Méid an Téacs

Comhairliúchán faoin ar an gcaoi is fearr le teicneolaíocht a úsáid sa seomra ranga

Eanáir 13, 2014

Tá an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, ag iarraidh ar thuismitheoirí, múinteoirí, daltaí, lucht tionscail agus lucht acadúil a gcuid tuairimí a thabhairt ar an gcaoi is fearr le ríomhairí agus teicneolaíocht a úsáid sa seomra ranga. Is é an sprioc lena mbaineann ná forbairt straitéise nua maidir le húsáid TFC i dteagasc agus i bhfoghlaim i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna. Leanann sé sin as suirbhé cuimsitheach ar-líne ar phríomhoidí agus múinteoirí a rinneadh níos luaithe sa bhliain. Aithnítear go bhfuil neart scoileanna cheana féin ag úsáid na teicneolaíochta i mbealach nuálach sa seomra ranga, agus is deis atá sa straitéis a dheimhniú go bhfuil na deiseanna céanna ag gach leanbh i ngach scoil idirghníomhú le teicneolaíocht ar fud gach gné den churaclam.

Is é an 31 Eanáir 2014 an dáta deiridh le haighneachtaí a dhéanamh. Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh mholtaí ó aon scoil de réir na gceisteanna atá leagtha amach thíos agus déanfar é a chur san áireamh san aighneacht thar ceann na scoileanna nó féadfaidh scoileanna agus a gcuid pobail a n-aighneachtaí féin a scríobh. Is féidir teacht ar an aighneacht trí Straitéis Dhigiteach Do Scoileanna.

Na ceisteanna:

  1. Cad é an fhís atá agat nó cad a bhfuil tú ag súil leis maidir le húsáid an TFC chun tacú leis an teagasc agus an fhoghlaim i scoileanna do na chéad 5 bliana amach romhainn?
  2. Cad iad na deiseanna a d’fhéadfadh an TFC a chur ar fáil sa bhunoideachas agus san iar-bhunoideachas, dar leat?
  3. Cad iad na tosaíochtaí ba chóir a bheith ann do scoileanna maidir leis an TFC, dar leat?
  4. Cad iad na dúshláin a fheiceann tú atá ann leis an TFC a chur i bhfeidhm i scoileanna?
  5. Cad iad na straitéisí ba chóir a úsáid chun feabhas a chur ar an éifeacht a bhíonn ag an TFC sa teagasc agus san fhoghlaim?
  6. Cad iad na tosca ratha criticiúla a fheiceann tú ó thaobh an TFC a chomhtháthú isteach sa teagasc agus san fhoghlaim i.e. na gnéithe riachtanacha ionas go n-éireoidh leis an gcomhtháthú?
  7. Cad iad na príomhghníomhaíochtaí ba chóir a dhéanamh lena chinntiú go mbaintear amach comhtháthú an TFC i scoileanna?

Tá an preas ráiteas ón Roinn ar fáil ag: http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachta%C3%AD/Preasr%C3%A1itis/Preasr%C3%A1itis-2013/PR13-12-02.html

Ranganna – Áras Chrónáin

Eanáir 13, 2014

AC

Comhairliúchán faoi ábhair na Sraithe Shóisearaigh

Eanáir 13, 2014

Tá comhairliúchán ar bun ag an CNCM maidir le sonraíocht roinnt d’ábhair na Sraithe Shóisearaigh, an Ghaeilge ina measc.

Beidh deireadh leis an tréimhse comhairliúcháin ar an Aoine 17 Eanáir. Ba mhór acu do thuairimí a fháil agus chuige sin, iarrtar ort an suirbhé faoin nGaeilge a líonadh ag an nasc seo http://www.juniorcycle.ie/Curriculum/Consultation/Subjects/Gaeilge agus tá teacht ar na suirbhéanna eile ar an suíomh www.ncca.ie chomh maith.

 

Ranganna Gaeilge & rince i dTír Eoghain

Eanáir 10, 2014

Beidh ranganna Gaeilge ar siúl i dThír Eoghain anuas ar seo beidh ranganna amhránaíocht ar an sean-nós mar aon le ranganna damhsa ar an sean-nós arna eagrú acu.

