Luach €2 bhilliún de thionscnaimh tógála scoile fógartha ag an Aire Oideachais agus Scileanna
Márta 12, 2012
Tháinig scéal inniu ón Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairi Quinn, maidir le cóiríocht scoile nua atá le tógáil sa tréimhse 2012-2015. Tá 275 tionscnamh tógála ar an liosta san iomlán, agus tá 40 scoil lán-Ghaeilge ina measc. Is dea-scéal é do na scoileanna ar fad atá ar an liosta, agus guíonn GAELSCOILEANNA TEO. gach rath ar phobail na scoileanna sin leis na forbairtí móra atá rompu. Tá liosta de na scoileanna lán-Ghaeilge a aithníodh thíos.
Beidh díomá, áfach, ar scoileanna eile atá ag fanacht le fada ar cóiríocht chuí ach nár tugadh san áireamh iad ar liostaí na Roinne Oideachais agus Scileanna don tréimhse 2012-2015. Tá 27% de bhunscoileanna agus 38% de na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sa tír gan cóiríocht buan nach bhfuil ar aon liosta cóiríochta ag an Roinn agus tá 60% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge a bunaíodh le 25 bliain anuas i gcóiríocht sealadach faoi láthair – sin gan trácht a dhéanamh ar scoileanna eile atá tar éis fás ón am a bhfuaireadar foirgneamh buan agus a bhfuil ag úsáid cóiríocht sealadach do chuid den scoil.
Éilíonn GAELSCOILEANNA TEO.:
- go dtabharfaí tosaíocht do ghéarchéim staid na cóiríochta i scoileanna lán-Ghaeilge le haitheantas buan atá i gcóiríocht shealadach laistigh den Rannóg Pleanála sa Roinn
- go mbeidh pleanáil réamhghníomhach ann do sholáthar suíomhanna trí struchtúr comhaontaithe idir an Roinn Oideachais agus Scileanna agus na húdaráis áitiúla
- go mbeidh dualgas reachtúil ar lucht pleanála sna comhairlí áitiúla suíomhanna cuí a aimsiú agus a chur ar leataobh do scoil a luaithe is a bhíonn an t-aitheantas buan bronnta orthu, móide cead ordú ceannaigh éigeantach a bheith acu
- go mbeidh dualgas reachtúil ar Oifig na nOibreacha Poiblí suíomh a cheannach laistigh de thréimhse 3 bliana ó bhronntar an t-aitheantas buan ar an scoil
- go mbeidh íoschaighdeán de chóiríocht shealadach do scoileanna, idir spás agus caighdeán fisiciúil, móide scála ama an tréimhse sealadaigh do gach scoil a bheith chomhaontaithe
- go mbeidh cúram cíosa 100% ar an Roinn Oideachais agus Scileanna do gach scoil le haitheantas buan, agus i gcás scoileanna gan aitheantas buan, aisíoc iomlán ar an difir idir 75% agus 100% tar éis don scoil aitheantas buan a bhaint amach.
Tá liostaí cóiríochta na Roinne le fáil ar www.education.ie ach seo thíos na scoileanna lán-Ghaeilge atá san áireamh orthu:
Obair tógála ar bun/le tosú i 2012
Gaelscoil Uí Fhiach, Cill Dara
Gaelcholáiste Oiriall, Muineacháin
Gaelscoil Ultain, Muineacháin
Gaelscoil Uí Riordán, Corcaigh
Gaelscoil Chloich na Coillte, Corcaigh
Gaelscoil Adamhnáin, Dún na nGall
Gaelscoil Eiscir Riada, BÁC
Gaelscoil na Deise, Port Láirge
Coláiste Áiligh, Dún na nGall
Obair tógála le tosú i 2013
Gaelscoil An Ghort Álainn, Corcaigh
Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Gaelscoil Chaladh an Treoigh, Luimneach
Gaelscoil Na Mí, An Mhí
Gaelscoil Éadan Doire, Uíbh Fháilí
Gaelscoil Inis Córthaidh, Loch Garman
Gaelscoil Moshíológ, Loch Garman
Gaelscoil an tInbhir Mhóir, Cill Mhantain
Gaelscoil na gCloch Liath, Cill Mhantáin
Obair tógála le tosú i 2014
Gaelscoil Mainistir na Corann, Corcaigh
Gaelscoil & Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Corcaigh
Gaelscoil nua, an tSeanbhábhún, BÁC
Gaelscoil Bharra, BÁC
Gaelscoil Bhaile Munna, BÁC
Bunscoil Coláiste Mhuire, BÁC
Gaelscoil nua, Cnoc na Cathrach, Gaillimh
Gaelscoil Riada, Gaillimh
Gaelscoil an Ráithín, Luimneach
Obair tógála le tosú i 2015
Gaelscoil de hÍde, Corcaigh
Gaelscoil nua, An Chéim, BÁC
