Méid an Téacs

Aonad Oiliúna um Chosaint an Leanbh – Na Comharthaí a Fheiscint

Márta 13, 2012

Tá an Aonad um Chosaint an Leanbh bunaithe ar Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí agus ar ár gcuid dualgas chun cúraim. Chomh maith le sin, cuireann sé eolas ó na doiciméid is déanaí a foilsíodh ón Aontas Eorpach san áireamh. Tabharfaidh an cúrsa deis chun tuiscint níos fearr a bheith ag d’fhoireann ó thaobh freagrachtaí sa réimse seo agus soláthraíonn sé léargas ar Reachtaíocht um Chosaint Leanaí, tuairiscí ar nósanna imeachta agus a gcosaint féin.

D’fhoilsigh an Rialtas na treoirlínte Tús Áite do Leanaí i mí Iúil 2011 agus tógann an clár seo eolas ó na treoirlínte seo. Tá an foilseachán seo mar eilimint lárnach don chlár oiliúna.  Tá acmhainní náisiúnta agus idirnáisiúnta san áireamh chomh maith a thugann an leibhéil is airde cáilíochta agus an caighdeáin is airde agus is féidir in oiliúint cosaint leanaí agus coimirciú.

Tá clár oiliúna 3 sraitheanna againn a thosaíonn amach le cúrsa 1 Lá atá ag teastáil le haghaidh gach fostaí a oibríonn le páistí. Tá na sonraí faoi iamh. Nuair a bheidh sé seo críochnaithe is féidir leis an bhfoireann dul ar aghaidh go dtí na leibhéil níos airde.

Is féidir a thuilleadh eolais ar na cúrsaí seo a fháil ar ár suíomh gréasáin www.1stoptrainingshop.webs.com nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar ríomhphost info.1stoptrainingshop@yahoo.ie nó ar an teileafón 085 749 4383.

Eolas: Aonad Oiliúna um Chosaint an Leanbh – Na Comharthaí a Fheiscint

Gary Ward
info.1stoptrainingshop@yahoo.ie
www.1stoptrainingshop.webs.com

Scéal na Gaeilge – Clár 1 le craoladh ar lá ‘le Pádraig ar TG4

Márta 13, 2012

Mar cheiliúradh ar Seachtain na Gaeilge, tá ROSG an-bhródúil a shraith ceannródach nua, Scéal na Gaeilge, a thabhairt chuig an scáileán.

Dhá chlár faisnéise is ea Scéal na Gaeilge a leanann aistear na teanga ó thús ama go dtí an lá atá inniu ann.

Tríd meascán míreanna beochan, cúlraí scáthlán glas agus taifeadadh ag láithreacha stairiúla, nochtann an tsraith seo stair na Gaeilge le radharc spraíúil ar na scéalta stairiúla agus miotasacha a bhaineann léi.

Físiúil, úr agus bríomhar, tá Scéal na Gaeilge curtha i láthair agus scríofa ag Alan Titley, stiúrtha ag Diarmuid Goggins agus léirithe ag Ciarán Ó Cofaigh do ROSG.

Go minic ní bhíonn tuiscint cheart ag daoine ar céard í an Ghaeilge, céard as a dtagann sí ná cé a labhair í. Ní thuigeann siad gurb í an Ghaeilge an teanga a labhair Cú Chulainn, Naomh Pádraig, Brian Ború, Macbeth agus Dónal Ó Conaill.

Ba í teanga muintir na hÉireann í leis na mílte bliain agus d’fhan sí mar phríomh theanga na tíre go haimsir an Ghorta Mhóir.

I ngan fhios don chuid is mó de dhaonra na tíre, is í an Ghaeilge a labhair a muintir féin go dtí le cúpla glúin anuas.

  • Clár 1 @ 20:30 GMT / 15:30 EST ar an 17ú Márta
  • Clár 2 @ 20:30 GMT / 15:30 EST ar an 19ú Márta

Bród Club – Ceol U2 i nGaeilge

Márta 13, 2012

Cóiríocht scoile ar Drivetime, RTÉ Raidió 1

Márta 13, 2012

Gaelscoil Bharra agus Gaelscoil Sáirséal ag labhairt ar cóiríocht scoile ar Drivetime, RTÉ Raidió 1: éist leis an gclár anseo.

