Méid an Téacs

Siansa Gael Linn 2016– athchraoladh ar TG4!

Bealtaine 30, 2016

Má chaill tú an clár iontach faoi Siansa Gael Linn 2016 ar TG4 le déanaí –  ná bí buartha !

Beidh sé á athchraoladh ag an stáisiún Dé Sathairn seo chugainn, 4 Meitheamh ag 7.25p.m.– scoth an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta ó ocht ngrúpa a sheinn ar stáitse an Cheolárais Náisiúnta le déanaí– scaip an scéal ar chairde agus gaolta…agus bain sult as !

 

Siansa Gael Linn 2016– athchraoladh ar TG4!

Bealtaine 30, 2016

Má chaill tú an clár iontach faoi Siansa Gael Linn 2016 ar TG4 le déanaí –  ná bí buartha !

Beidh sé á athchraoladh ag an stáisiún Dé Sathairn seo chugainn, 4 Meitheamh ag 7.25p.m.– scoth an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta ó ocht ngrúpa a sheinn ar stáitse an Cheolárais Náisiúnta le déanaí– scaip an scéal ar chairde agus gaolta…agus bain sult as !

Folúntas: Gaelscoil Mhic Amhlaigh, Gaillimh

Bealtaine 30, 2016

Tá múinteoir ionaid de dhíth i nGaelscoil Mhic Amhlaigh. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/25624/

Folúntas: Gaelscoil Adhamhnáin, Dún na nGall

Bealtaine 30, 2016

Tá múinteoir de dhíth i nGaelscoil Adhamhnáin. Tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/25611/

Féile Peile Chonnachta – Corn Gael Linn ag dul ar ais go Cathair na Mart!

Bealtaine 30, 2016

Gaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mart

Gaelscoil na Cruaiche:Foireann ríméadach  Ghaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mar,  ag ceiliúradh a mbua athuair ag Féile Peile Chonnacht i Leitir Móir.

Foireann Ghaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mart, a thug leo Corn Gael Linn arís eile ag Féile Peile Chonnacht Gael Linn i Leitir Móir, Déardaoin, 26 Bealtaine. Ní raibh ach cúpla scór eatarthu féin agus a bhfreasúra ó scoileanna Ros Muc agus Chamuis nuair a séideadh feadóg an réiteora don uair

dheireanach i gcluiche spórtúil. Bhí bród an domhain ar mhúinteoirí na foirne, Colm Ó Conghaile agus Máire Ní Fhaoláin, as éacht seo a bpeileadóirí óga don cheathrú bliain as a chéile!

Thréaslaigh Seán Ó Ceallaigh, as Gael Linn, a mbua leis an bhfoireann bhuacach, agus bhronn sé Corn Gael Linn ar bheirt chaptaen na foirne, Emily Ní Cheallaigh agus Shane Ó Máille.

Reáchtáladh an fhéile thar dhá lá – Dé Céadaoin 25 agus Déardaoin, 26 Bealtaine – agus bhí suas le 160 scoláire rannpháirteach ann ó Ghaelscoileanna agus ó bhunscoileanna an chúige – Gaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mart, Gaelscoil Iarfhlatha, Tuaim, Gaelscoil de hÍde, Roscomáin, Gaelscoil Uí Cheithearnaigh, Béal Átha na Slua, Scoil Sailearna, Indreabhán, Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Scoileanna Chamuis/Rosmuc agus an fhoireann baile, Scoileanna Leitir Móir/Leitir Caladh, faoi chúram a múinteoirí díograsacha! Foirne mheascaithe, le naonúr imreoirí an taobh, a bhí i gceist, agus d’imir gach foireann trí chluiche ar a laghad le linn na féile. Cháiligh na foirne ba airde pointí do na leathchraobhacha, agus ansin an Chraobh.

Cuireadh fáilte roimh na cuairteoirí sna tithe lóistín áitiúla, agus thapaigh go leor acu an deis cuairt a thabhairt ar shuíomhanna spéisiúla an cheantair. Anuas ar na cluichí peile, cuireadh tráth na gceist boird, ceolchoirm agus céilí ar bun do na daoine óga sa Spórtlann.

Tá Gael Linn an-bhuíoch de Mháirtín Ó Meachair agus Bríd Ní Cheallaigh ó Chumann Lúthchleas Gael Naomh Anna a rinne formhór an eagrúcháin áitiúil, agus le coiste na páirce a chuir gach áis ar fáil don ócáid.

Bhí an fhéile cúige seo ar cheann de chúig fhéile peile den chineál céanna a bheidh á n-eagrú ag Gael Linn le linn mhí Bealtaine agus mhí an Meithimh.

