Coláiste Ráithín ar East Coast FM
Bealtaine 23, 2012
Labhair Paul Moore, urlabhraí Cairde Ráithín, ar an ngéarchéim cóiríochta atá ag an scoil. Is féidir éisteacht leis an agallamh ar http://eastcoast.fm/onair/programmes/morningshow (tá sé i gcuid 2, i ndiaidh na nuachta). Tá tuilleadh eolais maidir le feachtas na scoile ar fáil anseo.
Babhta Ceannais Beo! 11 Bealtaine 2012 @ an RCC Leitir Ceanainn
Bealtaine 22, 2012
Tar éis bliain gnóthach don tionscnamh, bhí slua bailithe san Ionad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn dé hAoine seo cháite do babhta ceannais an chomórtas Beo! Le 6 scoileanna timpeall na tíre tagtha chuig Dún na nGall don lá, bhí sceitimíní soiléir i measc na daltaí i rith an lae. Bá hiad na scoileanna seo a leanas a ghlac páirt:
- Gaelcholáiste Chill Dara,
- Pobalscoil Ghaoth Dobhair,
- Grennan College,
- Pobalscoil na Rosann,
- Bridgetown Vocational College, agus
- St Columba’s College.
Tar éis lá gnóthach, inár rinne na scoileanna an “pitch” deireanach do’n Chraobh, chomh maith le imeachtaí eile eagraithe i rith an lae, bhí an cinneadh deireanach fágtha chuig an grúpa oiliúnach moltóireachta. Ar an painéal, bhí Jackie Hayden, Una Mullally, Brian Fisher (Practice Makes Perfect), Cian McCarthy (Dirty 9’s, Raidio na Life), Mary O’Hagan (Today FM) agus Paddy McKenna (2FM, Storyfold). Is léir gur chuaigh na daltaí i bhfeidhm orthu siúd, agus go raibh díospóireacht ann sular piocadh buaiteoir do’n chomórtas, Bridgetown Vocational College.
I ndiaidh an obair chruadh, bhain gach éinne sult as a gig a lean, ag a sheinn grúpa áitiúil, Jamaican Vampires, na Dirty 9’s, Storyfold agus More Than Conquerors.
Ceithre seit don scoth a bhí ann gan dabht, agus críoch iontach ar fad ar bliain a chonaic an tionscnamh ag fás agus ag forbairt. Agus níl deá-fhocail níos fear le fail nó é sin a fuaireas ó Paddy McKenna ina dhiaidh ar 2FM, gur “fiú cam-ruathar 23 huaire” le freastail ar an ócáid.
Guíonn muid chomhghairdeas leo siúd uilig a bhí páirteach i rith an chomórtas.
Gaelcholáiste na Mara – Lá Spóirt Idirscoile
Bealtaine 22, 2012
Bhí lá spórt idirscoile iontach ar siúl i nGaelcholáiste na Mara Dé Céadaoin 16ú Bealtaine. Tugadh cuireadh do na scoláirí céad bliana ó Mheánscoil Garman agus ó Ghaelcholáiste Phort Láirge freastal ar an ócáid. Ghlac 120 scoláire ar fad páirt in imeachtaí an lae agus bhaineadar sult is spórt as . Bhí na daltaí roinnte i bhfoirne meascaithe le daltaí ón dtrí scoil ar gach foireann agus ainmneacha na gcontae ar na foirne difriúla. I measc na gcomórtais a eagraíodh bhí cluichí cispheile, peil gaelach, rásaí éagsúla, puc fada,tarraingt téide, srl.
Ag an deireadh ba í foireann Bhaile Átha Cliath an fhoireann ab fhearr agus bronnadh bonn breá ar gach duine acu. Ba é buachaill an lae ná Killian Gorby ó Mheánscoil Garman, ba í cailín an lae ná Niamh Bridges ó Ghaelcholáiste Phort Láirge agus bronnadh an bua don scoil ab fhearr ar an lá ar Ghaelcholáiste na Mara. Míle buíochas do na múinteoirí spóirt ó Ghaelcholáiste na Mara a d’eagraigh imeachtaí an lae; oidí Tony, Gearóid agus Breandán agus do na múinteoirí ón dá scoil eile a thug lámh cunta dóibh.
Gaelscoil Mhic Amhlaigh wins national award
Bealtaine 18, 2012
Publication of Irish language survey welcomed
Bealtaine 18, 2012
Paráid mhór Ghaelscoil Mhic Amhlaigh
Bealtaine 18, 2012
Mháirseáil os cionn 300 duine ó Ghaelscoil Mhic Amhlaigh trí shráideanna na Gaillimhe an Satharn seo caite.
Bhí idir dhaltaí, múinteoirí, tuismitheoirí agus foireann scoile i láthair ag iarraidh na scoile nua nach bhfuil faighte ag an scoil a choinneal i mbéal an phobail.
Thosaigh siad ag an bhFaiche Mhór agus mháirseáil siad síos Sráid na Siopaí. Bhí campaí beaga do ghasúir ag cuid de na daltaí mar shiombail de na hocht bhfoirgneamh réamhdhéanta atá in úsáid acu faoi láthair. Tá breis agus 200 dalta ag an scoil agus tá siad uilig sna foirgnimh réamhdhéanta sin.
Scaoileadh dhá bhalún déag in airde sa spéir ag meán lae, ceann do gach bliain a bhfuiltear ag fanacht leis an síneadh nua scoile.
“Ócáid dhearfach a bhí ann ag an deireadh,” a deir Dairíona Nic Con Iomaire, príomhoide na scoile.
Tá Gaelscoil Mhic Amhlaigh lonnaithe i gCnoc na Cathrach agus tá siad ag fanacht 12 bhliain do scoil nua. Bhíodar ag siúl go rachadh an Roinn Oideachais ar aghaidh leis an tionscnamh i mbliana ach chuireadar deireadh leis an bplean i mí an Mhárta 2012.
www.gaelsceal.ie
On an unjust Irish oral examination
Bealtaine 18, 2012
Coláiste Samhraidh i gCeatharlach
Bealtaine 18, 2012
Reachtálfar Coláiste Samhraidh do dhéagóirí i gCeatharlach i mbliana don ceathrú bliain as a chéile. Tabharfaidh sé seo rogha eile do dhaltaí gur mhian leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge ach nach bhfuil fonn orthu trí seachtaine a chaitheamh i bhfad ó bhaile sa Ghaeltacht.
Agus iad ag freastal ar Choláiste Samhraidh Cheatharlach 2012 bainfidh daltaí i rang 6 go scoláirí i mbliain 6 taitneamh as taithí Gaeltachta ó chompord a mbaile féin. Bhí ráth ollmhór ar an gcoláiste samhraidh ó 2009 agus táthar ag súil go mór le cúrsa 2012.
Beidh an coláiste ar siúl ar feadh coicíse idir 9.30 r.n. agus 1.30 i.n. ó 2ú go 13ú Iúil. Cuirfear clár suimiúil ar fáil le ranganna agus imeachtaí in oiriúint do dhaltaí rang 6 agus micléinn 1ú agus 2ú bliain i ngrúpa na sóisear agus daltaí níos sine i ngrúpa na sinsear. Is i nGaelcholáiste Cheatharlach a bheidh an coláiste samhraidh lonnaithe.
I measc na n-imeachtaí a bheidh faoi chaibidil beidh ceachtanna Gaeilge agus seisiúin cainte, díospóireachtaí agus amhránaíocht, cluichí agus spórt chomh maith le rince céilí agus iad seo uile déanta trí mhéan na Gaeilge. Tabharfar deis do na daltaí spraoi agus spórt a bhaint as an gColáiste Samhraidh, casadh le cairde nua agus ag an am céanna cur lena gcuid líofachta sa teanga.
‘Sé €195 táille iomlán an Choláiste Samhraidh. Chun áit a chur in áirithe caithfear foirm iarratais comhlánaithe agus éarlais €45 a chur ar aghaidh go luath. Tuilleadh eolais ó Glór Cheatharlach ar 059 9158105 nó 085 1340047.
www.carlow-nationalist.ie
Disadvantaged Primary Schools
Bealtaine 18, 2012
Teanga agus Trioblóidí
Bealtaine 18, 2012
IRISH LANGUAGE: One of the more disturbing aspects of the language debate – or, more often, argument – is the way in which those who have no interest in Irish characterise those who do as “fanatics” or, almost as bad, “enthusiasts”.
We speak English, goes the line, and have no need to spend time or money on a “dead” language. (It says much about contemporary Irish values that having two cars, two homes or two holidays abroad is good while having two languages is bad.)
Yet many countries use more than one language. Our nearest neighbours – who were kind enough to, ahem, gift us English – also have native communities of Welsh and Scots Gaelic speakers and other language communities from former colonial holdings. Continental Europe is awash with regional, lesser-used or minority languages – take your pick – and some of the same boast far more speakers than Irish. Those languages speak of a different and older Europe, one that predates the borders of many of the modern states drawn with such finality in the school atlas.
It is unsurprising, then, that the study of languages is a global academic phenomenon and one of which Irish scholars are very much aware. An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc is a collection of essays on sociolinguistics, edited by two Limerick academics, Tadhg Ó hIfearnáin and Máire Ní Neachtain (Cois Life, €20), in which these global issues are examined in an Irish setting. Multilingualism, language shift and language death, planning and legislation are some of the themes scrutinised by contributors in essays that are challenging in their terminology and arguments and that often offer sobering analysis. Brian Ó Catháin, for example, writes that the next generation of young native speakers could well be the last and that, once they die, Gaeltacht Irish will go with them.
THAT IS A SENTIMENT echoed by Aoife Ní Chonchúir in a second collection of essays, An Chonair Chaoch: An Mionteangachas sa Dátheangachas (Leabhar Breac, €20). Ní Chonchúir writes that English is becoming more central to every aspect of Gaeltacht life and that Irish is being pushed out. As a consequence, the opportunities young native speakers have to engage fully with Irish is gravely lessened and intervention is needed if capable young speakers are to be nurtured. The editors of An Chonair Chaoch – the journalist Ciarán Lenoach and the academics Conchúr Ó Giollagáin and Brian Ó Curnáin – examine the language specifically in the context of the Gaeltacht and bilingualism. Unsurprisingly, the view of parents, legal issues, language planning, education and their effect on a very fragile linguistic region are studied in great detail here too.
Again, many of the conclusions make for stark reading and give the lie to that oft-repeated slur that Irish speakers live in cloud cuckoo land when it comes to Irish. Far from it: serious scholarship is being devoted to understanding language erosion and how best to combat it.
BREANDÁN DELAP’S book Ar an Taifead: Fís, Fuaim, Focal (Cois Life, €20) looks at another aspect of language use: that of the media. Delap, a senior journalist with Nuacht TG4 and an occasional contributor to this paper’s Irish columns, examines Irish-language print, broadcast and online journalism. It says much about the development in this area (or should that be arena?) that this is a new edition of a book originally published in 2007. A second issue of an Irish book is a rare enough thing, and it is not difficult to see why Delap’s book is in demand. His introduction and commentaries are pithy and informative while the short interviews provided by contributors (this reviewer has a small piece) offer a practical overview of what journalists do and the difficulties they face in providing information in a language not everyone – sometimes even those being interviewed – speaks.
www.irishtimes.com