Folúntas: Scoil an Duinnínigh, Baile Átha Cliath
Meitheamh 1, 2016
Tá múinteoir acmhainne de dhíth i Scoil an Duinnínigh. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/26089/
Folúntas: Gaelscoil an Bhradáin Feasa, Cill Dara
Meitheamh 1, 2016
Tá Gaelscoil an Bhradáin Feasa ag lorg múinteoir sealadach. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/26092/
Folúntas: Gaelscoil Chluainín, Liatroim
Bealtaine 31, 2016
Tá múinteoir de dhíh i nGaelscoil Chluainín. Tuilleadh sonraí ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/26082/
Face-It Academy
Bealtaine 31, 2016
Daoine óga ag teastáil do Shraith Smididh Maisíochta do Dhaoine Óga.
Tá Fíbín Media ag taifeadadh sraith smididh maisíochta (Special Effects Make-Up), Face-It Academy do dhaoine óga do RTÉ i mí Iúil.
Tá muid ar thóir daoine óga díograiseacha le suim in ealaín, dearadh, feisteas agus atá ag iarraidh scil nua a fhoghlaim agus go mbainfeadh siad taitneamh as an taithí a bheith páirteach sa léiriúchán teilifíse spraíúil seo.
Eolas do na daoine óga seo:
- Go mbeadh suim acu a bheith páirteach in éineacht lena gcara
- Go mbeadh siad idir 10 agus 12 bliain d’aois
- Go mbeadh siad gealgháireach agus cairdiúil
Chun cur isteach ar seo: Ba chóir do na daoine óga a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa chlár ríomhphost a sheoladh ag rá cén fáth gur mhaith leo féin agus a gcara a bheith páirteach sa tsraith!
Cuir na sonraí seo a leanas sa ríomhphost chomh maith:
- ainm,
- aois,
- seoladh,
- sonraí teagmhála tuismitheora,
- deimhniú go bhfuil tú ar fáil le haghaidh lá amháin taifeadta i nGaillimh idir 18-22ú Iúil
Seol ríomhphost chuig faceityp@gmail.com roimh 7 Meitheamh 2016
Ba chóir go ndéanfadh duine fásta maoirseacht ar gach iarratas ríomhphoist.
D’fhéadfaí go nglaofaí le haghaidh éisteacht ar na daoine óga a dhéanann ar an ngearrliosta é!
Folúntas: Gaelscoil Chnoc Liamhna, Baile Átha Cliath
Bealtaine 31, 2016
Tá múinteoir de dhíth i nGaelscoil Chnoc Liamhna. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/26036/
Folúntas: Gaelscoil Chluain Dolcáin, Baile Átha Cliath
Bealtaine 31, 2016
Tá múinteoir de dhíth i nGaelscoil Chluain Dolcáin. Tuilleadh eolais ag an naisc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/26040/
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/26039/
Folúntas: Gaelscoil Riada, Gaillimh
Bealtaine 31, 2016
Tá Gaelscoil Riada ag lorg múinteoir sealadach. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/26059/
Dalta na hIdirbhliana 2016, Colaiste de hÍde
Bealtaine 31, 2016
Tharla Oíche Bhronnadh na hIdirbhliana 2016 i gColaiste de hÍde Luan 30 Bealtaine 2016. Bronnadh Dalta na Bliana 2016 bliain 4 ar Grace Ní Hící. Comhghairdeas do Ghrace agus a chlann.

Shirley Ni Hicí (Máthair Grace0, Evelyn Ni Raghail (Co ordaitheoir na hIdirbhliana), Grace Ni Hicí (Dalta na bliana bliain 4 2016), Deiric Mac An Bhaird (Priomhoide Colaiste de hÍde)
SLAM MATAMAITICE COLÁISTE DE HÍDE
Bealtaine 31, 2016
Comhghairdeas do Keith Ó Cinnéide, Shane Ó Craosadéil agus Aisling Ní Bhroin (sa phictiúr) : thriúr dalta na hIdirbhliana Choláiste de hÍde a ghlac le teastaisí Matamaitice tar eis cúrsa sé mhí a chaitheamh thar deich deireadh seachtainí i gColaiste na Trionóide. Teastaíonn cumas agus scileanna ceannaireachta sa chúrsa Matamaitice seo mar shampla bhí orthú ranganna Códachán sa Mhatamaitice a mhúineadh do bhliain a haon mar chuid den chúrsa. Comhghairdeas dá múinteoir Matamaitice Joy Uí Mhurchadha.
Folúntas: Comhalta Iardhochtúireachta Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Bealtaine 31, 2016
Tá iarratais á lorg ó iarrthóirí cáilithe do Chomhaltacht Iardhochtúireachta in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Beidh an té a cheapfar páirteach i bhforbairt an tSeimeastair Ghaeltachta, a bheas mar chuid lárnach de chúrsaí céime an BComm le Gaeilge, an BA sa Chumarsáid & Gaeilge agus an BA sa Ghaeilge. Beidh an chéad chohórt den BComm le Gaeilge ag tabhairt faoin Seimeastar Gaeltachta i Meán Fómhair 2016.
Mairfidh an chomhaltacht iardhochtúireachta ón 1 Lúnasa 2016 go dtí an 31 Iúil 2017.
Cáilíochtaí
Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag an iarrthóir:
• PhD i réimse na Pleanála Teanga, an Ghaeloideachais, na Gaeilge nó in ábhar gaolmhar eile;
• Taithí i dtimpeallacht taighde agus forbartha, go hinmhianaithe i réimse na Pleanála Teanga nó an Ghaeloideachais;
• Scileanna maithe cumarsáide, eagrúcháin agus idirphearsanta;
• Beidh sé/sí spreagtha agus beidh sé/sí ábalta oibriú as a stuaim féin;
• Beidh ardchumas sa Ghaeilge aige/aici, idir labhairt agus scríobh, mar aon le cumas maith sa Bhéarla.
Go hinmhianaithe beidh taithí ag an iarrthóir i bhforbairt polasaithe agus treoirlínte mar aon le cur amach ar chórais ríomhaireachta.
Tuarastal: €37,750 – €46,255 in aghaidh na bliana. Dáta Tosaithe: 1 Lúnasa 2016
Tuilleadh eolais faoi thaighde agus fostaíocht le OÉ Gaillimh le fáil ag Research at NUI Galway
Eolas faoi Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le fáil ag www.oegaillimh.ie/acadamh
Chun iarratas a dhéanamh: Seoltar iarratais (i.e. litir chumhdaigh, CV agus sonraí teagmhála beirt mholtóirí) i bhformáid Word nó pdf amháin chuig dorothy.niuigin@oegaillimh.ie
Ba cheart go mbeadh an uimhir thagartha NUIG 070-16 i líne ábhair an iarratais leictreonaigh.
An spriocdháta: Dé Máirt, 14 Meitheamh 2016
Beidh na hagallaimh ar siúl an 21/22 Meitheamh 2016
Is fostóir comhionannais deiseanna í Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.