Athbhreithniú na Roinne Oideachais: An Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta
Meitheamh 4, 2013
Tabharfaidh an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi athbhreithniú ar sholáthar oideachais trí Ghaeilge sna scoileanna Gaeltachta sna míonna romhainn.
Dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais, Seán Ó Foghlú, agus é ag caint ag Comhdháil na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite, “tá a fhios againn ón taighde go bhfuil líon na bpáistí ag freastal ar scoileanna Gaeltachta le Gaeilge ón mbaile nó fiú le Gaeilge líofa ag teacht ar scoil ag titim”.
“Ceann de na dúshláin is mó atá ag múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta ná plé le héagsúlacht chumais labhartha Gaeilge na scoláirí. Dúshlán eile is ea méid na scoileanna agus dearcadh éagsúil tuismitheoirí i leith na Gaeilge agus an oideachais trí Ghaeilge” a dúirt sé.
Is céim mhór chun tosaigh é an t-athbhreithniú i dtaobh dul i ngleic le fadhbanna an chórais reatha sna scoileanna Gaeltachta. Dúshlán suntasach is ea an soláthar d’ardchaighdeán oideachais trí Ghaeilge d’údaráis na scoileanna Gaeltachta go háirithe i láthair na huaire agus an baol leanúnach a bhfuil ann go ndúnfar na scoileanna is lú mar chuid de chóras chostchiorrú an Rialtais. Dar leis an Ard-Rúnaí is é cuspóir an athbhreithnithe seo ná “roghanna éagsúla a aithint maidir le hoideachas trí Ghaeilge a sholáthar a bheidh ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta agus le riachtanais phleanála na gceantar Gaeltachta de réir Acht na Gaeltachta 2012”.
Dúradh go bhfuil téarmaí tagartha don athbhreithniú curtha in áit agus go bhfuil i gceist próiseas chomhairliúcháin a reáchtáil ina mbeidh baint shuntasach ag páirtithe leasmhara uile an hearnála. Cuirfear tús leis an bpróiseas go luath agus táthar ag súil go dtiocfaidh an taighde chun críche faoi lár 2014.
Mórphlean na Roinne
Is gné ollmhór amháin é an t-athbhreithniú seo de mhórphlean na Roinne Oideachais i dtaobh chúrsaí gaelscolaíochta na tíre agus cás na Gaeilge ina hiomláine. Dar leis an Ard-Rúnaí, tiocfaidh curaclam nua comhtháite teanga i bhfeidhm sa bhunleibhéal faoi dheireadh 2014 agus beidh béim ar leith ar scileanna labhartha sa siollabas nua a chuirfear in áit ag an meánleibhéal.
Anuas air sin, tá beartaithe go gcuirfear tús le hathbhreithniú i réimsí éagsúla den chóras reatha roimh dheireadh na bliana, ina measc athbhreithniú ar scrúdú cainte Ardteist na Gaeilge a reáchtálfaidh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus córas bhronnadh na ndíolúintí ón nGaeilge, a bhfuil ag dul i méid i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna ar fud na tíre.
Tiomantas don Ghaeilge
Ag caint ag an gComhdháil a rinne ceiliúradh ar éachtaí COGG san earnáil gaeloideachais le 10 mbliana anuas, dúirt an tArd-Rúnaí go bhfuil “dualgas orainn san earnáil oideachais a chinntiú go mbeidh dóthain daoine ann le cumas sa Ghaeilge chun freastal ar riachtanais Ghaeilge i réimsí oibre éagsúla, mar shampla sa dlí, sna meáin, san aistriúchán agus dár ndóigh, san oideachas”.
Dúirt Ó Foghlú go bhfuil “dul chun cinn ach go háirithe déanta maidir le trí mhórghné- curaclam, measúnacht agus oideachas múinteoirí. Tá beartais maidir leis na trí ghné seo ag dul ar aghaidh taobh le cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Litearthachta agus Uimhearthachta”.