Gaelscoil an Chuilinn, BÁC
Gaelscoil Ros Eo, BÁC
Scoil Lorcáin, BÁC
Gaelscoil Iarfhlatha, Gaillimh
Gaelscoil Riabhach, Gaillimh
Coláiste an Eachréidh, Gaillimh
Gaelscoil de hÍde, Gaillimh
Gaelscoil Liatroma, Liatrom
Gaelscoil an Longfoirt, Longfort
Gaelscoil an Bhradáin Feasa, An Mhí
Gaelscoil Chill Mhantain, Cill Mhantain
Minister Quinn announces details of 275 major school building projects – More than 15,000 jobs to be created over five years
Márta 12, 2012
€1.5bn spend to prioritise new schools
Márta 12, 2012
Race to run new schools hots up
Márta 12, 2012
Téann Ardmhéara Bhéal Feirste ar ais ar scoil le Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta 2012 a oscailt
Márta 9, 2012
O’Dowd leis an eochair-aitheasc a thabhairt
O’Dowd to give Keynote Speech
Is mian le Comhairle na Gaelscolaíochta, an foras comhairleach ar son na gaelscolaíochta ó thuaidh, an t-aonú Comhdháil dhéag dá cuid a fhógairt, a bheidh á reáchtáil i gColáiste Feirste, Béal Feirste, ar an 16ú Márta 2012.
Comhairle na Gaelscolaíochta, the Council for Irish-Medium Education, is pleased to announce that its 11th Annual Conference will take place on Wednesday 16th March in Coláiste Feirste Belfast.
Is ceann de na comhdhálacha is mó den chineál seo ar oileán na hÉireann é, Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta, a mheallfaidh toscairí ó ghaelscoileanna ó thuaidh agus ó dheas agus óna lán eagraíochtaí idir eagraíochtaí Gaeilge agus oideachasúla.
The Conference, one of the largest of its kind on the island of Ireland, will attract delegates from Irish-medium schools North and South and from numerous Irish language, cultural and educational organisations.
Is é téama na bliana seo Coláisteacht, comhroinnt dea-chleachtais agus comhoibriú earnála. Beidh réimse leathan cainteoirí i láthair ag an chomhdháil chun ceardlanna a thabhairt ar ghnéithe éagsúla a bhaineann le téama na comhdhála. Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh ár gcomhghleacaithe in An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna, i bPoblacht na hÉireann, a ghlacfaidh páirt in imeachtaí an lae chomh maith.
This year’s theme is collegiality, sharing good practice, sectoral co-operation. A wide range of speakers, drawn mostly from within the Irish-medium sector, will deliver workshops on various issues connected to the conference’s theme. We are particularly delighted to welcome our colleagues from the Professional Support Service for Primary Schools, in the Republic of Ireland, who will also contribute to the day’s events.
Agus é ag seoladh Chlár Comhdhála na bliana seo, dúirt Tarlach Mac Giolla Bhríde, comhordaitheoir na hócáide;
Is cúis áthais do Chomhairle na Gaelscolaíochta agus don earnáil ar fad go mbeidh Ardmhéara Bhéal Feirste, Niall Ó Donnghaile ag pilleadh ar an alma mater s’aige leis an Chomhdháil a oscailt dúinn i mbliana. Is iardhalta gaelscoile Bhunscoil Phobal Feirste agus Choláiste Feirste é an tUasal Ó Donnghaile agus is eiseamláir iontach é ar na buntáistí a bhaineann leis an Ghaelscolaíocht.
Tá muid thar a bheith sásta chomh maith gur an tAire Oideachais, John O’Dowd a bheidh ag tabhairt eochair-aithisc na Comhdhála i mbliana.
While launching the programme for this year’s conference, Tarlach Mac Giolla Bhríde, Conference co-ordinator said;
Comhairle na Gaelscolaíochta and the wider Irish-medium sector will be delighted that Belfast’s Lord Mayor, Niall Ó Donnghaile is returning to his Alma Mater to launch this year’s Conference. Niall is a past pupil of Coláiste Feirste and Bunscoil Phobal Feirste before that and he is a prime example of the many advantages of Irish-medium education.
We are also pleased to announce that Education Minister John O’Dowd will deliver this year’s keynote speech.
Tionólfar an Chomhdháil Dé hAoine 16ú Márta i gColáiste Feirste, Páirc Radharc na bhFeá, Bóthar na bhFál, Béal Feirste, idir 9.30 agus 4.00.
The Conference will be held on March 16th in Coláiste Feirste, Beechview Park, Falls Road, Belfast between 9.30 and 4.00.
Contact Details
For more information contact
An Dr Micheál Ó Duibh, Comhairle na Gaelscolaíochta
Phone: 028 90 321475
Email: moduibh@comhairle.org
Seachtain na Gaeilge i mBunscoil an Iúir
Márta 8, 2012
Bhí atmasféar iontach i mBunscoil an Iúir Dé Chéadoin seo chuaigh thart nuair a chuir Bunscoil an Iúir tráth na gceist Idirmheánscoile tionscnaimh i láthair mar eachtraí Sheachtain na Gaeilge. Tháinig micléinn ó Ardscoil Phóil, an tSrúthán, Ardscoil Iosaf, Crois Mhic Lionnáin agus Scoil Gramadach na Maighdine Muire le chéile chun páirt a ghlacadh sa chéad tráth na gceist dá shórt. Bhí maistir scoile, Daithí Ó Muirí mar fhear an tí agus rinne sé an-obair chun tráth na gceist iontach a chur ar fáil do na dáltaí. Chlúdaigh na ceisteanna achan rud ó stair go Tíreolas, cúrsaí reatha, spórt agus ceol. Bhí foireann déag ann agus an-chomórtas eatarthu chun an corn a bhaint. Sa deireadh, bhí an bua ag scolairí reatha Bhunscoil an Iúir agus an-bhród orthu scolairí Mheánscoile a bhualadh.
D’fháiltigh Príomhoide na Bunscoile, Maria Nic Fhearchair na micléinn iarBhunscoile go Bunscoil an Iúir ag rá, “Tugann Seachtain na Gaeilge deis dúinn an Ghaeilge a thaispeáint mar theanga beo, bríomhar, nua-aoiseach. Feiceann na micléinn iarBhunscoile an dóigh is a úsáidimid an teanga gach lá agus go bhfuil ár ndáltaí an-chumasach i labhairt na Gaeilge.”
Is scoil Ghaelach í Bunscoil an Iúir le cuspóir oideachas leathan den ard-chaighdeán a thabhairt dá bpáistí trí mheán na Gaeilge sa dóigh is go mbeidh siad ullmhaithe an oiread is féidir don chéad chéim eile dá saoil chun riachtánais teangacha na bpáiste a fhorbairt. Fáiltimid páistí ó achan chúlra, is cuma óg ná aosta, fireann ná baineann ó chúlraí éagsúla – is féidir le hachan duine oibriú le chéile.
Tá eachtraí eile ann:
Dé Máirt 13ú Márta @ 1:30p.m.
Taispeántas “Teachtaireacht i mBuidéal” – tá buidéil – idir sean agus aosta – a thagann ó cheantar an Iúir le feiceáil.
AGUS
Taispeántas “Stair na Gáslainne” agus “An Titanic”. Tá taighde iontach déanta ag Rang 6/7 ar stair na gáslainne – an áit ina bhfuil muid lonnaithe. Rinne siad staidéar ar an Titanic agus tá taispeántas curtha le chéile acu atá siad ag iarraidh roinnt leat.
Déardaoin 15ú Márta @ 8 – 11p.m. beidh Céilí le fear áitiúl Raymond Carroll. This event is open to Céilí dancers and Rang 6/7.
Tuilleadh eolais ar fáil ag: 302 60860 nó téigh chuig www.bunscoilaniuir.com
Splitting Irish course would help language
Márta 8, 2012
GAELSCOILEANNA NUA AG OSCAILT FAOI AN FORAS PÁTRÚNACHTA I 2012 AGUS 2013
Márta 8, 2012
D’fhógair An t-Aire Ruairí Quinn de chuid An Roinn Oideachais agus Scileanna an cinneadh ar phátrúnacht do na bunscoileanna nua ag oscailt i mí Mhéan Fómhair 2012, agus i Meán Fómhair 2013.
