Méid an Téacs

Dianchúrsa Gaeilge in Ráth Chairn ón Luan 25 Samhain- Aoine 29 Samhain 2013

Samhain 11, 2013

Coláiste Eoin Uí Ghramhnaigh
Ráth Chairn
(046) 9432381

Is í aidhm an chúrsa seo ná cabhrú leis na foghlaimeoirí feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge idir labhartha is scríofa. Aithnítear go bhfuil sé deacair do fhoghlaimeoirí cruinneas gramadaí agus struchtúir a chur ag obair dóibh féin agus déanfar gach iarracht trí mhodhanna múinte spreagúla cabhrú leo é seo a dhéanamh.
Is iad na pointí gramadaí a chlúdófar sa chúrsa ná:

• An t-ainmfhocal le béim faoi leith ar an Tuiseal Ginideach
• An Chopail ‘is’
• Aimsirí na mBriathra
• Na huimhreacha sa Ghaeilge
• Réamhfhocail

Chomh maith le buneolas faoi na pointí thuas beidh siad fite fuaite i gcomhráití ar mhúnla nádúrtha a chuirfear ar fáil don rang. Cabhróidh na comhráití seo leis na rannpháirtithe

a. feabhas a chur ar a gcuid foghraíochta
b. deis cainte a fháil le baill eile sa rang
c. greim a fháil ar struchtúr agus ord na teanga

Chomh maith leis na comhráití iomlána beidh ar na foghlaimeoirí codanna de chomhráití a líonadh isteach iad féin ionas go mbeidh deis acu abairtí cruinne a chumadh agus úsáid a bhaint as Gaeilge líofa, nádúrtha.

Beidh amchlár docht i gceist agus seo mar a bheidh leagan amach an lae:

9.30-11.00 Rang
11.00-11.15 Sos
11.15-12.30 Rang
12.30-1.30 Lón
1.30-2.30 Rang
2.30-2.40 Sos
2.40-3.30 Rang

Dar ndóigh toisc go bhfuil an cúrsa seo á reachtáil sa Ghaeltacht beifear ag súil go mbeidh Gaeilge á labhairt ag na rannpháirtithe le linn na ranganna agus ag am sosa/lóin.

Mar eolas duit tá siopa agus caifé i Ráth Chairn agus dá bharr ní gá an ceantar a fhágáil ag am lóin.

Tuilleadh eolas: 046-9432381/9432068
rathcairn@eircom.net

Bí ag díriú ar do thodhchaí ag Lá Oscailte ITBÁC

Samhain 11, 2013

Beidh Lá Oscailte Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC) ar siúl Dé hAoine 6 agus Dé Sathairn 7 Nollaig in ITBÁC Shráid Aungier ón 9r.n – 3i.n.
Tá suíomh Gréasáin do Lá Oscailte ITBAC 2013 beo anois ag www.dit.ie/openday.

Bheireann an Lá Oscailte deis do mhic léinn Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath a fheiceáil; gach eolas a fháil mar gheall ar sheirbhísí agus áiseanna na hInstitiúide chomh maith le heolas a fháil faoi na clubanna agus na cumainn atá ag feidhmiú in ITBÁC. Beidh deis ag mic léinn casadh le baill foirne agus mic léinn reatha na hInstitiúide chomh maith agus freastal ar chainteanna agus ar imeachtaí i rith an lae.

Tá na himeachtaí go léir saor in aisce agus beidh go leor spraoi againn le Duck Norris, sonóg Aontais na Mac Léinn, ITBÁC agus beidh foireann Spin 103.8 ag craoladh beo ó Shráid Aungier.

Don chéad uair, beidh seisiún eolais do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí i measc na himeachtaí a bheas ar siúl le linn Lá Oscailte ITBÁC 2013.

Ar an Sathairn 7 Nollaig beidh an Lá Oscailte Ceoil ar siúl chomh maith ón 2-4.30i.n agus beidh ceol clasaiceach agus ceol traidisiúnta á léiriú ag mic léinn agus baill foirne ó na cláir cheoil éagsúla atá ar siúl san Institiúid. Beidh mic léinn ábalta cuairt a thabhairt ar phríomhimeachtaí an lae i Sráid Aungier agus ansin freastal ar an Lá Oscailte Ceoil a bheas ar siúl síos an bóthar in ionad ITBÁC ar Rae Chatham, gar do Shráid Grafton.

Tá Lá Oscailte ITBÁC ar an imeacht is mó agus is gníomhaí a bhíonn ar siúl san Institiúid i rith na bliana agus bí cinnte cuairt a thabhairt orainn ar an 6 ná 7 Nollaig in ITBÁC, Sráid Aungier, Baile Átha Cliath 2.

Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.dit.ie/openday ná sin téigh i dteagmháil le hOifig Gnóthaí Poiblí ITBÁC ag 01-4027130 / lisa.jewell@dit.ie.

Ceardlanna Cruinnis sa Ghaeilge le FNT

Samhain 11, 2013

Ceardlann

Foirm Iarratais Scoilbhliain 2013-14

Gaelscoil / Naíscoil Éanna Open Day

Samhain 11, 2013

You are cordially invited to attend the Open Day for Gaelscoil / Naíscoil Éanna on Saturday 30th November 2013 between the hours of 12 – 2pm.

Parents, children, family members and friends are more than welcome to come along, meet the staff and view the nursery and the school buildings to gain an insight into the educational provision for nursery and primary school age children at the only Irish medium facility in Newtownabbey.

We hope to see you there! Bígí Linn!

Contact Gaelscoil Éanna – Fón: (028) 90830088

Naíscoil and Gaelscoil Éanna are housed within the grounds of Naomh Éanna CLG on the Hightown Road in Glengormley. Both schools nestle amid the panoramic surroundings of north Antrim – aptly described as ‘urban amenities in a rural setting.’ This unique and natural setting, for an educational facility, is a feature greatly favoured by the pupils and parents alike.

Aip úr eile do pháistí óga seolta ag TG4

Samhain 11, 2013

Seoladh aip is déanaí don óige de chuid TG4, ‘Cúlacaint 3’ an tseachtain seo agus é ar fáil anois ar stór iTunes.
Tá páistí óga ag éirí níos eolaí faoi chúrsaí teicneolaíochta san aois ina mairimid agus is cosúil nach bhfuil teorainn ar líon na mbealaí ar féidir siamsaíocht a chur ar fáil. Ní hí an teilifís an t-aon mhodh ar féidir breathnú ar chláir teilifíse a thuilleadh agus is cinnte go bhfuil seifteanna foghlamtha á fhorbairt an t-am ar fad le fás na teicneolaíochta.
Is é Cúlacaint 3 an togra is déanaí sa tsraith rathúil Cúlacaint a bhfuil Duais na bhfoghlaimeoirí leis ag Féile na Meán Ceilteach 2013 bainte amach ag an chéad chuid agus, le déanaí, ainmníodh Cúlacaint 2 ar ghearrliosta do dhuais-scéim Appy 2013, an comórtas bliantúil don Aip Éireannach is Fearr.
Cuidíonn Cúlacaint 3 le páistí óga focail úra a fhoghlaim trí stór focal spraíúil a chur ar fáil le breathnú orthu agus le héisteacht leo. Focail do pháistí iad seo a bhaineann le réimsí bunúsacha den saol – Cois Trá, Ar an bhFeirm, Sa Chathair agus sa Choill agus tá na focail le feiceáil scríofa agus taifeadadh fuaime ar fáil don fhoghraíocht.
Is féidir Aipeanna Culacaint a íoslódáil saor in aisce ón iStore nó ón App Store nó ón an nasc seo http://www.tg4.ie/ie/programmes/cula4/cula-caint.html.

Foilsithe ar Gaelport.com

Tionól Teagaisc 2013 i gCorcaigh

Samhain 7, 2013

Beidh an Tionól Teagaisc, comhdháil oiliúna do mhúinteoirí Gaeilge iarbhunscoile á reáchtáil an deireadh seachtaine seo, 08/09 Samhain 2013 i gCorcaigh.

Is é seo an tríú bliain as a chéile atá an mhórócáid seo eagraithe ag an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM). Tugann an Tionól Teagaisc fóram poiblí, comhghleacaíoch do mhúinteoirí Gaeilge dea-chleachtas an tseomra ranga a roinnt ar a chéile, tuairimí, cuir chuige agus straitéisí a mhalartú agus deis labhairt lena chéile. Is é téama an Tionóil i mbliana ná “Giorraíonn Beirt ár mBóthar mar Mhuinteoirí Gaeilge”. Mar is gnách leis an Tionól Teagaisc, múinteoirí Gaeilge a bhfuil suim nó saineolas ar leith acu i ngné éigin de theagasc nó d’fhoghlaim na Gaeilge a bheidh ag cur cheardlanna an Tionóil i láthair, ag roinnt a gcuid taithí agus eolais.

Osclóidh an t-údar agus an scoláire Alan Titley an Tionól go hoifigiúil tráthnóna Aoine san Óstán Silver Springs agus, ina dhiaidh sin, labhróidh Reuben Ó Conluain ón gCoimisiún Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), faoin méid atá forbartha faoi láthair don Teastas Sóisearach nua i gcomhthéacs na Gaeilge de. Beidh dinnéar na Comhdhála ar siúl an oíche chéanna agus leanfaidh an Tionól ar aghaidh ar an Satharn i gColáiste na hOllscoile le rogha cúig cheardlann is tríocha curtha i láthair ag múinteoirí Gaeilge éagsúla agus ag saineolaithe eile.

Don chuid is mó, is múinteoirí féin a bheidh ag cur na gceardlann i láthair agus is gné thábhachtach den Tionól é seo: múinteoirí ag roinnt a gcuid saineolais agus taithí le múinteoirí eile. Beidh gach ceardlann ag déileáil le gné éigin de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge agus tá an-éagsúlacht in ábhar na gceardlann, ó Aipeanna don Ghaeilge go múineadh na litríochta, ón bhFoghlaim Chomhoibritheach go cur chun cinn na Litearthachta. Agus mórán eile lena chois sin.

Tá an SFGM fós ag glacadh le hiarratais. Cuireadh foirmeacha cláraithe chuig gach iarbhunscoil ach is féidir iad a íoslódáil freisin ar www.tionolteagaisc.com, áit a bhfuil tuilleadh eolais faoin Tionól agus faoi na láithreoirí féin.

Toisc go bhfuil an-suim á léiriú san ócáid arís, moltar do mhúinteoirí clárú chomh luath agus is féidir.

Is féidir teagmháil a dhéanamh freisin le hoifig na SFGM ag 01-4358587 nó ag gaeilge@pdst.ie.

Foilsithe ar Gaelport.com

Minister Quinn announces an additional €70m for school improvements

Samhain 7, 2013

The Minister for Education and Skills, Ruairí Quinn T.D., has today announced the allocation of almost €70 million for school improvements.

Over €28 million is being made available as a once-off payment to primary schools as part of the Minor Works Grant scheme. Another €40 million will be allocated under the Summer Works Scheme 2014 which is being re-introduced to fund the improvement and upgrading of existing school buildings.

The Minor Works Grant will be paid to primary schools in the coming weeks and will enable schools to undertake small scale repair works without the need to interact with the Department.

“I know that the immediate payment of this grant in 2013 will be welcomed by school communities and management bodies as a valuable contribution to the costs of maintaining school infrastructure,” said Minister Quinn.

Funding from the Summer Works Scheme will allow schools to carry out small and medium scale building works such as gas, electrical and mechanical works, roof and window upgrades, structural improvements; works that will improve and upgrade existing school buildings.

It is up to schools to identify the most urgently required projects to be funded from the Summer Works Scheme. Each school can apply for one small scale project and will be responsible for the completion of those works.

“Despite the funding constraints on my Department’s capital budget I am pleased to re-introduce the summer works scheme in 2014. This funding package is being made as part of this Government’s continued commitment to improve facilities in schools throughout the country. These works will be carried out in schools over the summer months, when the pupils are on holidays, so the disruption to schooling will be kept to a minimum,” the Minister said.

“This scheme will not only improve the learning environment for thousands of students, but the projects will also stimulate economic activity by supporting 2,400 direct and 480 indirect much needed construction jobs in the local economy.”

Schools can apply for these grants online using the Esinet portal. A Freephone service is also available to assist schools with queries. It can be contacted at 1800 200 955 daily from 10am to 1pm and 2pm to 4.30pm from 7th November to 10th December 2013.

Full details on the Summer Works Scheme are available at http://www.education.ie/en/The-Department/Re-use-of-Public-Sector-Information/Library/PR13_11_05_file.pdf

Fuaim-U Android App

Samhain 6, 2013

Is cluiche fónaice é Fuaim-U a leanann clár do pháistí atá ag foghlaim na léitheoireachta agus an litrithe trí Ghaeilge. Tosaíonn Fuaim-U le focail bhunúsacha CGC agus leanann ar aghaidh go focail níos faide, focail ilsiollacha, focail le séimhiú agus le hurú, focail chaola agus leathana agus ansin, na féidearthachtaí litrithe atá ag na gutaí fada.

Tá na focail ar fad sa chaighdeán ach tá béim ar Ghaeilge Chúige Uladh agus an nasc idir fuaimniú Uladh agus an litriú sa chaighdeán. Ar ndóigh, baineann an chuid is mó de na cluichí le gach canúint agus baineann cuid acu le Gaeilge Chúige Uladh amháin. Beidh an dá mhórchanúint eile ar fáil amach anseo.

Tá Fuaim-U ar fáil ó Google Play (https://play.google.com/store/apps/details?id=com.cogg.fonicfuaim&hl=en)

An Múnla Nua pléite i dTionól TÉ

Samhain 6, 2013

Chuir an Choiste Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta de chuid Tionóil Thuaisceart Éireann (Coiste CAL) fáilte roimh Fhoras na Gaeilge le déanaí nuair a bpléadh impleachtaí an mhúnla nua mhaoinithe ar chúrsaí Gaeilge sna 6 chontae.

Fógraíodh struchtúr úr maoinithe d’Earnáil Dheonach na Gaeilge mí Iúil 2013 nuair a ghlac an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) cinneadh críochnaitheach maidir le múnla nua molta ag Foras na Gaeilge.

Faoin múnla nua, cuirtear 6 thosaíochtaí straitéiseacha faoi chúram 6 cheanneagraíocht ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin a thiocfaidh in áit na naoi n-eagraíocht déag atá á mbunmhaoiniú ag Foras na Gaeilge faoi láthair. Fógraíodh amlíne an athstruchtúraithe le déanaí a d’fháiltigh roimh aon eagraíocht léiriú spéise a chur isteach roimh 30 Deireadh Fómhair.
D’ardaigh Coiste CAL neart ceisteanna le linn an phlé le Foras na Gaeilge maidir le himní na n-eagraíochtaí ó thuaidh i dtaobh thionchair an struchtúir nua ar an obair ar leith atá á déanamh sna 6 chontae le blianta anuas leis an nGaeilge a chur chun cinn sa dlínse sin.

Chuir an Coiste in iúl nach ionann staid na Gaeilge sa dá dhlínse agus léiríodh buairt an phobail maidir leis na himpleachtaí tromchúiseacha a bheadh i ndán don earnáil faoin struchtúr nua. Tá 7 n-eagraíochtaí bunmhaoinithe lonnaithe sa tuaisceart i láthair na huaire agus ní fios cén líon a mhairfidh faoin múnla nua. Luadh an obair trasphobail atá á déanamh ag Iontaobhas Ultach le blianta anuas agus taighde Phobail i leith staid na Gaeilge agus cearta teanga sna 6 chontae.

Meabhraíodh go bhfuil taithí agus saineolas na n-eagraíochtaí seo ríthábhachtach i leith aon dul chun cinn a dhéanfaí amach anseo agus creidtear go gcaillfí acmhainní luachmhara na hearnála faoin múnla nua. Rinneadh caint freisin ar bhallraíocht an fhóraim fhorbartha agus cén ionadaíocht ó eagraíochtaí sna sé chontae a bheidh ar an bhfóram seo, rud nach fios go fóill. Tarraingíodh aird ar chás gnó an mhúnla nua atá faoi bhráid na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta go fóill agus ba é tuairim an Choiste gur chóir na socruithe ó thaobh aistriú bainistíochta agus comhairleoirí a bheith curtha in áit i bhfad roimhe seo.

Chuir Foras na Gaeilge in iúl go mbeidh gach ceanneagraíocht ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin rud a chiallaíonn go mbeidh baill foirne lonnaithe in oifigí sa dá dhlínse. Dúradh go bhfuil taithí ag na heagraíochtaí ó dheas i dtaobh chúrsaí Gaeilge ó thuaidh agus go mbeidh éifeacht dearfach ar an obair trasphobail ar siúl ann óir go leagfaí níos mó béime ar obair eagraíochtaí áitiúla agus gníomhaíocht ar an talamh amach anseo.

Cé nach mbeidh Foras na Gaeilge freagrach as earcaíocht sna ceanneagraíochtaí, dúradh go mbeidh an Foras ag moladh shaineolas na bhfoirne reatha a bheith mar thosaíocht le linn aon phróiseas earcaíochta faoin struchtúr úr. Tugadh le fios go ndéanfar gach iarracht saineolas agus taithí na naoi n-eagraíocht déag a choinneáil san earnáil agus go ndéanfar iarracht scálaí pá a choinneáil mar an gcéanna.

Maíodh nach mbeidh de chumas ar an gcóras nua ról a sholáthar do gach fostaí reatha ach go raibh mar mholadh ag an múnla nua go gcónascfaidh eagraíochtaí mar chuid den phróiseas iarratais. Tuigtear go bhfuil eagraíochtaí áirithe i gcainteanna ina leith seo ach cuireadh in iúl nach bhfuil ar chumas Fhoras na Gaeilge eagraíochtaí a bhrú le chéile faoin bpróiseas. Thug Foras na Gaeilge le fios go dtabharfar cead d’eagraíochtaí cónascadh ainneoin léiriú spéise a chur isteach mar eagraíocht aonarach.

Leag an Coiste an-bhéim ar thábhacht na dtionscadal éagsúil a mbíonn ar bun ag na heagraíochtaí go leanúnach agus nach mór go leanfadh na tionscadail sin ar aghaidh. Chuir ionadaithe Fhoras na Gaeilge in iúl go mbeidh ceanneagraíochtaí ag díriú ar chúrsaí a bhaineann lena réimse áirithe amháin sa chóras nua rud a chiallaíonn go mbeidh an-chuid tionscadal á n-aistriú ó cheanneagraíochtaí úra agus ó eagraíochtaí nach n-éiríonn leo áit a bhaint amach faoin múnla nua.

Gealladh go gcuirfeadh Foras na Gaeilge na socruithe cuí in áit idir Eanáir agus Iúil 2014 leis an aistriú idir eagraíochtaí a éascú agus le cinntiú go gcoinnítear obair thábhachtach na n-eagraíochtaí uile sa chóras nua.

Foilsithe ar Gaelport.com

Mórlaigí i múineadh na Gaeilge

Samhain 6, 2013

Foilsíodh Tuairisc an Phríomhchigire inné ina n-aithnítear bearnaí suntasacha i bhfoghlaim agus i múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais.

Tá Tuairisc an Phríomchigire Harold Hislop bunaithe ar shonraíocht iniúchtaí, idir chigireacht fógartha agus chigireacht theagmhasach, a reáchtáil an Roinn Oideachais agus Scileanna idir 2010 agus 2012.

Is é an cheád uair gur foilsíodh an tuairisc go poiblí agus cé go bhfuil caighdeán na n-ábhar molta den chuid is mó, tá caighdeán múineadh na Gaeilge cáinte go mór ag an bPríomhchigire.

De réir na tuairisce, tá caighdeán na Gaeilge níos lú ná sásúil i 24% de bhunscoileanna na tíre agus 28% d’iarbhunscoileanna. Airíonn an tuairisc nár tugadh deis do dhaltaí foghlaim ó chaint agus ó phlé i 22% de cheachtanna rud a chiallaíonn nach bhfuil aird á tabhairt do bhunriachtanas fhoghlaim teanga. Moladh mór a eascraíonn as tuairiscí cigireachtaí teagmhasacha agus Meastóireachta Scoile Uile (MSU) ná gur gá deis a thabhairt do dhaltaí oibriú i gcomhpháirt le linn na gceachtanna Gaeilge agus i leith dlús a chuir le foghlaim na teanga.

D’airigh an tuairisc go leagfaí an-bhéim ar réamhullmhúcháin agus pleanáil ceachta sna scoileanna ina bhfuil an-rath ar mhúineadh na Gaeilge. Meastar nach bhfuil ullmhúcháin leordhóthanach á déanamh ag 22% do mhúinteoirí agus mar thoradh tá líon suntasach dhaltaí nach bhfuil fáil acu ar chlár foghlama atá ullmhaithe mar is cuí.
Thug cigirí le fios nach raibh cleachtais an mheasúnaithe sásúil i níos mó ná an 35% de cheachtanna Gaeilge. Moltar i dTuairisc an Phríomhchigire nach mór do bhunscoileanna soláthar pleanáilte, córasach ar fhoghlaim daltaí i bpríomhscileanna na Gaeilge a mheas.
Léiríodh easpa acmhainní chun tacú le teagasc na Gaeilge i 20% de cheachtanna. Airíodh an dúshlán céanna i dtaobh múineadh na Gaeilge ag an leibhéal iarbhunscoile. Ardaíodh an géarghá le clár amhail Séideán Sí, atá in úsáid i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge, i dtuarascáil de chuid na Cigireachta, An Ghaeilge sa Bhunscoil in 2007 ach níl leithéid de chlár i bhfeidhm go fóill. Táthar ag súil go mbeidh dea-thionchar ag obair na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Monatóireachta (CNCM) agus na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ar an easnamh seo.
Moltar sa tuairisc gur gá béim bhreise a chur ar fheasacht fóineolaíochta ag an leibhéal iarbhunscoile agus béim níos láidre ar insealbhú na struchtúr agus na rialacha gramadaí na teanga. Moltar go ndíreofaí ar an sprioctheanga níos mó le linn cheachtanna agus go ndéanfaí an t-aistriúcháin a sheachaint.
Freisin, léiríonn tuairiscí na gcigirí go raibh scileanna teanga na múinteoirí féin easnamhach i líon beag, ach líon suntasach, scoileanna.

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »