Imní faoi scoileanna beaga Gaeltachta
Eanáir 5, 2012
Tá tréimhse dhúshlánach roimh phobal na Gaeltachta más mian leo cosaint a dhéanamh ar an gcóras oideachais ar an mbunléibheáil.
Tá an ghéarchéim nua ag eascair as cinneadh an tAire Brendan Howlin TD, mar chuid den cháinfhaisnéis.
Moladh sa cháinfhaisnéis go n-ardófar an cóimheas idir múinteoirí agus daltaí i scoileanna beaga le níos lú ná ceathrar múinteoir fostaithe ann.
Dar le Treasa Ní Mhainín ó Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta “Tá an baol ann go ndúnfar suas go 91 bunscoil Ghaeltachta a bhfuil 86 nó níos lú dalta ag freastal orthu laistigh de thréimhse an-ghearr má leantar leis na rialacha nua atá molta.”
Anseo san Iarthar tá baol ann go bhfágfar go leor ceantar Gaeltachta le scoileanna folamh agus go mbeidh poist i mbaol má dhéantar cónascadh ar scoileanna beaga.
Ach, mar atá feicthe go minic cheana, is féidir dochar mór a dhéanamh don Ghaeilge féin má dhéantar cónascadh ar scoileanna beaga. Go hiondúil is iad na scoileanna beaga is láidre ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh na staire de feictear go lagaítear an Ghaeilge go mór nuair a bhrúitear isteach iad le scoileanna móra.
Tá fearg ollmhór léirithe ag tuismitheoirí agus múinteoirí agus na pobail éagsúla ar fud an Iarthair faoin gcinneadh seo atá déanta ag Fine Gael agus an Lucht oibre. Agus bliain úr romhainn is léir anois go bhfuil troid mhór le déanamh ag pobal na Gaeltachta.
GALWAY ADVERTISER
Gearrscannáin na Gaeilge
Samhain 10, 2011
Beidh gearrscannán atá déanta ag daltaí idirbhliana Scoil Chuimsitheach Chiaráin, an Cheathrú Rua, i measc na scannáin a bheidh le feiceáil ag taispeántas de chuid an Junior Film Fleadh in Amharclann na Cathrach Dé Céadaoin seo chugainn, 16 Samhain, ag tosú ag 2.15i.n.
Tá sé mar aidhm ag an taispeántas seo rogha de ghearrscannáin comhaimseartha a léiriú, ina bhfuil an Ghaeilge á húsáid mar theanga bheo, bríomhar, atá an-oiriúnach chun téamaí agus mórcheisteanna a bhaineann le daoine óga a phlé. Ar an scalán chomh maith beidh an scannán Asal, leis an stiúrthóir Tom Sullivan, scannán a bhuaigh Gradam Tiernan McBride don Ghearrscannán is Fearr ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana. Le feiceáil freisin beidh Abinitio, agus An Buille, gearrscannáin leis an stiúrthóir Marion Ní Loingsigh, agus An Rinceoir, stiúrthóir Elaine Gallagher, ina léirítear an grá atá ag cailín óg do rincí Gaelacha. Taispeánfar freisin an gearrscannáin An Ghaeilge – Give It a Go le C Sayers agus Coláiste Pobail na Gaillimhe, clár faisnéise gairid a dhíríonn ar dhaoine a raibh tionchar acu ar úsáid na Gaeilge, ag léiriú go bhfuil an Ghaeilge beo agus í á húsáid i gcónaí.
Galway Advertiser
Cearta teanga do dhéagóirí
Meán Fómhair 30, 2011
Sheol an tAire Stáit Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tionscnamh oideachais nua ar chearta teanga atá curtha le chéile ag Oifig an Coimisinéir Teanga, ag ócáid i nGaillimh Dé Máirt seo caite.
Tá an acmhainn oideachais seo á chur ar fáil lena úsáid mar chuid den chúrsa san Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil (OSSP) sa Teastas Sóisearach. Forbraíodh an acmhainn oideachais i dteannta leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí agus cuireadh an pacáiste ar fáil do scoileanna dara leibhéal ar fud na tíre le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta. Sraith d’ocht gcinn de cheachtanna scoile chomh maith le rogha de chúig cinn de thionscadail ghníomhaíochta atá i gceist. Tá an pacáiste foghlaim ghníomhaíochta seo go hiomlán dátheangach agus áirítear ann leabhar don mhúinteoir, póstaeir, CD, DVD de ghearrthóga físe agus acmhainn ar-líne. Is féidir cóip den acmhainn oideachas nua a fháil ach teagmháil a dhéanamh le hoifig an Coimisinéir Teanga ag 091 504006 nó www.coimisineir.ie.
Galway Advertiser
Aitheantas don TEG
Iúil 21, 2011
Tá cinneadh déanta ag an Roinn Oideachais aitheantas a thabhairt don cháilíocht B2 i dTeastas Eorpach na Gaeilge mar chritéir iontrála do chúrsaí fochéime agus iarchéime san Oideachas sna coláistí oideachais.
Is é Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉirinn, Má Nuad a bhain an t-aitheantas seo amach agus tá ard-mholadh ag dul don Ionad céanna as an obair atá déanta acu i bhforbairt chóras an TEG. Don chéad uair anois tá córas cáilíochta ann do dhaoine nach bhfuair cáilíocht sa Ghaeilge roimhe seo, idir Éireannaigh agus eachtrannaigh. Is féidir le foghlaimeoirí ó chúlraí éagsúla oideachais tosú amach ag Leibhéal A1 agus dul trí leibhéil TEG go mbainfidh siad B2 amach. Go dtí seo, ní raibh de rogha ag foghlaimeoirí fásta nach raibh cáilíocht fhoirmiúil Gaeilge acu ach an scrúdú Ardteiste Gaeilge Ardleibhéal a dhéanamh nó freastal ar chúrsa Dioplóma sa Ghaeilge sna hollscoileanna ar fud na tíre. Ar ndóigh níl an siollabas ná an scrúdú Ardteiste ceangailte leis an bhfráma coitianta Eorpach do mhúineadh teangacha nó níl sé dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta, agus ní i gcónaí a bhíonn daoine in ann freastal ar chúrsaí Dioplóma. Beidh an t-aitheantas nua don chóras TEG ina bhuntáiste ach go háirithe d’fhoghlaimeoirí fásta ar mian leo áit a bhaint amach ar na cúrsaí bunmhúinteoireachta sna coláistí oiliúna, cúrsaí a bhfuil an-éileamh orthu i láthair na huaire.
Gawlay Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
Campaí Samhraidh do pháistí i gContae na Gaillimhe
Bealtaine 19, 2011
Tá clár na bliana de Champaí Samhraidh Chonradh na Gaeilge i gContae na Gaillimhe, campaí atá á reáchtáil do dhaoine óga, seolta anois.
Beidh Campaí samhraidh ar siúl ar fud Chontae na Gaillimhe le linn mhí Iúil agus Lúnasa. Tá méadú ollmhór tagtha ar na Campaí seo le dornán blianta anuas de bharr na deise a thugann na campaí do pháistí spraoi agus taitneamh a bheith acu agus iad ag freastal ar Champa trí Ghaeilge. Tá formhór na gcampaí dírithe ar pháistí idir 8 mbliana agus 14 bliana d’aois, ach tá roinnt ceantair freisin atá ag díriú ar pháistí idir 5-7 mbliana d’aois. Reáchtálfar imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge idir ceol, drámaíocht, spórt, agus ealaín mar aon le ranganna Gaeilge. Le linn na gcampaí samhraidh seo bíonn na páistí in ann sult agus spraoi a bhaint as foghlaim agus labhairt na Gaeilge.
Tosaíonn na campaí ag a 10.00r.n. gach maidin agus leanann siad ar aghaidh go dtí 3.00i.n. Is féidir tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sráid Dominic, Gaillimh ag 091-567824, conradh@bradan.iol.ie.
Galway Advertiser
Lá eolais do na polaiteoirí
Aibreán 14, 2011
Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag eagrú lá eolais do pholaiteoirí mar chuid den phróiseas comhairliúcháin maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
Beidh an lá eolais ar siúl in Óstán Buswells, Baile Átha Cliath, ar Dé Céadaoin, 1 Meitheamh. Is é seo an tríú bliain as a chéile go bhfuil lá stocaireachta eagraithe acu. Tá Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge ag tabhairt cuiridh do Theachtaí Dála agus Seanadóirí bualadh leo le cúrsaí oideachais na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 a phlé le hionadaithe ón dá eagraíocht. Beidh daoine i láthair freisin óna dáilcheantair éagsúla ar fud na tíre le labhairt lena bpolaiteoirí féin ag an lá eolais. Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Seo deis do Theachtaí nua dul i mbun comhairle le hionadaithe Chonradh na Gaeilge agus Ghuth na Gaeltachta i dtaca le cúrsaí teanga, agus is seans í do pholaiteoirí gur bhuaileamar leo cheana caidreamh níos láidre a chothú le pobal na Gaeilge agus iad féin a thabhairt suas chun dáta ar chúrsaí reatha na Gaeilge agus na Gaeltachta.”
Deir Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: “D’éirigh le pobal na Gaeilge dul i bhfeidhm go mór ar na polaiteoirí roimh an olltoghchán le déanaí, agus thug gach páirtí le fios sna forógraí a bhí acu go seasfaidís leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.” Déanfar plé freisin ar an lá eolais ar chuid de na moltaí fiúntacha a bhí i bhforógraí na bpáirtithe maidir le múineadh na Gaeilge agus conas an teanga a chur chun cinn sa chóras oideachais ag an lá eolais.
Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
Bua do thuismitheoirí Ráth Tó
Aibreán 11, 2011
Tá faoiseamh ar an mbealach don bhuíonn tuismitheoirí cróga atá i mbun Ghaelscoil Ráth Tó i gContae na Mí leis an scéal go bhfuil go bhfuil Gaelscoil nua ceadaithe ag an Roinn Oideachais do mhórcheantar Ráth Tó agus Cill Dheagláin.
Bhí na tuismitheoirí i mbun Gaelscoil gan aitheantas a riaradh ó mhí Mheán Fómhair seo caite ach beidh Coiste na gaelscoile ag feidhmiú anois mar choiste bunaithe na scoile nua. Toisc nach raibh aitheantas ag an scoil ón Roinn Oideachais thit na costais uilig a bhain leis an scoil ar na tuismitheoirí. Mar thoradh air seo, bunaíodh an feachtas Aitheantas, le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar agus Foras Pátrúnachta na scoileanna lán Ghaeilge chun cabhrú lena tuismitheoirí ó thaobh cúrsaí stocaireachta agus le hairgead a bhailiú.
Le tacaíocht phobal na Gaeilge fud fad na tíre agus síorobair an Choiste féin cuireadh ciste le chéile chun costas na bliana reatha a ghlanadh. Cé go bhfuil ceist Ráth Tó nach mór réitithe anois, tá sé beartaithe ag bunaitheoirí Aitheantas leanúint leis an obair chun cúlchiste a chur le chéile do thuismitheoirí agus pobail ar mian leo Gaelscoil a bhunú ach nach bhfuil ag fáil tacaíochta ón Roinn Oideachais, mar a tharla i gcás Ráth Tó. Tá sé i gceist ag Aitheantas comhairle dlí a fháil freisin chun cearta thuismitheoirí oideachas trí Ghaeilge a fháil dá gcuid páistí a chosaint.
Galway Advertiser
Tuarascáil an Choimisinéara Teanga
Márta 24, 2011
Tá léiriú neamhbhalbh tugtha i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar na fadhbanna atá roimh an rialtas nua má tá fonn orthu a chlár oibre don Ghaeilge a chur i gcrích.
Léiríonn iniúchadh a rinne a Oifig ar Ranna agus Oifigí Rialtais go raibh ag teip go leanúnach ar bhreis agus an ceathrú cuid de Ranna agus Oifigí Rialtais fiú an leibhéal seirbhíse is bunúsaí ar fad a sholáthar trí Ghaeilge do chustaiméirí ar an teileafón, agus gur theip ar 29% eile oiread seirbhíse trí Ghaeilge a chur ar fáil agus a chinnteodh go raibh a ndualgais reachtúla a gcomhlíonadh acu. “Tá an teip seo níos suntasaí fós nuair a chuirtear san áireamh gur bhain an t-iniúchadh le comhlachtaí poiblí a raibh plean reachtúil teanga i bhfeidhm acu le 4 bliana ar a laghad” a dúirt an Coimisinéir Teanga. “Scanrúil” a thug an Coimisinéir Teanga ar an eolas a tháinig chun cinn le linn na bliana nach raibh ach 1.5% d’fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais agus Scileanna a raibh ar a gcumas seirbhísí a sholáthar i nGaeilge chomh maith le Béarla. B’ionann sin agus laghdú 50% le cúig bliana anuas. Agus é ag admháil gur fadhb choitianta í seo sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí, dúirt sé go léiríonn sé níos soiléire ná aon ní eile an bhearna idir cumas seirbhísí a sholáthar trí Bhéarla agus soláthar na seirbhísí sin trí Ghaeilge.
Ba bheag iontas é mar sin, bunaithe ar imscrúdú eile, gur chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais foráil de chuid an Achta Oideachais 1998 trí raon suímh gréasáin oideachasúla a sholáthar trí Bhéarla amháin, beag beann ar riachtanais na ngaelscoileanna nó scoileanna Gaeltachta. Tá an tuarascáil iomlán le fáil ar www.coimisineir.ie.
Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
Clár oibre an Rialtais
Márta 10, 2011
Tá tacaíocht geallta don Phlean Straitéise 2010 – 2030 i gClár Oibre an Rialtais nua de réir na cáipéise a foilsíodh an Domhnach seo caite, cé go bhfuil an tacaíocht seo beagáinín doiléir sa mhéid is go ndeirtear go ndéanfar seachadadh ar na spriocanna ar fad atá “indéanta”.
Ní nach ionadh, i gcomhthéacs na díospóireachta ar fad le linn an Olltoghcháin, is é cúrsaí oideachais is mó atá luaite sa chlár oibre ó thaobh na Gaeilge de, agus é ráite ann go ndéanfar athchóiriú bunúsach ar mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachas, le marcanna breise ag dul don scrúdú cainte. Deirtear go nglacfar céimeanna chun cur le caighean agus éifeacht múineadh na Gaeilge agus gur ag an bpointe a bhfuil na céimeanna seo á fheidhmiú a ndéanfar cinneadh faoin nGaeilge a bheith mar chroí-ábhar don Ardteist.
Ar na rudaí eile atá luaite sa cháipéis tá athbhreithniú ar mhaoiniú earnáil na Gaeilge agus athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá tacaíocht geallta do chúrsaí craolacháin agus don Ghaeltacht, cé nach bhfuil aon rud sonrach luaite faoin nGaeltacht seachas go mbeidh sí in ann teacht i dtír ar an infheistíocht ghinearálta i gcúrsaí forbartha agus infreastruchtúr ar fud na tíre.
Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
Walsh condemns Fine Gael proposals on Irish language
Feabhra 11, 2011