Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin ag oscailt i Meán Fómhair 2015
Meitheamh 5, 2014
Tá sé deimhnithe ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí go n-osclóidh Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin don chéad uair i Meán Fómhair 2015, agus tá íomhánna den scoil mar a shamhlaítear í le híoslódáil anseo: Gaelcholáiste
Tréaslaíonn Gaelscoileanna Teo. le coiste bunaithe na scoile agus pobal Charraig Uí Leighin as an obair ar fad atá déanta acu leis an gcloch mhíle seo a bhaint amach, is cinnte go mbeidh rath ar an scoil amach anseo agus cuirfear gach tacaíocht ar fáil di agus í ag forbairt agus ag fás.
Tá tuilleadh eolais maidir leis an scoil le fáil ach teagmháil a dhéanamh le coiste bunaithe na scoile trí ríomhphost a chur chuig gaelcholaistecarrigaline@live.ie.
Gaelscoil Shliabh Rua – Cead Pleanála Faighte!
Meitheamh 3, 2014
Táimid an-sásta le rá go bhfuil cead pleanála faighte ag an scoil don suíomh nua ar an mBóthar Baile Uí Ógáin. Más mian le haon duine na pleananna a fheiceáil, tá siad ar fáil san oifig. Tá an Roinn Oideachas & Scileanna tar éis conradh a shíniú le Western Building Systems. Beidh an tógáil don fhoirgneamh nua ag tosú go luath agus beidh muid ag bogadh isteach go luath i 2015.
Gaelscoil Shliabh Rua
De La Salle Palmerston RFC
Páirc Kirwan
Cill Tiarnáin
BÁC 18
fón 01-2921774
Eolas d’Iarrthóirí sa Teastas Sóisearach agus san Ardteistiméireacht
Meitheamh 3, 2014
Tá eolas faoi na scrúduithe don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht, ar a n-áirítear nuashonruithe rialta i gcaitheamh thréimhse na scrúduithe, le fail ó shuíomh gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit www.examinations.ie. Is í an uimhir ghutháin do gach fiosrúchán ná 090 6442700.
I gcaitheamh tréimhse na scrúduithe scríofa (4ú go dtí 20ú Meitheamh 2014), bíonn baill den bhfoireann ar fáil chun déileáil le fiafraithe ó 8.30am go dtí 9.00pm laethe na scrúduithe agus ó 9.30am go dtí 1.00pm na deireadh seachtainí. Lasmuigh de na huaire seo is féidir teagmháil a dhéanamh tríd an bpríomhuimhir 090 6442700 agus teachtaireacht ghearr a fhágáil leis an bhfoireann slándála.
Cúrsa Teaghlaigh sa Ghaeltacht Iúil 2014 – Scoláireachtaí ar fáil
Bealtaine 28, 2014
Tá Foras na Gaeilge ag cur 10 scoláireachtaí, ar fiú €1000 an ceann iad, ar fáil do Chúrsa Teaghlaigh sa Ghaeilge atá a reáchtáil ag Cumann an Phiarsaigh i nGaoth Dobhair le linn na seachtaine 19-26 Iúil 2014.
Caitheann na teaghlaigh seachtain i nGaoth Dobhair ag freastal ar ranganna agus imeachtaí tré Ghaeilge a bheidh ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá a thuilleadh eolais faoin chúrsa féin ar an suíomh idirlíon www.piarsaigh.ie
Tabharfaidh an scolaireacht an deis do bheirt dhaoine fásta agus beirt pháistí freastal ar an chúrsa agus íocfar liúntas de €400 leo chun cuidiú le cúrsaí lóistín.
Is ar theaghlaigh atá san earnáil Gaelscoilaíochta faoi láthair atá na scolaireachtaí dírithe, sé sin le rá do theaghaligh a bhfuil páiste ag freastal ar ghaelscoil, ar ghaelcholáiste nó scoil ina bhfuil oideachas tré Ghaeilge a chur ar fáil.
Beidh dhá scolaireacht a bhronnadh ar an chlár Binneas Béil (2pm-4pm) ar RTE RAIDIO NA GAELTACHTA gach lá ón Luan 9ú Meitheamh go Aoine 13ú Meitheamh.
Tá Cumann an Phiarsaigh go mór faoi chomaoin ag Foras na Gaeilge as an tacaíocht seo a thabhairt don chúrsa.
Is féidir eolas breise a fháil ó Joe Ó Gallchóir, stiúrthóir an chúrsa, ag 086 8288764.
Seachtain na Gaeilge 2014 i nGaelcholáiste Luimnigh
Bealtaine 27, 2014
Bhí seachtain den chéad scoth ag daltaí Ghaelcholáiste Luimnigh le haghaidh Seachtain na Gaeilge arís i mbliana. Bhí réimse ollmhór de ghníomhaíochtaí spraíúla curtha ar fáil dóibh agus bhain gach éinne sár-thaitneamh astu.
Thosaigh an tseachtain amach le cluichí biongó ar siúl sna ranganna ag bliain 1 fad is a bhí na ranganna ar fad sa chéad, dara agus tríú bliain ag maisiú póstaeir don chomórtas póstaeir. Is éard a bhí le déanamh acu ná pictiúr a tharraingt chun míniú a thabhairt ar roinnt seanfhocail Gaeilge. Sampla amháin de na seanfhocail seo ná an ceann a rinne bliain 2, “Aithnítear cara i gcruatan.”
Bhí lá fíor-bheomhar againn sa scoil dé Máirt, le daltaí bliain 1 ag cleachtadh a gcuid scileanna damhsa nuair a bhí céilí iontach acu sa mhaidin. Chomh maith leis sin, chaith daltaí bliain 4, 5, 6 an tráthnóna ag imirt tag-rugbaí san ionad spóirt i Delta. Ní raibh aon dabht ach go raibh an comórtas an-láidir ar fad agus gach grúpa ag iarraidh an bua a bheith acu. Ag an deireadh bhí an bua ag rang Áine, agus iad ag troid go fíochmhar i gcoinne na múinteoirí.
Bhí na dána chun tosaigh ar an gCéadaoin, nuair a bhí an deis ag na daltaí éisteacht le ceol traidisiúnta agus amhráin a chleachtadh as Gaeilge. Anuas ar sin, bhí tráth na gceist eagraithe do lucht na céad bliana agus bhí seans ag daltaí bliain a dó féachaint ar roinnt gearrscannáin Gaeilge, cosúil le Yu Ming is ainm dom agus Clare sa Spéir. Bheifeá ag ceapadh gur san Omniplex a bhíodar!
Cuireadh deireadh leis an gceiliúradh ar fad do Sheachtain na Gaeilge ar an Déardaoin. Thosaigh an lá amach le blitz díospóireachta sa bhialann, le daltaí bliain 5 agus a 6 ag glacadh páirte. Is é an rún a bhí acu ná “Is iad na meáin chumarsáide a rialaíonn an tír seo.” Níl aon dabht ach gur chuir an rún seo na daltaí ag smaoineamh agus bhíodar an-phaiseanta ar fad maidir leis na hargóintí a bhí le déanamh acu. Cé go raibh an-chuid smaointí maithe ag bliain 5, bhí an t-ádh le lucht na séú bliana ag an deireadh agus an bua acu. Maith sibh ar fad!
Gan aon dabht, seachtain iontach spraíúil a bhí againn ar fad sa scoil i mbliana.
Tairiscint speisialta ar Forever Languages
Bealtaine 27, 2014
Tá tairiscint speisialta ar Forever Languages ar leabhair scoileanna On y va! 1 + 2. Téacsleabhair Fraincise d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge.
Tá On y va! an t-aon chúrsa Fraincise trí Ghaeilge atá ar fáil don Teastas Sóisearach.
Is don chéad bhliain iarbhunscoile On y va! 1 agus is don dara agus don tríú bliain On y va! 2. Tá an cúrsa seo foilsithe ag Authentik le tacaíocht ó COGG.
Tabharfar lacáiste 10% agus postas saor in aisce ar orduithe a íocfar roimh 30 Meitheamh 2014. Níl le déanamh ach Gaelscoileanna.ie a lua nó códfhocal GAEL a úsáid agus an t-ordú á dhéanamh agat ar ár suíomh gréasáin: www.foreverlanguages.com
Tá CD comh maith leis na leabhair le hábhar éisteachta agus tá nótaí múinteora le fáil ar an suíomh www.foreverlanguages.com
Tá ábhar breise nua anois ar www.foreverlanguages.com ar son On y va ! 1 agus 2 – cluichí, gníomhaíochtaí, lúbra focal, drag agus drop, abairtí measctha, péirí meaitseáil, litreacha ar iarraidh etc. Beimid ag cur níos mó ábhar agus cluichí ar an líonláithreán i rith an tSamhraidh.
Tabhair ríomhphost chuig marie@foreverlanguages.com le haghaidh tuilleadh sonraí.
Nasc linn ar Facebook www.facebook.com/ForeverLanguages
Lean muid ar Twitter @ForeverLangs
M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge
Bealtaine 23, 2014
Ré Nua don Oideachas Lán-Ghaeilge
An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach
2014-2016
Beidh an clár iarchéime, An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge curtha ar fáil arís i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach, i Meán Fómhair 2014. Sa clár ilchodach seo, An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, díreofar ar oideolaíocht agus teoiric an tumoideachais agus an dátheangachais ag tagairt go sonrach do riachtanais um fhorbairt ghairmiúil agus d’inniúlachtaí teangeolaíochta na múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.
