Folúntais: Stiúirtheoirí de dhíth do chlubanna iarscoile i mBÁC
Iúil 12, 2016
Folúntais: Stiúrthóirí de dhíth do chlubanna iarscoile i mBÁC
Táimid ag lorg beirt stiúrthóirí le fostú in dhá chlub iarscoile nua, ceann acu i mBaile na Manach agus ceann i mBaile Uí Ógáin.
Daoine díograiseacha, iomasacha, fuinniúla atá ábalta an chraic a bheith acu.
20 – 25 uair sa tseachtain atá i gceist.
Cumas/taithí faoi leith ag obair le páistí iarscoile.
Scileanna cumarsáide láidre
Gaeilge líofa (Leibhéal TEG 2 labhartha molta)
NFQ Leibhéal 5 nó 6 i gcúram leanaí
Chuir Litir iarratais agus CV le hainmneacha bheirt mholtóirí chuig Míde, Explorersafterschool@gmail.com
Oifigeach Riaracháin á earcú ag Feachtas: Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge
Iúil 11, 2016
Oifigeach Riaracháin á earcú ag Feachtas: Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge
Tá Feachtas ag earcú Oifigeach Riaracháin le freagraíochtaí cuntais ar bhonn páirtaimseartha. Beidh freastail ar mhórimeachtaí cúpla uair sa bhliain san áireamh. Oibreoidh an té a cheapfar 14 uair in aghaidh na seachtaine thar ceithre lá.
Is eagraíocht óige Feachtas, a bhfuil sé d’aidhm aici an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus cuidiú lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta. Is balleagraíocht de Chomhairle Náisiúnta na nÓg é Feachtas agus glacann muid páirt ghníomhach i gcúrsaí óige agus i gcúsaí Gaeilge. Oibríonn muid le daoine óga san aoisghrúpa 11-18 mbliana d’aois.
Misean
An Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus tacú lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta trí chlár fiúntach, taitneamhach agus dúshlánach a chur ar fáil i gcomhpháirt leis na daoine óga.
Fís
Go spreagtar daoine óga, trí rannpháirteachas in imeachtaí Feachtas, bheith féinmhuiníneach, gníomhach agus bródúil as an Ghaeilge agus go mbeidh pobal na Gaeilge níos saibhre dá bharr.
Riachtanais
- Scileanna maithe eagrúcháin ar a n-áirítear scileanna ríomhaireachta
- Taithí ar chúrsaí riaracháin agus cuntais
- Ardchaighdeán Gaeilge, idir labhairt agus scríobh
- Scileanna láidre idirphearsanta agus cumarsáide
Beidh an post lonnaithe in oifig Feachtas i mBaile Átha Cliath agus ní mór don té a cheapfar a bheith ar fáil chun dul i mbun oibre ar an 29 Lúnasa.
Iarratas: Ba choir (i) litir iarratais agus (ii) CV iomlán a chur chuig cathaoirleach@feachtas.ie roimh 12.00 i.n. ar an 15 Iúil. Beidh na hagallaimh ar an Mháirt an 19 Iúil.
Tuilleadh eolais ar fáil ó: Pádraigín Nic Ghearailt, Feachtas, Oifig 8, Teach Coghill, 64 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Teil: 0861744473. Ríomhphoist: cathaoirleach@feachtas.ie
Fostóir comhdheiseanna is ea Feachtas.
Tá obair Feachtas á maoiniú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige
Post á fhógairt le Gaelscoileanna Teo.
Iúil 6, 2016
Oifigeach Forbartha de dhíth, a bheidh freagrach as cur chun cinn na naíonraí, bunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, lasmuigh den Ghaeltacht (ar chonradh bliana).
Duine fuinniúil agus cumasach le sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa de dhíth.
Ceadúnas tiomána iomlán agus teacht ar charr riachtanach.
Scála Tuarastail: €26,383 – 45,616 (ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí).
Is ceanneagraíocht í Gaelscoileanna Teo. atá freagrach as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn.
Foirm iarratais, sainchuntas poist agus critéir uilig an phoist le fáil ó
blathnaid@gaelscoileanna.ie nó trí ghlaoch ar 01 8535190.
Spriocdháta le haghaidh iarratais comhlánaithe:
Meánlae Dé hAoine, 22 Iúil 2016
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta seo.
Cuntóir Seomra ag teastáil, Báile Formaid.
Iúil 5, 2016
Tá naíonra nua le hoscailt mar chuid den ionad nua atá ag Teanga Beo Baile Formaid, mí Mheán Fómhair agus tá cúntóir seomra ag teastáil.
Cur Síos ar an bPost
Dualgas: Freagrach as na seisiúin naíonra a reachtáil ar maidin agus um thráthnóna ó lá go lá.