Cuirfear tús leis an ranganna ar 15Eeanáir 2014.

Ranganna damhsa ar an sean-nós gach Dé Céadaoin ag 6i.n

Ranganna amhránaíochta gach Dé Ceadaoin ag 7i.n

Ranganna Gaeilge ar siúl gach Dé Céadaoin chomh maith

Tá neart eolais maidir leis na himeachtaí seo ar fad ar an Ómaigh ar fáil ó Kevin Goodwin ag 0044 (0)28 8225 6220 / Kevin.Goodwin@omagh.gov.uk

Foilsithe ar Gaelport.com

Maoiniú ar fáil le haghaidh Cláir Iarchéime

Eanáir 10, 2014

D’fhonn cabhrú leis na scoileanna agus na seirbhísí oideachais go léir agus iad ag freastal ar riachtanais mac léinn a bhfuil tacaíocht fhoghlama de dhíth orthu, agus ag múineadh mac léinn a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna maoiniú ar fáil ar mhaithe le soláthar líon áirithe Clár Iarchéime, mar seo a leanas:

  • Comhchlár Dioplóma Iarchéime um Fhorbairt Ghairmiúil Leantach do Mhúinteoirí atá ag obair i dTacaíocht Foghlama agus Oideachas Speisialta – 2014/2015
  • Clár Teastais/Dioplóma Iarchéime um Fhorbairt Ghairmiúil Leantach do Mhúinteoirí ag obair le Scoláirí le Riachtanais Speisialta Oideachais (Neamhoird Speictrim Uathaigh
  • Teastas Iarchéime in Oideachas Scoláirí le Neamhoird Speictrim Uathaigh orthu (NSUanna) le haghaidh múinteoirí ag obair le Scoláirí le NSUanna orthu i Scoileanna Speisialta, i Ranganna Speisialta nó mar Mhúinteoirí Acmhainne i mBunscoileanna agus in Iar-Bhunscoileanna sa phríomhshruth – 2014/2015

Tá na Ciorcláin agus na foirmeacha iarratais do na cláir seo le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne www.education.ie. Is ceart foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh chuig an gColáiste nó an Ollscoil is rogha duit agus iad a bheith faighte ansin tráth nach déanaí ná 5 p.m. ar 28ú Feabhra 2013.

Le buíochas
Alma Doyle
Rannóg Oideachais Múinteoirí
An Roinn Oideachais agus Scileanna
Cor na Madadh
Baile Átha Luain
Co. na hIarmhí

Tel: 090 6484137
Email: alma_doyle@education.gov.ie

Múnla Nua Maoinithe: Ceanneagraíochtaí le fógairt ar 17 Eanáir 2014

Eanáir 10, 2014

Tá céim a trí den phróiseas roghnúcháin don Mhúnla Nua Maoinithe do na heagrais Ghaeilge atá bunmhaoinithe ag Foras na Gaeilge críochnaithe anois, agus beidh toradh an phróisis le fógairt ar Dé hAoine, 17 Eanáir 2014.

19 n-eagraíocht atá á mbunmhaoiniú faoin struchtúr reatha, ach faoin struchtúr úr a thiocfaidh i bhfeidhm ó mhí Iúil 2014, ní chuirfear maoiniú ar fáil ach do 6 cheanneagraíocht.  Tá súil faoin múnla nua go mbeidh seirbhísí níos fearr á gcur ar fáil ar bhonn áitiúil agus go mbeidh caiteachas ar na seirbhísí sin níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla dá bharr.

Trí chéim a bhain leis an bpróiseas roghnúchán, faoi chéim a haon, b’éigean d’eagraíochtaí a spéis a léiriú agus foirm chuimsitheach a líonadh a bhain le hobair agus le comhdhéanamh na heagraíochta.  Faoi chéim a dó, bhí aighneacht shubstainteach le hullmhú ag na heagrais sin ar glacadh lena léirithe suime agus bhí seo le cur faoi bhráid Fhoras na Gaeilge roimh an 6 Nollaig 2013.

Níor éirigh le gach eagraíocht dul chomh fada leis an mbabhta deiridh.  Sa bhabhta seo, cuireadh agallamh struchtúrtha ar Cheannasaí agus Cathaoirleach na n-eagraíochtaí.  Tionóladh na hagallaimh seo i mBaile Átha Cliath ar Dé Máirt agus Dé Céadaoin na seachtaine seo, agus beidh toradh an phróisis iomláin á fhógairt ar Dé hAoine na seachtaine seo chugainn.

Do na heagrais nach n-éiríonn leo stádas mar cheanneagraíocht a bhaint amach, tiocfaidh deireadh lena mbunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge ar an 30 Meitheamh 2014.

I gcás mórchuid na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe tá siad geall le bheith spleách ar Fhoras na Gaeilge mar fhoinse maoinithe, agus ba ionann deireadh le maoiniú an Fhorais agus tua an bháis dóibh.

Gaelport.com

Buaiteoirí Siansa Gael Linn 2013 ar stáitse

Eanáir 10, 2014

Ná caill ceolchoirm den scoth !

Bí i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath ar an Satharn, Satharn, 25 Eanáir 2014 ag 1i.n nuair a chuirfidh an grúpa ‘NUADA’ buaiteoirí Siansa Gael Linn 2013 clár iontach ceoil agus amhránaíochta i láthair mar chuid den Temple Bar Trad Fest 2014.
Saor in aisce !

Tá míle failte roimh chách.

Tuilleadh eolais : www.templebartrad.com

Foilsithe ar Gaelport.com

Seiminéar ar Atógáil Phobal na Gaeilge

Eanáir 9, 2014

Beidh seimineár ar bun i gCluain Dolcáin i mí Eanáir ar bhealaí praiticiúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal. Is é ‘Atógáil Phobal na Gaeilge’ teideal na himeachta, a bheas ar síúl in Áras Chrónáin Dé Sathairn 25 Eanáir. Tá an seimineár dírithe ar cheantracha ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga mhionlaigh faoi láthair agus na bealaí is éifeachtaí atá ann chun an athbheochan a spreagadh. Beidh aíonna ó eagraíochtaí pobail ó cheann ceann na tíre ag labhairt faoi ábhair éagsúla i rith an lae, idir cur chun cinn na Gaeilge i measc teaghlach, imeachtaí don aos óg agus do dhaoine fásta, cur chun cinn na Gaeilge i measc an lucht gnó agus bunú Ghaeltachtaí nua. Beidh ceardlanna ar na hábhair seo ar siúl i ndiaidh na gcainteanna chomh maith.

I measc na n-aoichainteoirí a bheas ann ar an lá tá Emma Ní Bhroin ó Ghlór Cheatharlach, Seán Ó Maoilste ó Chairde Teo, Helena Ní Dhea ó Ghael-Taca Chorcaí agus Séamas Mac Seáin ó Ghaeltacht Bhóthair Seoighe i mBéal Feirste. “Tabharfaidh an seiminéar deis do dhaoine ar spéis leo an Ghaeilge an taithí atá acu ó thaobh cur chun cinn na teanga sa phobal a roinnt,” arsa Colm Ó Broin, Cathaoirleach Choiste Ghaeilge Áras Chrónáin. “Beidh muid ag díriú ar an taobh praiticiúil den athbheochan, na rudaí a oibríonn sa phobal.

Tá fáilte roimh gach éinne atá ag iarraidh an Ghaeilge a atógáil mar theanga phobail, idir dhaoine atá i mbun oibre faoi láthair agus daoine atá ag machnamh ar imeachtaí nó ghrúpa pobail nua a eagrú amach anseo. “Creideann muid go mbeidh an-tairbhe ann don athbheochan,” ar seisean.

Beidh an seiminéar ag tosú ag 9.45rn Dé Sathairn 25 Eanáir agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ó colmobroin@yahoo.ie nó 086 3927090.

Clár

09.45: Fáilte

10.00: Tógáil páistí le Gaeilge Ionadaí ón gCarn, Carn Tóchair, Doire.

10.30: Imeachtaí don Aos Óg Anita Nic Amhlaigh – Glór na Ríogh, Nás na Ríogh.

11.00: Imeachtaí do Dhaoine fásta Emma Ní Bhroin – Glór Cheatharlach

11.30: An Ghaeilge san Earnáil Ghnó Helena Ní Dhea – Gael Taca Chorcaí

12.00: Comhoibriú le hEagraíochtaí Phobail Seán Ó Maoilste – Cairde Teo, Ard Mhacha

12.30: Lonnaíochtaí Nua Séamas Mac Seáin, Gaeltacht Bhóthar Seoighe, Béal Feirste

13.00: Lón

14.00: Ceardlanna*

15.30: Tuairiscí ó na Ceardlanna

16.30: Óráid Deiridh

*Beidh ceardlanna ar siúl ag na haoichainteoirí ar na hábhair a bhí faoi chaibidil acu chun deis a thabhairt do dhaoine plé níos doimhne a dhéanamh ar na ceisteanna éagsúla.

Foilsithe ar Gaelport.com

Ranganna Gaeilge á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge 2014

Eanáir 9, 2014

Tá Conradh na Gaeilge i Baile Átha Cliath ag reáchtáil ranganna Gaeilge do dhaoine fásta.

Cuirfear tús leis na ranganna ar 28 -30 Eanáir 2014

Beidh leibhéal éagsúla ar fáil ó thosaitheóirí go hardrang

Am: 7-0-9i.n (sos tae ag 8i.n)

Fad Téarma: 10 seachtaine (rang sa tseachtain)

Ionad:
Conradh na Gaeilge
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2

Táille: €180

Tá ard-thaithí ag múinteoirí Chonradh na Gaeilge ag múineadh agus ag tabhairt chúnaimh d’fhoghlaimeoirí le blianta fada.

Bíonn líon na ndaoine i ngach rang beag i gcónaí le béim mhór ar rannpháirtíocht na ndaltaí agus ar riachtanais an mhic léinn.

Má theastaíonn foirm iarratais nó tuilleadh eolais uait bí i dteagmháil le Conradh na Gaeilge ag 01 4757401 nó seol ríomhphost chuig eolas@cnag.ie

Is féidir clárú ar -líne ag www.cnag.ie chomh maith.

Spriocdháta don gComórtas Amhrán Pan Cheilteach

Eanáir 9, 2014

Tá an spriocdháta le haghaidh iarratais don chomórtas náisiúnta chun Amhrán nua a roghnú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann i gComórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2014 ag druidim linn. Ní foláir na hamhráin a bheith as Gaeilge agus is gá na focail agus an ceol a bheith nuachumtha. Glacfar le hamhráin thraidisiúnta, pop amhráin, amhráin tíre agus amhráin rac-cheilteach ar dhlúthdhioscaí suas go 5.00i.n. ar an 31ú Eanair 2014.

Déanfar gearrliosta de na hiarratais is fearr agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh ag an gcomórtas náisiúnta a reachtáilfear san Ostán Seven Oaks, Ceatharlach ar an Satharn,8ú Márta. Beidh painéal de mholtóirí aitheanta i mbun moltóireachta agus bronnfar €1,000 ar an mbuaiteoir. Déanfaidh IMRO urraíocht ar an gcomórtas náisiúnta i gcomhar le Gael Linn. Beidh an t-amhrán a roghnófar in iomaíocht leis na hamhráin nua-chumtha eile ag Alba, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, An Choirn agus An Bhriotáin um Cháisc i nDoire don trófaí Pan Cheilteach 2014.

Beidh comórtas speisialta i mbliana d’iomaitheoirí faoi 17 mbliana d’aois ar an oíche chéanna. Mar sin cuirfear fáilte roimh amhráin nuachumtha ó amhránaithe aonair agus ó ghrúpaí ceoil óga agus beidh €200 chomh maith le trófaí le buachaint.

Tá rialacha agus foirm iarratais ar an suíomh greasáin www.panceltic.ie faoi Comórtais. Is Glór Cheatharlach atá ag eagrú an chomórtais náisiúnta agus tá gach eolas ar fáil ach glaoch ar oifig Ghlór Cheatharlach ar 085/1340047, 087/2857048, 059 9158105 nó is féidir scríobh chuig emma@glorcheatharlach.ie.

An seoladh do dhlúthdhioscaí agus iarratais roimh 5.00i.n. ar 31ú Eanair ná

An Comórtas Amhrán Pan Cheilteach 2014, Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach, Co. Cheatharlach.

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »