Méid an Téacs

Cúrsa Ullmhúcháin don Bhéaltriail Ardteiste le Gael Linn

Eanáir 17, 2013

Tá Gael Linn ag tairiscint ranganna ullmhúcháin don bhéaltriail.
Clúdófar raon de thopaicí agus cuirfear nótaí ar fáil bainteach le gach topaic. Tabharfar treoir ar conas tabhairt faoin tsraith phictiúr agus déanfar cleachtadh ar na dánta. Glacfaidh gach dalta páirt i seisiúin cheisteanna agus freagraí agus cuirfear scrúdú cainte Gaeilge ar gach dalta.
Is iad seo a leanas na dátaí ar a mbeidh na cúrsaí lae ar siúl i 2013:
• 23 Márta
• 30 Márta
• 06 Aibreán
• 13 Aibreán

Ionad: Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2

Am: 9.30am – 2.00pm

Táille: €80

Breis eolais ó Gael Linn Fón: (01) 6751200, r-phost: eolas@gael-linn.ie nó www.gael-linn.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com

Aimsigh an cúrsa Gaeilge is fearr duitse le Gaelport.com

Eanáir 15, 2013

Tá tús curtha le bliain úr agus is iondúil go mbíonn sé mar rún Cinn Bhliana ag daoine barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge nó an teanga a fhoghlaim ó bhonn.

Tá ranganna éagsúla á gcur ar fáil ar fud na tíre atá in oiriúint do gach leibhéal cumais, ó ghlantosaitheoirí go cainteoirí líofa ar mhian leo cur lena gcruinneas scríofa.

I mBaile Átha Cliath, tá neart roghanna ann ó thaobh leibhéil agus suímh de. Tá ranganna seachtainiúla do dhaoine fásta á gcur ar fáil ag Gaelchultúr, Gael Linn agus Conradh na Gaeilge i lár na cathrach agus i gCluain Dolcáin, BÁC 22, tá ranganna Gaeilge labhartha á gcur ar fáil ag Áras Chrónáin.

Ní bhíonn ranganna Chonradh na Gaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath amháin, tá cúrsaí ar gach leibhéal ar fáil i gcathair na Gaillimhe, Co. Mhaigh Eo, Co. Chill Dara, Luimneach, An Clár agus i Learpholl, Sasana, agus iad ag tosú idir 22 agus 24 Eanáir 2013. Bíonn ranganna Ghaelchultúir scaipthe ar fud na tíre chomh maith.

Chomh maith leis na ranganna Gaeilge do dhaoine fásta, cuireann Conradh na Gaeilge cúrsa ullmhúcháin don Bhéaltriail ar fáil do dhaltaí Ardteiste. Tugann an cúrsa seo treoir agus comhairle faoin mbealach is éifeachtaí cur síos a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt ar an tsraith pictiúr atá mar chuid den scrúdú cainte. Beidh tús á chur leis na ranganna ar 15 Eanáir 2013 agus leanfaidh an téarma ar feadh 10 seachtaine.

Dóibh siúd ar mhian leo snas a chur ar a gcuid Gaeilge don agallamh le haghaidh Ard-Dioplóma Ealaíon sa Bhunoideachas i gColáiste Hibernia, tá cúrsa ullmhúcháin á chur ar fáil ag Gaelchultúr. Cuirtear béim ar scileanna labhartha agus éisteachta agus déanfar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs, de réir mar a bheidh sí ag teastáil. Leanann an cúrsa ar feadh 7 seachtaine.

Tá neart deiseanna foghlamtha agus labhartha á gcur ar fáil i mBéal Feirste don bhliain 2013 le ranganna in ionad ‘An Droichead’ i lár na cathrach agus le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma. Chomh maith leis sin, tá rang Breatnaise á mhúineadh ag Máirín Hurndall, teagascóir le hOllscoil na Ríona agus Láithreoir le Raidió Fáilte, gach Déardaoin ag Cumann Chluain Ard, Sráid na Sceithe, Béal Feirste.

I ndeisceart na tíre, beidh Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag reáchtáil Cúrsa i gCruinneas na Gaeilge i mí Feabhra 2013 in Iarthar Chiarraí dírithe ar mhúinteoirí, eagarthóirí nó duine ar bith a bhfuil suim aige/aici i gcruinneas na teanga scríofa agus i gcathair Chorcaí, tá Gael-Taca ag cur ranganna seachtainiúla ar fáil in ionad lárnach Ghael-Taca agus in ionaid éagsúla ar fud Chontae Chorcaí.

Tá na sonraí uile maidir leis na ranganna thuasluaite agus níos mó ar fáil ag www.gaelport.com/cursai. Más mian leat rang a chlárú linn sa bhunachar sonraí, is féidir é a dhéanamh saor in aisce trí ríomhphost a chur chuig eolas@gaelport.com.

Foilsithe ar Gaelport.com

Tuilleadh Suirbhéanna ar Phátrúnacht seolta ag an Aire Oideachais

Eanáir 15, 2013

Bhí dea-scéal ann do phobal Bhaile Chill Dara maidin inné le fógra an Aire Oideachais Ruairí Quinn TD go mbeidh gaelscoil úr le hoscailt sa cheantar i Meán Fómhair 2013.

D’fhógair an tAire go raibh an cinneadh déanta ag an Roinn ó chruthaigh An Foras Pátrúnachta go raibh éileamh ar an ngaelscolaíocht sa bhaile.

Dúirt Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra go raibh ríméad air gur ghlac an Roinn leis an éileamh áitiúil.

Inné, sheol an tAire Oideachais suirbhé níos forleithne maidir le pátrúnacht bunscoileanna.

Tabharfar an deis do thuismitheoirí i 38 ceantar ar fud na tíre páirt a ghlacadh sa phróiseas.

Is cosúil áfach go bhfuil an tAire den tuairim nach mbeidh scoileanna nua le hoscailt sna ceantair tuaithe atá luaite ach go mbeadh an deis ann labhairt leis na pátrúin atá ann maidir le pátrúnacht na mbunscoileanna a aistriú ón Eaglais Chaitliceach.

In ainneoin sin tá eagraíochtaí Gaeilge ag impí ar thuismitheoirí tacaíocht a thabhairt don ghaelscolaíocht sna suirbhéanna.

“Deis iontach é seo do thuismitheoirí ar mhaith leo oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn ina gceantar. Is fiú dóibh an suirbhé a líonadh agus scoil lán-Ghaeilge faoi An Foras Pátrúnachta a roghnú”, a dúirt Caoimhín Ó hEaghra.

Is í seo an chéad chéim eile ó fógraíodh na torthaí a bhain le suirbhéanna píolótacha san Inbhear Mór, i gCaisleán an Bharraigh, i dTrá Mhór, i mBaile Átha Troim agus i bhFionnbhrú i mí na Nollag.

Bhí an tAire den tuairim gur chruthaigh na torthaí sin go raibh éileamh i measc tuismitheoirí i ngach ceann de na bailte sin ar rogha pátrúnachta níos mó.

Cuireadh i leith na Roinne áfach nach raibh na suirbhéanna sin ionadaíoch ar na ceantair sin ina n-iomlán toisc nár ghlac ach 1,788 tuismitheoir a raibh leanaí réamhscoile agus bunscoile acu páirt iontu.

Ag labhairt dó dúirt an tAire Ruairí Quinn go raibh ceachtanna foghlamtha ón gcéad suirbhé.

Dúirt se go raibh i gceist ag an Roinn an suirbhé a reáchtáil thar thréimhse níos faide agus go mbeadh sé fógartha ar bhonn níos leithne sna ceantair ina bhfuil na suirbhéanna ar bun.

Tá iarrtha aige ar thuismitheoirí ó na ceantair seo dul ar líne agus an suirbhé a líonadh roimh an Aoine, 08 Feabhra 2013. Is féidir an suirbhé a fháil ar suíomh na Roinne ag www.education.ie

Foilsithe ar Gaelport.com

Tóstal na Gaeilge 2013 le reáchtáil i mBÁC i mí Feabhra

Eanáir 15, 2013

“Beart de réir Briathair” an téama a bheidh ag Tóstal na Gaeilge 2013, a thionólfar i mBaile Átha Cliatha i lár na míosa seo chugainn.

San óstán Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath 2, a bhaileoidh pobal Gaeilge na tíre agus cairde na Gaeilge lena chéile ar an 16 Feabhra 2013 chun plé a dhéanamh ar mhór nithe an lae i dtaobh na Gaeilge agus an tsochaí Gaelach. Tá clár cuimsitheach curtha le chéile ag lucht eagraithe an Tóstail, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, don lá agus tosóidh an plé ar 09:30 agus leanfaidh sé go dtí 17:00.

Pléifear beartais an Rialtais i leith na Gaeilge ar maidin, agus díreoidh dhá phainéal éagsúil ar na beartais is déanaí atá curtha chun cinn ag an Rialtas faoi Acht na Gaeltachta 2012.

“Ag Tógáil Clainne Trí Ghaeilge” a bheidh mar theideal ar an gcéad seisiún plé, áit a bpléifear na deacrachtaí agus na dúshláin a bhaineann leis an seachadadh teanga ó ghlúin go glúin laistigh den teaghlach.

Faoi chathaoirleacht an iriseora Gormfhlaith Ní Thuairisg de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh an seisiún sin, agus orthu siúd a bheidh ag roinnt a dtuairimí ar an lá beidh: Feargal Ó Cuilinn, Ceannasaí Comhluadar; Dr Briain Ó Curnáin, saineolaí ar chanúineolaíocht agus socheolaíocht na Gaeilge le hInstitiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath; Aoife Ní Shéagha, Léachtóir sa Phleanáil Teanga le OÉ, Gaillimh; agus Sorcha Ní Chéilleachair, Cathaoirleach Thuismitheoirí na Gaeltachta – Conamara.

“An Ghaeltacht in 2013” a bheidh faoi chaibidil sa dara seisiún faoi chathaoirleacht Rónán Mhic an Iomaire, Leascheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta. Spreagfar neart plé faoin ábhar seo leis na haoichainteoirí: Seosamh Mac Donncha, OÉ Gaillimh, Stiofán Ó Cualáin, Údarás na Gaeltachta; Treasa Ní Mhainín, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta; mar aon le hionadaí ón Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta.

Tar éis briseadh don lón reáchtálfar dhá sheisiún eile, áit a bpléifear “Tionchar Bheartais an Rialtais ar an nGaeilge” agus “Freagrachtaí na Stát i leith thodhchaí na teanga”. Beidh idir ionadaithe poiblí tofa agus ceannasaithe áisíneachtaí stáit i mbun díospóireachta, agus an plé sin faoi shúil ghéar Eimear Ní Chonaola, Nuacht TG4.

Fógrófar clár iomlán an Tóstail sna seachtainí beaga romhainn ar Gaelport.com agus beidh tuilleadh sonraí agus plé ar fáil ar na meáin shóisialta faoin haischlib #Tnag13.

€15 atá ar thicéad don Tóstal, agus cuirfear lón ar fáil. Is féidir ticéid a chur in áirithe trí theagmháil a dhéanamh le Máire Ní Phuirséil, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 01 6794780 nó maire@comhdhail.ie. Tá an tÓstán Hilton lonnaithe i lár chathair Bhaile Átha Cliath, le taobh stad Luas Plás Charlemont.

Foilsithe ar Gaelport.com

Camchuairt Sheimineár Buntáiste Breise na Gaeilge 2013

Eanáir 15, 2013

Mar chuid dá gcamchuairt 2013 tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag eagrú seimineáir darb ainm ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’ sna míonna amach romhainn.

Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i scoileanna ar fud na tíre. Le linn an tseimineáir pléitear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha.

Go dtí seo reáchtálamar seimineáir éagsúla ar fud na tíre. Tá na seimineáir á n-eagrú le breis is ceithre bliana agus go dtí seo bhí an-tóir orthu.

Rinne na seimineáir seo freastal ar 201 iar-bhunscoil agus suas le 6,453 dalta scoile timpeall na tíre go dtí seo.

Ar an gCéadaoin , 27 Feabhra 2013 beifear ag díriú ar dhaltaí scoile i Maigh Eo, Sligeach agus Ros Comáin nuair a bheidh an seimineár ag tabhairt cuairte ar Bhéal an Átha i gCo. Mhaigh Eo.

Ar an Déardaoin 28 Feabhra beidh an seimineár ag triall ar Thír Chonaill agus is in Óstán an Mount Errigal i Leitir Ceanainn a bheidh daltaí scoile as Tír Chonaill, Doire, Fear Manach agus Tír Eoghain ar an lá chun cluas le héisteacht a thabhairt do chainteoirí den scoth.

I measc na gcaointeoirí beidh an craoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, Caitlín Uí Chlochláin atá ag obair mar Chomhordaitheoir Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall, an Peileadóir idirchontae Eamon Mac Aoidh mar aon le Dermot Mc Laughlin atá ina Stiúrthóir Tionscadail Ceathrú Cultúrtha 2013.

Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus rachaidh taithí na gcainteoirí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo.

