Fíbín: An Triail
Meán Fómhair 21, 2016
Múinteoir Gaeilge á lorg, Coláiste Chomáin, Maigh Eo.
Meán Fómhair 20, 2016
Tá múinteoir Gaeilge de dhíth le haghaidh sos máithreachas ón 21ú Samhain go deireadh na bliana, i gColáiste Chomáin, Ros Dumhach, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Ciarán Ó Máille ag eolas@gcr.ie nó glaoch a chur ar 097-88940.
Is Eolaí Mé ag tosú tráthnóna ar Cúla 4!!
Meán Fómhair 20, 2016
Ná déanaigí dearmad go bhfuil an tsraith nua eolaíochta ‘Is Eolaí Mé’, dírithe ar dhaoine óga idir 8-12 bliain d’aois ag tosú tráthnóna ar Cúla 4 ag 5.25i.n – Beidh an clár á chraoladh gach Máirt agus Déardaoin as seo go Nollaig! Beidh an clár ar fáil ar sheinnteoir TG4 chomh maith, a bheidh an-úsáideach do mhúinteoirí sa seomra ranga. Seolfar an suíomh gréasáin www.cula4.com/iseolaime inniu chomh maith agus beidh gach eolas le fáil anseo faoi thurgnaimh eolaíochta, faoin mír ‘Déan é seo sa Bhaile’ agus gach ní eile a bhaineann leis an gclár.
Is faoi chúrsaí Maighnéadas atá an chéad chlár agus téama difriúil á chur i láthair ag Peadar i ngach clár. An raibh a fhios agat gur maighnéad mór amháin é an domhan agus an ghrian chomh maith? An raibh a fhios agat go bhfuil maighnéid i ríomhairí, i dtáibléid agus i bhfóin phóca? Inniu tugann Peadar cuairt ar cheann de na maighnéid is mó sa tír ag ionad athchúrsála miotail. Téann Úna & a cairde ag treodóireacht sa choill agus caithfidh siad an bealach a dhéanamh ag úsáid léarscáil agus compás.Beidh Dylan Seoighe & Chelsea Seoighe ag cabhrú le Peadar sa stiúideo chun maighnéad a dhéanamh. Cuireann Aodh an dallamullóg ar an Ollamh nuair a théann sí i bhfolach faoin mbord le maighnéad mór.
Beidh an-spraoi ag Peadar, Úna agus a gcairde ag fiosrú cúrsaí eolaíochta i ngach clár mar sin déanaigí cinnte a bheith ag féachaint ar Cúla 4 gach Máirt agus Déardaoin ag 5.25 sa tráthnóna!!
Cumann na bhFiann 2016-2017
Meán Fómhair 20, 2016
Tá na sonraí ar fad ceangailte maidir leis an ngréasán d’Óg Clubanna a bheidh ag oscailt againn ar fud na tíre an tseachtain seo. Tá na Clubanna dírithe ar an aois grúpa 10-18 agus fáiltítear aon bhall nua gur mian leo a chuid Gaeilge a chleachtadh agus a húsáid go rialta ar bhonn sóisialta.
Má tá ceist ar bith agat faoi na Clubanna seo, ní gá ach teagmháil a dhéanamh ar ais liom nó leis na huimhreacha in aice na gClubanna ar an liosta.
Íoslódáil an liosta anseo: clubanna-cumann-na-bhfiann-2016-2017
Cumann na bhFiann | Ionad Óige na hÉireann | Droim Rí | Co. na Mí | A85 K221
Fón (+3531) 825 9342
Rphost traic@cnb.ie | Suíomh www.cnb.ie
Naíolann ceadaithe i nGaelscoil Éanna
Meán Fómhair 20, 2016
Plean £2.3 milliúin do Ghaelscoil nua
Meán Fómhair 20, 2016
Seoladh Leabhair: Ceol Leat! Amhráin agus rannta do pháistí óga.
Meán Fómhair 20, 2016
Polasaí Oideachais Gaeltachta geallta roimh dheireadh na bliana agus i bhfeidhm Meán Fómhair 2017
Meán Fómhair 16, 2016
Rachfaidh an Polasaí Oideachais Gaeltachta os comhair bhord an Rialtais go gairid i ndiaidh cruinniú an choiste idir ranna faoi chúram an Taoisigh ar an 5 Deireadh Fómhair, a dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne, T.D. ag cruinniú le toscaireacht de chuid Gaelscoileanna Teo. inné.
Buiséad de €7 milliún in aghaidh na bliana atá luaite do chur i bhfeidhm an pholasaí, a mhaígh an tAire. Cé nár cuireadh an dréacht pholasaí os chomhair na toscaireachta, tugadh le fios go gcuimsíonn sé an chuid is mó de na moltaí a bhí leagtha amach sa cháipéis Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta, a foilsíodh Bealtaine 2015. Ghlac an tAire go tuisceanach le hábhair imní na toscaireachta faoin bpráinn a bhain le foilsiú an Pholasaí, agus faoin lagmhisneach atá ar phobail na Gaeltachta leis an bhfolús treorach atá ann i dtaobh an luaththumoideachais agus feidhmiú an churaclaim nua bunscoile, i measc go leor eile.
Ábhar dóchais a bhí ann don toscaireacht leibhéal na tuisceana agus tacaíochta a léirigh an tAire do dhúshláin na scoileanna Gaeltachta ag an dá leibhéal, ar a n-áirítear an cóimheas múinteoirí le daltaí i scoileanna beaga, cás na n-oileán, soláthar múinteoirí mar aon le soláthar acmhainní teagaisc agus foghlama. Ina chuid focail féin, léirigh sé go bhfuil seasamh leochaileach na scoileanna beaga agus scoileanna na n-oileán “tromchúiseach” agus aithníonn sé an ghá le hinfheistíocht chuí agus feachtais tacaíochta. Aithníodh freisin go bhfuil sé riachtanach go mbeadh ionadaíocht chuí ó bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna Gaeltachta ar bhord COGG chun a chinntiú go mbeidh guth an oideachais Gaeltachta lárnach i bhforbairt na hearnála.
Deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna, ina leith, “táimid an-bhuíoch don Aire as an tacaíocht a gheall sé don toscaireacht thar ceann na scoileanna Gaeltachta go gcinnteoidh sé go ndéanfaidh an Rialtas beart de réir briathar agus go bhfoilseofar an Polasaí Oideachais Gaeltachta roimh dheireadh na bliana”. Anuas air sin, “aithníonn an tAire go bhfuil priarachtaí eile ag scoileanna Gaeltachta ar a n-áirítear an cóimheas múinteoirí le daltaí nach bhfuil tógtha san áireamh sa pholasaí oideachais Gaeltachta, agus impímid air tionchar dearfach a imirt ar an Rialtas agus ar an Roinn Oideachais agus Scileanna chun críche athbhreithniú ar an gcás agus cóimheas nua a chur i bhfeidhm a chinnteoidh inmharthacht agus caomhnú scoileanna beaga Gaeltachta agus oileán, an teanga agus na pobail lena mbaineann”.
Impíonn Gaelscoileanna Teo. ar an Aire dul i bhfeidhm go dearfach ar an Rialtas faoi fhoilsiú an pholasaí ar bhonn práinne, polasaí a thugann aghaidh ar an iliomad castachtaí agus dúshláin a bhaineann leis an oideachas Gaeltachta.
Is iad Peadar Ó Sé, Príomhoide Ghairmscoil Cholmcille, Indreabhán, Seán Mac Donnacha Príomhoide, Scoil Chuimsítheach Chiarain, An Cheathrú Rua, Mairead Ní Chualain, S.N. Leitir Meallain, Anna Ní Chartúir S. N. leitir Múcu agus Comac ó Tuairisc, Scoil Éinne an Spidéal na múinteóirí Gaeltachta a bhí i láthair ag an gcruinniú.
An eagraíocht Gaelscoileanna ag féachaint lena hainm a athrú ag cruinniú urghnách
Meán Fómhair 16, 2016
D’fhéadfadh go bhfuil athrú ainm i ndán don eagraíocht Gaelscoileanna Teo, ceann de na heagraíochtaí Gaeilge is aitheanta sa tír. Beidh rún á rith ag Bord Stiúrtha Ghaelscoileanna ag cruinniú urghnách a bheidh ag an eagraíocht an mhí seo chugainn chun an t-ainm a athrú.
Is é an rún a chuirfear faoi bhráid an chruinnithe:
‘Go ndéanfar ainm na heagraíochta, Gaelscoileanna Teo., a athrú go Gaeloideachas: Guth don Oideachas Lán-Ghaeilge (mar shluán).’
Beidh cead ag aon scoil atá ina ball de Ghaelscoileanna Teo suas le trí vóta a caitheamh nuair a chuirfear an rún chun vóta in Óstán Clarion i mBaile Átha Cliath ar an 6 Deireadh Fómhair.
Ní foláir do chomhalta ó scoil a bheith i láthair ag an gcruinniú urghnách le go mbeadh vóta ag an scoil sin.
Tá an rún á chur chun cinn i bhfianaise an athraithe atá tagtha ar chúraimí na heagraíochta ó ceapadh ina ceanneagraíocht í in 2014.
D’fhág an t-athrú sin go bhfuil cúraimí anois ar Ghaelscoileanna Teo i dtaobh scoileanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di chomh maith le naíonraí lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.
Dheimhnigh urlabhraí de chuid Gaelscoileanna Teo le Tuairisc.ie gur ‘Gaeloideachas’ a thabharfaí ar an eagraíocht feasta dá rithfí an rún an mhí seo chugainn, ach nach mbeadh “rud ar bith deimhnithe” go dtí go mbeadh an cruinniú sin thart.
Bunaíodh an eagraíocht Gaelscoileanna Teo. sa bhliain 1973 leis an nGaelscolaíocht a chur chun cinn.
Neart imeachtaí Gaeilge ar fud na tíre anocht d’Oíche Chultúir 2016
Meán Fómhair 16, 2016
Beidh ealaín agus ceol i gConamara, Mícheál Ó Coileáin fillte ar Ardoifig Chonradh na Gaeilge, an Asgard i nGaoth Dobhair an athuair agus go leor leor imeachtaí eile ar siúl d’Oíche Chultúir na bliana seo.
Beidh beagnach 30 imeacht ar siúl sa Ghaeltacht mar chuid d’Oíche Chultúir 2016 anocht. Beidh na himeachtaí ar siúl i ngach aon cheantar Gaeltachta sa tír agus beidh suas le 60 imeacht Gaeilge eile ag tarlú in áiteanna eile ar fud na tíre.
I measc bhuaiceanna na Gaeltachta beidh oíche ‘Spraoi, Draíochta agus Siamsaíochta’ ar an Spidéal i nGaillimh, oíche shiamsaíochta i Ráth Chairn, ‘Ealaín sa Lab’ sa Daingean, agus oíche airneáin sa Chrannóg sna Doirí Beaga.
Is imeacht bliantúil í an Oíche Chultúir atá ar siúl anois ó 2006, nuair a thosaigh sí i gceantar Bharra an Teampaill i mBaile Átha Cliath. Tapaíonn tuairim is 350,000 duine an deis chun cuairt a thabhairt ar imeachtaí na hoíche a bhíonn ar siúl i músaeim, gailearaithe, agus ionaid chultúir eile timpeall na tíre anois.
Is í seo an seachtú bliain don Ghaeltacht a bheith páirteach san oíche agus tá na himeachtaí go léir á n-eagrú saor in aisce ar fud na Gaeltachta i gcomhar le hEalaín na Gaeltachta Teo.
Dúirt lucht eagraíochta na hOíche Cultúir sa Ghaeltacht go bhfuil na healaíona “fíorthábhachtach” d’fhéiniúlacht na Gaeltachta agus gur deis atá san oíche “cur i gcuimhne dár bpobal féin agus go náisiúnta an ealaín ardchaighdeáin atá á cruthú sa Ghaeltacht”.
Tá clár iomlán na Gaeltachta ag bun an ailt seo agus an t-eolas breise ar fad faoi na himeachtaí ar fáil ar shuíomh na hOíche Cultúir 2016.
Tá os cionn 60 imeacht Gaeilge ar siúl anocht taobh amuigh den Ghaeltacht. I measc na n-imeachtaí sin, beidh oíche amhránaíochta faoi stiúir Dhoiminic Mhic Ghiolla Bhríde in Ionad Uiscebhealaí na hÉireann i mBaile Átha Cliath; seisiún ceoil do dhaoine óga agus rang damhsa ar an sean-nós do dhaoine fásta in Áras na nGael i nGaillimh; ceardlann agus ceolchoirm le Emma Ní Fhíoruisce agus JJ Ó Dochartaigh in Ard Mhacha; agus go leor eile timpeall na tíre.
Ar cheann de na himeachtaí ba mhó a tharraing caint anuraidh bhí Rásaí na gCurachaí ar an Life a d’eagraigh Oireachtas na Gaeilge. Beidh na rásaí sin ann arís i mbliana. Cuirfear ús leis ag 5.30 in aice leis an Jeanie Johnston agus rachaidh na hiomróirí chomh fada le Droichead na Leathphingine agus ar ais.
Beidh Foras na Gaeilge ag ceiliúradh Oíche Chultúir freisin anocht agus filíocht ó pheann Sheán Uí Ríordáin á cur le ceol i gceannáras na heagraíochta i mBaile Átha Cliath ag 8.