Tugadh le fios go bhfuil tuairisc ar bheartais na Roinne Oideachais i leith chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge go dtí seo, curtha faoi bhráid na Roinne Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta agus go bhfoilseofar an tuairisc sin go luath.
Foilsithe ar Gaelport.com
Cás na Scoileanna Gaeltachta: Tá tráth na cinniúna buailte linn
Meitheamh 4, 2013
Pléadh cás na scoileanna Gaeltachta ag leibhéal an Chomhchoiste um Chosaint Shóisialta agus Oideachas Dé Céadaoin seo caite.
Chuir an Comhchoiste fáilte roimh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG) le cur síos a dhéanamh ar chás na scoileanna Gaeltachta agus a bhfuil i ndán dóibh mar thoradh ar chiorraithe cáinaisnéise an Rialtais.
Aithníodh an tréimhse dhúshlánach ina bhfuil scoileanna uile na tíre ag feidhmiú i láthair na huaire le linn an chruinnithe ach tarraingíodh aird an Choiste ar riachtanais ar leith na scoileanna Gaeltachta i dtaobh chur cinn na Gaeilge, caighdeán Gaeilge na múinteoirí, seirbhísí tacaíochta, acmhainní agus eile.
Tá 4% de scoileanna na tíre lonnaithe i gceantair Ghaeltachta agus as na scoileanna sin, tá 78% ina bhfuil foireann de cheathrar nó níos lú ann.
Bhíodh cóimheas níos fabhraí i scoileanna Gaeltachta a thug aitheantas do na deacrachtaí ar leith a bhain le bheith ag múineadh sa Ghaeltacht, agus is líon 76 gasúr a bhí de dhíth do scoil cheithre mhúinteora. Ach toisc ciorruithe a chuirfear i bhfeidhm i scoileanna ar fud na tíre sna míonna romhainn, beidh 83 ag teastáil ar an rolla acu le bheith incháilithe don cheathrú múinteoir. Ardófar an líon seo go dtí 86 páiste faoin mbliain 2014, rud a fhágfaidh go mbeidh ar scoileanna Gaeltachta ardú de dheichniúr páiste a bhaint amach chun an líon reatha de mhúinteoirí a choinneáil.
Meabhraíodh don Choiste go bhfuil dualgais reachtúla ar Rialtas na hÉireann i dtaobh chaomhnú na gaelscolaíochta agus teanga i gceantair Ghaeltachta faoin Acht Oideachais 1998 agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Maíodh gur gá na trí moltaí a leanas a chur i bhfeidhm leis na dualgais de réir na reachtaíochta a chomhlíonadh:
- Beartais cáinaisnéise i leith chóimheas daltaí le múinteoir a aistarraingt;
- Polasaí oideachais Gaeltachta a fheidhmiú ar bhonn práinne;
- Údarás nua don oideachas Gaeltachta a bhunú (moladh go dtabharfaí ról an údaráis don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)).
Dúirt ionadaithe ón Roinn Oideachais a bhí i láthair ag an gcruinniú den Chomhchoiste go raibh scoileanna uile na tíre ag fulaingt de bharr chúrsaí eacnamaíochta reatha agus nach féidir eisceacht a dhéanamh de scoileanna Gaeltachta. Tuairiscíodh go gcuirfear tús le hathbhreithniú ar an gcóras oideachais trí Ghaeilge sa Ghaeltacht roimh dheireadh na bliana agus go bhfuiltear ag súil le torthaí an athbhreithnithe ar luach na scoileanna beaga go luath freisin.
Cé gur fháiltigh ESG roimh athbhreithniú na Roinne, b’ábhar aiféala é don eagraíocht nár rinneadh aon athbhreithniú sular cuireadh na ciorruithe i bhfeidhm. Thacaigh baill an Choiste leis an tuairim gur chás ar leith atá sna scoileanna Gaeltachta agus nach féidir an Roinn Oideachais cur chuige ‘one cap fits all’ a thógáil sa chás seo. Tá i gceist ag an gComhchoiste scríobh chuig an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn le tacaíocht a léiriú do mholtaí ESG amach anseo.
Foilsithe ar Gaelport.com
Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg
Meitheamh 4, 2013
‘Mionteanga, Mórscéalta’ is ea teideal agus téama an Tríú Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na nÓg a bheidh ar siúl Meán Fómhair seo chugainn.
Tá litríocht agus cultúr na n-óg curtha go mór chun cinn go hidirnáisiúnta le cúpla bliain anuas agus díreofar ar thábhacht na litríochta i gcomhthéacs cultúrtha agus teanga le linn an deireadh seachtaine.
Is í mórcheist na Comhdhála ná ‘Cén tionchar atá ag mionteangacha ar nós na Gaeilge ar ár dtuiscintí ar chultúr na n-óg in Éirinn agus san Eoraip’?
Tá sé mar aidhm ag an gComhdháil plé agus díospóireacht a spreagadh chun na dúshláin atá ann don Ghaeilge i gcultúr agus litríocht na n-óg a shárú. Reáchtálfar plé leathan ar an ábhar ina mbeidh oideachasóirí, scoláirí, foilsitheoirí, aistritheoirí, ealaíontóirí agus daoine eile a bhfuil spéis acu i litríocht agus i gcultúr na n-óg páirteach.
Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu caint a thabhairt ag an gComhdháil teideal agus achoimre an pháipéir (250 focal) mar aon le beathaisnéis (50 focal) a chur chuig litriochtnanog13@gmail.com roimh 5in ar an 14 Meitheamh 2013.
Reáchtálfar Comhdháil Litríocht agus Cultúr na n-Óg in Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9 ar 20-21 Meán Fómhair 2013.
Tuilleadh eolais http://litriochtnanog.blogspot.com.
Foilsithe ar Gaelport.com
Campaí samhraidh trí Ghaeilge
Meitheamh 4, 2013
Le saoire an tsamhraidh nach mór buailte linn, tá campaí samhraidh á reáchtáil do dhaoine óga timpeall na tíre.
Bíonn imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge ar siúl sna campaí seo idir ceol, drámaíocht, spórt, agus ealaín mar aon le ranganna Gaeilge. Chomh maith leis sin, bíonn na páistí in ann sult agus spraoi a bhaint as foghlaim agus labhairt na Gaeilge.
Baile Locha Riach:
Tabharfar deis do pháistí Gaeilge a fhoghlaim in atmaisféar súgartha i gCampa Locha Riach atá ar súil i mBaile Locha Riach i mbliana. Beidh an campa ar siúl idir 06 – 10 Lúnasa agus 12 – 17 Lúnasa agus beidh réimsí leathan imeachtaí ar siúl i rith an champa.
Cosnaíonn sé €45 ar phaiste in aghaidh na seachtaine agus €90 ar feadh coicíse. Tá lacáiste ar fáil do theaghlaigh. Tá tuilleadh eolais agus foirm iarratais ar fáil ó trí ghlaoch a chur ar 091 870718 nó rphost a sheoladh chuig oifig@lochariach.com.
Ógras:
Ar fud na tíre – Tá formhór na gcampaí dírithe ar pháistí atá níos óige agus tabharfar an deis dóibh an méid Gaeilge atá acu a úsáid i suíomh spraíúil agus taitneamhach. Bíonn na campaí ar súil ar fud na tíre, mar shampla eagrófar campaí i Baile na Manach, Co. Atha Cliath, i Cnoc na Cathrach, Co. na Gaillimhe agus i dTrá Lí, Co. Chiarraí.
Beidh go leor imeachtaí a reáchtáil le linn na gcampaí samhraidh – ina measc beidh cispheil, peil, ceol, ealaín agus a lán eile. Tá tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ó ar fáil ó Ógras ar 01 475 1487.
Feachtas:
Tá campaí samhraidh á reachtáil do pháistí idir 10 agus 15 bliana d’aois i gcolaiste Naomh Fhinín sa Mhuileann gCearr. Beidh an campa ar siúl idir 08 – 13 Iúil le réimse leathan imeachtaí ar siúl ann idir drámaíocht, spórt, amhránaíocht agus spóirt éagsúla.
Is féidir tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ó Fheachtas ar 01 672 25 940.
Foilsithe ar Gaelport.com
Clon Gaelscoil Concert in Kilgarriffe
Meitheamh 4, 2013
This Friday evening 7th June, a Concert at Kilgarriffe Church (of Ireland), Clonakilty will be held at 8.00p.m. in aid of Gaelscoil Chloch na gCoillte.
The line-up includes Clonakilty Junior Brass Band; Glaslinn Ladies’ Choir, Vocalists; Fiona Kelleher and Paula Kingston O’ Brien; Trad piano player Hannah Collins and past and present students of the Gaelscoil. Táille isteach €10.
Tickets available from the Gaelscoil or at the door on the night.
With the construction of the new Gaelscoil building moving apace at Fernhill Road, all at the school are looking forward to “an bogadh mór” (the big move).
Like all schools, fundraising still continues however!
All support on Friday evening appreciated.
Teagmháil: gschlochnagcoillte@gmail.com
Gaelcholáistí ainmnithe sa suirbhé Parent Power de chuid an Sunday Times
Meitheamh 4, 2013
Gabhann GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas mór leis na Gaelcholáistí atá ainmnithe sa suirbhé Parent Power de chuid an Sunday Times ar an 2 Meitheamh de bharr a rathúil is atá leibhéal an aistrithe go dtí an 3 leibhéal oideachais. I measc an chéad 20 scoil fud fad na tíre tá 6 scoil lán-Ghaeilge, toradh fíor-shuntasach nuair a thógtar san áireamh nach bhfuil ach 4.9% d’iar-bhunscoileanna sna 26 contae lasmuigh den Ghaeltacht gur gaelcholáistí iad nó a bhfuil aonad lán-Ghaeilge iontu. Is léiriú é an toradh seo ar ardchaighdeán an oideachais lán-Ghaeilge maraon le díograis agus tiomantas na ndaltaí, múinteoirí agus na dtuismitheoirí. Go raibh fada buan sibh! Léiríonn an toradh seo gur fiú go mór infheistíocht na Roinne Oideachais agus Scileanna sna scoileanna lán-Ghaeilge agus tugann sé bunús d’iarratais leanúnacha GAELSCOILEANNA TEO. ar an Roinn do bhreis soláthar ag an iarbhunleibhéal ach go háirithe chun go mbeidh buntáistí an oideachais lán-Ghaeilge ag líon níos mó daltaí sa tír.
Guíonn GAELSCOILEANNA TEO. gach rath ar na daltaí ar fad a bheidh ag tabhairt faoin dTeastas Sóisearach agus faoin Ardteist sna laethanta atá romhainn.
Campaí Samhraidh / Campa na nÓg
Meitheamh 4, 2013
8 Iúil 2013 – 19 Iúil 2013
Beidh neart campaí éagsúla samhraidh á reáchtáil ag Glór Cheatharlach i gCeatharlach an samhraidh seo le neart himeachtaí do dhaoine óga. Is eagraíocht áitiúil í Glór Cheatharlach chun an teanga a chur chun cinn i mBaile Cheatharlach.
Campa na nÓg: Eagrófar Campa do páistí ó 4-6 bliana d’aois i gCeatharlach an samhraidh seo. Beidh rogha de dhá seachtain i mbliana agus lonnaithe sa Naíonra, Gráigchuilinn. Dátaí: 8-12 Iúil agus 15-19 Iúil 2013. Táille €40.
Campa Samhraidh: Beidh an Campa Samhraidh oiriúnach do dhaltaí 7-11 bliana. Lonnaithe i nGaelscoil Cheatharlach ar feadh seachtaine ó 15-19 Iúil. Táille €50.
Mar chuid lárnach de na campaí seo bíonn neart imeachtaí á reáchtáil ina measc bíonn Scéalaíocht, ealaín agus ceol, drámaíocht, spóirt agus spraoi, agus amhránaíocht mar aon le turais agus neart spraoi.
Tá tuilleadh eolais ar fáil thíos ó Emma i nGlór Cheatharlach.ar 059 9158105 / (085) 1340047 nó seol ríomhphost chuig emma@glorcheatharlach.ie
Tá liosta iomlan de na himeachtaí Gaelacha i gCeatharlach ar fáil ar: www.glorcheatharlach.ie
Foilsithe ar Gaelport.com
Dianchúrsa Gaeilge
Meitheamh 4, 2013
Tá áiteanna fós ar fáil ar Dhianchúrsaí Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua ón 10 – 21 Meitheamh 2013.
Tá cúrsaí seachtaine agus cúrsa coicíse ar fáil do dhaoine fásta a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil ach nár chleacht í le tamall fada; d’ foghlaimeoirí a bhfuil dianstaidéar déanta acu uirthi le roinnt blianta agus do dhaoine atá ábalta comhrá a dhéanamh ach ar mian leo cur lena stór focal agus lena n-eolas ar chúrsaí gramadaí.
Is ceantar láidir Gaeltachta é an Cheathrú Rua agus bíonn deis ag ár rannpháirtithe gach a bhfuil foghlamtha go foirmiúil acu sa rang a chleachtadh go nádúrtha i suíomh Gaeltachta.
Tuilleadh eolais:
An Rúnaí,
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
Fón: 091 595101
Ríomhphost: cursaigaeilge@oegaillimh.ie
Gréasán: www.oegaillimh.ie/acadamh
Foilsithe ar Gaelport.com
Dianchúrsaí seachtaine Gaeilge
Meitheamh 4, 2013
Beidh dianchúrsa seachtaine Gaeilge do dhaoine fásta á reáchtáil ag Comharchumann Ráth Chairn i nGaeltacht Ráth Chairn go luath. Beidh béim faoi leith ar labhairt is ar chruinneas na teanga i Ráth Chairn le linn an chúrsa seo ón 24ú-28ú Meitheamh 2013.
Am: 9.30rn-3.30in.
Tá Gaeltacht Ráth Chairn suite timpeall uair a chloig ó Bhaile Átha Cliath i gContae na Mí. Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn i 1935 nuair a aistríodh teaghlaigh iomlána aniar as Conamara chuig Co. na Mí.
Is Gaeltacht bheo í a ofrálann timpeallacht idéalach chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh.
Beidh deis iontach ag rannpháirtithe gach a bhfuil foghlamtha go foirmiúil acu sa rang a chleachtadh go nádúrtha i suíomh Gaeltachta.
Tuilleadh eolais: 046-9432381/9432068 / R: rathcairn@eircom.net
Foilsithe ar Gaelport.co
Celebrating St Colmcille this weekend
Bealtaine 31, 2013
A festival celebrating the heritage of St Colmcille takes place this weekend in Glencolmcille.
The festival Opening Address will be delivered at 8pm on Friday night by Dr Eithne Ni Ghallchobhair of Royal Irish Academy.
This will be followed, at 8.30pm, by one of the highlights of the weekend, a bi-lingual lecture on the links between Donegal and the Hebrides by Aidan O’Hara. The Donegal broadcaster, who spent many years with both RTÉ and the CBC (Canadian Broadcasting Corporation) has just written a new book on this rich, fascinating topic.
Dr Dr Seosamh Watson will officially launch the book ‘Altlantic Gaels – Donegal Links with the Hebrides’ on Saturday at 7.30pm.
There are a host of other great events taking place over the weekend, including a beginner’s conversation class in Scots Gaelic taught by Andreas Wollf, a broadcaster with BBC Alba and an instructor in the Ulpan method of language teaching.
There will also be a concert of Gàidhlig and Gaeilge songs performed by Nóilín Ni Cholla; hillwalking along the famous Colmcille Turas, a tour of the Fr. McDyer Folk Village, and traditional music sessions.
Further information from Oideas Gael on oideasgael@eircom.net or 074 973 0248.
www.donegaldemocrat.ie
Foilsithe ar 30 Bealtaine 2013 / Foilsithe ar Gaelport.com 31 Bealtaine 2013