Riachtanais:
- FETAC Leibhéal 6 i gCúram Leanaí
- Íosmhéid 3 bliain taithí (bliain amháin ag obair i naíonra ar a laghad)
- Cumas maith ar Ghaeilge labhartha agus scríofa
Tuarastal iomaíoch, conradh sealadach, 5 lá, (35 uair) in aghaidh na seachtaine, ag tosú mí Mheán Fómhair 2016
Seoil litir mhínithe agus CV chuig teangabeobaileformid@gmail.com faoin Aoine, 15ú Iúil 2016.
Folúntais Poist
Iúil 4, 2016
Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall. Cúntóir riachtanais speisialta.
http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/20560/
Gaelscoil Uí Ríordáin, Corcaigh. Cúntóir riachtanais speisialta.
http://www.educationposts.ie/post/view/71970
Gaelscoil Faithleann, Ciarraí. Múinteoir ranga.
http://www.educationposts.ie/post/view/72050
Gaelscoil Cois Feabhail, Dún na nGall. Múinteoir acmhainní.
http://www.educationposts.ie/post/view/72113
Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh. Múinteoir ranga.
http://www.educationposts.ie/post/view/72131
Gaelscoil Liatroma. Múinteoir acmhainní.
http://www.educationposts.ie/post/view/72203
• Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin, Corcaigh. Múinteoir speisialta.
http://www.educationposts.ie/post/view/72195
• Gaelscoil de hÍde, Corcaigh. Rúnaí scoile.
http://www.educationposts.ie/post/view/72238
• Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath. Múinteoir.
http://www.educationposts.ie/post/view/72349
• Gaelscoil de hÍde, Corcaigh. Múinteoir.
http://www.educationposts.ie/post/view/72259
• Gaelscoil Ui Fhiaich, Cill Dara. Múinteoir
http://www.educationposts.ie/post/view/72401
Stiúrthóir Naíonra á lorg i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath
Iúil 1, 2016
Stiúrthóir Naíonra á lorg i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath
Stiúrthóir Naíonra á lorg do sheisiún naíonra ó 12.20-15.20 Luan-Aoine.
Fetac leibhéal 6 nó níos airde agus teastas ag léiriú cumais sa Ghaeilge riachtanach.
Déan teagmháil le helgasweetman@gmail.com
Folúntas le Glór na nGael
Meitheamh 30, 2016
www.glornangael.ie 046 943 0974
FOLÚNTAIS
Bunaíodh Glór na nGael sa bhliain 1961 mar uirlis forbartha teanga trí chomórtas idir grúpaí pobail. I 2014 ceapadh Glór na nGael mar cheanneagraíocht Gaeilge, ceann den sé cheanneagraíocht maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá freagracht ar leith ag Glór na nGael i dtrí réimse oibre, forbairt na Gaeilge sa teaghlach; forbairt na Gaeilge i measc grúpaí pobail agus forbairt na Gaeilge i measc grúpaí fiontraíochta agus gnó.
Tá áthas ar Ghlór na nGael an dá fholúntas a leanas a fhógairt:
Oifigeach Forbartha
Beidh ról an Oifigigh Forbartha tiomanta don phobal agus bainfidh sé le fás agus forbairt Ghlór na nGael trí straitéis shainmhínithe. Cuirfidh tú an Ghaeilge chun cinn trí imeachtaí comhaontaithe, caidrimh agus gníomhaíochtaí pobalbhunaithe ar fud na hÉireann. Beidh an ról ceantarbhunaithe agus mar sin beidh solúbthacht maidir le láthair riachtanach.
Beidh an té a roghnófar ag obair go príomha i gCúige Chonnacht agus Iarthar Mumhan, ach ó am go chéile ag tabhairt faoi dhualgais náisiúnta. Is ón Oifig Réigiúnach i mBaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, a dhéantar obair an réigiúin a bhainistiú.
Próifíl an phoist
Post forbartha atá i gceist leis an bpost seo. Beidh ar an té a cheapfar ag tabhairt faoi;
- Forbairt Ghlór na nGael mar ghluaiseacht
- Forbairt sheirbhísí Glór na nGael sna 3 réimse: Pobal, Teaghlaigh le Gaeilge & Gnó / Fiontraíocht
- Forbairt coistí atá cláraithe le Glór na nGael
- Forbairt seirbhísí a bheadh úsáideach do phobal ginearálta na Gaeilge
Grád: Oifigeach Feidhmiúcháin
Scála Tuarastail: De réir Ciorcláin 17/2015 | Aguisín 2A (€27,739 – €47,975)
Téarma: Conradh 3 bliana (1.09.16 – 31.08.19)
Riarthóir
Próifíl an phoist
Post forbartha atá i gceist leis an bpost seo. Beidh ar an té a cheapfar ag tabhairt faoi;
- Chóras Riaracháin d’ardchaighdeán a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i nGlór na nGael.
- Orduithe tograí éagsúla Ghlór na nGael a phróiseáil agus a seachadadh.
- Tacaíocht riaracháin a sholáthar d’fhoireann Ghlór na nGael.
Grád: Oifigeach Cléireachais
Scála Tuarastail: De réir Ciorcláin 17/2015 | Aguisín 2A (€21,879 – €37,341)
Téarma: Conradh 3 bliana (1.09.16 – 31.08.19)
Ionad Oibre: Oifigí Ghlór na nGael, Ráth Chairn, Co. na Mí.
Spriocdháta: Is gá CV agus litir chumhdaigh a chur chuig post@glornangael.ie faoin Dé hAoine 29 Iúil 2016 ag 5.00i.n. do cheachtar den dá folúntas.
Níos mó eolais anseo: Fógra Poist Oifigeach Forbartha & Riarthóir 2016
Stiúrthóir Naíonra ag teastáil, Naíonra na Giúise, Firhouse, BÁC 24
Meitheamh 30, 2016
Cineál Poist: Lánaimseartha
Fostóir: Naíonra na Giúise
Láthair: Teach na Giúise, BAC 24
Dáta deireanach a nglacfar le hiarratais: 31/7/16
CV chuig tickleschildcare@gmail.com
Cáilíochtaí Riachtanacha:
- Ardchumas Gaeilge (idir labhairt agus scríobh na teanga)
- Fetac Leibhéal 6
- Cur amach ar Aistear, Síolta agus Rialacháin Seirbhísí Luathbhlianta
- Cáilíocht Gharchabhrach
- Caithfidh an t-iarratasóir bheith toilteanach go ndéanfar grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána air/uirthi
Inmhianaithe
- Ábalta bheith ag obair as do stuaim féin
- Scileanna iontacha idirphearsanta agus cumarsáide
- Scileanna maithe eagrúcháin
- Taithí bheith ag obair ar fhoireann
- Taithí bheith ag obair le páistí ar aoiseanna éagsúla i seirbhísí éagsúla
- Taithí bliana bheith ag obair i naíonra
Príomhfhreagrachtaí an róil seo:
Cabhrú le reáchtáil an naíonra ó lá go lá agus cinntiú go bhfuil ardchaighdeán cúraim, oideachais, sábháilteachta agus folláine do na páistí a fhreastalaíonn ar an tseirbhís. Beidh dúil faoi leith ag an iarratasóir in oideachas luathbhlianta agus sa Ghaeilge, araon, agus beidh sé/sí díograiseach agus cairdiúil.
I measc na ndualgas a bheidh le comhlíonadh ag an iarratasóir, beidh:
- An páipéarachas cuí a chomhlíonadh: taifid ranga, taifid páistí aonair, taifid do Tusla.
- Cinntiú go bhfuil seomra an naíonra ullmhaithe go cuí roimh na seisiúin
- Cloí le polasaí cosanta leanaí an naíonra
- Cloí le polasaithe agus nósanna imeachta uile an naíonra
- Curaclam a fhorbairt a thagann le Aistear agus Síolta
- Curaclam a fhorbairt agus a phleanáil i gcomhpháirt le baill foirne eile
- Cúram agus oiliúint d’ardchaighdeán a sholáthar
- Dul i mbun plé le tuismitheoirí/cúramóirí ar bhonn laethúil
- Freagracht as folláine na bpáistí
- Freastal ar agus páirt a ghlacadh i gcruinnithe foirne
- Pleananna ceachta aonair agus grúpa le forbairt
- Reáchtáil agus bainistiú an tseomra Naíonra ó lá go lá
Stiúrthóir Naíonra, Naíonra Matters
Meitheamh 23, 2016
Tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil Stiúrthóir Naíonra á lorg againn in ár suíomh réamhscoile, Naíonra Matters, Leamhcain, BAC. Tá an post cúig laethanta sa tseachtain ó 1:15pm go dtí 4:14pm (Meán Fómhair – Meitheamh). Tosaíonn an post i Meán Fómhair 2016.
Caithfidh an t-iarrthóir rathúil ar a laghad Fetac leibhéal a seacht i cúram leanaí/Montessori agus líofacht sa Ghaeilge.
Le do thoil, seol do c.v. Ar aghaidh chuig info@montesssorimatters.ie
Folúntais Poist
Meitheamh 23, 2016
Gaelscoil Lios Tuathail, Ciarraí: Múinteoir tacaíochta foghlama sealadach.
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27217/
Gaelscoil Dara, Gaillimh: Múinteoir ranga sealadach
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27176/
Gaelscoil an Teaghlaigh Naofa, Corcaigh: Ionadaí ranga.
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27178/
Gaelscoil Éadan Doire, Uíbh Fhailí: Cúntóir riachtanais speisialta buan.
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27175/
Gaelscoil Uí Chéadaigh, Cill Mhantáin: Múinteoir ranga.
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27167/
Gaelscoil Chill Dara: Múinteoir ranga.
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/27195/