Luach €2 bhilliún de thionscnaimh tógála scoile fógartha ag an Aire Oideachais agus Scileanna

Márta 12, 2012

Tháinig scéal inniu ón Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairi Quinn, maidir le cóiríocht scoile nua atá le tógáil sa tréimhse 2012-2015. Tá 275 tionscnamh tógála ar an liosta san iomlán, agus tá 40 scoil lán-Ghaeilge ina measc. Is dea-scéal é do na scoileanna ar fad atá ar an liosta, agus guíonn GAELSCOILEANNA TEO. gach rath ar phobail na scoileanna sin leis na forbairtí móra atá rompu. Tá liosta de na scoileanna lán-Ghaeilge a aithníodh thíos.

Beidh díomá, áfach, ar scoileanna eile atá ag fanacht le fada ar cóiríocht chuí ach nár tugadh san áireamh iad ar liostaí na Roinne Oideachais agus Scileanna don tréimhse 2012-2015. Tá 27% de bhunscoileanna agus 38% de na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge sa tír gan cóiríocht buan nach bhfuil ar aon liosta cóiríochta ag an Roinn agus tá 60% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge a bunaíodh le 25 bliain anuas i gcóiríocht sealadach faoi láthair – sin gan trácht a dhéanamh ar scoileanna eile atá tar éis fás ón am a bhfuaireadar foirgneamh buan agus a bhfuil ag úsáid cóiríocht sealadach do chuid den scoil.

Éilíonn GAELSCOILEANNA TEO.:

  • go dtabharfaí tosaíocht do ghéarchéim staid na cóiríochta i scoileanna lán-Ghaeilge le haitheantas buan atá i gcóiríocht shealadach laistigh den Rannóg Pleanála sa Roinn
  • go mbeidh pleanáil réamhghníomhach ann do sholáthar suíomhanna trí struchtúr comhaontaithe idir an Roinn Oideachais agus Scileanna agus na húdaráis áitiúla
  • go mbeidh dualgas reachtúil ar lucht pleanála sna comhairlí áitiúla suíomhanna cuí a aimsiú agus a chur ar leataobh do scoil a luaithe is a bhíonn an t-aitheantas buan bronnta orthu, móide cead ordú ceannaigh éigeantach a bheith acu
  • go mbeidh dualgas reachtúil ar Oifig na nOibreacha Poiblí suíomh a cheannach laistigh de thréimhse 3 bliana ó bhronntar an t-aitheantas buan ar an scoil
  • go mbeidh íoschaighdeán de chóiríocht shealadach do scoileanna, idir spás agus caighdeán fisiciúil, móide scála ama an tréimhse sealadaigh do gach scoil a bheith chomhaontaithe
  • go mbeidh cúram cíosa 100% ar an Roinn Oideachais agus Scileanna do gach scoil le haitheantas buan, agus i gcás scoileanna gan aitheantas buan, aisíoc iomlán ar an difir idir 75% agus 100% tar éis don scoil aitheantas buan a bhaint amach.

Tá liostaí cóiríochta na Roinne le fáil ar www.education.ie ach seo thíos na scoileanna lán-Ghaeilge atá san áireamh orthu:

Obair tógála ar bun/le tosú i 2012
Gaelscoil Uí Fhiach, Cill Dara
Gaelcholáiste Oiriall, Muineacháin
Gaelscoil Ultain, Muineacháin
Gaelscoil Uí Riordán, Corcaigh
Gaelscoil Chloich na Coillte, Corcaigh
Gaelscoil Adamhnáin, Dún na nGall
Gaelscoil Eiscir Riada, BÁC
Gaelscoil na Deise, Port Láirge
Coláiste Áiligh, Dún na nGall

Obair tógála le tosú i 2013
Gaelscoil An Ghort Álainn, Corcaigh
Coláiste na Coiribe, Gaillimh
Gaelscoil Chaladh an Treoigh, Luimneach
Gaelscoil Na Mí, An Mhí
Gaelscoil Éadan Doire, Uíbh Fháilí
Gaelscoil Inis Córthaidh, Loch Garman
Gaelscoil Moshíológ, Loch Garman
Gaelscoil an tInbhir Mhóir, Cill Mhantain
Gaelscoil na gCloch Liath, Cill Mhantáin