Tuilleadh eolais:  Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie

Litríocht.com

Bealtaine 30, 2016

lit

 

Dein brabhsáil ar shuiomh Litriocht.com – tá an-rogadh go deo ar fail ann!

www.litriocht.com

Béal Átha’n Ghaorthaidh, Co. Chorcaí.

Gaelscoil Phortlaoise, Lá an Forógra

Bealtaine 30, 2016

Féach thíos ar an gcomóradh iontach a bhí ag nGaelscoil Phortlaoise ar Lá an Forógra. Bhí an halla dubh le daoine don cheolchoirm agus ghlac gach rang páirt ann. Bhí amhránaíocht, ceol traidisiúnta, rince-seit, dramaíocht agus filíocht mar chuid den chéiliúradh. Baineadh spórt agus scléip as an lá agus ní dhéanfar dearmad air go deo.

IMG-20160309-WA0002

IMG-20160316-WA0001(1)

IMG-20160316-WA0009

P1010800

P1010836

P1010857

 

Folúntas: Scoil Mobhi, Baile Átha Cliath

Bealtaine 27, 2016

Tá Scoil Mobhí i mBaile Átha Cliath ag lorg príomhoide buan. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/25905/

Kyne chun bualadh le Bruton chun dréachtpholasaí oideachais na Gaeltachta a phlé

Bealtaine 27, 2016

Tá sé i gceist ag Aire Stáit na Gaeltachta bualadh go luath leis an Aire Oideachais Richard Bruton chun an dréachtpholasaí oideachais don Ghaeltachta a phlé.

Dúirt an tAire Stáit nuacheaptha go raibh gá ní hamháin leis an bpolasaí nua oideachais a fhoilsiú ach le cinntiú go mbeadh dóthain infheistíochta ann le feidhm a thabhairt dó.

Agus é faoi agallamh ar an gclár Seacht Lá ar TG4 anocht, dúirt Kyne chomh maith go mbeadh sé ag dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, faoi leasuithe chun feabhais a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Thug sé le fios chomh maith go mbeadh tuilleadh infheistíochta á lorg aige d’Údarás na Gaeltachta, cé nach raibh sé sásta a rá cé mhéid airgid breise a bheadh i gceist.

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin sa Dáil Peadar Tóibín go raibh an “an tAire á chur ar a aire” aige agus go gcuirfeadh Sinn Féin agus an freasúra brú láidir air tacú le moltaí agus reachtaíocht a dhéanfadh leas na Gaeilge.

In agallamh eile, dúirt an tAIre Kyne gurb í an chloch is mó ar phaidrín ná an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga phobail sa Ghaeltacht.

Dúirt sé go mbeidh sé ag díriú ar an oideachas agus ar an bhfostaíocht sa Ghaeltacht leis an teanga a láidriú sna ceantair éagsúla.

www.tuairisc.ie

Polasaí oideachais nua don Ghaeltacht le dul os comhair an Rialtais

Bealtaine 27, 2016

Ba é an tAire Oideachais nua Richard Bruton a thug an méid sin le fios agus ceist Dála á freagairt aige faoina bhfuil i ndán do na moltaí oideachais don Ghaeltacht a foilsíodh bliain ó shin.

Cuireadh fáilte roimh na moltaí a thugann aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail, ach bhíothas buartha le tamall toisc nach raibh an polasaí nua féin foilsithe mar a bhí geallta.

Cuirfear fáilte mar sin roimh an scéal go bhfuil an tAire Bruton ag súil go bpléifidh an Rialtas dréacht den pholasaí sna seachtainí beaga amach romhainn.

“I am awaiting the draft policy document and will consider it along with my colleagues in Government before it can be approved. I expect that this will happen in the coming weeks before our summer recess,” a dúirt Bruton.

Dúirt an tAire go raibh an polasaí nua ina dhlúthchuid d’obair a Roinne ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go raibh na moltaí oideachais i gceist chomh maith sa gheallúint a tugadh i gClár an Rialtais nua maidir le tacaíocht bhreise a thabhairt don Ghaeilge.

“The Programme for Government contains a commitment to strengthen support for the Irish language. This commitment was made in anticipation of the finalisation and thereafter the implementation of the Gaeltacht Education policy,” a dúirt Bruton.

Ba í an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais, Catherine Martin a chuir ceist ar an Aire Oideachais faoin dréachtpholasaí oideachais.

 

www.tuairisc.ie

« Previous PageNext Page »