigh agus lasmuigh den Choláiste agus comhpháirtíocht a chothú le páirtithe seachtracha

Riachtanach don Ról:

  • Ardchaighdeán cruinnis agus líofachta sa Ghaeilge agus sa Bhéarla
  • Tuiscint mhaith ar Chláir Acadúla Ghaeilge agus ar an nGaeltacht
  • Tionscantach agus solúbtha
  • Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta
  • Teist go dtí seo ar a bheith ullmhaithe agus cruinn
  • Cumas iltascála chomh maith leis an gcumas a bheith cruthaitheach agus feidhmiú faoi bhrú
  • Gairmiúil le tuiscint ar éifeachtúlacht, ar dhiscréid agus ar rúndacht
  • Scileanna réitithe fadhbanna den scoth chomh maith leis an gcumas smaoineamh as an nua
  • Céim mháistreachta sa Ghaeilge
  • Ardchaighdeán cruinnis agus líofachta sa Ghaeilge agus sa Bhéarla
  • Inmhianaithe:
  • Tuiscint leathan ar Churaclam na Bunscoile, ar Chláir Chumaisc Foghlama agus ar Chláir Oiliúna Tosaigh do mhúinteoirí
  • 5 bliana taithí i ról in earnáil an Oideachais/ na Gaeilge

Tuiscint leathan ar Churaclam na Bunscoile, ar Chláir Chumaisc Foghlama agus ar Chláir Oiliúna Tosaigh do mhúinteoirí

Beidh téarma seasta agus conradh ar sheirbhísí i gceist, ag tosú le 3 lá sa mhí .

Próiseas iarratais:
Seol litir chlúdaigh, le cur síos ar na cúiseanna go mbeifeá oiriúnach don ról seo le CV reatha trí ríomhphost chuig careers@hiberniacollege.net.
Ní mór an t-iarratas a sheoladh roimh an Aoine, 30 Lúnasa 2013.

Foilsithe ar Gaelport.com

Cúntóir Naíonra

Lúnasa 22, 2013

Tá Naíonra Pobail-Seanchill Teo. B.Á.C. 18 ag lorg cúntóir chun obair le páistí réamhscoile agus iarscoile san iarnóin (12-6) cúig lá na seachtaine.

Tá líofacht gaeilge riachtanach don phost. Tuilleadh eolais ó cris@naionra-pobail-seanchill.com nó 087 7666419.

Spriocdháta 20/09/2013

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »