Cúntóir Naíonra, Biorra
Nollaig 10, 2013
Tá cúntóir Naíonra lan aimsire á lorg ag an Naíonra ‘Nóiníní Beaga’ i mBiorra, Contae Uíbh Fháilí ón 6ú Eanair 2014. (CDBO léibhéal 5 ar a laghad).
Tá Gaeilge líofa riachtanach san iarrthóir. Caithfidh an iarrthóir bheith díograsach agus spreagtha. Tá suim san oideachas luath-óige tábhachtach sa phost seo.
Post lán aimsire atá ann le 15ú uair in aghaidh na seachtaine. (09:00 – 12:00). Is féidir go mbeidh 30 uair ar fail ó Meán Fomhair 2014 ar aghaidh.
Seol CV agus litir chlúdaigh go noininibeaga@gmail.com nó:
FAO
Cathaoirleach an Bord Bainistaíochta
Nóiníní Beaga
Pairc Ghnó Syngefield,
Biorra,
Co. Uíbh Fháilí
Spriocdháta: De Luain, 17 Nollaig 2013
Is é amárach an sprioc d’iarratais ar phost an phríomhoide ag Gael-Choláiste an Phiarsaigh
Nollaig 5, 2013
http://www.foras.ie/vacancies/
Eagarthóirí Taighde – Fiontar
Samhain 27, 2013
Eagarthóirí Taighde (2 phost); Conarthaí suas le 3 bliana
Tá FIONTAR ag earcú taighdeoirí ar conradh chun oibriú ar thionscadail éagsúla sna daonnachtaí digiteacha Gaeilge. Tá cúig thionscadal taighde faoi chúram FIONTAR faoi láthair, agus beidh obair ar na tionscadail éagsúla i gceist: www.logainm.ie, www.focal.ie, www.ainm.ie, www.iate.europa.eu (na téarmaí Gaeilge) agus www.duchas.ie chun Cnuasach Bhéaloideas Éireann a dhigitiú agus a fhoilsiú ar líne i gcomhar le UCD.
Tá meitheal taighde lánaimseartha in FIONTAR agus beidh na heagarthóirí a cheapfar ag obair i ndlúthpháirt leis an bhfoireann sin.
Riachtanais:
-Céim PhD nó a hiontamhail mar aon le bunchéim onóracha sa Nua-Ghaeilge.
-Taithí chuí ar obair thaighde.
-Caighdeán an-ard sa Ghaeilge scríofa.
Tá sonrúchán na bpost seo ar fáil ar www.dcu.ie/vacancies/current.shtml
Modh iarratais:
Tá foirmeacha iarratais ar fáil ón suíomh DCU Current Vacancies (open Competitions) ag www.dcu.ie/vacancies/current.shtml agus ó:
Human Resources Department,
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath,
Glas Naíon,
Baile Átha Cliath 9.
Fón: +353 (0)1 700 5149.
Ba chóir iarratais a aighniú ar r-phost chuig hr.applications@dcu.ie nó ar facs +353 (0)1 700 5500 nó sa ghnáthphost chuig:
Human Resources Department,
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath,
Glas Naíon,
Baile Átha Cliath 9
Scála Tuarastail: Eagarthóir Taighde: €37,750–€38,860–€40,003
Spriocdháta iarratais: Dé hAoine, 13 Nollaig 2013.
Reáchtálfar agallaimh an tseachtain dár tús 13 Eanáir 2014.
Fostóir comhdheiseanna is ea Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá na poist seo á gcómhaoiniú le deontas taighde ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
Foilsithe ar Gaelport.com 27 Samhain 2013
Tá athfhógairt déanta ar phost an phríomhoide i nGael-Choláiste an Phiarsaigh
Samhain 20, 2013
Féach http://www.foras.ie/vacancies/
Post buan – Príomhoide, Coláiste Ghór na Mara, Baile Brigín, Co. Átha Cliath
Samhain 15, 2013
Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 3 Feabhra 2014. Iarbhunscoil, dheonach, Ilchreidmheach, Lán-Ghaeilge do chailíní agus buachaillí is ea Coláiste Ghór na Mara, atá faoi Iontaobhas Foras Pátrúnachta na Scoileanna lánGhaeilge agus a bheidh ag oscailt don chéad uair mí Mheán Fómhair 2014. Is féidir foirm iarratais a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig an cathaoirleach ag pocolaisteghlornamara@gmail.com
Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe (ar pháipéar amháin) a sheoladh ar ais chuig Tim Ó Tuachaigh, Dollards Cottage, Drogheda Rd, Bremore, Baile Brigín, Co. Átha Cliath roimh 5.00 in ar an 29 Samhain 2013.Is fostóir comhionannas deiseanna é Coláiste Ghlór na Mara.
Múinteoir Matamaitice
Samhain 11, 2013
Múinteoir de dhíth ar Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Oileáin Árann (Gnó, Matamaitic, LCVP)
Saoire mháithreachais le tosú láithreach.
Is féidir teagmháil a dhéanamh mar a leanas:
An Roinn Pearsanra, 091-874528/0
Bord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin,
An Coiléar Bán,
Baile Átha an Rí
Co. na Gaillimhe
Foilsithe ar Gaelport.com
Príomhoide Iar-bhunscoile
Samhain 11, 2013
Fáilteoidh Bord Bainistíochta Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua roimh iarratais ó dhaoine cuícháilithe agus le taithí ar an bpost seo a leanas, a mbeidh feidhm leis ón 23ú Eanáir, 2014:
PRÍOMHOIDE
Tuarastal:
Cáilíochtaí, coinníollacha seirbhíse agus scála tuarastail i gcomhréir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna.
Liúntas Príomhoide – Catagóir XI.
Is féidir foirmeacha iarratais agus breis sonraíochtaí poist a fháil ِó Dhaibhéid Ó Laocha, f/ch. Bhord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin ag 091/874535, nó trí ríomhphost chuig: enquiries@gretb.ie
Is é an dáta deiridh d’iarratais a bheith faighte (sa phost nó trí sheachadadh láimhe amháin) 4.00i.n., Dé Luain, 25ú Samhain, 2013.
Daibhéid Ó Laocha,
Rúnaí an Bhoird Bhainistíochta,
f/ch. Bhord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin,
An Coiléar Bán,
Baile Átha an Rí,
Co. na Gaillimhe.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le hiarratais i ndiaidh an spriocdháta, go ndícháileofar duine ar bith a dhéanann canbhasáil agus go bhféadfadh gearrliostú a bheith i gceist.
Is fostóir comhionannais deiseanna an Bord Bainistíochta seo.
Foilsithe ar Gaelport.com 11 Samhain 2013
Taighdeoirí á lorg ag COGG
Deireadh Fómhair 29, 2013
ATHFHÓGAIRT
Athbhreithniú ar Thaighde
Athbhreithniú ar litríocht, ar pholasaithe náisiúnta agus ar chleachtas ábhartha i limistéir eile i gcomhthéacsanna sochtheangeolaíocha atá inchurtha leis na ceantair Ghaeltachta, i dtaca le soláthar do theangacha mionlaigh sa chóras oideachais agus le teagasc trí theanga mhionlaigh in ionaid réamhscolaíochta, i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna
An dáta deiridh a ghlacfar le tairiscint: 10am Dé Luain, 11 Mí na Samhna, 2013.
Chun an t-eolas iomlán a fháil téigh chuig: https://irl.eu-supply.com/ctm/supplier/publictenders
Múinteoirí de dhíth
Deireadh Fómhair 29, 2013
Tá fóluntais sna scoileanna seo a leanas:
Gairmscoil Éinne, Cill Rónáin, Oileáin Árann (Eolaíocht & Matamaitic)
Gairmscoil Fheichín, Corr na Móna (Gnó, Matamaitic, LCVP) saoire mháithreachais le tosú i mí na Samhna
Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Oileáin Árann (Gnó, Matamaitic, LCVP) saoire mháithreachais le tosú i mí na Samhna
Is féidir teagmháil a dhéanamh mar a leanas:
An Roinn Pearsanra, 091-874528/0
Bord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin,
An Coiléar Bán,
Baile Átha an Rí
Co. na Gaillimhe
Máire Ní Bhlioscáin,
Rannóg Pearsanra
Rúnaí scoile á lorg ag Gaelscoil Shliabh Rua
Deireadh Fómhair 18, 2013
10-14 uair in aghaidh na seachtaine. Ard-caighdeán i labhairt na Gaeilge ag teastáil. Is é 28 Deireadh Fómhair an sprioc d’iarratais. Tá tuilleadh eolais faoin bpost seo ar fáil ar www.educationposts.ie