Méid an Téacs

Splitting Irish course would help language

Márta 8, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

GAELSCOILEANNA NUA AG OSCAILT FAOI AN FORAS PÁTRÚNACHTA I 2012 AGUS 2013

Márta 8, 2012

D’fhógair  An t-Aire Ruairí Quinn de chuid An Roinn Oideachais agus Scileanna  an  cinneadh ar phátrúnacht do na bunscoileanna nua ag oscailt  i mí Mhéan Fómhair 2012, agus i Meán Fómhair 2013.

“Tá an-áthas ar An Foras Pátrúnachta go mbeidh trí Ghaelscoil nua ag oscailt faoin bpátrún idir 2012 agus 2013 i mBaile Átha Cliath. Tugadh le fios dúinn roimhe seo go mbeadh Gaelscoil an Chuilinn i Mullach Eadrad ag oscailt an bhliain seo agus anois tá fás tagtha ar líon na nGaelscoileanna faoin bpatrún  le dhá Ghaelscoil nua eile ag oscailt i dTamhlacht agus sa Chéim sa bhliain 2013”, a dúirt Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta, Caoimhín Ó hEaghra. Roghnaigh An Roinn Oideachais ceantair áirithe timpeall na tíre ina fheictear dóibh go mbeidh fás suntasach sa  dhaonra ann sna blianta amach romhainn agus go mbeidh gá mar sin le tuilleadh scoileanna a oscailt iontu.

Rinne An Foras Pátrúnachta iarratais ar deich bunscoil nua i gceantair éagsúil i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, Corcaigh agus Gaillimh i mí Dheireadh Fómhair, 2011. Thug an pátrún aird ar na riachtanais a leag An Roinn Oideachais amach do na pátrúin scoile ar  fad,  éagsúlacht phátrúin, iolarthacht agus éileamh thuistí, san áireamh. Fhad is atá an pátrún thar a bheith sásta go bhfuil líon na nGaelscoileanna ag fás, tá iontas  áfach ar An Foras Pátrúnachta nár tugadh aitheantas do dhá cheantar faoi leith, Baile an Chairpintéaraigh i mBaile Átha Cliath agus Baile Chill Dara. Dúirt ArdRúnaí Ó hEaghra  “go raibh neart tacaíochta agus éilimh léirithe don phátrún ó thuismitheoirí sna ceantair seo.” Fáilteoidh An Roinn Oideachais, áfach, leis an dara bhunscoil a oscailt mar Ghaelscoil i mBaile Chill Dara i 2014, más féidir le An Foras Pátrúnachta an t-éileamh a léiriú. Tá an pátrún anmhuiníneach gur féidir an coinníoll seo a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, beidh an ceathrú Gaelscoil ag oscailt i gCnoc na Cathrach, Gaillimh i 2013, ach beidh cinneadh á dhéanamh ag an Roinn ar phátrúnacht na scoile sin nuair a iarraidh An Roinn ar An Foras Pátrúnachta agus An Coiste Gairmoideachais, a rinne iarratas don scoil nua chomh maith, tuilleadh soléiriú a dhéanamh ar a gcuid n-iarratas .

Beidh An Foras Pátrúnachta ag eagrú cruinnithe poiblí amach anseo sna ceantair a bhfuil Gaelscoileanna á n-oscailt. Tá sé i gceist coistí bunaithe a chur le chéile sna ceantair seo mura bhfuil siad ann cheana. Is féidir réamh-chlárú a dhéanamh  idir an dá linn  le An Foras Pátrúnachta  ar www.foras.ie do na scoileanna nua seo.

Le haghaidh agallaimh nó tuilleadh eolais, dean teagmháil le: Caitríona Bairéad :: caitriona@foras.ie :: 01-6294110

Faoi An Foras Pátrúnachta:

Bunaíodh An Foras Pátrúnachta sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht. Is pátrúnacht náisiúnta é An Foras Pátrúnachta do scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal. Tá An Foras Pátrúnachta ina Phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach /Protastúnach) acu.

An fhís atá ag An Foras Pátrúnachta ná oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír.

Tá An Foras Pátrúnachta aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna mar chóras pátrúnachta atá inghlactha agus cuí do scoileanna ag an gcéad agus an dara leibhéal.

New Irish language edition of best-selling classic Under the Hawthorn Tree

Márta 8, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Comórtais, gníomhaíochtaí & spraoi i gcomhair Sheachtain na Gaeilge

Márta 7, 2012

An bhfuil do scoil / grúpa óige ag iarraidh rud éigin spraíúil spreagúil a dhéanamh i gcomhair Sheachtain na Gaeilge?  Seo bhúr ndeis – glac páirt i Rith 2012, ollrith sealaíochta trí 15 chontae agus 75 baile ar fud na hÉireann ón 8-17 Márta.  Tá bealaí éagsúla le bheith páirteach:

  • Cuir isteach ar na comórtais chun duaiseanna ranga agus aonair a bhuachan.
  • Glac páirt ann. Ceannaigh ciliméadar agus iompaigh Baitín Sealaíochta Rith. Nó bain úsáid as na cluichí agus frásaí úsáideacha chun imeacht a eagrú i do scoil féin.
  • Íoslódáil póstaeir, pleananna ceachta, agus bileoga oibre agus úsáid Rith chun foghlama sa Tíreolaíocht, Corpoideachas, Ceol agus OSPS.

www.rith.ie/comortais

 

Stuck in Lá Groundhog?

Márta 7, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Clár Tacaíochta Teaghlaigh nua le fógairt ag McGinley

Márta 7, 2012

FÓGRÓIDH AIRE Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, an Clár Tacaíochta Teaghlaigh go luath, scéim tacaíochta teanga úr a thiocfaidh in áit Scéim Labhairt na Gaeilge ar cuireadh deireadh léi anuraidh.

In agallamh leis an gcolún seo agus a chéad bhliain caite aige mar Aire Stáit na Gaeltachta, thug Dinny McGinley (FG) le fios go raibh €500,000 curtha ar leataobh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don scéim nua.

Faoin scéim, beidh deis ag tuismitheoirí síniú le clár náisiúnta de thuisimitheoirí a bhfuil fonn orthu a leanaí a thógaint trí Ghaeilge. Murab ionann agus Scéim Labhairt na Gaeilge ní íocfar aon deontas díreach le teaghlaigh a chláraíonn leis an scéim ach cuirfear seirbhísí tacaíochta éagsúla ar fáil dóibh chun cabhrú leo a leanaí a thógáil trí Ghaeilge.

Is ar leanaí Gaeltachta in aois scoile a bhí Scéim Labhairt na Gaeilge dírithe, ach díreoidh an clár tacaíochta ar chabhair a thabhairt do thuismitheoirí sula dtéann a leanaí ar scoil agus fiú sula dtagann a leanaí ar an saol.

Déanfar é seo, mar shampla, trí phacáistí eolais a chur ar fáil faoi na seirbhísí tacaíochta oideachais agus sláinte atá ar fáil do thuismitheoirí a roghnaíonn an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh.

Scaipfear eolas chomh maith faoi na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge a roghnú mar theanga teaghlaigh agus faoi na modhanna is fearr le clann a thógáil le Gaeilge.
Is ar theaghlaigh Ghaeltachta is mó a dhíreoidh an scéim ach beidh cead ag tuismitheoirí lasmuigh den Ghaeltacht clárú chomh maith.

Feidhmeoidh an clár nua mar ghréasán náisiúnta tacaíochta do thuismitheoirí a bhfuil cinneadh tógtha acu a leanaí a thógáil trí Ghaeilge, a dúirt McGinley.

Dúirt sé go raibh ré Scéim Labhairt na Gaeilge caite agus gur theastaigh scéim nua a bheadh in oiriúint do chur chuige na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge: “Scéim Labhairt na Gaeilge – sin an stair. An cruthú nach raibh sé ag obair ná na tuairiscí ar fad a léiríonn go bhfuil an Ghaeilge faoi níos mó brú ná riamh sa Ghaeltacht.

“Is cúis mhór imní dom go bhfuil an oiread sin brú ar an nGaeilge sa Ghaeltacht ach cabhróidh an cur chuige nua le cinntiú nach mbrisfear an slabhra teanga agus go mbeidh sruth láidir de chainteoirí dúchais againn amach anseo.”

Dúirt sé gur léiriú praiticiúil amháin é an Clár Tacaíochta Teaghlaigh ar an obair a bhí ar bun ag an Rialtas maidir le slánú na Gaeilge agus go dtugann sé an bhréag dóibh siúd atá den tuairim gur beag atá déanta le bliain anuas le feidhm a thabhairt don straitéis 20 bliain:

“Maidir leis an straitéis tá an machnamh agus an chaint beagnach déanta agus na tuairimí ar fad beagnach faighte. Bhí orainn an bhunchloch agus an dúshraith a leagan síos agus tá sin déanta ag mo Roinn.

“Is fearr go mór na rudaí seo a dhéanamh i gceart an chéad lá agus gan bheith ag léim isteach agus ansin ag fáil amach faoi cheann cúpla bliain nach bhfuil rudaí ag obair mar ba chóir.”

Cé go ndeir sé go bhfuil obair thábhachtach ar bun ag na coistí trasrannacha atá bunaithe chun feidhm a thabhairt don straitéis 20 bliain, admhaíonn sé gur beag dóchas a thugann bunú coistí don ghnáthdhuine ar cás leis a bhfuil i ndán don teanga.

“Tuigim go bhfuil daoine ag fanacht le beartais fheiceálacha, go bhfuil siad ag iarraidh rudaí a fheiceáil ag tarlú i lár an aonaigh, ach feicfidh siad tuilleadh de na rudaí sin ag tarlú as seo amach.

“Sampla amháin is ea an Clár Tacaíochta Teaghlaigh, sampla eile is ea an Bille Gaeltachta – an chéad phíosa reachtaíochta mar seo ó na 1970í – atá ag an dréachtóir parlaiminte faoi láthair.”

Tabharfaidh an Bille Gaeltachta sainmhíniú nua ar an nGaeltacht bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar chritéir thíreolaíochta agus leagfaidh sé amach cúraimí agus struchtúr nua d’Údarás na Gaeltachta.

Tabharfaidh an reachtaíocht nua deis chomh maith do cheantair lasmuigh den Ghaeltacht thraidisiúnta stádas mar “ghréasáin Ghaeltachta” a bhaint amach.
Is iad cuid de na beartais atá curtha i gcrích ag an Rialtas cheana is mó atá ag cothú conspóide i láthair na huaire, áfach.

Go deimhin, tá cuid mhaith ama caite ag an Aire Stáit ar na meáin le déanaí ag cosaint cinntí rialtais éagsúla, ina measc an cinneadh oifig neamhspleách an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus an cinneadh an deontas a íoctar le hábhar oidí a chaitheann seal sa Ghaeltacht a tharraingt siar.

Tá athbhreithniú ar siúl faoi láthair ag Roinn na Gaeltachta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus mar chuid den phróiseas sin tá aiseolas faighte ón bpobal i bhfoirm suirbhéanna agus aighneachtaí.

Deir McGinley go mbeidh na haighneachtaí seo ar fáil go poiblí sula ndéanfar aon chinneadh maidir le hathruithe. Ach cad a tharlóidh má thagann sé chun solais go bhfuil tuairimí láidre ag an bpobal maidir leis an gcinneadh conspóideach faoi Oifig an Choimisinéara?

“Tá an cinneadh sin tógtha ag an Rialtas agus seasann sé mar chinneadh rialtais. Mar atá ráite agam go minic ní shílim go dtiocfaidh aon laghdú ar éifeacht ar obair an choimisinéara.”

Ach dá léireodh an pobal a mhalairt de thuairim?

“Níl an t-údarás agamsa dul ag caint faoi chinneadh rialtais a athrú. Tá an cinneadh tógtha agus sin mar atá sé san am i láthair.”

Go deimhin, tá ráite ag an bhfreasúra go mbeadh i bhfad níos mó údaráis agus tionchair ag McGinley dá mbeadh áit aige ag Bord an Rialtais.
Ní ghlacann sé leis an argóint gur míbhuntáiste don Ghaeilge agus don Ghaeltacht é nár ceapadh ina aire sinsearach é.

Deir sé go bhfuil “seasamh an-láidir ag an nGaeilge” ag Bord an Rialtais agus go bhfuil an Taoiseach, an Tánaiste agus na hairí eile “báúil” le agus “dílis” don Ghaeilge.
“Chomh maith leis sin tá Jimmy Deenihan (an t-aire sinsearach sa Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta) mar chrann taca iontach agamsa. Ní bhíonn aon fhadhb agamsa na pointí láidre a bhíonn agam a chur in iúl don chomhaireacht.”

Bíonn plé rialta chomh maith aige lena chomhghleacaí ó thuaidh – Carál Ní Chuilín (SF) – faoi cheist na teanga agus faoi cheist achrannach na samhaile nua maoinithe atá leagtha amach ag Foras na Gaeilge d’earnáil bhunmhaoinithe na Gaeilge.

Tá próiseas comhairliúcháin poiblí á reachtáil ag an bhforas faoi láthair maidir leis an gcóras nua.
Ach thug leas-phríomhfheidhmeannach an fhorais, Seán Ó Coinn, le tuiscint ag cruinniú comhchoiste Oireachtais an tseachtain seo caite nach rachfaí chun cinn leis an tsamhail nua sa chás go mbeadh na heagraíochtaí ar fad ina coinne.

Ní raibh McGinley sásta tuairim a thabhairt ar ráiteas Uí Choinn ach dúirt sé nár mhaith leis go gcaillfí aon chuid den “stór eolais” a bhí ag na heagraíochtaí.
Ag an gcruinniú céanna comhchoiste Oireachtais, ghlac Ó Coinn leis go raibh “fadhb chumarsáide” ag an eagraíocht trasteorann.
An mbeadh McGinley ag teacht leis an léamh sin ar an bhforas?

“Déarfaidh mé an méid seo, níl eagraíocht ar bith sa tír nach mbeadh ag iarraidh go mbeadh córas cumarsáide níos fearr acu agus aon eagraíocht nach bhfuil ag iarraidh sin tá fadhb mhór acu. Ní haon eisceacht é Foras na Gaeilge.”

I ndiaidh blianta fada a thabhairt ar bhinsí an fhreasúra tá bliain tugtha anois ag Dinny McGinley ar an dtaobh eile den Teach.
Cuimhníonn sé uaireanta, a deir sé, ar a laethanta sa fhreasúra nuair a bhíodh “seiceanna agus deontais á gcaitheamh thart ag airí mar a bheadh snaois ag tórramh ann”.

Ach dúshlán nua ar fad atá roimhe, a deir an Conallach.

“Caithfimid a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ag an chéad ghlúin eile agus é sin a dhéanamh taobh istigh d’acmhainní teoranta. Tuigeann an pobal é sin, sílim.

“Tá go leor oibre ag dul ar aghaidh le cinntiú go mbainfimid an cuspóir sin amach ag am cinniúnach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tá go leor ag tarlú a thugann ábhar dóchais agus uchtaigh dom.”

IRISH TIMES

Good sport Kenny is spreading the word about Seachtain na Gaeilge festival

Márta 7, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Ceithre ghaelscoil nua aitheanta ag an Roinn Oideachais do 2012 agus 2013

Márta 7, 2012

“As 16 bhunscoil nua bheartaithe ar fud fad na tíre do 2012 agus 2013, fáiltímid roimh fhógra an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, TD inné go mbeidh ceithre Ghaelscoil ina measc”, a deir Uachtarán na heagraíochta, Máirín Ní Chéileachair. “Is cinneadh dearfach é seo a chinntíonn go mbeidh an ghaelscolaíocht mar rogha do dhaltaí a bhfuil a dtuismitheoirí ag gníomhú go díograiseach ar son oideachais lán-Ghaeilge. Deimhníonn an dul chun cinn seo gur mian an-láidir í an Ghaelscolaíocht mar chóras oideachais i measc an phobail agus go leanann an fás, an fhorbairt agus an t-éileamh ar bhonn leanúnach.”

