Méid an Téacs

An Gaelchampas is mó sa tír le hoscailt i gCarraig Uí Laighin

Iúil 9, 2010

Tá sé fógartha go bhfuil aitheantas sealadach bronnta ar Ghaelcholáiste nua i gCarraig Uí Laighin, i gCorcaigh, a bheidh ag oscailt i 2012.

Tagann an scéal seo i ndiaidh dhá bhliain d’fheachtasaíocht. Beidh an scoil seo ar an ‘Gaelchampas’ is mó sa tír, dar leis an eagraíocht Gaelscoileanna Teo.

Beidh bunscoil agus iarbhunscoil lán-Ghaeilge chomh maith le scoil do pháistí le riachtanais speisialta ar aon suíomh amháin. Tá cinneadh déanta ag an Roinn Oideachais suíomh 21 acra a cheannach i mBaile an Riabhaigh don scoil.

Ba é an Teachta Dála áitiúil i gCarraig Uí Laighin a chuir an dea-scéal in iúl do choiste bunaithe na scoile, seachtain ó shin. “Cinneadh an-dearfach é seo a chinntíonn go mbeidh an ghaelscolaíocht mar rogha do thuismitheoirí agus do dhaltaí Charraig Uí Laighin agus tuismitheoirí an cheantair máguaird,” a deir Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo.

“Gabhann muid comhghairdeas mór leis an gcoiste as an éacht atá bainte amach acu agus leis an Roinn Oideachais agus Scileanna as aitheantas a thabhairt don éileamh ó thuismitheoirí agus don riachtanas a bhaineann le soláthar na gaelscolaíochta.”

Beidh an Coiste Gairmoideachais mar phátrún ar an nGaelcholáiste agus tá sé i gceist an suíomh a fhorbairt le go mbeidh áiseanna ann le freastal ar suas 700 dalta. Tá breis agus 460 dalta cláraithe ag a dtuismitheoirí leis an scoil nua, a chuir cathaoirleach an choiste bunaithe, Noel O’Regan in iúl, rud a léironn gur rogha an-láidir í an Ghaelscolaíocht mar chóras oideachais i measc an phobail. Cuireann an scoil fáilte roimh iarratais ar áiteanna scoile ó thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge nó Béarla.

Tabharfar cabhair bhreise do pháistí ag teacht ó scoileanna Béarla ag tús na scoilbhliana má tá gá acu leis. “Déanfaimid ár ndícheall le cinntiú go mbeidh an Gaelcholáiste ar fáil do gach páiste sa cheantar ar fhágáil na bunscoile dóibh,” a deir an tUasal O’Regan.

Thar ceann an choiste bunaithe, ghabh sé buíochas le gach éinne a bhí bainteach leis an bhfeachtas, ina measc siúd an an t-iar-Theachta Dála Batt O’Keeffe (le linn a ré mar Aire Oideachais), iar Theachta Dála Barry Cogan agus cathaoirleach Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí, Barra Ó Briain.

Tá tuilleadh eolais maidir le forbairt na scoile ar fáil ar an suíomh www.gaelcholaistecarrigaline.net.

Gaelscéal – Meadhbh Ní Eadhra
09 Iúil 2010

Tír gan teanga, tír gan anam…

Iúil 8, 2010

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Aitheantas Buan ag Gaelcholáiste Chill Dara

Iúil 7, 2010

Bronnadh aitheantas buan ar Ghael-Choláiste Chill Dara ar an 5 Iúil 2010. Gabh príomhoide na scoile, Séamus Ó Ceanainn, buíochas ó chroí thar ceann pobal na scoile le Mary Coughlan, Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna, agus le Seán Ó Fearghaíl T.D. as an obair ar fad atá déanta acu chun an scéal iontach seo a chur i gcrích.

Beidh tuilleadh eolais amach anseo ar www.gccd.ie.

Oíche Oscailte i nGaelscoil Ráth Tó

Iúil 7, 2010

Beidh oíche oscailte againn do phobal Ráth Tó maidir leis an scoil nua ar Céadaaoin an 21ú Iúil ó 6.30-7.30in agus beidh fáilte roimh cách. Tabharfaidh sé deis do dhaoine cuairt a thabhairt ar seomra ranga na scoile a bheas leagtha amach don oíche, agus deis dóibh chomh maith bualadh le múinteoir nua na scoile, Tricia Ní Mhaolagáin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.gaelscoilrathto.ning.com.

Suíomh ceadaithe ag an Aire Oideachais do Ghaelcholáiste Charraig Uí Laighin

Iúil 7, 2010

Beidh iarbhunscoil lán-Ghaeilge ag Carraig Uí Laighean laistigh de cúpla bliain. Chur an Teachta Dála áitiúil Michael McGrath an dea-scéal in iúl do choiste bunaithe an Ghaelcholáiste ag deireadh na seachtaine seo chaite. Fuair an tUasal McGrath litir leis an scéal a dhearbhú ón Tánaiste, an tAire Oideachais agus Scileanna, Mary Coughlan. Cheadaigh an tAire ceannach suíomh 21 acra, ar a lonnófar an Gaelcholáiste, bunscoil nua (is féidir go mbogfaidh Gaelscoil Charraig Uí Laighin ann) agus scoil do pháistí le riachtanais speisialta.

Beidh an Gaelcholáiste lonnaithe i mBaile an Riabhaigh, Carraig Uí Laighean. Beidh an Coiste Gairmoideachais mar phátrún ar an nGaelcholáiste agus tá pleananna ann leis an suíomh a fhorbairt, le háiseanna den scoth ann le freastal ar suas go 700 mac léinn. Má chineann an bunscoil, Gaelscoil Charraig Uí Laighin, ar bogadh ann, beidh sé mar an campas is mó dá chineál, le bun- agus iarbhunscoil lán-Ghaeilge chomh maith le scoil do pháistí le riachtanais speisialta ar aon suíomh amháin.

Chur an nuacht an-áthas ar Oifigeach Caidrimh Poiblí an choiste, Adrian Breathnach, “Táimid ar bís ar fad an fógra seo a fháil. D’oibrigh an coiste go h-an dian le dhá bhliain anuas le seo a bhaint amach, tá ceann de na gaelscoileanna is mó sa tír ag Carraig Uí Laighin agus luíonn sé le ciall go mbeadh iarbhunscoil lán-Ghaeilge ann chomh maith.”

Chur cathaoirleach an choiste, Noel O’Regan, an-fháilte roimh an nuacht chomh maith agus dúirt sé go raibh “tacaíocht den scoth faighte ó thuismitheoirí ó Charraig Uí Laighean go Cóbh, Dúglas agus Béal Guala go dtí seo agus lena dtacaíocht leanúnach bheadh sé i gceist againn an Gaelcholáiste is fearr sa tír a chur ar fáil d’ár daltaí.”

Dar leis an tUasal  O’Regan, “tá breis agus 460 mac léinn cláraithe ag a dtuismitheoirí leis an scoil nua. Léiríonn sé seo go soiléir go dteastaíonn oideachas trí mheán na Gaeilge ó thuismitheoirí agus páistí Charraig Uí Laighin agus na bunscoileanna sa cheantar máguaird. Tá fáilte roimh iarratais ar áiteanna scoile ó thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge nó Béarla. Tabharfar cabhair bhreise do pháistí ag teacht ó scoileanna Béarla ag tús na scoilbhliana má tá gá acu leis. Déanfaimid ár ndícheall le cinntiú go mbeidh an Gaelcholáiste ar fáil do gach páiste sa cheantar ar fágáil na bunscoile dóibh.”

Thar ceann an choiste bunaithe, ghabh an tUasal O’Regan buíochas le gach éinne a bhí bainteach leis an bhfeachtas, ina measc siúd an Teachta Dála Batt O’Keeffe (le linn a ré mar Aire Oideachais), iar Theachta Dála Barry Cogan agus cathaoirleach Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí, Barra O’Briain.

Léiríonn taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta go bhfuil gastacht meabhrach, scileanna cumarsáide agus feasacht cultúrtha níos fearr ag páistí a fhaigheann oideachas dátheangach nó ilteangach, agus go mbíonn cumas foghlamtha teanga níos fearr acu chomh maith.

Tá tuilleadh eolais maidir le forbairt na scoile ar fáil ar an suíomh www.gaelcholaistecarrigaline.net.

Gaelcholáiste nua do Charraig Uí Laighean

Iúil 7, 2010

I ndiaidh tréimhse dhá bhliain de dhian-fheachtas tá cúis an-mhór ceiliúrtha ag muintir Charraig Uí Laighin le fógairt an scéala go bhfuil aitheantas sealadach bronnta ar an nGaelcholáiste nua a bheidh ag oscailt i 2012. Le hoscailt na scoile seo beidh sé mar an Gaelchampas is mó sa tír, le bun- agus iarbhunscoil lán-Ghaeilge chomh maith le scoil do pháistí le riachtanais speisialta ar aon suíomh amháin.

Fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. go mór roimh chinneadh na Roinne suíomh 21 acra a cheannach i mBaile an Riabhaigh, Carraig Uí Laighean don scoil. Chuir an Teachta Dála áitiúil Michael McGrath an dea-scéal in iúl do choiste bunaithe na scoile ag deireadh na seachtaine seo caite.

Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO. ina thaobh, “gur cinneadh an-dearfach é seo a chinntíonn go mbeidh an ghaelscolaíocht mar rogha do thuismitheoirí agus do dhaltaí Charraig Uí Laighin agus tuismitheoirí an cheantair máguaird. Gabhann GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas mór leis an gcoiste as an éacht atá bainte amach acu agus leis an Roinn Oideachais agus Scileanna as aitheantas a thabhairt don éileamh ó thuismitheoirí agus don riachtanas a bhaineann le soláthar na gaelscolaíochta”.

Beidh an Coiste Gairmoideachais mar phátrún ar an nGaelcholáiste agus tá sé i gceist an suíomh a fhorbairt le go mbeidh áiseanna ann le freastal ar suas go 700 mac léinn. Tá breis agus 460 mac léinn cláraithe ag a dtuismitheoirí leis an scoil nua, dar le cathaoirleach an choiste bunaithe, Noel O’Regan, rud a léiríonn gur rogha an-láidir í an Ghaelscolaíocht mar chóras oideachais i measc an phobail. Cuireann an scoil fáilte roimh iarratais ar áiteanna scoile ó thuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge nó Béarla. Tabharfar cabhair bhreise do pháistí ag teacht ó scoileanna Béarla ag tús na scoilbhliana má tá gá acu leis. “Déanfaimid ár ndícheall le cinntiú go mbeidh an Gaelcholáiste ar fáil do gach páiste sa cheantar ar fágáil na bunscoile dóibh” a deir an tUasal O’Regan. Thar ceann an choiste bunaithe, ghabh sé buíochas le gach éinne a bhí bainteach leis an bhfeachtas, ina measc siúd an Teachta Dála Batt O’Keeffe (le linn a ré mar Aire Oideachais), iar Theachta Dála Barry Cogan agus cathaoirleach Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí, Barra O’Briain.

Tá tuilleadh eolais maidir le forbairt na scoile ar fáil ar an suíomh www.gaelcholaistecarrigaline.net agus beidh GAELSCOILEANNA TEO. ag comhoibriú leis an gcoiste bunaithe agus Coiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí agus iad ag obair i dtreo oscailt na scoile i 2012.

Scoil na gCeithre Máistrí – Bliots Lár Tíre 2010

Iúil 5, 2010

Ar an 17ú Meitheamh i mbliana, tháinig páistí rang a cúig agus rang a sé ó na gaelscoileanna lár tíre le chéile in Áth Luain chun páirt a ghlacadh i mbliots spóirt. Thart ar 170 páiste ar fad a bhí páirteach ann. Bhí páistí ó Ghaelscoil Longfoirt, Gaelscoil de hÍde, Ros Comáin, Gaelscoil an Eiscir Riada, Tulach Mhór agus Scoil na gCeithre Máistrí in Áth Luain páirteach ann.

Ghlac na páistí páirt i go leor comórtais. I measc na n-imeachtaí a bhí ar siúl, bhí peil Ghaelach, cispheil, snámh, cór, uni-hoc, iománaíocht, sacar, tráth na gceist bord, poc fada agus rás na gconstaicí. Chabhraigh daltaí meánscoile le réiteoireacht a dhéanamh ar na cluichí.

Míle buíochas do Chlub Sacair Átha Luain a chuir a bpáirc peile ar fáil don bhliots. Bhí lá spraíúil, spóirtiúil ag gach duine, idir páistí agus múinteoirí agus tá súil againn go mbeidh a leithead ann arís.

Gaelscoil de hÍde – Comórtas Iomána

Iúil 5, 2010

Bhí Comórtas Iomána trí Ghaeilge ag leibhéal na bunscoile i nGaelscoil de hÍde ar an 9 Meitheamh 2010. Bhí an comórtas in onóir Kyle Mhic Bhrain, mac léinn a bhí ar scoil ann ó 2000-2006. Ar an 7 Iúil, 2008, fuair Kyle Mac Bhrain bás go tobann ar chúrsa samhraidh i gCorr na Móna, Gaeltacht na Gaillimhe. Ag imirt iomána a bhí sé ag an am. Ghlac 6 scoil páirt ar an 9ú Meitheamh 2010 agus bhí lá iontach acu go léir.

Deeply concerned about Colaiste na Coiribe move

Iúil 2, 2010

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Scoil Raifteirí – Tráth na gCeist

Iúil 1, 2010

Tháinig páistí sinsearacha ó Scoil Raifteirí, Gaelscoil na gCeithre Maol, Gaelscoil na Cruaiche agus Gaelscoil Uileog de Búrca le chéile i Scoil Raifteirí, Caisleán an Bharraigh, ar an 17ú Bealtaine 2010, chun tráth na gceist a dhéanamh.

gaelscoileanna-i-scoil-raifteiri

Cliceáil ar an ngrianghraf le leagan níos mó de a fheiceáil!

« Previous PageNext Page »