Teagascóir Gaeilge – An Bhruiséil
Márta 6, 2013
Tá CLL Language Centres, ionad teangacha lonnaithe sa Bheilg, ag lorg Teagascóir Gaeilge.
Beidh an té a cheapfar lonnaithe sna hInstitiúidí Eorpacha sa Bhruiséil.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Sabine Thirion ag s.thirion@cll.ucl.ac.be.
Foilsithe ar Gaelport.com
Feighlí le Gaeilge
Márta 5, 2013
Tá feighlí le Gaeilge á lorg ag teaghlach lonnaithe i mBAC 12
Tá feighlí le Gaeilge ag teastáil le haire a thabhairt do leanbh amháin, cúig mhí déag, trí lá sa tseachtain – Luain go Céadaoin.
Tá sé riachtanach go mbeadh taithí le leanaí ag aon iarrthóir, chomh maith le moltaí.
Chun tuilleadh eolas a fháil is féidir teachtaireacht a chur chuig aoifeniccormaic@yahoo.com
Intéirneacht Iarchéime, Foclóir na Nua-Ghaeilge
Feabhra 11, 2013
Intéirneacht Iarchéime leis an Foclóir na Nua-Ghaeilge (6 mhí)
Fáilteoidh Acadamh Ríoga na hÉireann roimh iarratais ar intéirneacht sé mhí do Chuntóir Oifige le Foclóir na Nua-Ghaeilge, 19 Sráid Dásain, Baile Átha Cliath 2 faoin scéim JobBridge.
An Post:
Cuideoidh an t-intéirneach leis an gClárbhainisteoir agus leis an Eagarthóir Cúnta téacsanna a ullmhú do Corpas na Gaeilge 1882-1926 agus do Corpas na Gaeilge 1927-1958.
I measc dualgas an intéirnigh beidh:
- Cuidiú le próiseas táirgeachta FNG
- Téacsanna Nua-Ghaeilge a phrofáil
- Téacsanna Nua-Ghaeilge a dhigitiú
- Ullmhú do sheoladh Corpas na Gaeilge 1882-1926
- Poiblíocht a dhéanamh do sheoladh Corpas na Gaeilge 1882-1926
- Iniúchadh a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an tionscnamh a fhorbairt ar líne
I rith na tréimhse seo, gheobhaidh an t-intéirneach taithí ar a bheith ag obair ar thionscnamh taighde agus forbróidh sé/sí scileanna inaistrithe. Ina measc beidh taighde ar théacsanna Gaeilge, cruthú corpais, profaí a léamh, poiblíocht agus ról a ghlacadh i bpróiseas na foilsitheoireachta ar líne. Beidh sé/sí freagrach don Chlárbhainisteoir agus don Eagarthóir Cúnta.
Cuirfear sceideal traenála le chéile don intéirneach ina mbeidh traenáil phroifisiúnta agus oiliúint ar an láthair oibre.
Sonraíocht faoin bpearsa
Beidh suim ag an intéirneach i scileanna taighde a fhorbairt, cuir lena (h)eolas faoi na daonnachtaí digiteacha agus tabhairt faoi ghairm bheatha in earnáil na Gaeilge.
Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag an té a cheapfar:-
- Céim onóracha sa Nua-Ghaeilge
- Súil ghéar don chruinneas
- Ardscileanna ríomhaireachta
- Suim in earnáil na Gaeilge
- Cumas oibre mar chuid d’fhoireann agus as a stuaim féin
Conas iarratas a dhéanamh
Caithfear iarratais ar an intéirneacht seo a chur isteach in aon cháipéis amháin san ord seo a leanas:
1. Curriculum Vitae a chuireann síos go hachomair ar do chuid cáilíochtaí, scileanna agus taithí ábhartha. (2 leathanach ar a mhéid)
2. Ráiteas faoin ról a bheadh ag an intéirneacht seo i d’fhorbairt gairme féin agus cad iad na scileanna atá agat a bheadh oiriúnach don ról.
