Méid an Téacs

Na Laochra is Lú

Aibreán 16, 2013

Gearrliosta Ghradaim Leabhar na Bliana C.B.I.

Ainmníodh Na Laochra is Lú i measc na leabhar ar ghearrliosta 2013

Arsa na moltóirí ina thaobh: Fréamhaithe in Éirinn an mhiotais agus na finscéalaíochta, is scéal simplí, leithleach, spreagúil é seo a leanann beirt shíog agus iad ar thuras gaiscíochta chun cinntiú go mbeidh an lámh in uachtar an mhaith ar an olc.
Féach an bhileog eolais /clúdach agus grianghraf den údar atá ceangailte leis  seo.

Leabhar eachtraíochta do pháistí 9 mbliana+ ina gcasaimid ar an Taibhse Dána, Rí na Síog agus na síoga laochta Ruán agus Éadaoin. An mbeidh an lámh in uachtar ag díobháil an Thaibhse Dhána nó an gcuirfí cor ina cinniúint? Tugann sárléaráidí Steve Simpson an t-iomlán chun beochta.

Iascairí i mbaol, an Taibhse Dána ar ais i mbun díobhála. Cé a thiocfaidh i gcabhair orthu? Leagann Rí na Síog trí thasc scáfar ar Ruán agus Éadaoin. Má theipeann orthu in aon cheann acu beidh an tír uile faoi smacht an Taibhse arís. Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair ó roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil.

ISBN 978-1-85791-098-8

48 lch

€6.50

Bog

Deontas €63,000 le haghaidh Coláiste UISCE

Aibreán 16, 2013

Tá fógartha inniu go bhfuil deontas €63,000 ceadaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta do Choláiste Uisce i gContae Mhaigh Eo.

Díreoidh an deontas ar an nGaeilge a neartú mar theanga phobail agus teanga teaghlaigh i mBéal an Mhuirthead trí thionscnaimh éagsúla a chur i mbun agus go háirithe leis an nGaeilge a shaibhriú i measc aos óg an cheantair.

Spreagfar déagóirí Gaeltachta agus scoláirí Ghaelcholáistí na tíre a bheith bainteach leis an gColáiste samhraidh trí chúrsa a reáchtálfar le scileanna ceannaireachta na rannpháirtithe a fhorbairt a dhéanfaidh freastal ar dhaltaí an choláiste samhraidh.

Agus é ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit Dinny McGinley T.D., “Nuair a sheol mé an Clár Tacaíochta Teaghlaigh i mí Aibreáin 2012 bhí se luaite ann go mbeimis mar Roinn ag díriú go sonrach ar bhearta faoi leith a chur sa siúl a bheadh dírithe ar aos óg na Gaeltachta ach go háirithe.”

“Le maoiniú an chúrsa faoi leith seo cuirfear an deis ar fáil do dhéagóirí na Gaeltachta le hardchaighdeán Gaeilge, freastal a dhéanamh ar chúrsa a threiseoidh na scileanna ceannaireachta atá acu le go mbeidh siad in ann tionchar a imirt ar iompar teanga na ndaoine timpeall orthu.”

Dúirt sé chomh maith gur léiriú eile an t-allúntas ar thiomantas an Rialtais do chur i bhfeidhm praiticiúil na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus do thiomantas a Roinne féin cuidiú le neartú na Gaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh i gceantar Iorrais.

Foilsithe ar Gaelport.com

RnaG ag ceiliúradh Sheachtain na nÓg

Aibreán 16, 2013

Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag déanamh ceiliúradh ar an aos óg mar chuid de sheachtain na n-óg in RTÉ.

An tseachtain ar fad ar Iris Aniar 9.08 r.n., beidh sraith míreanna le cloisteáil le daoine óga atá ina gcónaí san iarthar. Déanfar plé oscailte ar na ceisteanna a leanas: Céard iad na rudaí a thaitníonn leo faoi bheith ina gcónaí i gceantar Gaeltachta faoin tuath? Céard iad na dúshláin? Bhfuil seirbhísí don óige ar fáil? Bhfuil cothrom na féinne á fháil acu?

