Méid an Téacs

TÁBHACHTACH! GRADAM SCOLÁIRE NA SRAITHE SÓISEARAÍ EOLAÍOCHT

Bealtaine 26, 2016

logo_website_small

 

 

 

 

 

I mí Lúnasa, tá sé i gceist ag COGG go mbeidh leagan Gaeilge d’AONAD 1 Nádúr na hEolaíochta agus AONAD 5 An Domhan agus an Spás as an leabhar EXPLORING SCIENCE (EDCO) ar fáil.

Beidh na haonaid as an téacsleabhar ar fáil saor in aisce ar líne. Cuirfear Aonad 1 agus 5 den leabhar saothair i gcló agus dáilfear saor in aisce ar na scoileanna é.

Le cóipeanna de na leabhair seo a fháil, tá sé riachtanach go seolfar líon na ndaltaí a bheidh ag gabháil den eolaíocht sa chéad bhliain 2016/2017 chuig eolas@cogg.ie .

 

NUIG 070-16 Comhalta Iardhochtúireachta Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Bealtaine 26, 2016

NUI_Galway_BrandMark_A

Tá iarratais á lorg ó iarrthóirí cáilithe do Chomhaltacht Iardhochtúireachta in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Beidh an té a cheapfar páirteach i bhforbairt an tSeimeastair Ghaeltachta, a bheas mar chuid lárnach de chúrsaí céime an BComm le Gaeilge, an BA sa Chumarsáid & Gaeilge agus an BA sa Ghaeilge. Beidh an chéad chohórt den BComm le Gaeilge ag tabhairt faoin Seimeastar Gaeltachta i Meán Fómhair 2016. Mairfidh an chomhaltacht iardhochtúireachta ón 1 Lúnasa 2016 go dtí an 31 Iúil 2017.
Cáilíochtaí
Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag an iarrthóir:
• PhD i réimse na Pleanála Teanga, an Ghaeloideachais, na Gaeilge nó in ábhar
gaolmhar eile;
• Taithí i dtimpeallacht taighde agus forbartha, go hinmhianaithe i réimse na
Pleanála Teanga nó an Ghaeloideachais;
• Scileanna maithe cumarsáide, eagrúcháin agus idirphearsanta;
• Beidh sé/sí spreagtha agus beidh sé/sí ábalta oibriú as a stuaim féin;
• Beidh ardchumas sa Ghaeilge aige/aici, idir labhairt agus scríobh, mar aon le cumas maith sa Bhéarla.
Go hinmhianaithe beidh taithí ag an iarrthóir i bhforbairt polasaithe agus treoirlínte mar aon le cur amach ar chórais ríomhaireachta.
Tuarastal: €37,750 – €46,255 in aghaidh na bliana.
Dáta Tosaithe: 1 Lúnasa 2016
Chun iarratas a dhéanamh: Seoltar iarratais (i.e. litir chumhdaigh, CV agus sonraí teagmhála beirt mholtóirí) i bhformáid Word nó pdf amháin chuig dorothy.niuigin@oegaillimh.ie
Ba cheart go mbeadh an uimhir thagartha NUIG 070-16 i líne ábhair an iarratais leictreonaigh.

An spriocdháta: Dé Máirt, 14 Meitheamh 2016
Beidh na hagallaimh ar siúl an 21/22 Meitheamh 2016
Is fostóir comhionannais deiseanna í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Stiúrthóir Chúnta, Naionra na Rithe

Bealtaine 26, 2016

Folúntas do Stiúrthóir Chúnta i Naíonra na Ríthe.
Beidh an post ag tosnú mí Mheán Fómhar.

Is féidir  tuilleadh eolais a fháil ó Chaitlín: 087-9027382

Taithi Mhuintir LADT ar scoil

Bealtaine 25, 2016

Tá áthas orainn a roinnt an acmhainn nua seo do Gaelscoileanna chun treoir a sholáthar chun tacú le mic léinn LGBT. “Taithí Mhuintir LADT ar scoil: Acmhainn d’iar-bhunscoileanna chun bulaíocht homafóbach agus trasfóbach a chosc agus chun tacaíocht a thabhairt do dhaltaí LADT”.

Tá sé ar fáil ag an nasc seo agus beidh sé ar fáil ar shuímh idirlín na Roinne Oideachais agus GLEN freisin.

GLEN_2016_EdResource_IRISH_WEB

Capture

http://www.gaelscoileanna.ie/files/GLEN_2016_EdResource_IRISH_WEB.pdf

_____________

Sandra Irwin-Gowran

Director of Education Policy

GLEN – Gay and Lesbian Equality Network

sandra@glen.ie

2 Exchange Street Upper, Dublin 8, DO8 XW7D

t: +353 1 6728650   m: +353 87 7960615

www.glen.ie

GLEN – Delivering equality for lesbian, gay and bisexual people in marriage, at home, at school, at work and in the wider community.

Comórtais Liteartha an Oireachtais

Bealtaine 25, 2016

Tá Comórtais Liteartha an Oireachtais faoi lán seoil.  Tríocha (30) comórtas atá ar chlár na bliana seo – fiche (20) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus deich gcinn (10) dírithe ar  dhaoine óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist sa chlár comórtas, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d’fhoghlaimeoirí fásta, léirmheastóireacht, prós, filíocht, scríbhneoireacht scripte (don teilifís), dráma, agallamh beirte agus eile.

Reáchtálfar dhá chomórtas nua i mbliana; Comórtas Cuimhneacháin 1916 (maoinithe ag Craobh Aimhirgín de Chonradh na Gaeilge) d’amhrán nuachumtha bunaithe ar théama 1916 agus Comórtas Cuimhneacháin 1916 (maoinithe ag an gCumann Scoildrámaíochta agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta) do bhundráma nuacheaptha ar théama 1916 a d’oirfeadh do dhaltaí bunscoile nó iar-bhunoideachais.

Is é an spriocdháta iontrála 1 Iúil 2016 agus is féidir d’iarratas a dhéanamh ar líne ag an nasc seo nó é a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

RE: Seimineár in Óstaí an Rí ar dheiseanna fostaíochta leis an Aontas Eorpach Dé Máirt 4ú Deireadh Fómhair 2015

Bealtaine 24, 2016

Dé Máirt an 4ú Deireadh Fómhair 2016 idir 2:30pm agus 4:30pm reáchtálfaidh Óstaí an Rí seimineár ar dheiseanna fostaíochta leis an Aontas Eorpach do chainteoirí Gaeilge. Tá raon leathan post i gceist agus pá agus coinníollacha den scoth ag gabháil leo.

Toisc deireadh a bheith á chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach idir seo agus 2022 tá oll-earcaíocht le déanamh ag aonaid Ghaeilge Institiúidí an Aontais chun follúntais a líonadh: 103 aistritheoir, 32 dlítheangeolaí agus 42 riaraitheoir san áireamh. Is sa Bhruiséil agus i Lucsamburg a bheas na poist seo agus don té ar spéis leis nó léi obair a dhéanamh trí Ghaeilge i dtimpeallacht ilteangach ilchultúrtha idirnáisiúnta, níl a shárú de phost le fáil.

Riaraitheoirí: Tá rátaí maithe pá ar fáil do riaraitheoirí (c.€2,700 glan sa mhí). Teastaíonn an Ardteist (nó a comhaith) mar aon le heolas maith ar an nGaeilge agus ar an mBéarla. Seo post oiriúnach don té cumasach nach bhfuil fonn coláiste air/uirthi.

Aistritheoirí: Is é c.€4,200 glan sa mhí pá an aistritheora. Is gá bunchéim chuige seo . Ní gá gur céim i dteangacha í. Teastaíonn máistreacht ar an nGaeilge agus eolas maith ar dhá theanga eile den AE, Béarla, Fraincis nó Gearmainis ar ceann acu.

Dlítheangeolaithe: Is é c.€5,500 glan sa mhí pá an dlítheangeolaí. Is gá céim sa dlí nó cáilíocht ghairmiúil sa dlí chuige seo. Teastaíonn máistreacht ar an nGaeilge agus eolas maith ar dhá theanga eile den AE. Deimhníonn an dlítheangeolaí go bhfuil an téacs aistrithe slán ó thaobh an dlí agus na teanga de.

Maidir le gach ceann acu bíonn buntáistí breise ar fáil maidir hárachas sláinte, pinsean, srl. mar aon le deiseanna cúrsaí breise léinn a dhéanamh taobh istigh d’uaireanta oibre, go háirithe cúrsaí i dteangacha an AE.

Beidh fáilte roimh sheisear nó mhórsheisear mac léinn ó Bhlianta 5 agus 6 freastal ar an seimineár seo i dteannta múinteora. Tá líon na n-áiteanna teoranta agus ba mhór againn scéala uaibh más spéis libh teacht.

Beidh fáilte romhaibh freisin chuig léacht chomórtha an Phiarsaigh leis an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh (OÉG) 5pm-6pm an lá ceanna in Óstaí an Rí tar éis an tseiminéir:

Oidhreacht an Phiarsaigh’, léacht faoi Phádraig Mac Piarais, abhcóide, céimí agus ball de chuid Óstaí an Rí.

‘Drochthús don Ghaeilge’ – post nua ceadaithe do ghnóthaí tuaithe ach folúntas Gaeilge sa Roinn le sé mhí anuas

Bealtaine 24, 2016

Comhartha ‘drochmheasa’ ar an nGaeilge é go bhfuil post nua mar cheannasaí ar ghnóthaí tuaithe fógartha cheana féin ag an Roinn chéanna ina bhfuil folúntas do Stiúrthóir na Gaeilge inti le nach mór sé mhí anuas.
D’fhógair an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Dé hAoine folúntas do ‘Ceann Rannán na Forbartha Réigiúnaí agus Gnóthaí Tuaithe’.

Rachaidh an té a cheapfar sa phost nua seo i mbun oibre sa Roinn Forbartha Réigiúnaí, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíon agus Gaeltachta, an roinn nua atá le teacht in áit na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Is ag leibhéal rúnaí cúnta, an dara grád is sinsearaí i roinn stáit, a bheidh an té a cheapfar sa phost nua.

Dúirt iar-aire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, le Tuairisc.ie aréir gur “iontach” agus gur “aisteach” leis an scéal go gceadófaí post nua nuair nach bhfuil an folúntas do Stiúrthóir na Gaeilge líonta go fóill agus nuair nach bhfuil “a fhios ag aon duine fós fiú céard atá ag tarlú sa Roinn nua”.

Is i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite a tuairiscíodh go raibh Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Máire Killoran, ag éirí as a cúram agus tá an folúntas ann i gcónaí don phost an státseirbhísigh is sinsearaí ó thaobh na Gaeilge de.
Dúirt Éamon Ó Cuív gur “drochthús” a bhí ann don Rialtas nua fad is a bhain sé le cúrsaí Gaeilge.

“Léiríonn sé go bhfuil an cur chuige céanna fós ann a bhí ann le cúig bliana, agus go bhfuil an easpa measa céanna ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ann i gcónaí. Taispeánann sé freisin na dúshláin a bheidh roimh Aire Stáit nua na Gaeltachta Seán Kyne sa Roinn nua,” a dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil.

Ba é Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an státseirbhíseach ba shinsearaí a bhíodh ag plé go seasta le polasaí teanga an Stáit nó gur éirigh Killoran as.

Thug iar-aire stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios sa Dáil ag tús na míosa seo caite nach raibh aon chinneadh déanta fós maidir le ceapachán Stiúrthóir na Gaeilge.

Thug McHugh le fios an uair sin go raibh líonadh an fholúntais á phlé go fóill leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Dúirt an Teachta Dála Peadar Tóibín, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin sa Dáil an tseachtain seo caite go raibh eolas faighte aige nach raibh dualgais na Roinne nua, a bhfuil cúram na Gaeltachta uirthi, fiú amháin aontaithe fós agus go mbeadh dhá mhí eile ann sara mbeadh eagar ar an Roinn nua agus foireann nua i mbun oibre inti.

www.tuairisc.ie

Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh cheapachán Sheáin Kyne (FG) ina Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta.

Bealtaine 20, 2016

Chuir Uachtarán Gaelscoileanna Teo., Cathnia Ó Muircheartaigh fáilte roimh cheapachán Kyne, gur “comhartha dóchais é go bhfuil Teachta Dála, a bhfuil tuiscint agus taithí aige ar shainriachtanais na Gaeltachta mar aon le cumas maith sa teanga ina Aire Stáit Gaeltachta”.

Ag tagairt don ráiteas a rinne an tAire sa Dáil inné go raibh sé thar am feidhm a thabhairt don pholasaí oideachais Gaeltachta, deir Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo., Bláthnaid ní Ghréacháin “tuar dóchais atá ann go n-aithníonn an tAire foilsiú an pholasaí oideachais Gaeltachta mar thosaíocht. Tá an-lagmhisneach ar phobail na scoileanna Gaeltachta faoin mhoill a bhaineann le foilsiú an pholasaí. Tugadh faoi chomhairliúchán ar na moltaí polasaí don Oideachas Gaeltachta go tréan, ach tá an teas agus an dóchas ag imeacht ón scéal le himeacht ama”.

Impíonn Gaelscoileanna Teo. ar an Aire nua dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, TD, faoi fhoilsiú an pholasaí ar bhonn práinne, polasaí a thugann aghaidh ar an iliomad castachtaí agus dúshláin a bhaineann leis an oideachas Gaeltachta. Fáiltíonn ní Ghréacháin go mór roimh “chúnamh agus tacaíocht an Aire thar ceann na scoileanna Gaeltachta i leith na ndúshláin ollmhóra atá rompu”, agus impím sí “go bhfoilseofaí an polasaí gan a thuilleadh moille, “ chun gur féidir le scoileanna tabhairt faoin bpleanáil agus comhairliúchán cuí lena gcuid pobail ar bhonn práinne”.

Is eagraíocht dheonach náisiúnta í Gaelscoileanna Teo. a thugann tacaíocht d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal agus d’fhorbairt na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, mar aon le seirbhís tacaíochta do naíonraí agus scoileanna.

Curaidh Féile Peile Mhúscraí ag ceiliúradh !

Bealtaine 19, 2016

Gaelscoil Mhic Easmainn

GAELSCOIL MHIC EASMAINN: Seaimpíní Féile Peile Gael Linn na Mumhan don tríú bliain as a chéile, foireann Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, ag ceiliúradh a mbua i mBéal Átha an Ghaorthaidh,  in éineacht lena gcuid múinteoirí, Déaglán Ó Cuill, Colm Ó hAiniféin agus Cáit Uí Churraín ( ar chúl ).

Bronnadh

BRONNADH: An bheirt chaptaen ar fhoireann Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, Seán Ó Duilleáin  agus Aisling Ní Ainiféin, ag glacadh le Corn Gael Linn ó Sheán Ó Ceallaigh, Bainisteoir Scéimeanna Náisiúnta an eagrais.

 Tá foireann Ghaelscoil Mhic Easmainn ag ceiliúradh tar éis a mbua don triú huair as a chéile ag Féile Peile Gael Linn na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh le déanaí ! Macasamhail craobh na bliana seo caite, fuaireadar an ceann is fearr ar fhoireann chomhnascaithe ó Scoil Eoin Baiste, Lios Póil agus Scoil Náisiúnta Bhaile an Fheirtéaraigh ó Chorca Dhuibhne, an t-am seo le scór 9-12- 9-2.        

Reáchtáladh an fhéile thar dhá lá, Dé Céadaoin 18/Déardaoin 19 Bealtaine, agus bhí aimsir bhreá ann ó thús deireadh! Tá Gael Linn an-bhuíoch de  Chumann CLG Bhéal Átha an Ghaorthaidh as ucht an pháirc agus gach áis timpeall air a chur ar fáil don ócáid. Ocht bhfoireann ar fad a bhí páirteach sa chomórtas agus iad roinnte i ndá ghrúpa.  I ngrúpa amháin, bhí an fhoireann baile, Scoil Fhionnbarra, Béal Átha an Ghaorthaidh, Scoil Bhaile Mhic Airt, An Seanphobal, Gaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí agus foireann nascaithe ó S.N. Eoin Baiste, Lios  Póil agus Scoil Náisiúnta Bhaile an Fheirtéaraigh.  Sa ghrupa eile bhí Gaelscoil Aogáin, Oileán Chiarraí, S.N. an Chlocháin, Clochán Bhréanainn, Scoil Abán Naofa, Baile Mhúirne agus Scoil Lachtaín Naofa, Cill na Martra.    Bhí ar a laghad trí chluiche ag gach foireann i rith na féile agus chuaigh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ansin an Chraobh.

Cé go raibh an-imirt sa Chraobh idir fhoirne Thrá Lí agus Lios Póil/Baile an Fheirtéaraigh, bhí an lámh in uachtar tríd síos ag scoláirí Ghaelscoil Mhic Easmainn.  Bhí ríméad an domhain ar na peileadóirí óga agus ar a gcuid múinteoirí, Déaglán Ó Cuill, Colm Ó hAiniféin  agus Cáit Uí Churraín, ní nach ionadh ! Ghlac an bheirt captaen, Seán Ó Duilleáin agus Aisling Ní Ainiféin,  leis an gcorn ar son na foirne buacaí ó Sheán Ó Ceallaigh, Gael Linn.

 Ba é Domhnall Ó Murchadha ó Ghaeltacht na Rinne, Co. Phort Láirge a bhí i mbun riaradh na gcluichí le linn na féile, agus ba iad Caoimhín agus Éanna Ó Conghaile ó Chonamara a bhí mar

réiteoirí.  D’aontaigh siad uilig go raibh sár-chaighdeán peile ag na himreoirí óga ar fad, idir bhuachaillí agus cailíní, agus gur imríodh gach cluiche go spórtúil.

Cuireadh lóistín ar fáil do na cuairteoirí i gColáiste na Mumhan,  le cabhair  agus comhoibriú ó Ghearóid Ó hÉalaithe.  Chomh maith leis na cluichí peile, ghlac na scoláirí páirt sna imeachtaí oíche a eagraíodh dóibh –quizboird, ceolchoirm agus céilí.

Ba é seo an chéad cheann de dhá fhéile peile a bheidh ar bun i gCúige Mumhan i mbliana chun freastal ar an mhóréileamh ó scoileanna.  Reáchtálfar an dara féile cúige i gColáiste na Rinne, Contae Phort Láirge ar an 2 agus 3 Meitheamh.

Críoch

Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca – 01:6753303/niamh@gael-linn.ie

Dian-chúrsaí Acmhainn Éireann

Bealtaine 19, 2016

Tá an comhlacht nua seo sásta dian-chúrsa 3 huaire an chloig nó dian-chúrsa 6 huaire an chloig a chur ar bun i naíonra, i mbunscoil nó in iar-bhunscoil lán-Ghaelach ar bith in Éirinn.

Capture

Praghas an chúrsa 3 huaire an chloig:       40 Eoró / Punt an duine

Praghas an chúrsa 6 huaire an chloig:       80 Eoró / Punt an duine

Is féidir cúrsa a chur ar bun lá ar bith ó Luan go Satharn agus is féidir cúrsa a chur ar bun ar maidin, tráthnóna nó san oíche de réir éilimh.

Tá an cúrsa seo feiliúnach do dhaoine nach bhfuil focal ar bith Gaeilge acu agus tá sé feiliúnach freisin do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu ach nach bhfuil cinnte faoi chúrsaí gramadaí nó faoi cheart na Gaeilge. Beidh Acmhainn Éireann sásta cúrsaí eile a thairiscint bunaithe ar riachtanais ar leith.

Is é an Dr Ciarán Ó Coigligh iar-ollamh le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, in Ollscoil na hÉireann, Duibhlinn, agus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, Ollscoil Chathair Dhuibhlinne a mhúinfeas an cúrsa.

Is múinteoir fíor-chumasach Ciarán a aithnítear mar shaineolaí ar an nGaeilge. Is scoláire é a bhfuil go leor leabhar acadúil curtha de aige, agus is scríbheoir é a bhful cáil idirnáisiunta air agus a bhfuil 3 úrscéal, ceoldráma amháin, bailiúchán gearrscéalta amháin agus 12 bhailiúchán filíochta leis i gcló.

Glaoigh ar Chiarán ag 00 353 876995070 nó scríobh chuige ag ctaoc@eircom.net

Tá teacht ar eolas faoi thairiscintí eile Acmhainn Éireann ar an suíomh gréasáin:acmhainneireann.weebly.com

« Previous PageNext Page »