Méid an Téacs

Cúig cheanneagraíocht nua roghnaithe ag Údarás na Gaeltachta don phleanáil teanga

Bealtaine 17, 2016

Tá cúig cheanneagraíocht Ghaeltachta eile roghnaithe ag Údarás na Gaeltachta le dul i mbun pleananna teanga sa Ghaillimh, i Maigh Eo, i nDún na nGall agus sa Mhí.

Réiteoidh na cúig cheanneagraíocht sin plean teanga do na Limistéir Pleanála Teanga (LPT) atá faoina gcúram. Tá dhá bhliain anois ag na heagraíochtaí an plean a réiteach dá gceantar féin.

Ceadaíodh maoiniú idir €20,000 agus €40,000 do gach eagraíocht chun tacú leo san obair atá le déanamh acu.

Tá 18 ceanneagraíocht ag obair i gcomhar leis an Údarás agus le grúpaí pobail le pleananna teanga a réiteach agus 27 ceanneagraíocht ar fad a bheas ann.

Tá an tÚdarás ag súil go mbeidh fógraí á ndéanamh go luath maidir leis na limistéir eile agus beidh siad ag lorg iarratas ó eagraíochtaí ar suim leo tabhairt faoi phleananna teanga sna ceantair sin nach bhfuil ceanneagraíochtaí ainmnithe iontu fós.

Na ceanneagraíochtaí nua:
Comhar Caomhán Teo: Oileáin Árann
Gaeilge Iorrais: Maigh Eo Thuaidh (Ceantar Iorrais)
Comharchumann Ráth Cairn Teo: Ráth Chairn agus Baile Ghib
Céim Aniar Teo: Tuaisceart Dhún na nGall (ceantar Fhánada agus Gleann Bhairr, Ros Goill agus An Tearmann
Comharchumann Thoraí Teo: Toraigh

CURAIDH FÉILE PEILE GAEL LINN ÓN MHUILEANN gCEARR!

Bealtaine 16, 2016

Bhí ríméad ar fhoireann peile Ghaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr,  tar éis dóibh Féile Peile Gael Linn a bhuachan.  Is i Ráth Chairn ghlas na Mí a bhí féile Laighean ar siúl, Dé Máirt 10, agus Dé Céadaoin, 11 Bealtaine 2016.

An Muileann gCearr

Is iad foireann Gaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr, a thug leo Corn Gael Linn ag Féile Peile Gael Linn i Ráth Chairn le déanaí !  Fuaireadar an ceann is fearr sa Chraobh ar fhoireann Ghaelscoil Uí Riada, Cill Chóca,  agus bhí ríméad an domhain orthu!

Is ar Dé Máirt, 10 agus Dé Céadaoin, 11 Bealtaine a bhí an fhéile peile ar bun – an chéad cheann den tsraith bhliantúil cúige a eagraíonn Gael Linn do Ghaelscoileanna agus bunscoileanna Gaeltachta. Bhí suas le160 scoláire ar fad ó ocht scoil, mar aon lena gcuid múinteoirí, i Ráth Chairn don ócáid taitneamhach seo – Scoil na gCeithre Máistrí, Áth Luain, Gaelscoil Uí Riada, Cill Chóca, Gaelscoil Chill Dara,  Gaelscoil Thulach na nÓg, Dún Búinne, Gaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr,  Gaelscoil Phort Laoise, seaimpíní na bliana seo caite, Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc, Ceatharlach  agus an fhoireann baile, Scoil Uí Ghramhnaigh,  Ráth Chairn. Bhí an aimsir go breá, agus na scoláirí ar bís le gabháil chun páirce !

Roinneadh na foirne i ndá ghrúpa de cheithre fhoireann an ceann.  Bhí dhá chluiche le himirt ag gach foireann ar pháirc peile Ráth Chairn tráthnóna Dé Céadaoin.  Bhí na foirne meascaithe, le naonúr imreoirí  an taobh, agus de réir na rialacha, bhí sé éigeantach go mbeadh  ar a laghad ceathrar cailíní ar an bpáirc ag gach foireann i rith an ama. Ba é Éanna Ó Conghaile a bhí i mbun riaradh na gcluichí, agus ba air Kevin Ó Conghaile agus Mícheál Mac Donncha a thit jab crua na réiteoireachta !

Nuair a bhí na cluichí thart agus an dinnéar ite, ghlac na scoláirí páirt sa quiz boird, ceolchoirm agus céilí a cuireadh ar siúl dóibh san Ionad Pobail.  D’eagraigh Comharchumann Ráth Chairn lóistín oíche do fhormhór na gcuairteoirí le muintir na háite. Bhí an tríú cluiche le himirt ag na foirne uilig maidin Dé Céadaoin, 11  Bealtaine agus chuaigh buaiteoirí  an dá ghrúpa ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ansin an Chraobh Cúige.  Bhí coimhlint mhaith sa chraobh idir pheileadóirí Ghaelscoil Uí Riada, Cill Chóca agus Ghaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr, ach go háirithe sa chéad leath,  ach bhí bua chuimsitheach ar deireadh ag foireann na hIarmhí, le scór 7- 4 go 1-5.  Bronnadh Corn Gael Linn ar na captaein, Dónal Ó Maoilmhichíl agus Niamh Raeside, agus is cinnte go mbeidh na himreoirí óga ag ceiliúradh go ceann píosa lena múinteoirí, Dara Feirtéar agus Caroline Mhic Róibín,  agus lena lucht tacaíochta !

Agus é ag tréaslú leis na buaiteoirí, dúirt Jamie Ó Tuama, Gael Linn: ‘Is mian leis an eagras deis a thabhairt do dhaltaí ó Ghaelscoileanna agus ó bhunscoileanna Gaeltachta bualadh le chéile ag imeachtaí spreagúla ar nós na féilte peile a eagraímid,  ina mbíonn an Ghaeilge in uachtar mar theanga labhartha.  Táimid i nGael Linn an-bhuíoch de Chomharchumann Ráth Chairn agus don chumann peile áitiúil as ucht a dtacaíochta leanúnach don ócáid bhliantúil seo’

Cuireadh an-fháilte ar ais chun na scoile roimh na curaidh, agus is cinnte go mbeidh na himreoirí óg ag ceiliúradh go ceann píosa  lena gcomhscoláirí!

Críoch

Tuilleadh eolais:  Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie

Póstaer ar fáil ó COGG

Bealtaine 12, 2016

Tá cóipeanna de 2 phóstaer ar fáil saor in aisce ó COGG. Ceann a bhaineann le stair an hÉireann (dátaí tábhachtacha) agus ceann faoi 1916 (uimhreacha).

Má tá cóipeanna den phóstaer uait seol teachtaireacht chuig eolas@cogg.ie

Múinteoir Gaeilge

Bealtaine 12, 2016

Tá grúpa páistí atá ag fáil oideachais sa bhaile ag lorg múinteoir Gaeilge le ranganna a chur ar fáil gach dara maidin Aoine i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

Grúpa an-óg agus grúpa níos sine agus cluichí, amhráin, rannta agus comhrá atá i gceist.

Déan teagmháil le eolas@cogg.ie le breis eolais a fháil.

Folúntais éagsúla i nGaelcholáiste Luimnigh

Bealtaine 12, 2016

Tá Gaelcholáiste Luiminigh i mbun earcaíochta ar mhúinteoirí do na hábhair seo a leanas faoi láthair:

  • Spáinnis
  • Ealaín
  • Spáinnis is Fraincis
  • Tír Eolas is Gaeilge
  • Mata is Gaeilge
  • Teicneolaíocht Ábhar Adhmad is Grafaic Theicniúil
  • Ceimic is Eolaíocht
  • Béarla is Gaeilge

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 17 Bealtaine 2016

Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/

 

 

 

Folúntas: Múinteoir Gaeilge agus Ceoil, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Gaillimh

Bealtaine 12, 2016

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 20 Bealtaine 2016

Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/

Folúntas: Múinteoir Spáinnise i gColáiste Ghlór na Mara, BÁC

Bealtaine 12, 2016

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 30 Bealtaine 2016

Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/

Folúntas: Múinteoir Béarla i gColáiste Ghlór na Mara, BÁC

Bealtaine 12, 2016

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 20 Bealtaine 2016

Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/

Folúntas: Múinteoir Eacnamaíochta Baile i gColáiste Ghlór na Mara, BÁC

Bealtaine 12, 2016

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 20 Bealtaine 2016

Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/

Folúntas: Múinteoir Eolaíochta i gColáiste Ghlór na Mara, BÁC

Bealtaine 12, 2016

Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 20 Bealtaine 2016

Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/

« Previous PageNext Page »