Beidh aos óg Ghaeltacht na Mumhan le cloisteáil ar Dé Céadaoin beag seo, 17 Aibreán ar chlár An Saol ó Dheas ag 12.08i.n. Rachaidh Helen Ní Shé ar chuairt go Pobalscoil Chorca Dhuibhne sa Daingean le craoladh beo a dhéanamh. Cuirfear ógánaigh na dúiche faoi agallamh agus cloisfear a dtuairimí faoi thopaicí éagsúla. Beidh pacáistí le cloisteáil le linn an chláir freisin ó Mheánscoil San Nioclás i nGaeltacht na Rinne, agus ó Choláiste Ghobnatan i nGaeltacht Chorcaí.

Fógrófar na buaiteoirí Chomórtas Bruíon na mBuíon ar chlár Rónán Beo@ 3 ag 3i.n. Dé hAoine 19 Aibreán. Comórtas do dhaltaí meánscoile a bhí i gceist inar tugadh dúshlán na mac léinn amhrán nua-aimseartha Gaeilge a chumadh agus a chóiriú. Cloisfear an t-amhrán buaiteach den chéad uair ar an gclár.

Dé Sathairn ar Thall ‘s Abhus ag 10 r.n. labhróidh an láithreoir Sinéad Ní Uallacháin le leanaí bunscoile faoina gcuid tuairimí maidir leis an bpictiúr American Gothic le Grant Wood sa mhír rialta ealaíne ar an gclár.

Dé Domhnaigh, beidh aoi láithreoir óg i dteannta Neansaí Ní Choisdealbha ar Bhéal Maidine 8am – 10 am. Reáchtáil Neansaí comórtas ar an gclár le deis a thabhairt do dhuine óg le suim sa cheol an clár a chur i láthair in éindí léi.

Foilsithe ar Gaelport.com

Folúntais Mhúinteoireachta i nGaelcholáiste Luimnigh

Aibreán 16, 2013

2013/2014 Cuireann Coiste Gairmoideachais Chathair Luimnigh fáilte roimh múinteoirí do na poist mhúinteoireachta seo a leanas, a d’fhéadfadh a theacht chun cinn mar phoist BLA (Bhuana Lánaimseartha), SLA (Shealadacha Lánaimseartha), PA (Pháirtaimseartha) don bhliain acadúil 2013/2014.

  • GCL 13001 Eacnamaíocht Bhaile (Post Nua)
  • GCL 13002 Mata (Post Nua)
  • GCL 13003 Stair le Gaeilge (Post Nua)
  • GCL 13004 Corp-Oideachas (Post Nua)
  • GCL 13005 Spáinnis (Post Nua)
  • GCL 13006 Fraincis (Saoire Mháithreachais – Meán Fómhair 2013 – Bealtaine 2014)

Is í an Ghaeilge príomh theanga Ghaelcholáiste Luimnigh. Múintear gach ábhar trí mheán na Gaeilge agus reáchtáiltear gnó iomlán an Ghaelcholáiste tríd an teanga sin. Mar sin, ní mór d’iarrthóirí a bheith lán mhuiníneach agus díograiseach sa Ghaeilge. Ní mór d’iarrthóirí an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iar-Bhunscoile (TGMI) a bheith acu. Caithfidh iarrthóirí sár chumas sa TFC (Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide) a bheith acu chomh maith. Is féidir le h-iarrthóirí sonraí ar fad a ghabhann leis na folúntais seo a fháil ó shuíomh gréasáin de Choiste Gairmoideachais Chathair Luimnigh – www.clvec.ie.

“Is í an Ghaeilge teanga ár Sinsear”

Gaelscoil na mBeann – Aitheanta agus Oscailte go hoifigiúil

Aibreán 16, 2013

Rinne an tAire Oideachais, John O’Dowd, Gaelscoil na mBeann sna Boirche Íochtair a oscailt go hoifigiúil ar na mallaibh. Is scoil idirchreidmheach í a bunaíodh i 2010, dhá bhliain i ndiaidh bhunú Naíscoil na mBeann i gCill Chaoil.

Thug an Roinn Oideachais aitheantas don scoil anuraidh agus lean foirgneamh nua níos túisce i mbliana.