Obair tógála le tosú i 2014
Gaelscoil Mainistir na Corann, Corcaigh
Gaelscoil & Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Corcaigh
Gaelscoil nua, an tSeanbhábhún, BÁC
Gaelscoil Bharra, BÁC
Gaelscoil Bhaile Munna, BÁC
Bunscoil Coláiste Mhuire, BÁC
Gaelscoil nua, Cnoc na Cathrach, Gaillimh
Gaelscoil Riada, Gaillimh
Gaelscoil an Ráithín, Luimneach

Obair tógála le tosú i 2015
Gaelscoil de hÍde, Corcaigh
Gaelscoil nua, An Chéim, BÁC
Gaelscoil an Chuilinn, BÁC
Gaelscoil Ros Eo, BÁC
Scoil Lorcáin, BÁC
Gaelscoil Iarfhlatha, Gaillimh
Gaelscoil Riabhach, Gaillimh
Coláiste an Eachréidh, Gaillimh
Gaelscoil de hÍde, Gaillimh
Gaelscoil Liatroma, Liatrom
Gaelscoil an Longfoirt, Longfort
Gaelscoil an Bhradáin Feasa, An Mhí
Gaelscoil Chill Mhantain, Cill Mhantain

Minister Quinn announces details of 275 major school building projects – More than 15,000 jobs to be created over five years

Márta 12, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

€1.5bn spend to prioritise new schools

Márta 12, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Race to run new schools hots up

Márta 12, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Téann Ardmhéara Bhéal Feirste ar ais ar scoil le Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta 2012 a oscailt

Márta 9, 2012

O’Dowd leis an eochair-aitheasc a thabhairt

O’Dowd to give Keynote Speech

Is mian le Comhairle na Gaelscolaíochta, an foras comhairleach ar son na gaelscolaíochta ó thuaidh, an t-aonú Comhdháil dhéag dá cuid a fhógairt, a bheidh á reáchtáil i gColáiste Feirste, Béal Feirste, ar an 16ú Márta 2012.

Comhairle na Gaelscolaíochta, the Council for Irish-Medium Education, is pleased to announce that its 11th Annual Conference will take place on Wednesday 16th March in Coláiste Feirste Belfast.

Is ceann de na comhdhálacha is mó den chineál seo ar oileán na hÉireann é, Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta, a mheallfaidh toscairí ó ghaelscoileanna ó thuaidh agus ó dheas agus óna lán eagraíochtaí idir eagraíochtaí Gaeilge agus oideachasúla.

The Conference, one of the largest of its kind on the island of Ireland, will attract delegates from Irish-medium schools North and South and from numerous Irish language, cultural and educational organisations.

Is é téama na bliana seo Coláisteacht, comhroinnt dea-chleachtais agus  comhoibriú earnála. Beidh réimse leathan cainteoirí i láthair ag an chomhdháil chun ceardlanna  a thabhairt ar ghnéithe éagsúla a bhaineann le téama na comhdhála.  Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh ár gcomhghleacaithe in An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna, i bPoblacht na hÉireann, a ghlacfaidh páirt in imeachtaí an lae chomh maith.

This year’s theme is collegiality, sharing good practice, sectoral co-operation. A  wide range of speakers, drawn mostly from within the Irish-medium sector, will deliver workshops on various issues connected to the conference’s theme.  We are particularly delighted to welcome our colleagues from the Professional Support Service for Primary Schools, in the Republic of Ireland, who will also contribute to the day’s events.

Agus é ag seoladh Chlár Comhdhála na bliana seo, dúirt Tarlach Mac Giolla Bhríde, comhordaitheoir na hócáide;

Is cúis áthais do Chomhairle na Gaelscolaíochta agus don earnáil ar fad go mbeidh Ardmhéara Bhéal Feirste, Niall Ó Donnghaile ag pilleadh ar an alma mater s’aige leis an Chomhdháil a oscailt dúinn i mbliana. Is iardhalta gaelscoile Bhunscoil Phobal Feirste agus Choláiste Feirste é an tUasal Ó Donnghaile agus is eiseamláir iontach é ar na buntáistí a bhaineann leis an Ghaelscolaíocht.
Tá muid thar a bheith sásta chomh maith gur an tAire Oideachais, John O’Dowd a bheidh ag tabhairt eochair-aithisc na Comhdhála i mbliana.

While launching the programme for this year’s conference, Tarlach Mac Giolla Bhríde, Conference co-ordinator said;

Comhairle na Gaelscolaíochta and the wider Irish-medium sector will be delighted that Belfast’s Lord Mayor, Niall Ó Donnghaile is returning to his Alma Mater to launch this year’s Conference. Niall is a past pupil of Coláiste Feirste and Bunscoil Phobal Feirste before that and he is a prime example of the many advantages of Irish-medium education.

We are also pleased to announce that Education Minister John O’Dowd will deliver this year’s keynote speech.

Tionólfar an Chomhdháil Dé hAoine 16ú Márta i gColáiste Feirste, Páirc Radharc na bhFeá, Bóthar na bhFál, Béal Feirste, idir 9.30 agus 4.00.

The Conference will be held on March 16th in Coláiste Feirste, Beechview Park, Falls Road, Belfast between 9.30 and 4.00.

Contact Details
For more information contact
An Dr Micheál Ó Duibh, Comhairle na Gaelscolaíochta
Phone: 028 90 321475
Email: moduibh@comhairle.org

Clár Comhdháil 2012

Seachtain na Gaeilge i mBunscoil an Iúir

Márta 8, 2012

Bhí atmasféar iontach i mBunscoil an Iúir Dé Chéadoin seo chuaigh thart nuair a chuir Bunscoil an Iúir tráth na gceist Idirmheánscoile tionscnaimh i láthair mar eachtraí Sheachtain na Gaeilge.  Tháinig micléinn ó Ardscoil Phóil, an tSrúthán, Ardscoil Iosaf, Crois Mhic Lionnáin agus Scoil Gramadach na Maighdine Muire le chéile chun páirt a ghlacadh sa chéad tráth na gceist dá shórt. Bhí maistir scoile, Daithí Ó Muirí mar fhear an tí agus rinne sé an-obair chun tráth na gceist iontach a chur ar fáil do na dáltaí.  Chlúdaigh na ceisteanna achan rud ó stair go Tíreolas, cúrsaí reatha, spórt agus ceol. Bhí foireann déag ann agus an-chomórtas eatarthu chun an corn a bhaint. Sa deireadh, bhí an bua ag scolairí reatha Bhunscoil an Iúir agus an-bhród orthu scolairí Mheánscoile a bhualadh.

D’fháiltigh Príomhoide na Bunscoile, Maria Nic Fhearchair na micléinn iarBhunscoile go Bunscoil an Iúir ag rá, “Tugann Seachtain na Gaeilge deis dúinn an Ghaeilge a thaispeáint mar theanga beo, bríomhar, nua-aoiseach.  Feiceann na micléinn iarBhunscoile an dóigh is a úsáidimid an teanga gach lá agus go bhfuil ár ndáltaí an-chumasach i labhairt na Gaeilge.”
Is scoil Ghaelach í Bunscoil an Iúir le cuspóir oideachas leathan den ard-chaighdeán a thabhairt dá bpáistí trí mheán na Gaeilge sa dóigh is go mbeidh siad ullmhaithe an oiread is féidir don chéad chéim eile dá saoil chun riachtánais teangacha na bpáiste a fhorbairt.  Fáiltimid páistí ó achan chúlra, is cuma óg ná aosta, fireann ná baineann ó chúlraí éagsúla – is féidir le hachan duine oibriú le chéile.

Tá eachtraí eile ann:
Dé Máirt 13ú Márta @ 1:30p.m.
Taispeántas “Teachtaireacht i mBuidéal” – tá buidéil – idir sean agus aosta – a thagann ó cheantar an Iúir le feiceáil.
AGUS
Taispeántas “Stair na Gáslainne” agus “An Titanic”.  Tá taighde iontach déanta ag Rang 6/7 ar stair na gáslainne – an áit ina bhfuil muid lonnaithe.   Rinne siad staidéar ar an Titanic agus tá taispeántas curtha le chéile acu atá siad ag iarraidh roinnt leat.
Déardaoin 15ú Márta @ 8 – 11p.m. beidh Céilí le fear áitiúl Raymond Carroll.  This event is open to Céilí dancers and Rang 6/7.

Tuilleadh eolais ar fáil ag: 302 60860 nó téigh chuig www.bunscoilaniuir.com

« Previous PageNext Page »