Fanzini Brothers
Nollaig 7, 2016
Bailigí timpeall, bailigí uilig is beidh béaloscailteach nuair a fheiceann sibh na héachtanna do-chreidthe a bhfuil na deartháireacha seo as Chiaraí –cibé áit eile! -sásta tabhairt faoi. An bhfuil siad amaideach nó chalma thar aon chreidiúint? Is cuma cé acu í ndáirire mar go gcuireann siad seó sorcas iontach greannmhar is fíor craiceáilte í láthair d’óg is aosta.
Tá na bráthaire Fanzini ag súil go mór go mbéimíd leat i rith seachtain na gaeilge. Tá laochanna an sorcas Gaelach agus greann seo réidh le ár taispeantas do chreidthe a dhéanamh i do scoil. Bígí reidh le briseadh síos le gáire. Seol teachtaireacht chugainn chun níos mó eolas a fháil uainn.
Níos mó eolais ag: http://fanzini.ie/fanzini-brothers/
Ríomhphost: info@fanzini.ie
Guthán: 087-997 8146
An-Scléip i Muineachán!
Nollaig 7, 2016
‘Séasúr an ghrá’, Coláiste Lú, Dún Dealgan a tháinig sa chéad áit sa chomórtas Slua-Amhránaíocht ( Sóisear ) ag réamhbhabhta Scléip Gael Linn 2017 i Muineachán

‘Donald Trump’ i measc lucht sceitse ‘Meascán Mearaí’ ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, a bheidh ag gabháil san iomaíocht i gcraobhchomórtas Scléip Gael Linn 2017 ar an 2 Feabhra 2017 in amharclann Clasach, BÁC
Bhí atmaisféar iontach in Amharclann an Gharáiste, Muineachán, ag réamhbhabhta an tuaiscirt de chomórtas Scléip Gael Linn ar an Déardaoin, 1 Nollaig seo caite ! Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, le béim ar na healaíona comhaimseartha.
Bhí iomaitheoirí ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, An Fálcarrach, mar aon le scoláirí Choláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Coláiste Oiriall, Muineachán agus Coláiste Lú, Dún Dealgan i measc na rannpháirtithe a rinne léiríu ar sceitsí, ar rince chruthaitheach, agus ar cheol agus amhránaíocht chomhaimseartha. Bhain an lucht féachana mhór ard-taitneamh as an seó uilig ! Tugadh an-tacaíocht do gach réalta óg a chuaigh ar stáitse, cé go raibh teannas an chomórtais le brath anois is arís!
Mhol na moltóirí, Edel Ní Churraoin, ceoltóir agus craoltóir le Raidió Fáilte, agus Tomaí Ó Conghaile, Eagarthóir ‘Nós’ agus láithreoir leis an BBC, na daoine óga uilig a chuaigh ar stáitse, agus thugadar aischothú agus moltaí dóibh a bheidh ina gcabhair acu amach anseo. Bhí cinntí deacra le déanamh acu tríd síos , ach bhíodar aontaithe gurb iad na míreanna a leanas a leanfaidh na buaiteoirí ó réamhbhabhtaí an iarthair, an oirthir agus an deiscirt go Baile Átha Cliath don chraobhchomórtas in amharclann Clasach, Fionnradharc, ar an Déardaoin, 2 Feabhra 2017:
Rince Cruthaitheach ( Aonair ) Sóisear: Aoife Nic Gabhann, Coláiste Oiriall, Muineachán
Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) Sóisear: ‘Grúpa Ríoghnach’, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Sceitse Nuachumtha ( Sóisear ): ‘Meascán Mearaí’, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Sceitse Nuachumtha ( Sinsear ): ‘Conraitheoirí Uí Ghallachóir Teo’, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, Co. Dhún na nGall
Slua-Amhranaíocht ( Sóisear ): ‘Séasúr an ghrá’, Coláiste Lú, Dún Dealgan, Co. Lú
Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sóisear ): Justin Ó hAgáin, Coláiste Lú, Dún Dealgan, Co. Lú
Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sinsear ): Ruairí Mac Lochlainn, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Amhránaíocht Aonair Chomhaimseartha, le Féintionlacan ( Sóisear ): Aoibhinn Ní Dheagha, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
Amhranaíocht Aonair Chomhaimseartha, le Féintionlacan ( Sinsear ): Amy Ní Chléirigh, Coláiste Ailigh, Leitir Cenainn, Co. Dhún na nGall
Grúpa Amhránaíohta Comhaimseartha le Féintionlacan ( Sóisear ): ‘Draíocht’, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, An Fálcarrach
Grúpa Amhranaíochta Comhaimseartha le Féintionlacan ( Sinsear ): ‘Cinniúint’, Coláiste Oiriall, Muineachán
CRÍOCH
Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie
(English) Minister rejects proposals to develop Irish Medium Unit at Derry school
Nollaig 7, 2016
(English) Irish-medium secondary schooling is increasingly popular
Nollaig 6, 2016
(English) Gaeltacht planning process officially commences in Donegal
Nollaig 6, 2016
(English) Plans are lodged for €1.5m new gaelscoil on Skibbereen site
Nollaig 6, 2016
(English) McConalogue calls on Education Minister to progress Buncrana 3 campus
Nollaig 6, 2016
(English) Irish medium schools’ patron campaigns for multi-denominational schools in Cork and Dublin
Nollaig 5, 2016
(English) An cód: Now children can learn computer coding in Irish for the first time
Nollaig 5, 2016
(English) Minister invites applications for patronage of four new primary schools to be established
Nollaig 5, 2016