Tá beagnach 50 dalta anois cláraithe le Gaeloideachas sna Boirche Íochtair. Seo chugaibh scéal na scoile…

Féach an físeán ar www.meoneile.ie
Trí naíscoil nua ar na bacainn

Tá trí naíscoil úra ar tí a bheith oscailte don bhliain scoile seo chugainn sna sé chontae, de réir Chomhairle na Gaelscolaíochta.

Tá grúpaí pobail éagsúla i nGleann an Iolair, Contae Dhoire, i gCathair Ard Mhaca agus ar an Chéide i gContae Ard Mhacha ag súil le naíscoileanna úra a oscailt.

Coláiste Ghlór na Mara – Oíche eolais do thuismitheoirí 23.04.2013

Aibreán 16, 2013

Múinteoirí Gaeilge – Campaí Samhraidh

Aibreán 15, 2013

Folúntais do Mhúinteoirí ar Champaí Samhraidh Gaeilge lae i gContae na Gaillimhe.
Tá Ceadúnas tiomána agus úsáid carr ag teastáil don phost.
Tuilleadh eolais: R-phost: conradh@bradan.iol.ie
Fón: 091 567824
Seoladh: Conradh na Gaeilge, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh.

Foilsithe ar Gaelport.com

Dianchúrsa Gaeilge do mhúinteoirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge

Aibreán 15, 2013

Ar mhaith leat feabhas a chur ar do chuid gramadaí?
Ar mhaith leat bheith níos líofa sa rang?
Ar mhaith leat mioneolas faoi théarmaíocht ábhair?
Ar mhaith leat cuidiú a fháil le nótaí/tuairiscí a scríobh nó le labhairt le tuismitheoirí?
Seo an cúrsa duit!

Luan 12 – Aoine 16 Lúnasa 2013

Tuilleadh eolais:
eolas@cogg.ie

Níl aon táille ar an gcúrsa seo.

Póstaer: DianchursaCOGG

Acmhainní oideachais nua – Bunachar Logainmneacha na hÉireann

Aibreán 15, 2013

Tá na hacmhainní oideachais seo á soláthar mar áis do theagascóirí agus d’fhoghlaimeoirí. Cuid lárnach d’oidhreacht na hÉireann is ea na logainmneacha. Tá súil againn mar sin go spreagfaidh na hacmhainní seo spéis daoine iontu. Tá na hacmhainní i nGaeilge agus tá siad inphriontáilte.

Tá tuilleadh eolais agus na hacmhainní féin ar fáil ar www.logainm.ie.

Athchóiriú ar luach €435,266 ceadaithe d’áis phobail sa Cheathrú Rua

Aibreán 15, 2013

D’fhógair an tAire Stáit, Donncha Mac Fhionnlaoich go gclúdófar 80% de chostas athchóirithe ar sheanmhonaracha sa Cheathrú Rua.

Tá an liúntas seo de luach €435,266 á bhronnadh ar Chomharchumann Mhic Dara chun go rachaidh an an seanmhonarcha seo in oiriúint do riachtanais an phobail agus mar chóiríocht do choláistí Gaeilge sa cheantar.

Dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich go “treiseofar iarrachtaí an chomharchumainn agus an phobail araon an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar” mar thoradh ar an mór-infheistíocht seo.

Cuirfidh an t-athchóiriú 8 seomra ranga, 4 oifig, halla spóirt, leithris agus seomraí feistis ar fáil in aon ionad amháin.

Tá na coláistí Gaeilge Coláiste Chiaráin agus Coláiste Cholumba ag feidhmiú i gceantar na Ceathrún Rua le blianta fada anuas. Mar gheall ar easpa spáis oiriúnaigh, bíonn an dá choláiste seo ag brath ar raon leathan cóiríochta sa cheantar — idir na scoileanna áitiúla, hallaí pobail, chomh maith le cóiríocht eile ar nós oifigí sa chomharsanacht. Beidh an t-ionad úr mar thacaíocht mhór don obair leanúnach a bhíonn ar bun ag na coláistí.

Anuas air seo, cuideoidh an infheistíocht le cúrsaí pleanála teanga ar an gCeathrú Rua sa tslí is go mbeidh lárionad tacaíochta teaghlaigh agus Gaeilge ar an suíomh mar atá molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »