Méid an Téacs

Folúntas: Gaelscoil Míde, Baile Átha Cliath

Feabhra 5, 2016

Tá cúntóir riachtanais speisialta nua de dhíth i nGaelscoil Míde. Tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24793/

Folúntas: Gaelcholaiste Cheitinn, Tiobraid Árann

Feabhra 5, 2016

Tá ionadaí de dhíth i nGaelcholáiste Cheitinn. Tuilleadh eolais ar fáil thíos:

http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/17559/

Faoiseamh go bhfuil scoil nua le dul do Gaelscoil Bharra

Feabhra 5, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Comhdháil CAER 3ú/4ú Márta 2016

Feabhra 5, 2016

Is cúis áthais don Fhoras i gcomhpháirtíocht le Gaelscoileanna Teo. Comhdháil CAER a reachtáil in Éirinn ar an 3/4 Márta.

Is comhdháil oideachais do mhionteangacha é CAER. Gheobhaidh daoine i láthair an deis ceisteanna a phlé le saineolaithe ar oideachas trí mhionteangacha ó réigiúin éagsúla mar aon le daoine ó gach cúlra gaelscolaíochta ar an oileán. Tá scoth na gcainteoirí againn don chomhdháil; An Dr Julia Barnes ó Ollscoil Mondragon i dTír na mBascach, An Dr Hywel Lewis ó Ollscoil na Breataine Bige, An Dr T.J. Ó Ceallaigh ó Ollscoil Luimnigh i measc go leor eile. Is deis ar leith é seo foghlaim faoi conas dul i ngleic le dúshlán bunaithe ar réiteach a d’oibrigh le mionteanga eile.

Tá an fhoirm tinrimh agus clár na comhdhála ar fáil anseo

Foirgneamh úr £1.3 milliún ag Gaelscoil Ghleann Darach

Feabhra 4, 2016

Rinne an tAire Oideachais, John O’Dowd, foirgneamh nua Ghaelscoil Ghleann Darach i gCromghlinn, Contae Aontroma, a oscailt go hoifigiúil. Tógadh an foirgneamh ar chostas £ 1.3 milliún thar thréimhse cúig mhí i ndiaidh feachtas tiomsaithe airgid a ghlac 10 mbliana.

Tagann oscailt na scoile sna sála ar Ionad Teaghlaigh úr a tógadh in aice na scoile i gCromghlinn, rud a fhágann cóiríocht iomlán úr ar láthair Ghaelscoil Ghleann Darach.

Bunaithe sa bhliain 2002, ní raibh an scoil riamh i bhfad ó chúrsaí feachtasaíochta idir aitheantas roinne agus cóiríocht bhuan. Seo mar a labhair pobal na scoile, agus na húdaráis rialaithe, faoi dhúshláin agus obair an Ghaeloideachais in iardheisceart Aontroma…

Físeán anseo

Seoladh Leabhair

Feabhra 3, 2016

1

Coláiste Uladh

1906 – 2016

               Bheir Coiste Cuimhneacháin Choláiste Uladh cuireadh duit a bheith i láthair ag seoladh an lámhleabhair scoile

Éirí Amach na Cásca 1916

Oidhreacht Choláiste Uladh

Saothar atá curtha in eagar ag

Dr. Seosamh Ó Ceallaigh & Donnnchadh Mac Niallais

i nGaelscoil Lios na nÓg, Teach Feadha Chuileann, Bóthar Oakley, Raghnallach, BÁC 6

ar

Dé Céadaoin, 10 Feabhra 2016 ar 7.00 i.n.

Léacht: Dr. Seosamh Ó Ceallaigh

Coláiste Uladh agus Laochra 1916

Foilsíodh an leabhar seo le cuidiú ó na heagraíochtaí seo leanas:

4 2 5
3

Trí lá breise curtha le Carnabhal na nGaelscoileanna ag Cumann na bhFiann

Feabhra 2, 2016

Ar mhaith leat na páistí scoile a thabhairt ar thuras scoile iomláin trí mheán na Gaeilge, áit ina mbeidh siad ag bualadh le páistí ó Ghaelscoileanna eile? Beidh Carnabhal do dhaltaí Gaelscoile á reáchtáil ag Cumann na bhFiann arís i mbliana ó 23-05-2016 go 27-05-2016. Anuraidh d’fhreastail 9 scoil agus níos mó ná 400 dalta ar an turas scoile is mó trí mheán na Gaeilge thar dhá lá in Ionad Óige na hÉireann. Tá an-áthas ar Chumann na bhFiann trí lá de rogha bhreise a chur leis an gCarnabhal i mbliana, toisc go raibh éileamh an-ard air anuraidh.

h

Is éard is Cumann na bhFiann ann ná gréasán fairsing de chlubanna óige.  Tá clubanna á reáchtáil go seachtainiúil faoi láthair i mbreis agus 60 baile timpeall na tíre.  Bíonn clubanna ar leith ar fáil do dhaoine idir 10-13 bliana d’aois, agus clubanna eile dóibh siúd atá níos sine.

Tá tábhacht nach beag ag baint leis na clubanna óige seo do dhaltaí Gaelscoile, mar go dtugtar deis dóibh a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a fhorbairt lasmuigh den seomra ranga agus iad ag glacadh páirte in imeachtaí taitneamhacha sóisialta.  I measc na n-imeachtaí a chuirtear ar fáil sna clubanna seachtainiúla bíonn ceol, spóirt agus drámaíocht, agus tugtar an deis do dhaoine óga a gcuid spéiseanna éagsúla a chruthú trí Ghaeilge.  Trí pháirt a ghlacadh i gclubanna óige Chumann na bhFiann, cinnteofar meon dearfach i leith na teanga, agus athrófar íomhá na teanga ó ábhar scoile amháin go teanga beo atá lárnach i saol an duine óig.

Tá ceanncheathrú na heagraíochta lonnaithe i nDroim Rí, Co. na Mí, áit a bhfuil ionad eachtraíochta do thurais scoile, Ionad Óige na hÉireann, forbartha ag an eagraíocht le roinnt blianta anuas.  I mbliana, tá deis á tabhairt ag Cumann na bhFiann do Ghaelscoileanna na tíre chun teacht ar cuairt chuig Ionad Óige na hÉireann agus páirt a ghlacadh i gCarnabhal na nGaelscoileanna.   Le linn na hócáide seo, beidh an deis ag na páistí páirt a ghlacadh i réimse leathan d’imeachtaí, lena n-áirítear sóirbpheil, coraíocht súmó, agus balla dreapadóireachta inséidte!

Ócáid lántumtha atá i gceist le Carnabhal na nGaelscoileanna, agus is trí Ghaeilge amháin a chuirfear gach imeacht ar fáil.  Beidh fáilte roimh ghrúpaí ó Rang 3 go Rang 6 ó Luan 23/05/2016 go 27/05/2016.  Tá gach eolas ar fáil, ach teagmháil a dhéanamh le hOrlaith Nic Ghearailt, ag +353 1 825 9342orlaith@cnb.ie

An scoil ligthe i ndearmad

Feabhra 2, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

COIRM GAEL LINN 2016 BUAILTE LINN!

Feabhra 2, 2016

Tá féilte COIRM GAEL LINN 2016 buailte linn !   Naoi gcinn ar fad de fhéilte aonlae a bheidh a reáchtáil timpeall na tíre le linn mhí Feabhra agus mhí an Mhárta:

  • Dé Máirt, 9 Feabhra – Amharclann Phlás an Mhargaidh, Ard Mhacha
  • Dé Céadaoin, 10 Feabhra  – Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Muí, Co. Chorcaí
  • Déardaoin, 11  Feabhra – Amharclann Naomh Micheál, Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman
  • Dé Céadaoin, 24 Feabhra  – Amharclann Clasach, Fionnradharc, Baile Átha Cliath
  • Déardaoin, 25 Feabhra – An Grianán, Leitir Ceanainn
  • Dé Máirt, 1 Márta – Amharclann an  Hawk’s Well, Sligeach
  • Dé Céadaoin, 2 Márta – An tÁras Ealaíne, An Muileann gCearr
  • Dé Máirt, 8 Márta – Siamsa Tíre, Trá Lí
  • Dé Luain, 14/Dé Máirt 15 Márta –  Amharclann na Cathrach, Gaillimh

CoirmCludach2016

Tá sé mar aidhm ag COIRM spreagadh a thabhairt do lucht bunscoile seó i nGaeilge a chur ar an ardán a léireoidh na tallanna éagsúla atá ag daltaí na scoile, bídís ón rang céanna nó ó ranganna éagsúla.  Sa tslí seo, tá Gael Linn ag súil meas agus spéis na bpáistí sa Ghaeilge a neartú agus deis a thabhairt dóibh í a chleachtadh chomh maith.  Léireoidh suas le 70 bunscoil, idir scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna,  seóanna ag féilte na bliana seo.  Beidh a rogha téama ag gach scoil, agus meascán de mhíreanna – drámaíocht, ceol, amhránaíocht, scéalaíocht, aithriseoireacht, rince agus a leithéid – i ngach seó.

Ní comórtas atá i gceist le COIRM ach tabharfar aitheantas (i bhfoirm ghradaim) do sheónna nó do mhíreanna as seónna a léireoidh ardchaighdeán ag na féilte. Ní bheidh aon teorainn leis an líon gradam a mbíonn cead ag an léirmheastóir a bhronnadh agus beidh cead aige/aici iad a bhronnadh ar ghrúpaí nó ar dhaoine aonair. Tabharfar nótaí léirmheastóireachta do gach grúpa chomh maith.

Chomh maith le bheith ar stáitse iad féin, beidh deis ag na daltaí seónna ó scoileanna eile a fheiceáil.   Agus chun cur le hatmaisféar na féile, beidh siamsóirí i láthair  chun  gáire a bhaint as an lucht féachana  idir mhíreanna.

Cuirfear tús le nach mór gach féile  c. 10.30 a.m. agus beidh fáilte roimh lucht féachana ach eolas a chur chuig Gael Linn ( 01:6751200 ) roimhré.  Bí linn don spórt agus spraoi !

Folúntas: Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath

Feabhra 1, 2016

Tá cúntóir riachtanas speisialta páirtaimseartha de dhíth i gColáiste Eoin. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/17530/

« Previous Page