Caithfear iarratais a chur ar ríomhphost go hr@ria.ie.
Is é 22 Feabhra 2013 an spriocdháta. Eagrófar agallaimh i ndiaidh an dáta sin.
Is foras uile-Éireann, neamhspleách, acadúil é Acadamh Ríoga na hÉireann a chuireann scoláireacht agus feabhas sna heolaíochtaí, sna daonnachtaí agus sna heolaíochtaí sóisialta chun cinn. Príomhchumann léannta na hÉireann is ea é agus tá níos mó ná 420 ball ann a toghadh in aitheantas dá mórghníomhartha acadúla.
Is fostóir comhionannas deiseanna é Acadamh Ríoga na hÉireann
Foilsithe ar Gaelport.com
Láithreoirí & Rannpháirtithe Á Lorg Do Shraith Nua Teilifíse Saoil Ar TG4
Feabhra 7, 2013
Tá sraith teilifíse náisiúnta ar bhealach maireachtála á léiriú ag Stirling Film &TV Productions faoi láthair, sraith atá bunaithe ar airgead a dhéanamh ar nithe nach bhfuil uait níos mó. An bhfuil bealach níos fearr le tús a chur le 2013 ná slán a fhágáil ag an gcosamar go léir atá bailithe agat agus airgead breise a dhéanamh, chomh maith le spás breise a dhéanamh– i do theach agus i d’intinn féin?
An coincheap atá ann ná go mbaileoidh na rannpháirtithe nithe ina dtithe; éadaí, seantroscán nó giuirléidí, agus go gcuirfidh na láithreoirí sainchomhairle orthu maidir le hairgead a thuilleamh ar na nithe sin a dhíol ar eBay nó ag ceantanna eile ar líne, chomh maith le ag aontaí nó díolacháin as búit cairr ina gceantar féin. Beidh sprioc ag gach duine, nó ócáid le freastal uirthi, ina rachaidh an
t-airgead ina threo. D’fhéadfadh luach seintimintiúil a bheith ag nithe áirithe, agus é deacair scaradh leo… ach tharlódh gurb iad sin na nithe is mó a dhéanfadh airgead.
Beidh trialacha scáileáin á reáchtáil againn do láithreoirí le Gaeilge, chomh maith le saineolaithe díolacháin ar líne nó ag aontaí. Cuirfear fáilte roimh thallann nua agus níl taithí riachtanach.
Má tá suim agat ann, seol chugainn éisteacht a thaifead tú féin agus an méid seo ann (i nGaeilge):
• PTC (Píosa chuig ceamara) ag cur an chláir i láthair
• Agallamh gearr le ‘rannpháirtí’
• Físeán gearr ina ndéanann tú measúnú ar ní atá le díol. An fiú tada é agus an ndéanfadh sé airgead ar bith ag ceant?
Seol fís-iarratais, chomh maith le CV, chuig pol@stirlingtelevision.co.uk tráth nach déanaí ná Dé Luain, 11ú Feabhra.
Nó chuig:
Pól Penrose
137 University Street,
Béal Feirste
BT7 1HP
Tá rannpháirtithe le Gaeilge á lorg againn freisin do 6 chlár atá le taifeadadh ar fud na hÉireann i rith mhíonna an earraigh agus an tsamhraidh. Mar sin, más mian leat féin, le do theaghlach nó le do chomhghleacaithe airgead breise a dhéanamh ar nithe nach bhfuil uait níos mó, chun freastal ar ócáid e.g. bainis – do bhainis féin fiú, chun dul ar saoire, chun feabhas a chur ar do theach, chun trealamh nua a cheannach, nó díreach chun spás breise a dhéanamh i do theach, líon isteach an fhoirm ag http://www.stirlingtelevision.co.uk/news/seeking-presenters-participants-for-a-new-lifestyle-television-series-for-tg4.html le d’iarratas a dhéanamh!
Dé hAoine 22ú Feabhra 2013 an spriocdháta do gach iarratas.
Fuair Stirling TV Productions maoiniú ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge agus ó TG4 don léiriú.
Call for applications for Irish Language Instructors 2013-14
Feabhra 7, 2013
The Ireland Canada University Foundation (ICUF) offers an annual programme of scholarly exchange awards between universities of Canada and Ireland.
Founded in 1994 by Dr. Craig Dobbin of Newfoundland and Dr. Patrick Hillery, former President of Ireland, the Foundation was formally recognised in a 2004 Memorandum of Understanding between the governments of Canada and Ireland.
With funding from the National Lottery and the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht, the Foundation provides scholarly awards, open to all academic disciplines, designed to support the teaching of the Irish language in certain Canadian universities.
This programme exists to support the development and growth of the Irish language in Canada.
As such, the role of the Irish Language Instructor is twofold: she/he is engaged to teach the Irish Language within the university, and to support the development of the Irish Language in the wider community.
ICUF wishes to appoint a number of Irish Language Instructors for the nine-month period Sept 2013 – May 2014.
The following is a list of partner universities:
University of St. Michael’s College, University of Toronto, Ontario
Concordia University, Montreal, Quebec,
St. Francis Xavier University, Antigonish, Nova Scotia
St. Mary’s University, Halifax, Nova Scotia,
St. Thomas University, Fredericton, New Brunswick
Memorial University, St. John’s, Newfoundland
University of Ottawa, Ontario
These awards enable teachers to participate in the Irish language instruction programme at a Canadian university, and will also provide individuals with the opportunity to refine their teaching skills and extend their knowledge of Canadian society and culture, enriching their teaching work on their return to Ireland.
Further information on the awards, the terms and conditions and application forms are available on www.icuf.ie.
For enquiries and further details please email gaeilge@icuf.ie.
CLOSING DATE FOR RECEIPT OF APPLICATIONS: Monday, 4 March, 2013
Stiúrthóir Cúnta le haghaidh Naíonra
Feabhra 6, 2013
Tá Stiúrthóir Cúnta ag teastáil ó Naíonra nua a d’oscail in Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí mí Mheán Fómhair 2011.
Is iad na huaireanta oibre ná 9.00r.n.- 2.00 i.n.
Tá cumas maith Gaeilge (labhartha agus scríofa) riachtanach don phost.
Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí chomh maith, nó iad a bheith sásta tabhairt faoi:
- Dianchúrsa FNT
- Traenáil gharchabhrach
- CDBO Leibhéal 5
Is féidir ríomhphoist a cur go dtí Nicole2006@eircom.net má tá suim agat sa phost.
Foilsithe ar Gaelport
Folúntas: Feidhmeannach Oifige/Airgeadais le GAELSCOILEANNA TEO.
Eanáir 30, 2013
Feidhmeannach Oifige/Airgeadais páirt-aimseartha, sealadach á lorg ar chonradh go 30 Meitheamh 2013. Tá féidearthacht ann síneadh a fháil ar an gconradh ach maoiniú a bheith ar fáil ina leith.
Duine fuinniúil, le sár scileanna airgeadais, eagrúcháin, riaracháin agus cumarsáide, mar aon le hardchaighdeán Gaeilge atá de dhíth. Duine a bhfuil tuiscint mhaith aige/aici ar chúrsaí airgeadais agus ar gnáth riaracháin oifige.
Scála Tuarastail: €15,258 – €22,484 (ag braith ar thaithí)
Eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaelscoileanna.ie
Tuilleadh eolais, critéir an phoist móide foirm iarratais le fáil ar iarratas trí ghlaoch a chur ar 01-8535191 nó trí ríomhphost chuig nora@gaelscoileanna.ie
Spriocdháta le haghaidh iarratas comhlánaithe:
5.00i.n. Déardaoin, 14 Feabhra 2013.
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
Feighlí le Gaeilge á lorg, Raghnallach
Eanáir 30, 2013
Tá feighlí le Gaeilge á lorg ag clann i Raghnallach, Baile Átha Cliath 6 le cúram iarscoile a thabhairt do 3 pháistí (7-9 mbliana d’aois). 3-4 uair a chloig, 4-5 trathnóna in aghaidh na seachtaine a bheadh i gceist, leis an feighlí ag bailiú na páistí ón scoil agus á dtabhairt abhaile. Ba mhór an buntáiste dá mbeadh an feighlí in ann béile a ullmhú dóibh chomh maith. Tá tuilleadh eolais le fáil maidir le tearmaí agus pá ach teagmháil a dhéanamh le John O Loughlin; john@persona.ie.
Láithreoirí á lorg ag Raidió na Life
Eanáir 29, 2013
Faoi láthair tá Raidió na Life ag cur Sceideal nua le chéile agus tá folúntais sa stáisiún do láithreoirí ar gcláracha ceoil agus cainte.
Is deis iontach é do dhaoine gur spéis leo foghlaim conas tabhairt faoi chlár raidió agus cleachtadh a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge ag an am céanna!
Cuirfear traenáil ar fáil agus níl gá le haon taithí a bheith agat roimhe seo.
Is obair deonach atá i gceist.
Iarratais:
Má tá spéis agat féin nó aithne agat ar dhuine le suim ann déan teagmháil linn ag eolas@raidionalife.ie nó cuir scairt ar 01-6616333.
Tá oifigí Raidió na Life lonnaithe i lar na cathrach i gCearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath.
Éascaitheoir á lorg le tionscnamh ‘Scéal na Gaeilge’ a fhorbairt
Eanáir 28, 2013
Tá Comhairle Cathrach Dhoire ag lorg éascaitheoir le tionscnamh Scéal na Gaeilge a fhorbairt i gcomhar le pobal na Gaeilge i nDoire.
Is éard atá i gceist le Scéal na Gaeilge ná taispeántas nua léirmhínitheach a fhorbairt i gcomhar le scoileanna, eagraíochtaí pobail agus réimse páirtnéirí eile in earnáil na Gaeilge le scéal na teanga sa cheantar seo a insint go físeach. Díreoidh an taispeántas agus lámhleabhar a théann leis, ar an teanga sa stair, an teanga sa lá atá inniu ann, agus ar an teanga inár gcomhthodhchaí.
Is é is cuspóir le tionscnamh Scéal na Gaeilge ná feasacht an phobail ar an Ghaeilge agus ar phobal na Gaeilge a mhúscailt, go mór mór i measc pobal nua. Forbrófar an tionscnamh i gcomhar leis an phobal agus bainfidh sé feidhm as cur chuige cruthaitheach le hábhair chartlannaíochta a bhailiú don taispeántas: íomhánna, téacs agus grianghraif a ndéanfaidh cur síos físeach ar éabhlóid na teanga agus a pobail san am atá caite, sa lá atá inniu ann agus sa todhchaí.
Tá lúcháir ar Chomhairle Cathrach Dhoire go mbeidh tacaíocht ar fáil don tionscadal seo ó thionscnamh BT Portrait of a City. Ní amháin go guideoidh an tacaíocht luachmhar seo le pobal na Gaeilge ábhair a chartlannú ach cuideoidh sé leis an tionscnamh seo ábhar nua closamhairc i nGaeilge a thaifeadadh le cur ar bhanc cuimhne na cathrach atá á fhorbairt ag BT Portrait of a City.
Má tá suim agat cur isteach ar an phróiseas seo is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire le foirm iarratais a iarraidh ar T: 028 71 376 579 nó seol ríomhphost chuig pol.ofrighil@derrycity.gov.uk. Is í an Aoine an 8ú Feabhra ag 12:00in an spriocdháta d’iarratais.
Tá tionscnamh Scéal na Gaeilge maoinithe ag clár Culture for All a chuireann tacaíocht ar fáil do phobail éagsúla ar mian leo tionscnaimh a fhorbairt mar cheiliúradh ar ghradam Chathair Chultúir 2013 agus tá an clár maoinithe ag the Big Lottery Fund agus an Chomhairle Ealaíon ó Thuaidh.