Méid an Téacs

Is mithid glacadh le cuireadh an Aire agus moltaí a chur ar aghaidh faoi oideachas na Gaeltachta…

Bealtaine 7, 2015

Ní mór an gean a bhíonn ag aon duine ar thuarascálacha Rialtais mar gur beag acu, mo léan, a chuirtear i bhfeidhm. “Ní dócha go mbeidh a leithéid indéanta sa ghearrthéarma i ngeall ar na costais féideartha a bhaineann leis” an lipéad a bhíonn faoi cholún an staid reatha go mion minic agus is ionann an scéal ag an dréachtpholasaí (Straitéis 20 Bliain?) don oideachas sa Ghaeltacht. Ach tá an taighde déanta arís agus aithnítear go hoifigiúil faoi dheireadh gur mionlach i scoileanna Gaeltachta anois na páistí a thógtar le Gaeilge agus go bhfuil riachtanais ar leith ag na páistí agus na scoileanna sin agus freagracht ar an Stát ina leith.

Ag tús seo an tSamhraidh, is mithid dearmad a dhéanamh ar an tsiléig agus glacadh le cuireadh an Aire Oideachais moltaí a chur ar aghaidh faon dréachtpholasaí nua, agus tugann sí an cuireadh sin do gach duine atá ina chónaí sa Ghaeltacht agus ní scéal tuismitheoirí ná múinteoirí amháin é seo. Beidh an polasaí nua sin á fhoilsiú roimh dheireadh na bliana.

Molaimse:

  • Deireadh le siollabas comónta do chainteoirí dúchais agus d’fhoghlaimeoirí. Sainchúrsa céimnithe a dhéanfaidh forbairt ar chumas, ar thuiscint agus ar mhuinín an chainteora dúchais ó aois a 4 go hArdteist
  • Cruinniú poiblí a eagrú i ngach scoil Ghaeltachta don phobal uilig leis an scéal uilig a phlé, dearcadh an mhórphobail a fháil agus moltaí a chur le chéile nó daoine a mhisniú lena gcuid moltaí a cheapadh
  • Seisiún eolais do thuismitheoirí na scoile a bhfuil páistí óga acu chun tionchar a gcinneadh teanga ar oideachas a gclainne a phlé go macánta gan aon imeaglú ná mór is fiú agus leas a bhaint as a bpáirtíocht agus a saintaithí
  • Forbairt ghairmiúil do phríomhoidí scoileanna Gaeltachta chun an polasaí Gaeilge a phlé, a chumadh agus straitéisí agus tacaíochtaí coincréiteacha a liostú agus a éileamh
  • Treoir shoiléir thrédhearcach do scoileanna maidir le daltaí a dteastaíonn scolaíocht uathu ach nach bhfuil dóthain Gaeilge acu le leas a bhaint as scoileanna aonteangacha Gaeltachta
  • Oiliúint dualgais agus cáilíocht dá réir do mhúinteoirí ar mian leo obair i scoileanna Gaeltachta ag gach leibhéal
  • Sainchúrsaí do mhúinteoirí ábhar maidir le béarlagair agus téarmaíocht a sainábhair féin agus a ról maidir le saibhriú theanga a ndaltaí
  • Lucht tacaíochta oideachais, comhairleoireachta agus sláinte a chur ar fáil do gach scoil Ghaeltachta trí Ghaeilge
  • Cuirtear pionós sa leithroinnt ar scoileanna Gaeltachta atá ag múineadh aon ábhar trí Bhéarla nó a chuireann scrúduithe, nótaí, téacsleabhair trí Bhéarla ar fáil agus bíodh sin mar chuid den mheasúnú iomlán scoile
  • Ná cloiseadh aon dalta Gaeltachta focal Béarla taobh istigh de bhallaí na scoile sa cheád dá bhliain a bheidh sí/sé ansin, ní áirím tosú á léamh
  • Ná glactar le haon mholadh faoi scoileanna Béarla do Bhéarlóiri sa nGaeltacht – déanaidís freastal ar chúrsaí Gaeilge sna laethanta saoire, cuirtear dianchúrsaí ar bun dóibh in ionaid faoi leith go dtí go mbeidh an Ghaeilge acu nó cuirtear bus ar fáil go ceantar Béarla
  • Glacadh an Chomhairle Mhúinteoireachta leis an bhfreagracht atá uirthi cáilíochtaí gairmiúla cuí a éileamh óna gcuid ball.

http://tuairisc.ie/is-mithid-glacadh-le-cuireadh-an-aire-agus-moltai-a-chur-ar-aghaidh-faoi-oideachas-na-gaeltachta/

Teipthe ar an Státchóras freastal mar is ceart ar ghasúir na Gaeltachta – an Roinn Oideachais

Bealtaine 7, 2015

Caithfear aird ar leith a dhíriú ar chearta teanga na ngasúr Gaeltachta ar chainteoirí dúchais iad agus a aithint nach ionann iad agus cearta na bhfoghlaimeoirí

Tá teipthe ar an Státchóras freastal mar is ceart i gcaitheamh na mblianta ar “an líon réasúnta beag de ghasúir” a bhfuil an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh acu agus tá “an seans deireanach ann anois beart samhailteach cróga a ghlacadh” dar le tuarascáil nuafhoilsithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

Deirtear sa tuarascáil a seoladh inné mar chuid den phróiseas le polasaí nua oideachais a fhorbairt don Ghaeltachta go gcaithfear “aird ar leith a dhíriú ar chearta teanga na ngasúr” ar cainteoir dúchais iad agus a aithint “nach ionann iad agus cearta na bhfoghlaimeoirí”.

Mura ndéanfar é seo, maítear go leanfaidh “an gcomhshamhlú atá ag tarlú i suíomhanna mionteanga ar fud an domhain” agus go rachaidh rachaidh “tobar na Gaeilge i ndísc”.

D’eascair an tuarascáil seo as staidear a rinne saineolaithe as Coláiste Phádraig, Droim Conrach faoi stiúir an Dr. Phádraig Uí Duibhir ar iarratas ó COGG ar son na Roinne Oideachais. Iarradh go ndéanfaí athbhreithniú ar riaradh an oideachais i ndlinsí eile a bheadh inchurtha leis na ceantair Ghaeltachta. Scrúdaíodh cás na Breatnaise, na Bascaise, na Catalóinise, Naabeehó, na Fraincise, na Freaslainnise, na Gáidhlig, na Haváise, na Maoraise agus na Sualainnise.

Idir an dá linn, chuir Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta araon fáilte roimh an dréachtpholasaí ar oideachas Gaeltachta a foilsíodh inne freisin.

Bhí ionadaithe ón bhForas ar an gCoiste Ardleibhéil Oideachais a bhí ag plé leis an dréachtpholasaí a fhorbairt le tamall de bhlianta anuas. Dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, gur iarracht chothrom atá sa dréachtpholasaí dul i ngleic le ceisteanna atá “ciotach agus casta” agus atá ag baint as iarrachtaí an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht le blianta fada.

Dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis go rabhthas ag súil go dtapófar an deis aiseolas ar na moltaí a thabhairt don Roinn Oideachais.

Duradh go raibh géarghá le polasaí cuimsitheach oideachais a thógann san áireamh na cúinsí éagsúla, ina measc “éagsúlacht teangeolaíocht, riachtanais na gcainteoirí dúchais Gaeilge agus riachtanais na bhfoghlaimeoirí, riachtanais churaclaim, inniúlacht teanga agus cumas teagaisc na múinteoirí chomh maith le ról phobal na scoile i gcoitinne”.

Duirt urlabhraí an Udarais go raibh “páirt fíorthábhachtach ag oideachas sa phróiseas pleanála teanga” agus go rabhthas ag súil “go nglacfaidh pobal na Gaeltachta an deis atá ar fáil dóibh anois ionchur a bheith acu i múnlú an pholasaí chríochnúil”.

http://tuairisc.ie/teipthe-ar-an-statchoras-freastal-mar-is-ceart-ar-ghasuir-na-gaeltachta-an-roinn-oideachais/

Moltaí Polasaí ar Oideachas Gaeltachta seolta ag an Aire O’Sullivan agus ag an Aire McHugh

Bealtaine 7, 2015

Inniu, sheol an tAire Oideachais agus Scileanna, Jan O’Sullivan TD, agus an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh TD, plécháipéis, “Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta”.

Is é is aidhm leis na moltaí an t-oideachas lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht a threisiú mar chuid den Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.

Léiríodh san obair thaighde a chuidigh leis na moltaí a réiteach go mbíonn dúshláin shuntasacha roimh scoileanna Gaeltachta leis na dúshláin seo a shárú mar a bhaineann le scoláirí de chúlraí teanga baile atá an-éagsúil maidir le scileanna teanga Gaeilge. Is mionlach anois iad líon na scoláirí i scoileanna Gaeltachta atá á dtógáil le Gaeilge. Tá an Béarla ag teacht i dtreis níos mó i measc na bpobal Gaeltachta agus brú dá réir ag teacht ar scoileanna an teagasc trí mheán an Bhéarla a ghlacadh chucu féin.