Is iad na ceantair  ina mbeidh Gaelscoil nua ann ná:

  • Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15. Osclóidh Gaelscoil an Chuilinn i Meán Fómhair 2012. * Féach nóta thíos faoi conas clárú leis an scoil nua seo.
  • Teach na Giúise/An tSeanbhábhún, Meán Fómhair 2013
  • An Chéim, Baile Átha Cliath 18, Meán Fómhair 2013

Osclófar an trí scoil thuas faoi phátrúnacht an Fhoras Pátrúnachta

Osclófar gaelscoil nua i gCnoc na Cathrach, Gaillimh Meán Fómhair 2013, ach an phátrúnacht le socrú. De réir córais nua na Roinne, is í an Roinn a aithníonn na ceantair a dhéanfar soláthar nua a bhunú ann. Is córas é seo a bhaineann áfach ón bpróiseas daonlathach. Sa phróiseas aitheantais seo, níor tugadh aitheantas do na hiarratais eile ar ghaelscoileanna nua i gceantair fáis timpeall na tíre, ach go háirithe i gCill Dara, áit nach bhfuil an ghaelscoil áitiúil in ann freastal ar an éileamh ollmhór ar an ngaelscolaíocht. Thug an Roinn aitheantas áirithe don éileamh seo, agus tá dóchas ann go mbunófar gaelscoil ann i 2014.

I bhfocail Ardfheidhmeannaigh na heagraíochta, Bláthnaid ní Ghréacháin, “cé go n-aithnímid gur toradh dearfach é fógra an lae inné ar dhianobair na gcoistí bunaithe áitiúla agus ar an gcomhoibriú idir na páirtnéir uile sa phróiseas, tá laigí sa chóras sa mhéid is nach bhfuil aitheantas ann don éileamh lasmuigh de na ceantair a aithníonn an Roinn, go háirithe ceantair nach bhfuil an daonra ag fás go mór ann. Fágann sé seo pobail gan rochtain ar a rogha oideachais dá bpáistí. Cruthaíonn sé dúshlán dúinn misneach na bpobal a spreagadh agus a chothú nuair nach bhfuil cinnteacht dá laghad ann dóibh. É sin ráite, creidimid go láidir go bhfuil fíor-thábhacht le guth agus mian an phobail, agus leanfaimid orainn mar eagraíocht ag tabhairt tacaíocht do na gaelscoileanna ar fad sa tír agus dóibh siúd atá ag iarraidh iad a bhunú.”

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.

*Féadfar clárú le Gaelscoil an Chuilinn i Mullach Eadrad do Mheán Fómhair 2012 trí  glaoch a chur ar 086 3236187 nó ríomhphost a sheoladh chuig gaelscoilanchuilinn@gmail.com.

Tuilleadh eolais:
Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach, GAELSCOILEANNA TEO.
Fón: 01 8535195    Ríomhphost: blathnaid@gaelscoileanna.ie

Máirín Ní Chéileachair, Uachtarán, GAELSCOILEANNA TEO.
Fón: 01 6290667    Ríomhphost: mairinnicheileachair@gmail.com

Forbairt na Matamaitice sa Chóras Tumoideachais – Seimineár Inseirbhíse

Márta 7, 2012

Tapaígí an deis clárú don seimineár ar Fhorbairt na Matamaitice sa Chóras Tumoideachais a bheidh dírithe ar riachtanais na mbunscoileanna.  Beidh sé ar siúl i mBaile Átha Cliath ar Chéadaoin, 21 Márta agus reáchtáilfear an clár céanna i gCorcaigh ar an Déardaoin, 22 Márta.

Cuimseoidh an clár na gnéithe seo:

  1. Cur chuige uile scoile i leith forbairt na matamaitice sa scoil lán-Ghaeilge:  múineadh éifeachtach, saibhriú agus comhtháthú teanga na matamaitice sa ghaelscoil
  2. Taithí phraiticiúil an mhúinteora
  3. Forbairt na matamaitice agus páistí le riachtanais speisialta
  4. Réiteach fadhbanna agus inniúlacht teanga sna gaelscoileanna

Tá an clár iomlán ar fáil thíos.

Más mian leat clárú go fóill, cuir ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie roimh Dé Chéadaoin, 14 Márta. Níl aon chostas ar an seimineár seo do rannpháirtithe.

FORBAIRT NA MATAMAITICE SA CHÓRAS TUMOIDEACHAIS
Seimineár Inseirbhíse

Céadaoin 21 Márta 2012 Institiúid Oideachais Marino
Déardaoin 22 Márta, Óstan an Silversprings, Cathair Corcaigh

09.00 – 09.30

Clárú, Tae agus Caife

09.30 – 09.35

Fáilte, Cúlra & Aidhmeanna an tSeimineáir (Bláthnaid ní Ghréacháin)

09.35 – 11.00

Seisiún I: Cur chuige uile scoile i leith forbairt na matamaitice sa scoil lán-Ghaeilge:  múineadh éifeachtach, saibhriú agus comhtháthú teanga na matamaitice sa ghaelscoil (Karen Brogan, An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil an Mhúinteora)

11.00 – 11.15

Briseadh

11.15 – 12.00

Seisiún II: Léargas scoile ar fhorbairt na mata. Taithí phraiticiúil (Sinéad Ní Dhíolúin, Gaelscoil Uí Fhiaich (ceardlann B.Á.C.)

12.00 – 12.45

Seisiún III: Forbairt na matamaitice agus páistí le riachtanais speisialta (Oiliúnóir le deimhniú)

12.45 – 13.45

Lón

13.45 – 15.15

Seisiún IV: Réiteach fadhbanna agus inniúlacht teanga sna gaelscoileanna (Miriam Ryan, Coláiste Phádraig)

15.15

Plé oscailte agus clabhsúr

Fógraíonn an tAire Quinn Pátrúnacht na mBunscoileanna Nua atá á mbunú i 2012 agus i 2013

Márta 7, 2012

Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, TD, na cinntí atá déanta aige faoi phátrúnacht na mbunscoileanna nua atá le bunú i 2012 agus 2013.

Tá an fógra seo mar bhuaicphointe ar an bpróiseas a thosaigh i Meitheamh 2011 nuair a d’fhógair an tAire go bhfuiltear le 20 bhunscoil nua a bhunú suas go dtí 2015 i roinnt áiteanna éagsúla chun freastal ar an méadú ar líon na ndaltaí.

Ag an am sin d’fhógair an tAire chomh maith go mbeadh critéir agus socruithe nua ann i gcomhair na scoileanna nua a aithint.  Ar na socruithe seo bhí bunú Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua, atá ina ghrúpa neamhspleách comhairleach, chun comhairle a chur ar an Aire faoi phátrúnacht na scoileanna nua tar éis don Ghrúpa tuarascáil a bhreithniú a chuir oifigigh de chuid na Roinne le chéile.  Chuir an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua tuarascáil faoi bráid an Aire an tseachtain seo caite.

Ag fógairt pátrúnacht na scoileanna nua dó, dúirt an tAire Quinn: “Cuireann na cinntí atá déanta agam maidir le pátrúnacht na scoileanna nua béim ar leith ar sholáthar cuí a dhéanamh áit a bhfuil sé léirithe go bhfuil éileamh ann ó thuismitheoirí ar iolrachas agus éagsúlacht pátrúnachta. Cuirfidh na scoileanna nua seo barrfheabhas ar an raon rogha atá ag tuismitheoirí agus neartóidh siad an éagsúlacht soláthair sna ceantair a bhfuil siad le bunú iontu.”

Iarradh ar na pátrúin fianaise a chur faoi bhráid ar éileamh ó thuismitheoirí agus iad ag cur iarratais isteach ar scoil nua.  Ina theannta sin, áiríodh i measc na gcritéar chun cinneadh ar an bpátrúnacht an bealach ina ndéanfadh na scoileanna beartaithe, faoina gcuid pátrún ar leith, foráil d’éagsúlacht sholáthar oideachais a leathnú nó a láidriú i ngach aon cheantar ag tabhairt aird ar thuairimí na dtuismitheoirí.

Agus na hiarratais a fuarthas á mbreithniú sna cásanna go léir, breithníodh na critéir fhoilsithe go léir de réir mar a leagadh amach iad, san áireamh méid na héagsúlachta atá ann sna scoileanna atá ann agus méid na héagsúlachta a chuirfeadh an scoil nó na scoileanna nua ar fáil. Breithníodh é seo maraon le leibhéal an éilimh ó thuismitheoirí i leith gach aon iarratasóra ar phátrúnacht.

Ghabh an tAire a bhuíochas le baill an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua as an ionchur luachmhar a bhí acu sa bpróiseas.  Adúirt sé “Chuir mé tús leis an gcóras leasaithe i gcomhair bhunú scoileanna nua agus ceapadh pátrún na scoile i dtreo is go mbeadh sé ina phróiseas oibiachtúil, trédhearcach.  Tá ról an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua ríthábhachtach chun na haidhmeanna seo a bhaint amach agus is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leo as a gcuid oibre sa réimse seo.”

Rachaidh oifigigh de chuid na Roinne i dteagmháil le gach ceann de na comhlachtaí pátrúnachta gan mhoill maidir le lóistíocht bhunú na scoileanna nua seo.

Osclófar 7 scoil nua i Meán Fómhair 2012. Beidh 5 díobh seo faoi phátrúnacht Ag Foghlaim le Chéile, beidh scoil amháin faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta agus beidh an seachtú scoil ina Pobalscoil Náisiúnta a bheidh faoi phátrúnacht an CGO nuair a achtófar reachtaíocht cumasúcháin.

Tá tuarascáil an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua don Aire leis seo mar eolas:

Tuarascáil an Ghrúpa um Bhunú Bunscoileanna Nua faoi Phátrúnacht Bunscoileanna atá Sceidealta chun Tosnú i Meán Fómhair 2012 agus 2013

Liosta na mBunscoileanna Nua

Ghlac an tAire le moltaí an Ghrúpa i ngach cás ach amháin Cill Dara agus Mala. Rinne sé athrú maidir leis an bpátrúnacht a bhí beartaithe do na scoileanna i gCill Dara agus Mala áit a raibh an leibhéal éilimh ó thuismitheoirí a léirigh an dá phátrún beagnach díreach mar an gcéanna.  Tá Ag Foghlaim le Chéile faofa ag an Aire Quinn mar phátrún na scoile nua i gCill Dara agus tá CGO Chontae Chorcaí faofa aige mar phátrún ar an  scoil nua i Mala (seachas an CGO i gCill Dara agus Ag Foghlaim le Chéile i Mala mar a bhí molta). Tá pobalscoil náisiúnta cheana féin ag Contae Chill Dara faoi CGO Chill Dara agus í suite i Nás. Rinneadh an t-athrú seo chun an líon contaethe agus CGOanna a raibh pobalscoil náisiúnta acu a leathnú agus chun teorainn a chur leis an líon pobalscoileanna náisiúnta a bheadh ag tosnú i 2012 roimh don reachtaíocht nua maidir le CGOanna a bheith achtaithe. Déileálfaidh an Bille um Boird Oideachais agus Oiliúna, a bhfuil an scéim ghinearálta de foilsithe, leis an mbunús reachtaíochta le gafacht an CGO/Bhord Oiliúna le pobalscoileanna náisiúnta. Beidh an tAire ag foilsiú chomh maith tuarascáil ghrúpa oibre faoi fheidhmiú na bPobalscoileanna Náisiúnta sna seachtainí amach romhainn agus sa chomhthéacs seo tá sé ag breithniú cén chaoi gur féidir an tsamhail seo a fhorbairt a thuilleadh mar chuid den chóras bunoideachais go ginearálta.

EDUCATION.IE

« Previous PageNext Page »