Mar chuid den seimineár cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na haoichainteoirí labhairt.

Beidh na seimineáir á reáchtáil sna réigiúin seo a leanas tar éis bhriseadh an tsamhraidh:

Cora Droma Rúisc, Co Liatroma – Dé Céadaoin, 16 Deireadh Fómhair 2013

Gaillimh – Déardaoin, 17 Deireadh Fómhair 2013

Silver Springs Moran Hotel, Cathair Chorcaí – Dé Céadaoin, 13 Samhain 2013

The Malton Hotel, Cill Airne, Co Chiarraí – Déardaoin, 14 Samhain 2013

Más spéis le do scoil páirt a ghlacadh sa seimineár, déan teagmháil go luath le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge: +353 (0)1 679 4780 / R: eolas@gaelport.com nó téigh chuig: www.gaelport.com/bbnag.

Foilsithe ar Gaelport.com

WHY BILINGUALISM? Two Languages Are Better Than One

Eanáir 15, 2013

Físeán maidir leis na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas: Why Bilingualism?

Cruinniú práinneach maidir le stádas COGG

Eanáir 15, 2013

Beidh cónascadh na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoi chaibidil ag cruinniú práinneach atá le reáchtáil ag eagrais Ghaeilge agus oideachais amárach.

D’fhógair Seán Ó Foghlú, Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna ag comhdháil oideachais ar 23 Samhain 2012 go raibh an cinneadh déanta ag an Roinn go mbeadh an Chomhairle le cónascadh leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) sa bhliain 2013.

Ó bunaíodh COGG sa bhliain 2002 cuireann an Chomhairle acmhainní riachtanacha ar fáil do scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna ar fud na tíre.

I measc na n-acmhainní tacaíochta atá forbartha ag an gComhairle do scoileanna tá téacsleabhair Ghaeilge, leabhair teagaisc; dlúthdhioscaí, póstaeir, cláir Ghaeilge agus acmhainní leictreonacha nua-aimseartha. Anuas air sin, cuirtear comhairle ar fáil don rialtas agus don earnáil oideachais maidir le ceisteanna a bhaineann leis an ngaeloideachas.

Tionólfar cruinniú idir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus Ghaelscoileanna, a raibh baint lárnach acu i mbunú na Comhairle chomh maith leis an bhForas Pátrúnachta agus na Naíonraí Gaelacha d’fhonn plean gnímh a chur le chéile.

Tá na heagrais buartha go gcuirfear deireadh le ról COGG mar gníomhaireacht neamhspleách agus go mbeadh an focal scoir ag an CNCM ar chúrsaí airgid.

Léiríodh imní go bhféadfadh go mbeadh COGG mar rannóg Gaeilge sa CNCM agus nach mbeadh COGG ag déanamh na hoibre ar cheart di a dhéanamh.

Sa bhliain 2009, mhol tuarascáil Choilm Mhic Cárthaigh (Tuarascáil an Bhoird Snip Nua) gur cheart deireadh a chur leis an gComhairle.

Ag an am chuir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta na cosa i dtaca don Chomhairle agus mhol an Roinn gan cúraimí COGG a dhíscaoileadh.

Luadh sa tuarascáil gurb é foilsiú téacsleabhair don dara leibhéal an t-aon feidhm a bhain le hobair na Comhairle agus bhí an tuairim ann go raibh easpa tuisceana ar ról COGG.

Le bliain anuas, áfach is cosúil go raibh athrú intinne ar an Roinn agus luadh go hindíreach le hionadaithe ó COGG go dtiocfaidh an lá go mbeadh cónascach ann leis an CNCM.

Ní raibh aon fhógra oifigiúil tugtha do COGG nó don CNCM faoin gcónascadh go dtí an lá sular shiúil Seán Ó Foghlú amach ar stáitse ag Comhdháil Bhliantúil Ghaelscoileanna agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta.

Dar leis an Roinn Oideachais beidh airgead an státchiste á chaitheamh ar bhealach níos éifeachtúla toisc go mbeadh “feidhmeanna ginearálta riaracháin, atá mar ualach suntasach ar fhoireann bheag, á gcur ar fáil anois ag CNCM,”

Ach is é an locht is mó atá ann i bplean na Roinne ná go bhfuil dhá theanga éagsúla á n-úsáid mar teanga oifige ag an dá ghníomhaireacht.

Faoi láthair is í an Ghaeilge teanga oibre COGG agus tá an bhuairt ann go mbeadh an triúr atá fostaithe go lánaimseartha ag an gComhairle ag obair mar aonad laistigh den CNCM.

Sa chás sin bheadh coimhlint teanga ann toisc nach mbeadh foireann iomlán CNCM in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge.

In ainneoin sin tá an Roinn den tuairim gur socrú ciallmhar atá ann. Ag labhairt dó faoin gcinneadh dúirt Seán Ó Foghlú, “Coinneoidh COGG aitheantas dá cuid féin faoi choimirce CNCM. Láidreoidh an beart seo a cumas le tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le teagasc na Gaeilge i gcoitinne”.

Foilsithe ar Gaelport.com

Gaelscoil nua do Chill Dara, Meán Fómhair 2013 agus Suirbhé na Roinne – Preasráiteas An Foras Pátrúnachta

Eanáir 14, 2013

Thug an t-Aire Ruairí Quinn fios don phobal inniu go bhfuil bunscoil lán-Ghaeilge nua le hoscailt i mBaile Chill Dara i Meán Fómhar na bliana seo. San fhógra céanna chuir an tAire in iúl go bhfuil tús á chur leis an dara cuid den suirbhé ar thuismitheoirí mar gheall ar dhífheistiú scoileanna ón eaglais Chaitliceach.

Deir Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra, “ Tá ríméad orainn do mhuintir Chill Dara. Tá éileamh ollmhór do scoil lán-Ghaeilge sa cheantar rud atá léirithe sna liostaí feithimh a bhíonn ag na scoileanna lán-Ghaeilge eile sa cheantar.” Lean Ó hEaghra ag rá, “Tá An Foras Pátrúnachta buíoch don Roinn as freagra dearfa a thabhairt ar a n-iarratas ar son mhuintir Chill Dara.”

Ó thaobh Dífheistiú Scoileanna Caitliceacha tá tús á chur leis an dara cuid den suirbhé ar 38 ceantar ar fud na tíre. Tá an tAire ag iarraidh ar thuismitheoirí ó na ceantair seo dul ar líne agus an suirbhé a líonadh roimh an Aoine, 08 Feabhra 2013. Is féidir an suirbhé a fháil ar suíomh na Roinne ag www.education.ie nó is féidir gach eolas a fháil ar ár suíomh ag www.foras.ie.

Deir ó hEaghra ‘deis iontach é seo do thuismitheoirí ar mhaith leo oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn ina gceantar. Is fiú dóibh an suirbhé a líonadh agus scoil lán-Ghaeilge faoi An Foras Pátrúnachta a roghnú’. Lean Ó hEaghra ar aghaidh ‘Creidimid go bhfuil ceart ag gach dalta oideachas trí Ghaeilge a fháil má tá sé uathu. Seo deis do thuismitheoirí an ceart sin a lorg.”

Tá An Foras Pátrúnachta ag soláthar éagsúlacht agus iolrachas agus ag freastal ar éileamh thuismitheoirí ó bunaíodh é i 1993. Beidh eolas cuimsitheach mar gheall ar an bpróiseas ar suíomh An Foras Pátrúnachta (www.foras.ie) agus beimid ar fáil chun eolas a sholáthar ar bhuntáistí oideachas lán-Ghaeilge, an sainspiorad Ilchreidmheach nó fúinn mar phátrún.

Le haghaidh agallaimh nó tuilleadh eolais, dean teagmháil le:
Caoimhín Ó hEaghra:: 01-6294110 :: eolas@foras.ie
Siobhán Seoighe :: 01-6294110 :: eolas@foras.ie

Faoi An Foras Pátrúnachta
Is é AN FORAS PÁTRÚNACHTA an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal. Tá 61 bhunscoil agus 3 mheánscoil faoina phátrúnacht. Tá AN FORAS PÁTRÚNACHTA ina phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach / Protastúnach) acu. An fhís atá ag AN FORAS PÁTRÚNACHTA ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír. Tá AN FORAS PÁTRÚNACHTA aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta atá inghlactha agus cuí do scoileanna ag an gcéad agus an dara leibhéal. Bunaíodh AN FORAS PÁTRÚNACHTA sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht.

Tuilleadh eolais: www.foras.ie

Suirbhéanna maidir le pátrúnacht bunscoile ar oscailt i 38 ceantar trasna na tíre

Eanáir 14, 2013

Minister Quinn asks parents to indicate which patron bodies they would like to see running primary schools in their area.

Parents of all children aged 0 to 12 years in 38 areas across Ireland are being asked by the Minister for Education and Skills what patrons they would like to see operating their local primary schools.

Surveys are going live today (Monday 14th January) and are an expansion of pilot surveys on primary school patronage which were conducted late last year in five towns.
The survey can be accessed on line via www.education.ie and parents or guardians of primary school going children and 0 to 5 year olds in the 38 towns and suburbs (list below) are being urged to fill it in. They will need to have their PPS number in order to complete the survey; however, these details are only being used for verification purposes.

The aim of the survey is to establish the level of demand from parents for diversity of school patronage in each of the towns. At present, some 96% of primary schools are under church patronage, with more than 90% or approximately 3,000 schools under the remit of the Catholic Church. This survey initiative follows on from the recommendations of the Forum on Patronage and Pluralism in the Primary sector.

If parents indicate they would like a wider choice of patron, then the Department of Education and Skills (DES) will ask existing patrons to come up with a plan to transfer some schools to other patron bodies.

“This is an historic opportunity for parents to have a real say in the type of school they wish to send their children to, be it denominational, multi-denominational, all-Irish or other,” said Minister Ruairí Quinn T.D.

“In the 38 towns and suburbs where the surveys are taking place, there is little prospect of any new schools opening as the population remains stable and there is enough capacity within existing schools. However, if parents demonstrate through this survey that they want a greater choice of primary school then we will work with existing patrons to transfer patronage to ensure they can send their children to a school which best reflects their own ethos and beliefs.”

The bodies which have indicated that they would like to become patrons of any divested schools in the identified areas are the VECs, An Foras Patrúnachta, Educate Together, and in a small number of areas the National Learning Network and the Redeemed Christian Church of God.

Kildare Town has been removed from the original list of areas to be surveyed, following consultation with patrons. The town already has an Educate Together school, opened in September 2011. There was also a recommendation to establish an all-Irish school in the town in coming years. Since then, an Foras Patrúnachta has produced sufficient evidence of demand for an all Irish school in Kildare and the establishment of a Gaelscoil will commence in September 2013.

A code of conduct has been worked out in consultation with the patron bodies which will limit expenditure on the provision of information. The code is designed to ensure the surveys are conducted in a reasonable manner, avoiding contentious commentary.

A comprehensive information campaign by the DES in each of the areas begins today and will include a leaflet drop to every household giving details of the survey and advertising on local radio and newspapers. A free helpline is also available in the Department for anyone who has any difficulties in completing the survey: 1800 303621.

The helpline will be open from 9.30 to 1pm and 2pm to 5pm, Monday to Friday. Paper based versions of the survey are also available on request.

The survey process will be overseen by the independent New Schools Establishment Group. The Department will publish detailed reports on the survey outcomes.

Parents and guardians of all 0 to 12 year olds in the 38 towns have from now until the 8th of February to complete the survey at www.education.ie.

List of 38 areas to be surveyed

  1. Ballina
  2. Ballinasloe
  3. Ballyfermot/ Chapelizod/ Palmerstown/ Cherry Orchard
  4. Bandon
  5. Birr
  6. Buncrana
  7. Carrick-on-Suir
  8. Carrigaline
  9. Celbridge
  10. Clonmel
  11. Cobh
  12. Dublin 6
  13. Dungarvan
  14. Edenderry
  15. Enniscorthy
  16. Fermoy
  17. Kells (Ceanannas)
  18. Killarney
  19. Leixlip
  20. Longford
  21. Loughrea
  22. Malahide
  23. Monaghan
  24. Nenagh
  25. New Ross
  26. Passage West
  27. Portmarnock
  28. Roscommon
  29. Roscrea
  30. Rush
  31. Shannon
  32. Skerries
  33. Thurles
  34. Tipperary
  35. Tuam
  36. Westport
  37. Wicklow
  38. Youghal

There are 311 primary schools in the 38 areas.

Cruinniú maidir le bunscoil nua sa Chéim

Eanáir 14, 2013

Dáta don Dialann 2013 – beidh cruinniú i Sandyford Community Centre ag 19.30 ar an 14/01/13 maidir leis an nGaelscoil Nua sa Chéim atá le hoscailt i Meán Fómhair 2013. Tá an cruinniú á n-eagrú ag pátrún na scoile, An Foras Pátrúnachta, agus tá tuilleadh eolais ar fáil anseo:

« Previous PageNext Page »