“Tá an-áthas ar An Foras Pátrúnachta go mbeidh trí Ghaelscoil nua ag oscailt faoin bpátrún idir 2012 agus 2013 i mBaile Átha Cliath. Tugadh le fios dúinn roimhe seo go mbeadh Gaelscoil an Chuilinn i Mullach Eadrad ag oscailt an bhliain seo agus anois tá fás tagtha ar líon na nGaelscoileanna faoin bpatrún le dhá Ghaelscoil nua eile ag oscailt i dTamhlacht agus sa Chéim sa bhliain 2013”, a dúirt Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra. Roghnaigh An Roinn Oideachais ceantair áirithe timpeall na tíre ina fheictear dóibh go mbeidh fás suntasach sa dhaonra ann sna blianta amach romhainn agus go mbeidh gá mar sin le tuilleadh scoileanna a oscailt iontu.
Rinne An Foras Pátrúnachta iarratais ar deich bunscoil nua i gceantair éagsúil i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, Corcaigh agus Gaillimh i mí Dheireadh Fómhair, 2011. Thug an pátrún aird ar na riachtanais a leag An Roinn Oideachais amach do na pátrúin scoile ar fad, éagsúlacht phátrúin, iolarthacht agus éileamh thuistí, san áireamh. Fhad is atá an pátrún thar a bheith sásta go bhfuil líon na nGaelscoileanna ag fás, tá iontas áfach ar An Foras Pátrúnachta nár tugadh aitheantas do dhá cheantar faoi leith, Baile an Chairpintéaraigh i mBaile Átha Cliath agus Baile Chill Dara. Dúirt ArdRúnaí Ó hEaghra “go raibh neart tacaíochta agus éilimh léirithe don phátrún ó thuismitheoirí sna ceantair seo.” Fáilteoidh An Roinn Oideachais, áfach, leis an dara bhunscoil a oscailt mar Ghaelscoil i mBaile Chill Dara i 2014, más féidir le An Foras Pátrúnachta an t-éileamh a léiriú. Tá an pátrún anmhuiníneach gur féidir an coinníoll seo a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, beidh an ceathrú Gaelscoil ag oscailt i gCnoc na Cathrach, Gaillimh i 2013, ach beidh cinneadh á dhéanamh ag an Roinn ar phátrúnacht na scoile sin nuair a iarraidh An Roinn ar An Foras Pátrúnachta agus An Coiste Gairmoideachais, a rinne iarratas don scoil nua chomh maith, tuilleadh soléiriú a dhéanamh ar a gcuid n-iarratas .
Beidh An Foras Pátrúnachta ag eagrú cruinnithe poiblí amach anseo sna ceantair a bhfuil Gaelscoileanna á n-oscailt. Tá sé i gceist coistí bunaithe a chur le chéile sna ceantair seo mura bhfuil siad ann cheana. Is féidir réamh-chlárú a dhéanamh idir an dá linn le An Foras Pátrúnachta ar www.foras.ie do na scoileanna nua seo.
Le haghaidh agallaimh nó tuilleadh eolais, dean teagmháil le: Caitríona Bairéad :: caitriona@foras.ie :: 01-6294110
Faoi An Foras Pátrúnachta:
Bunaíodh An Foras Pátrúnachta sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht. Is pátrúnacht náisiúnta é An Foras Pátrúnachta do scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal. Tá An Foras Pátrúnachta ina Phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach /Protastúnach) acu.
An fhís atá ag An Foras Pátrúnachta ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír.
Tá An Foras Pátrúnachta aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta atá inghlactha agus cuí do scoileanna ag an gcéad agus an dara leibhéal.
New Irish language edition of best-selling classic Under the Hawthorn Tree
Márta 8, 2012
Comórtais, gníomhaíochtaí & spraoi i gcomhair Sheachtain na Gaeilge
Márta 7, 2012
An bhfuil do scoil / grúpa óige ag iarraidh rud éigin spraíúil spreagúil a dhéanamh i gcomhair Sheachtain na Gaeilge? Seo bhúr ndeis – glac páirt i Rith 2012, ollrith sealaíochta trí 15 chontae agus 75 baile ar fud na hÉireann ón 8-17 Márta. Tá bealaí éagsúla le bheith páirteach:
- Cuir isteach ar na comórtais chun duaiseanna ranga agus aonair a bhuachan.
- Glac páirt ann. Ceannaigh ciliméadar agus iompaigh Baitín Sealaíochta Rith. Nó bain úsáid as na cluichí agus frásaí úsáideacha chun imeacht a eagrú i do scoil féin.
- Íoslódáil póstaeir, pleananna ceachta, agus bileoga oibre agus úsáid Rith chun foghlama sa Tíreolaíocht, Corpoideachas, Ceol agus OSPS.