Ag eascairt as na moltaí sa phlécháipéis, tá réimse beartas á gcur i láthair ar mhaithe le hoideachas lán-Ghaeilge ar ardcháilíocht a chinntiú do scoláirí i scoileanna Gaeltachta:

·        An sainmhíniú a bheadh ar scoil Ghaeltachta ná scoil a fheidhmíonn go hiomlán trí mheán na Gaeilge

·        Bheadh tréimhse thumoideachais ag bunscoileanna Gaeltachta, tréimhse nach ndéanfaí an Béarla a mhúineadh, i ranganna naíonán

·        Bheadh tacaí múinteoireachta breise le fáil ag cainteoirí dúchais

·        Bheadh spreagadh á thabhairt, agus tacaíocht á cur ar fáil, do scoileanna i limistéir Ghaeltachta atá ag teagasc trí mheán an Bhéarla faoi láthair an t-oideachas lán-Ghaeilge a ghlacadh chucu féin ar bhonn céimnithe

·        D’fhéadfaí soláthar a dhéanamh do scoileanna a bheadh ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla, taobh le scoileanna lán-Ghaeilge, ach dóthain éilimh a bheith ann.

Ag labhairt di ag an seoladh, dúirt an tAire O’Sullivan: “Creidim go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an nGaeltacht don teanga agus don chultúr. Tá a fhios agam gur féidir le scoileanna ról lárnach a bheith acu chun tacú le todhchaí na Gaeilge mar theanga bheo i limistéir Ghaeltachta. Ach tuigim freisin go bhfuil dúshláin mhóra roimh na scoileanna seo agus is féidir leis na moltaí uaillmhianacha seo tacú leis na scoileanna chun na dúshláin seo a shárú.”

Dúirt an tAire freisin: “Má chuirtear na moltaí seo i bhfeidhm, bheadh deis tairbheach ag scoileanna Gaeltachta lena sainiúlacht Ghaeilge a leagan síos agus cur lena gcumas chun oideachas lán-Ghaeilge ar ardcháilíocht a chur ar fáil. Creidim go bhféadfadh obair na scoileanna leis na moltaí polasaí a chur i bhfeidhm teacht leis na próisis pleanála teanga atá ar siúl i measc na bpobal Gaeltachta”.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire McHugh:

Tugtar le fios sna moltaí go mba chóir acmhainní breise a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta a dhéanann an teagasc trí mheán na Gaeilge. D’fhéadfadh tacaí teanga do chainteoirí dúchais a bheith i gceist leo seo, acmhainní feabhsaithe teagaisc, agus forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus do phríomhoidí, agus curaclam cuí do chainteoirí dúchais.

Tá mórstaidéir thaighde mar bhonn leis na mioltaí seo, ar thaithí scoileanna Gaeltachta, agus ar chomhthéacsanna mionteangacha ar fud an domhain, mar shampla an Bhreatain Bheag, Albain, an Nua-Shéalainn, Tír na mBascach agus Ceanada. Chomh maith leis sin, chomhoibrigh An Roinn Oideachais agus Scileanna leis An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, le comhlachtaí ar nós An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus le taighdeoirí neamhspleácha ar mhaithe leis na moltaí a thabhairt chun cinn.

Sa tréimhse sé mhí amach romhainn, beidh comhairliúcháin ar na moltaí ar siúl. Beidh suirbhé, cruinnithe le páirtithe leasmhara, agus fóram san fhómhar i gceist leis seo.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire O’Sullivan: “Is ceist ríthábhachtach í seo do phobail Ghaeltachta, agus teastaíonn uaim a chinntiú go mbeidh polasaí againn mar ba cheart chun tacú leo. Tá obair thaighde déanta againn ach teastaionn uaim tuairimí scoileanna Gaeltachta agus tuairimí na bpobal Gaeltachta a fháil i dtaobh na moltaí seo, agus tá súil agam go nglacfaidh siad páirt sna comhairliúcháin atá le teacht.”

Nótaí don eagarthóir

Tá tuarascálacha ar an taighde cúlra agus an doiciméad polasaí ar fáil ag www.education.ie

Tá fáil ar an suirbhé comhairliúcháin

http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachtaí/Imeachtaí/Moltaí-Polasaí-Oideachas-Gaeltachta/Moltaí-Polasaí-Oideachas-Gaeltachta.html

– See more at: http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachta%C3%AD/Preasr%C3%A1itis/Preasr%C3%A1itis-2015/PR2015-05-05I.html#sthash.tSwvElnG.dpuf

Seimineár Oiliúna do Scoileanna: Buiséadú agus Cursaí Dlí

Bealtaine 6, 2015

Tá seimineár fiúntach á eagrú ag An Foras Pátrúnachta dá gcuid scoileanna ar bhuiséadú agus cúrsaí dlí. Tuilleadh eolais le fáil anseo http://www.foras.ie/aft-events/060515-seiminear-oiliuna-do-scoileanna-buiseadu-agus-cursai-dli/ 

Athfhógairt: Beirt Oifigeach Forbartha á earcú ag Gaelscoileanna Teo.

Bealtaine 6, 2015

Oifigeach Forbartha x 2 á lorg

le cúram ar leith do chur chun cinn an Oideachais lán-Ghaeilge Gaeltachta

Athfhógairt

Tá dhá fholúntas ag Gaelscoileanna Teo. d’Oifigigh Forbartha a bheidh lonnaithe i gContae na Gaillimhe agus a dhéanfaidh cúram go príomha do riachtanais na scoileanna lán-Ghaeilge i ngach Gaeltacht ag an mbunleibhéal agus an iarbhunleibhéal.

Scála Tuarastail: Oifigeach Feidhmiúcháin: €27,464 – €43,178

Lán-aimseartha, Conradh 3 Bliana

 Tuilleadh eolais, sainchuntas poist móide foirm iarratais le fáil trí ghlaoch a chur ar 01-8535195 nó trí ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie

Eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaelscoileanna.ie

Spriocdháta le haghaidh iarratas comhlánaithe: roimh a 5.00 i.n. Déardaoin, 4 Meitheamh 2015. 

Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.

Ómós do Shéamus Costello i nGaelscoil an tSlí Dála

Bealtaine 5, 2015

Scéal iomlán ar:  www.leinsterexpress.ie

SIANSA GAEL LINN – CRAOBHCHOMÓRTAS 2015 AR TG4

Bealtaine 5, 2015

Craolfar clár speisialta faoi Chraobhchomórtas Siansa Gael Linn 2015 ar TG4 amárach, Dé Céadaoin 6 Bealtaine, 8p.m.

Ghlac 8 ngrúpa thraidisiúnta ó cheann ceann na tíre páirt sa cheolchoirm iontach seo sa Cheoláras Náisiúnta ar 26 Aibreán, 2015. Bhí os cionn míle duine i láthair don ócáid. Beidh ceol agus amhránaíocht den scoth le cloisteáil – ná caill é !

https://youtu.be/1C1DBFcpwuI

Folúntas: Stiúrthóir Cúnta le Naíonra Shliabh Rua, Baile Átha Cliath

Bealtaine 5, 2015

Stiúrthóir cúnta ag teastáil do Naíonra Shliabh Rua, Baile Uí Ógain, B.Á.C 18

Riachtanais:

– Cumas faoi leith ag obair le leanaí óga
– Scileanna cumarsáide láidre
– Gaeilge líofa (Leibhéal TEG B2 labhartha molta http://www.teg.ie/_fileupload/syllabi/B2_syll.pdf)
– NFQ Leibhéal 5 nó 6 i gCúram Leanaí
– Traenáil gharchabhrach
– Traenáil um chosaint leanaí

Iarratais:

Litir iarratais agus CV le hainmneacha bheirt mholtóra le seoladh faoin Aoine, 19 Meitheamh 2015, le “Folúntas – Naíonra” scríofa mar theideal ar ríomhphost chuig Lucilita , naionra_sliabh_rua@yahoo.ie
nó Naíonra Shliabh Rua, Bóthar Baile Uí Ógáin, Baile Átha Cliath 18

Tuilleadh eolais ar fáil ó Lucilita: 086 867 4542
Dáta Deiridh:
Dé hAoine, 19 Meitheamh, 2015

Sraith Picnicí Gaeilge do Theaghlaigh

Bealtaine 1, 2015

Tá Glór na nGael ag eagrú sraith picnicí Gaeilge do theaghlaigh i mí na Bealtaine. Tá ceann acu ag tarlú i mBéal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall – “Picnic, Peil agus Pedalo” ar an Satharn 9 Bealtaine ón 2-5pm.

Tuilleadh eolais anseo

« Previous Page