Beidh an clár cumaisc foghlama seo curtha ar fáil ar bhonn páirtaimseartha thar thréimhse dhá bhliain acadúla.Beidh an fhoghlaim chumaisc mar ghné lárnach den chlár, i. cuid den chlár curtha ar fáil ar líne agus an chuid eile curtha ar fáil ar láthair ag an deireadh seachtaine – 6.30i.n. – 9.30i.n. ar an Aoine agus 9.30r.n. – 12.30i.n. ar an Satharn. Cuirfear soláthar for-rochtana san áireamh ag brath ar riachtanais na mac léinn. Is é a bheidh i gceist le gné foghlama ar an láthair de mhodúil áirithe ná seimineár ar feadh deireadh seachtaine a reáchtálfar sa Ghaeltacht.
Beidh an clár curtha ar fáil ar bhonn uaireanta foghlaim-threoraithe, seimineár ar líne agus ar láthair, taithí phraiticiúil agus scoil samhraidh. Mar thoradh ar an gcur chuige cumaisc agus ar dhearadh an chláir, beidh taighdeoirí tábhachtacha idirnáisiúnta i láthair agus pléifidh siad torthaí agus saincheisteanna nua i réimse an tumoideachais, an oideachais dhátheangaigh agus an dara teanga ar líne leis na mic léinn le linn an chláir.
Glacfar suas le fiche duine ar an gclár sa bhliain acadúil 2014/2015. Glacfar le h-iarrataisí ón lá inniu suas go dtí 20 Meitheamh 2014.
Cuirfear fáilte mhór roimh phlé neamhfhoirmeálta roimh iarratas a chur isteach. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Dr. T.J. Ó Ceallaigh, Comhordaitheoir an Chláir nó le lár-oifig iontrála an choláiste ag na sonraí thíos:
Dr T.J. Ó CEALLAIGH Comhordaitheoir an Chláir |
LÁR-OIFIG IONTRÁLA |
An Roinn Teanga, Litearthachta agus Matoideachais
COLÁISTE MHUIRE GAN SMÁL OLLSCOIL LUIMNIGH An Cuarbhóthar Theas, Luimneach, Éire. T +353 61 204325 |
COLÁISTE MHUIRE GAN SMÁL
OLLSCOIL LUIMNIGH An Cuarbhóthar Theas, Luimneach, Éire. T +353 61 204348/204929 R admissions@mic.ul.ie |
Tuilleadh Eolais: M Oid san Oideachas Lan Ghaeilge 1 2014 web
Comhghairdeas le Gaelcholáiste Luimnigh – tuairisc den scoth faighte acu!
Bealtaine 9, 2014
Tá ábhar ceiliúrtha agus bróid ag Gaelcholáiste Luimnigh sa tuairisc a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Scileanna le déanaí maidir le bainistíocht, ceannaireacht agus foghlaim sa scoil. Is féidir an tuairisc a léamh anseo: Gaelcholáiste Luimnigh MSU (Gaeilge) Gaelcholaiste Luimnigh WSE (English)
Tréaslaíonn Gaelscoileanna Teo. le pobal uile na scoile as an obair den scoth atá ar bun acu.
Ceardlann do mhúinteoirí ar an Mháirt, 6 Bealtaine
Bealtaine 2, 2014
Reáchtálfaidh Niall Mac Uidhilin, feidhmeannach ríomhaireachta agus mac léinn dochtúireachta san oideachas, ó Acadamh na hOllscolaíochta ceardlann do mhúinteoirí ó 7.30 – 8.30 tráthnóna Dé Máirt seo chugainn, 6 Bealtaine, i nGaelscoil Cholmcille, Lána na Cúlóige, Bóthar Oscar Traynor, An Chúlóg, Baile Átha Cliath 17.
Is í aidhm na ceardlainne taithí a thabhairt do mhúinteoirí ar mhodhanna saibhrithe teanga trí thaifid shaibre fhuaime a mheascadh le pictiúir agus le hábhair eile ag úsáid na teicneolaíochta. Beidh samplaí de threalamh fuaime agus bogearraí ríomhaireachta ar fáil ar an oíche le triail a bhaint astu.
Tuilleadh eolais le fáil ó niall.macuidhilin@oegaillimh.ie nó ag 085-7361753.
Tá an cheardlann seo á chur ar fáil le tacaíocht ó COGG agus bainfear úsáid as míreanna ó chartlann Raidió na Gaeltachta le linn na ceardlainne.
Folúntais i nGaelcholáiste Luimnigh
Bealtaine 2, 2014
Gach eolas ar fáil trí na naisc thíos: